This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0585
Case T-585/25: Action brought on 22 August 2025 – TB v ENISA
Cás T-585/25: Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2025 – TB v ENISA
Cás T-585/25: Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2025 – TB v ENISA
IO C, C/2025/5362, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5362/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/5362 |
13.10.2025 |
Caingean arna tabhairt an 22 Lúnasa 2025 – TB v ENISA
(Cás T-585/25)
(C/2025/5362)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: TB (ionadaithe: L. Levi agus N. Flandin, Dlíodóirí)
Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
an cinneadh arna ghlacadh ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA Uimh. 49/2024 an 5 Samhain 2024 lena ndúntar fiosrúchán riaracháin AI 01-2023 a chur ar neamhní gan gníomhaíocht bhreise a dhéanamh (an ‘cinneadh atá faoi chonspóid’); in éineacht, a mhéid is gá, le cinneadh Stiúrthóir Feidhmiúcháin ENISA an 30 Bealtaine 2025, ar tugadh fógra ina leith don iarratasóir an 4 Meitheamh 2025, lena ndiúltaítear don ghearán a rinne an t-iarratasóir faoi Airteagal 90(2) de na Rialacháin Foirne i gcoinne an chinnidh atá faoi chonspóid (‘an cinneadh lena ndiúltaítear an gearán’); |
|
— |
cúiteamh as an damáiste a d’fhulaing an t-iarratasóir a ordú; |
|
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid neamhdhleathach a mhéid atá measúnú an imscrúdaitheora ar na 14 éileamh curtha ó bhail ag earráidí breithmheasa agus ag easpa neamhchlaontachta agus neodrachta, go háirithe teanga mhíchuí a úsáid. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid neamhdhleathach a mhéid atá an fiosrúchán riaracháin curtha ó bhail ag easpa neamhchlaontachta agus neodrachta ó ENISA agus ón imscrúdaitheoir araon — sárú ar Airteagal 41 den Chairt, sárú ar phrionsabal an dea-riaracháin agus sárú ar Airteagal 3 den chinneadh ón gCoimisiún maidir le fiosrúcháin riaracháin. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go bhfuil an cinneadh atá faoi chonspóid neamhdhleathach mar gheall ar mhoilleanna agus mainneachtainí gan údar maidir le faisnéis a sholáthar le linn an fhiosrúcháin riaracháin — sárú ar Airteagal 41 den Chairt, ar dhualgas cúraim ENISA, ar phrionsabal an dea-riaracháin agus ar Airteagal 4 den chinneadh ón gCoimisiún maidir le fiosrúcháin riaracháin. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5362/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)