Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0678

Cás T-678/25: Caingean arna tabhairt an 2 Deireadh Fómhair 2025 – García Ávila v EUIPO – Rives Distillery (Cruth buidéil ghoirm)

IO C, C/2025/6307, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6307/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6307/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6307

1.12.2025

Caingean arna tabhairt an 2 Deireadh Fómhair 2025 – García Ávila v EUIPO – Rives Distillery (Cruth buidéil ghoirm)

(Cás T-678/25)

(C/2025/6307)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Jaime García Ávila (Constantina, an Spáinn) (ionadaithe: C. Casas Feu agus M. González Rodríguez, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Rives Distillery, SA (El Puerto de Santa María, an Spáinn)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Marc tríthoiseach (Cruth buidéil ghoirm) – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 318 834

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 4 Lúnasa 2025 i gCás R 1124/2024-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní,

breithiúnas a thabhairt lena ndéanfaí trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 318 834 in Aicme 33 in ainm Rives Distillery, S.A. a chur ar neamhní,

a ordú do EUIPO agus Rives Distillery, SA na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6307/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top