Ez a dokumentum az EUR-Lex webhelyről származik.
Dokumentum 62025TA0235
Case T-235/25: Judgment of the General Court of 15 October 2025 – Pumpyanskaya v Council (Common foreign and security policy – Restrictive measures adopted in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine – Freezing of funds – List of persons, entities and bodies subject to the freezing of funds and economic resources – Maintenance of the applicant’s name on the list – Concept of benefiting from leading businesspersons operating in Russia – Article 2(1)(g) of Directive 2014/145 – Article 3(1)(g) of Regulation (EU) No 269/2014 – Error of assessment)
Cás T-235/25: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2025 – Pumpyanskaya v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – An coincheap tairbhe a bhaint as phríomhphearsa ghnó a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis – Airteagal 2(1) (g) de Chinneadh 2014/145 – Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Earráid mheasúnaithe)
Cás T-235/25: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2025 – Pumpyanskaya v an Chomhairle (An comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – An coincheap tairbhe a bhaint as phríomhphearsa ghnó a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis – Airteagal 2(1) (g) de Chinneadh 2014/145 – Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – Earráid mheasúnaithe)
IO C, C/2025/6180, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6180/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6180 |
24.11.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 15 Deireadh Fómhair 2025 – Pumpyanskaya v an Chomhairle
(Cás T-235/25) (1)
(An comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - An coincheap ‘tairbhe a bhaint as phríomhphearsa ghnó a bhíonn ag feidhmiú sa Rúis’ - Airteagal 2(1) (g) de Chinneadh 2014/145 - Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 - Earráid mheasúnaithe)
(C/2025/6180)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Galina Evgenyevna Pumpyanskaya (Dubai, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha) (ionadaithe: G. Lansky, P. Goeth, A. Egger agus E. Steiner, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Van Overmeire, Gníomhaire, agus B. Maingain, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní Cinneadh (CBES) 2025/528 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/528), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/527 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L, 2025/257), a mhéid a choimeádtar leis na gníomhartha sin a ainm ar na liostaí a ghabhann leis na gníomhartha sin.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear Cinneadh (CBES) 2025/528 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/527 ón gComhairle an 14 Márta 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin ar neamhní, a mhéid a coinníodh ainm Galina Evgenyevna Pumpyanskaya ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin. |
|
2) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin agus na costais arna dtabhú ag Galina Evgenyevna Pumpyanskaya a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6180/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)