This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0605
Case T-605/25: Action brought on 4 September 2025 – Hungary v Council and European Peace Facility
Cás-605/25: Caingean arna tabhairt an 4 Meán Fómhair 2025 – an Ungáir v an Chomhairle agus an tSaoráid Eorpach Síochána
Cás-605/25: Caingean arna tabhairt an 4 Meán Fómhair 2025 – an Ungáir v an Chomhairle agus an tSaoráid Eorpach Síochána
IO C, C/2025/5477, 20.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5477/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5477 |
20.10.2025 |
Caingean arna tabhairt an 4 Meán Fómhair 2025 – an Ungáir v an Chomhairle agus an tSaoráid Eorpach Síochána
(Cás-605/25)
(C/2025/5477)
Teanga an cháis: an Ungáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Ungáir (ionadaithe: M. Z. Fehér agus K. Szíjjártó, Gníomhairí)
Cosantóirí: Comhairle an Aontais Eorpaigh, Coiste na Saoráide Eorpaí Síochána
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Cinneadh (WK 8297/2025 REV 1) arna ghlacadh trí nós imeachta i scríbhinn an 30 Meitheamh 2025 ag Coiste na Saoráide Eorpaí Síochána maidir le leithdháileadh na méideanna arna ndeonú don tSaoráid Eorpach Síochána, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCinneadh (CBES) 2024/1471 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 (1) maidir le bearta cúnaimh chun tacaíocht mhíleata a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine a chur ar neamhní, agus miontuairiscí chruinniú Choiste na Saoráide Eorpaí Síochána an 2 Iúil 2025 a chur ar neamhní a mhéid a fhoráiltear leo do ghlacadh an chinnidh atá i gceist. |
|
— |
a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus do Choiste na Saoráide Eorpaí Síochána na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 31(1) CAE agus ar fhorálacha Chinneadh (CBES) 2021/509 (2) ón gComhairle a bhaineann le vótáil laistigh de Choiste na Saoráide Eorpaí Síochána.
Tríd an gcinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh, sháraigh Coiste na Saoráide Eorpaí Síochána na forálacha sin a mhéid a mheas sé nach bhféadfadh an Ungáir páirt a ghlacadh sa vótáil toisc go líomhnaítear nach raibh sí ina ‘Ballstát is rannchuiditheoir’, agus dá bhrí sin tugadh neamhaird ar a vóta. Mar thoradh air sin, sáraíodh prionsabal an chomhionannais idir na Ballstáit agus prionsabal fheidhmiú daonlathach an Aontais trí cheart vótála a bhaint de Bhallstát gan bhunús dlí agus go míchuí.
(1) Cinneadh (CBES) 2024/1471 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024 maidir le leithdháileadh mhéideanna na ranníocaíochta airgeadais a íoctar leis an tSaoráid Eorpach Síochána de bhun Chinneadh (CBES) 2024/1470 (IO L, 2024/1471).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO 2021 L 102, lch. 14).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5477/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)