This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TN0247
Case T-247/25: Action brought on 14 April 2025 – Ecoplastica v Parliament and Council
Cás T-247/25: Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2025 – Ecoplastica v an Pharlaimint agus an Chomhairle
Cás T-247/25: Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2025 – Ecoplastica v an Pharlaimint agus an Chomhairle
IO C, C/2025/3073, 10.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3073/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/3073 |
10.6.2025 |
Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2025 – Ecoplastica v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás T-247/25)
(C/2025/3073)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Ecoplastica Srl (Castel San Giorgio, an Iodáil) (ionadaithe: R. van der Hout, V. Lemonnier, C. Wagner agus S. Walter, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
|
— |
Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904 agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (‘PPWR’) a chur ar neamhní ina iomláine; |
|
— |
mar mhalairt air sin, Airteagal 29(1), (2), (3) agus (4)(d) de PPWR a chur ar neamhní; |
|
— |
mar mhalairt air sin, Airteagal 29(1), (2) agus (3) a chur ar neamhní, a mhéid a dtugann siad ‘cliathbhoscaí plaisteacha’ ar an bhformáid phacáistíochta, agus |
|
— |
a ordú do na cosantóirí na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.
|
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur bhunaigh reachtóir an Aontais PPWR, go háirithe Airteagal 29(1) go (4) de PPWR, ar bhunús dlí mícheart trína bhunú ar bhunús dlí an mhargaidh inmheánaigh (Airteagal 114 CFAE) seachas ar bhunús dlí comhshaoil d’Airteagal 192 CFAE, cé gur léir go bhfuil fócas comhshaoil ag an Rialachán agus go háirithe ag Airteagal 29 de PPWR. |
|
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear an oibleagáid cúiseanna a lua faoi Airteagal 296(2) CFAE le hAirteagal 29 de PPWR, toisc nach bhfuil cúis ar bith ag PPWR ná ag na doiciméid reachtacha don fhoráil sin, cé go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis agus go bhfuil Airteagal 29(4)(d) de PPWR, go háirithe, contrártha le cuspóirí rialála PPWR. |
|
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear prionsabal na comhréireachta le hAirteagal 29(2) de PPWR a mhéid a chuirtear cosc leis ar ‘chliathbhoscaí plaisteacha’ a úsáid mar phacáistíocht aon úsáide arna húsáid mar sheachadtaí inmheánacha cuideachta mar phacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin, cé nach mbíonn sé sin oiriúnach chun cuspóir an Rialacháin sin a bhaint amach agus, sa bhreis air sin, go raibh modhanna níos éadroime ar fáil. |
|
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear prionsabal na comhréireachta le hAirteagal 29(3) de PPWR a mhéid a chuirtear cosc leis ar ‘chliathbhoscaí plaisteacha’ a úsáid mar phacáistíocht aon úsáide lena n-úsáid mar phacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin, arna húsáid chun táirgí a iompar, i gcás seachadtaí laistigh de Bhallstát, cé nach mbíonn sé sin oiriúnach chun cuspóir an Rialacháin sin a bhaint amach agus, sa bhreis air sin, go raibh modhanna níos éadroime ar fáil. |
|
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear prionsabal na comhréireachta le hAirteagal 29(1) de PPWR a mhéid a fhorchuirtear leis cuóta íosta ar luach 40 % chun ‘cliathbhoscaí plaisteacha’ a úsáid nuair a úsáidtear iad mar phacáistíocht iompair nó pacáistíocht díolacháin, arna húsáid chun táirgí a iompar, cé nach mbíonn sé sin oiriúnach chun cuspóir an Rialacháin sin a bhaint amach. |
|
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear go sáraítear prionsabal na córa comhionainne le hAirteagal 29(4)(d) de PPWR trí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh soláthróirí (amhail an t-iarratasóir) agus monaróirí (amhail custaiméirí an iarratasóra) cliathbhoscaí plaisteach aon úsáide, i gcomparáid le soláthróirí agus monaróirí a úsáideann pacáistíocht atá déanta as ábhair eile do na húsáidí lena mbaineann, go háirithe as cairtchláir. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3073/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)