This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0620
Case T-620/25: Action brought on 11 September 2025 – LJ and Others v Eulex Kosovo
Cás T-620/25: Caingean arna tabhairt an 11 Meán Fómhair 2025 – LJ agus páirtithe eile v Eulex Kosovo
Cás T-620/25: Caingean arna tabhairt an 11 Meán Fómhair 2025 – LJ agus páirtithe eile v Eulex Kosovo
IO C, C/2025/6301, 1.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6301/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6301 |
1.12.2025 |
Caingean arna tabhairt an 11 Meán Fómhair 2025 – LJ agus páirtithe eile v Eulex Kosovo
(Cás T-620/25)
(C/2025/6301)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: LJ agus cúig iarratasóir eile (ionadaí: A. Bzdyń, Dlíodóir)
Cosantóir: Eulex Kosovo
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
a chinneadh gur foirceannadh conarthaí fostaíochta na n-iarratasóirí roimh am agus go neamhdhleathach; |
|
— |
cúiteamh a dheonú do gach iarratasóir arb ionann é agus tuarastal 9 mí, lena n-áirítear liúntas cothaithe laethúil; |
|
— |
sásamh cóir a dheonú do gach iarratasóir as damáiste morálta agus fulaingt mhorálta; |
|
— |
a ordú go n-íocfar na costais dlí. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí dhá shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear foirceannadh roimh am agus neamhdhleathach a gconarthaí ar théarma seasta. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagail 22a, 22b agus 22c de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 4, pointí 1 agus 2 de Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (1). |
(1) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO 2019 L 305, lch. 17).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6301/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)