Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0804

Cás C-804/25, Autorité de protection des données: Iarraidh ar réamhrialú ó Cour d’appel de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 10 Nollaig 2025 – État belge v Autorité de protection des données

IO C, C/2026/2199, 27.4.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2199/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2199/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/2199

27.4.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Cour d’appel de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 10 Nollaig 2025 – État belge v Autorité de protection des données

(Cás C-804/25, Autorité de protection des données)

(C/2026/2199)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Cour d’appel de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: État belge

Cosantóir: Autorité de protection des données

Páirtithe eile sna himeachtaí: JC agus Accidental Americans Association of Belgium (AAAB)

Na ceisteanna a tharchuirtear

1)

Ag féachaint d’Airteagal 96 de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (1), an ndéantar comhlíonadh le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag Ballstát roimh an 24 Bealtaine 2016 lena mbaineann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír dlí an Aontais de réir mar is infheidhme roimh an 24 Bealtaine 2016 agus, go sonrach, Airteagal 6(1)(b), (c) agus (e) de Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (2), arna léamh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a mhéid a fhoráiltear leis an gcomhaontú sin, chun críoch cánach agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar rialacha idirnáisiúnta cánach agus go gcuirfear chun feidhme oibleagáidí faoi FATCA na Stát Aontaithe chun seachaint cánach ag náisiúnaigh na Stát Aontaithe a chomhrac, maidir le haistriú uathoibríoch sonraí i gcomhréir leis na rialacha rúndachta chuig an tríú tír sin, ar sonraí iad a bhaineann le cuntais airgeadais náisiúnaigh uile an Stáit sin (sonraí lena n-áirítear, sa chleachtas, inter alia, ainm, seoladh, uimhir aitheantais chánach (UAC) arna sannadh don sealbhóir cuntais ag a Stát cónaithe, dáta breithe, uimhir chuntais, iarmhéid nó luach ar an gcuntas ag deireadh na bliana féilire lena mbaineann nó ag tréimhse thagartha iomchuí eile, go háirithe sonraí i gcás cuntas urrús, cuntas taisce nó cineál eile cuntais) gan cuntais a roghnú roimh ré lena mbaineann riosca seachanta cánach, gan aon teorainn ama chun sonraí a choinneáil dá bhforáiltear sa chomhaontú sin, agus a bhfuil an tairseach USD 50 000 dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I faoi réir dhea-thoil na n-institiúidí airgeadais?

2)

An féidir bonn cirt a thabhairt le comhaontú den sórt sin ar bhonn Airteagal 26(1)(d) de Threoir 95/46/CE mura ráthaíonn an tríú Stát lena mbaineann go gcomhlíontar coinníoll na cómhalartachta iarbhíre?

3)

An bhfuil Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha, le léiriú sa chaoi:

go mbaineann siad go háirithe leis an tagairt don tréimhse ar lena linn a choimeádtar na sonraí chun críocha Airteagal 6(1)(e) den Treoir sin agus leis na cearta chun faisnéise dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 11 di?

go ndéantar tagairt leo go sonrach ar raon feidhme an teorannaithe ar an gceart chun príobháideachais agus ar an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a chur san áireamh?

go bhfuil gá ann, i gcás comhaontú lena bhforáiltear d’aistriú sonraí pearsanta, na forálacha sin a áireamh go sainráite sa chomhaontú sin?

4)

Má thugtar freagra dearfach, in iomlán nó i bpáirt, ar Cheist 3, i bhfianaise Airteagal 96 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), an ndéantar comhlíonadh ar dhlí an Aontais mar a bhí feidhm aige roimh an 24 Bealtaine 2016 le comhaontú idirnáisiúnta arna thabhairt i gcrích ag Ballstát roimh an 24 Bealtaine 2016 lena mbaineann aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír agus, go sonrach, Airteagal 26(2) de Threoir 95/46/CE, arna léamh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha, mura bhforáiltear go sainráite ann do na coimircí leordhóthanacha dá dtagraítear san fhoráil sin?

5)

Má thugtar freagra dearfach ar Cheist 1 agus/nó ar Cheist 2 agus/nó ar Cheist 4, an bhfuil aistriú sonraí pearsanta de bhun an chomhaontaithe idirnáisiúnta sin i gcomhréir, mar sin féin, ón 24 Bealtaine 2018, le forálacha RGCS maidir le hábhair nach gcumhdaítear nó nach n-eisiatar go sonrach leis an gcomhaontú sin, go háirithe Airteagail 5(2), 12, 14, 24 agus 35 de?

6)

An bhfuil dualgas cruthúnais ar an rialaitheoir go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 96 RGCS?

7)

a.

Ar ceart Airteagal 96 de RGCS, arna ghlacadh ina aonar nó arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 351 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagail 7, 8 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha, a léiriú sa chaoi go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh conarthaí idirnáisiúnta a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu nach bhfuil i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin a leasú, a ionadú nó a chúlghairm?

b.

An féidir le Ballstát nach ndearna, in 2025, a dhícheall conradh idirnáisiúnta a bhfuil sé ina pháirtí ann nach gcomhlíonann forálacha RGCS a leasú, a ionadú nó a chúlghairm brath ar Airteagal 96 den Rialachán sin chun údar a thabhairt le hiompar nach bhfuil ag luí leis an Rialachán sin?

8)

Más freagra diúltach a thabharfar ar Cheisteanna 1, 2 nó 4:

a.

an gcaithfidh an chúirt náisiúnta comhaontú den sórt sin a dhífheidhmiú uaithi féin?

b.

an gá don chúirt náisiúnta a fhíorú an bhfuil comhaontú den sórt sin i gcomhréir le RGCS?

9)

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, ar Cheist 2 nó ar Cheist 4 agus má thugtar freagra dearfach ar Cheist 8(b), an bhfuil comhaontú idirnáisiúnta, mar a thuairiscítear i gCeist 1, i gcomhréir le RGCS agus, go sonrach, le hAirteagal 5(1)(b) agus (c) de, arna léamh, i gcás inarb iomchuí, i gcomhar le hAirteagail 7, 8 agus 52 den Chairt um Chearta Bunúsacha?

10)

An cinneadh leordhóthanachta é Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1795 ón gCoimisiún an 10 Iúil 2023 de bhun Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an leibhéal leormhaith cosanta sonraí pearsanta faoi Chreat Príobháideachais Sonraí AE-SAM (3) de réir bhrí Airteagal 45(3) de RGCS a mhéid a bhaineann le haistrithe sonraí atá i gceist a dhéantar chun críoch cánach?

11)

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, ar Cheist 2 nó ar Cheist 4 agus má thugtar freagra dearfach ar Cheist 8(b), an gcaithfear Airteagal 46 de RGCS a léiriú sa chaoi:

go n-áirítear leis na coimircí iomchuí dá ndéantar tagairt leis na coimircí seo a leanas go léir nó cuid díobh: (1) sainmhínithe ar choincheapa bunúsacha (lena n-áirítear na coincheapa seo a leanas: ‘sonraí pearsanta’, ‘próiseáil sonraí pearsanta’, ‘rialaitheoir’, ‘próiseálaí’, ‘faighteoir’ agus ‘sonraí íogaire’), (2), bunphrionsabail cosanta sonraí (lena n-áirítear na prionsabail maidir le ‘teorannú de réir cuspóra’, ‘cruinneas agus íoslaghdú’ (nó comhréireacht), teorannú ama maidir le coinneáil sonraí, (3) cearta na n-ábhar sonraí (lena n-áirítear an ceart chun faisnéise, an ceart rochtana, an ceart go ndéanfaí ceartúcháin, an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, an ceart go gcuirfí srian nó an ceart chun agóid a dhéanamh, an ceart gan a bheith faoi réir cinneadh a bhunaítear ar an bpróiseáil uathoibrithe amháin de réir bhrí Airteagal 22 RGCS, agus na nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú), (4) teorainn a chur le haistriú ar aghaidh agus comhroinnt sonraí, (5) leigheasanna éifeachtacha, (6) sásraí rialaithe, agus (7) prionsabal na freagrachta?

ní mór na coimircí sin a áireamh go sainráite san ionstraim dlí cheangailteach dá dtagraítear in Airteagal 46(2)(a) de RGCS?

níl san ionstraim dlí cheangailteach sin, i gcás ina bhfuil conradh ann lena rialaítear aistrithe sonraí pearsanta chuig tríú tíortha, ach an conradh sin nó an bhféadfadh an ionstraim lena dtrasuitear an conradh sin sa dlí náisiúnta a bheith san áireamh inti?

12)

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, ar Cheist 2 nó ar Cheist 4 agus má thugtar freagra dearfach ar Cheist 8(b):

a.

an gcaithfear Airteagal 49(1)(d) de RGCS a léiriú sa chaoi go gceadaítear nó go dtoirmisctear comhaontú idirnáisiúnta a bhaineann le haistriú sonraí pearsanta chuig tríú tír lena bhforáiltear, chun críoch cánach, d’aistriú uathoibríoch sonraí airgeadais náisiúnaigh uile an Stáit sin chuig an tríú tír sin (mar a leagtar amach sa chéad cheist)?

b.

an critéar ábhartha é leibhéal cómhalartachta an mhalartaithe sonraí chun freagra na ceiste sin a chinneadh?

13)

Má thugtar freagra diúltach ar Cheist 1, ar Cheist 2 nó ar Cheist 4 agus má thugtar freagra dearfach ar Cheist 8(b):

a.

an féidir leis na rialaitheoirí a bhailigh na sonraí go díreach ón ábhar sonraí an ‘fhaisnéis’ dá dtagraítear sa tarscaoileadh faisnéise dá bhforáiltear in Airteagal 14(5)(a) RGCS a sholáthar?

b.

sa chás sin, cé air a bhfuil an dualgas a chruthú gur cuireadh an fhaisnéis in iúl, ag féachaint go háirithe d’Airteagal 5(1)(a) agus (2) de RGCS?


(1)   IO 2016 L 119, lch. 1.

(2)   IO 1995 L 281, lch. 31.

(3)   IO 2023, L 231, lch. 118.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/2199/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top