This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CN0799
Case C-799/25, Hochtief Europe Magyarországi Fióktelepe: Request for a preliminary ruling from the Fővárosi Ítélőtábla (Hungary) lodged on 9 December 2025 – Hochtief Europe GmbH Magyarországi Fióktelepe v Győri Ítélőtábla
Cás C-799/25, Hochtief Europe Magyarországi Fióktelepe: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Ítélőtábla (an Ungáir) a taisceadh an 9 Nollaig 2025 – Hochtief Europe GmbH Magyarországi Fióktelepe v Győri Ítélőtábla
Cás C-799/25, Hochtief Europe Magyarországi Fióktelepe: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Ítélőtábla (an Ungáir) a taisceadh an 9 Nollaig 2025 – Hochtief Europe GmbH Magyarországi Fióktelepe v Győri Ítélőtábla
IO C, C/2026/1338, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1338/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1338 |
16.3.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Ítélőtábla (an Ungáir) a taisceadh an 9 Nollaig 2025 – Hochtief Europe GmbH Magyarországi Fióktelepe v Győri Ítélőtábla
(Cás C-799/25, Hochtief Europe Magyarországi Fióktelepe)
(C/2026/1338)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Ítélőtábla
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Hochtief Europe GmbH Magyarországi Fióktelepe
Cosantóir: Győri Ítélőtábla
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An bhfuil breithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCásanna C-620/17 agus C-362/18 le léiriú sa chaoi, má cheadaítear le dlí Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar bhreithiúnas críochnaitheach ar bhonn rialú nua ó chúirt náisiúnta agus mar aon leis sin ón Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil, an Ungáir), nach mór glacadh, ar bhonn sainordaitheach, leis an athbhreithniú a fhreaschuireann feidhm res judicata, de bhua phrionsabail an chomhionannais, na héifeachtachta agus an chomhair dhílis, chun comhlíonadh dhlí an Aontais, arna léiriú i mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnas, a áirithiú? |
|
2) |
Más rud é, ar bhonn an fhreagra ar an gcéad cheist, nach mór glacadh leis an athbhreithniú a fhreaschuireann feidhm res judicata, mar a chéile, chun comhlíonadh dhlí an Aontais, arna léiriú i mbreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnas, a áirithiú, an bhfuil feidhm ag na rialacha nós imeachta faoin dlí náisiúnta a bhaineann le hinghlacthacht an athbhreithnithe? |
|
3) |
An féidir le dlínse na cúirte náisiúnta, a áirithíonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an dlí náisiúnta agus a fheidhmíonn ag an gcéim dheireanach, an méid seo a leanas a chuimsiú, de bhun Airteagal 267 CFAE, eadhon léiriú sriantach nó leathan ar bhreithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais lena léirítear dlí an Aontais, nó léiriú a dhéanann, trí imeacht ó líne léirithe roimhe sin, éifeacht an bhreithiúnais sin a bhaint, ar bhonn fhorálacha an dlí náisiúnta? |
|
4) |
An gcuirtear cosc le dlí an Aontais, de bhun Airteagal 267 CFAE, ar fhoráil de chuid Ballstáit — agus an féidir í a fhágáil, dá bhrí sin, gan feidhm — trína bhfuil an chúirt faoi cheangal ag cinneadh a bhfuil sé d’aidhm aige léiriú leanúnach an dlí a áirithiú, a rinne cúirt náisiúnta ag an gcéim dheireanach, fiú má mheasann sí nach ráthaítear leis na measúnuithe substainteacha atá sa chinneadh sin, i bhfianaise léiriú na Cúirte Breithiúnais, éifeachtacht dhlí an Aontais ná cosaint na gceart a bhronntar ar dhaoine aonair? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1338/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)