Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0558

Cás T-558/25: Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2025 – LD v BEI

IO C, C/2025/5594, 27.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5594/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5594/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5594

27.10.2025

Caingean arna tabhairt an 11 Lúnasa 2025 – LD v BEI

(Cás T-558/25)

(C/2025/5594)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: LD (ionadaí: L. Levi, Dlíodóir)

Cosantóir: An Banc Eorpach Infheistíochta

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús léi;

dá réir sin,

cinneadh an 28 Samhain 2024 lena ndiúltaítear liúntas leanaí don iarratasóir dá iníon ón mbliain acadúil 2023-2024, a chur ar neamhní;

cinneadh an 29 Iúil 2025 lena ndiúltaítear don achomharc riaracháin a chur ar neamhní;

a ordú do BEI an liúntas teaghlaigh a íoc ó mhí Mheán Fómhair 2023, mar aon le hús mainneachtana;

a ordú do BEI na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir saincheist dlí amháin, lena n-éilítear sárú ar Airteagail 2.2.1, 2.2.2, 2.2.3 agus 2.2.6 de na forálacha riaracháin, earráid fhollasach mheasúnaithe agus earráid dlí.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5594/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top