This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025CN0763
Case C-763/25, H.: Request for a preliminary ruling from the Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (Poland) lodged on 25 November 2025 – H. sp. z o. o. v m. S.A.
Cás C-763/25, H.: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 25 Samhain 2025 – H. sp. z o. o. v m. S.A.
Cás C-763/25, H.: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 25 Samhain 2025 – H. sp. z o. o. v m. S.A.
IO C, C/2026/1582, 23.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1582/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1582 |
23.3.2026 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie (an Pholainn) a taisceadh an 25 Samhain 2025 – H. sp. z o. o. v m. S.A.
(Cás C-763/25, H.)
(C/2026/1582)
Teanga an cháis: an Pholainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Sąd Rejonowy dla Warszawy-Woli w Warszawie
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: H. sp. z o. o.
Cosantóir: m. S.A.
Na ceisteanna a tharchuirtear:
|
1) |
An bhfuil Airteagal 23 de Threoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE (1) ón gComhairle (‘Treoir 2008/48’) agus prionsabal a héifeachtachta le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú agus chur i bhfeidhm dhlí náisiúnta – Airteagal 509 den Chód Sibhialta (Cód Sibhialta an 23 Aibreán 1964, Dziennik Ustaw (Iris Dlíthe), Uimh. 16, mír 93, arna leasú ina dhiaidh sin; ‘an Cód Sibhialta’), ar dá réir a ndéanfar aistriú ar éileamh de chuid tomhaltóir is iasachtaí a eascraíonn as na cearta arna mbunú de bhun Airteagal 45(1) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí (Ustawa o kredycie konsumenckim z dnia 12 maja 2011 r (Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí an 12 Bealtaine 2011), Dziennik Ustaw, Uimh. 126, mír 715, arna leasú ina dhiaidh sin; ‘an tAcht um Chreidmheas do Thomhaltóirí’) – eadhon smachtbhanna dlí náisiúnta a tugadh isteach de bhun Airteagal 23 de Threoir 2008/48 ar díoltóir nó soláthraí, sa chaoi go bhfuil sé contrártha do chineál oibleagáide tomhaltóra agus gan éifeacht mar sin de thoisc go bhfágann sé gur ródheacair don tomhaltóir is iasachtaí atá sé na cearta dá bhforáiltear i dTreoir 2008/48 a fheidhmiú? |
|
2) |
An bhfuil Airteagal 23 de Threoir 2008/48 agus prionsabal a héifeachtachta le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú agus cur i bhfeidhm dhlí náisiúnta – Airteagal 5 den Chód Sibhialta – sa chaoi gur neamhcheadaithe do chúirt náisiúnta díoltóir nó soláthraí a chur faoi chosaint dlí a fuair éileamh ó thomhaltóir is iasachtaí, trí bhíthin sannadh, a eascraíonn as Airteagal 45(1) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí a chur i bhfeidhm (an smachtbhanna de bhun Airteagal 23 de Threoir 2008/48) agus atá ag saothrú an éilimh sin i gcoinne an chosantóra is creidiúnaí ó tharla gur ródheachair don tomhaltóir is iasachtaí atá sé na cearta dá bhforáiltear i dTreoir 2008/48 a fheidhmiú? |
|
3) |
An bhfuil Airteagal 23 de Threoir 2008/48 agus prionsabal a héifeachtachta le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar léiriú agus cur i bhfeidhm dhlí náisiúnta – Airteagal 45(5) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí – sa chaoi go meastar gurb é ar eisíoc mhéid an chreidmheasa a gcomhlíontar comhaontú creidmheasa do thomhaltóirí agus, dá bhrí sin, go dtéann an ceart, dá dtagraítear in Airteagal 45(1) den Acht sin (an t-aon smachtbhanna dá bhforáiltear i ndlí na Polainne as forálacha náisiúnta a shárú lena dtrasuítear Treoir 2008/48), ar an smachtbhanna a chur i bhfeidhm in éag bliain amháin i ndiaidh an chreidmheasa a eisíoc, de thoisc go bhfágann sé gur ródheacair don tomhaltóir is iasachtaí na cearta dá bhforáiltear i dTreoir 2008/48 a fheidhmiú? |
|
4) |
An bhfuil Airteagal 3(g) agus (i) agus Airteagal 10(2)(g) de Threoir 2008/48, i bhfianaise an bhreithiúnais i gCás C-714/22, S.R.G. v Profi Credit Bulgaria EOOD, le léiriú sa chaoi, i gcás ina gcuireann an creidiúnaí, sa bhreis ar chistí a chur ar fáil don tomhaltóir is iasachtaí mar chuid de phríomhsuim na hiasachta, cistí a chur ar fáil chun costais creidmheasa neamh-úis a íoc (mar shampla, coimisiún), go bhfuil an t-ús arna mhuirearú ar na cistí arna gcur ar fáil chun na costais neamh-úis sin a íoc le cur le costas iomlán an chreidmheasa chomh maith agus mar sin gur cheart á gcur san áireamh agus an ráta céatadánach bliantúil á ríomh dá bhrí sin? An bhfuil costas iomlán an chreidmheasa agus an ráta céatadánach bliantúil arna ríomh (ús ar airgead arna chur ar fáil le costais chreidmheasa neamh-úis a íoc san áireamh) ríofa i gceart? |
|
5) |
I gcás freagra diúltach ar an gceist roimhe seo, an mbeadh sé de thoradh ar ús ar an méid arna chur ar fáil don iasachtaí chun costais neamh-úis a íoc a chur san áireamh i gcostas iomlán an chreidmheasa (agus, dá bhrí sin, agus an ráta céatadánach bliantúil á ríomh) go ndéanfaí costas iomlán an chreidmheasa agus, dá bhrí sin, an ráta céatadánach bliantúil arna léiriú don tomhaltóir a rólua? An ndéanann a leithéid de ríomh mícheart - róluaite ar chostas iomlán an chreidmheasa agus an ráta chéatadánaigh bhliantúil agus cur i láthair luacha atá ríofa go mícheart – róluaite dochar don tomhaltóir? An dtugtar údar le smachtbhannaí a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 45(1) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí le ríomh agus cur i láthair don tomhaltóir de luachanna róluaite de chostas iomlán an chreidmheasa agus an ráta céatadánach bliantúil? Sa chás sin, an mbeadh an smachtbhanna dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) den Acht um Chreidmheas do Thomhaltóirí (maidir le smachtbhanna an chreidmheasa shaoir in aisce - aisíocaíocht an chreidmheasa chaipitil amháin, gan ús agus costais, ag an tomhaltóir is iasachtaí leis an gcreidiúnaí) i gcomhréir le hAirteagal 23 de Threoir 2008/48, go háirithe le ceanglas chomhréireacht an phionóis? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1582/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)