Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025TN0176

Cás T-176/25: Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2025 – Belyavtseva v an Chomhairle

IO C, C/2025/3298, 24.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3298/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3298/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/3298

24.6.2025

Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2025 – Belyavtseva v an Chomhairle

(Cás T-176/25)

(C/2025/3298)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Olga Alekseevna Belyavtseva (Odinzovo, an Rúis) (ionadaí: C. Zatschler, SC)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú de bhun Airteagal 277 CFAE nach bhfuil Airteagal 1(1), agus Airteagal 2(1) de Chinneadh (CBES) 2024/2643 (1) ón gComhairle agus Airteagal 2(3) de Rialachán (AE) 2024/2642 (2) ón gComhairle infheidhme maidir leis an iarratasóir;

Cinneadh (CBES) 2024/3174 (3) ón gComhairle a chur ar neamhní, a mhéid a liostaítear ainm an iarratasóra san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2024/2643;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3188 (4) ón gComhairle a chur ar neamhní, a mhéid a liostaítear ainm an iarratasóra in Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh EUR 75 000 a íoc leis an iarratasóir as damáiste neamhábhartha;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais agus caiteachais iomlána na n-imeachtaí a iompar agus costais agus caiteachais iomlána an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua; níl sé soiléir ón ráiteas ar chúiseanna go háírithe:

cibé an raibh aon ábharthacht ag na tagairtí don iarratasóir a bheith ina ‘bean chéile agus ina comhpháirtí gnó’ de phearsa aonair liostaithe eile (agus an dá cheann mícheart ó thaobh na bhfíoras de) chun críocha ceachtar de na critéir liostála; agus

cé hiad na ‘daoine, eintitis nó comhlachtaí nádúrtha nó dlítheanacha’ a bhfuil an t-iarratasóir cúisithe as a bheith ag tacú leo.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear neamhdhleathacht Chinneadh (CBES) 2024/2643 agus Rialachán (AE) 2024/2642, lena mbunaítear an réimeas beart sriantach agus na critéir liostála faoi na gníomhartha dlí atá faoi chonspóid; go háirithe, áitíonn an t-iarratasóir go dtéann an córas thar inniúlacht na Comhairle ag gníomhú di faoi Airteagal 29 CAE ar dhá bhealach ar a laghad:

(i)

a mhéid is atá sé dírithe ar iompar laistigh den Aontas féin, sáraíonn sé raon feidhme críochach an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála, go háirithe sa mhéid go maítear go gcumhdaíonn sé an tslándáil náisiúnta, atá ‘ina freagracht ar gach Ballstát faoi leith agus air siúd amháin’ de bhua Airteagal 4(2) CAE;

(ii)

a mhéid is a dhíríonn sé ar ghníomhartha ar cionta coiriúla iad faoi dhlí ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit, sáraíonn sé raon feidhme ábhartha an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála trí dhul i dtreo ábhar atá forchoimeádta don iar-Cholún um Limistéar na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais, arna rialú anois ag Teideal V den CFAE, go háirithe Airteagal 83 CFAE.

Barr ar sin, a mhéid is atá na bearta sriantacha dírithe ar ghníomhartha ar cionta iad féin a dhéantar laistigh den Aontas agus ar féidir iad a phionósú mar sin faoi dhlíthe na mBallstát, sáraíonn na bearta sriantacha bunphrionsabail an cheartais aiceanta, atá cumhdaithe go háirithe in Airteagail 47 go 50 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear earráidí measúnaithe, ar cheithre bhealach:

(i)

earráidí i gcur i bhfeidhm chritéar (a) maidir leis an duine a bhfuil an t-iarratasóir liostaithe ina leith, as a dtagann earráid agus critéir (b) agus (c) á gcur i bhfeidhm ar an iarratasóir;

(ii)

mainneachtain na Comhairle an dualgas cruthúnais atá uirthi a chomhlíonadh maidir le liostú an iarratasóra a bhunú;

(iii)

earráid mheasúnaithe maidir le critéar (b) a chur i bhfeidhm ar an iarratasóir;

(iv)

earráid mheasúnaithe maidir le critéar (c) a chur i bhfeidhm ar an iarratasóir.

Áitíonn an t-iarratasóir go sonrach, agus prionsabal ginearálta de dhlí na fianaise á chur i bhfeidhm, i gcás ina bhfuil roinnt modhanna cruthúnais ar fáil do na hinstitiúidí, go bhfuil sé d’oibleagáid orthu brath ar an modh is iontaofa. In aon chás, ní féidir leis an gComhairle a bheith ag brath ar ailt na meán mar gheall ar an easpa cumhachtaí imscrúdaithe i gcás ina bhfuil na fíricí ábhartha suite laistigh den Aontas, agus nach bhfuil an cásdlí atá bunaithe ar easpa cumhachtaí imscrúdaithe i dtríú tíortha a thugann údar maith le spleáchas ar fhaisnéis den sórt sin infheidhme.

4.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha, go háirithe an ceart chun saol an teaghlaigh a urramú, arna chosaint ag Airteagal 7 den Chairt.

5.

Mar thaca leis an gcaingean ar chúiteamh, braitheann an t-iarratasóir go háirithe ar chlúdach sna meáin chumarsáide agus ar léiriú clúmhillteach den iarratasóir mar dhuine a bhfuil baint aici le duine a líomhnaítear go bhfuil baint aige le cion coiriúil tromchúiseach.


(1)  Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643).

(2)  Rialachán (CBES) 2024/2642 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2642).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/3174 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/3174).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3188 ón gComhairle an 16 Nollaig 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/2642 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/3188).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/3298/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top