Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0663

Cás C-663/25: Caingean arna tabhairt an 9 Deireadh Fómhair 2025 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hOstaire

IO C, C/2025/6161, 24.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6161/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6161/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/6161

24.11.2025

Caingean arna tabhairt an 9 Deireadh Fómhair 2025 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na hOstaire

(Cás C-663/25)

(C/2025/6161)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. de Elera-San Miguel Hurtado, M. Noll-Ehlers agus B. Sasinowska, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na hOstaire

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

a dhearbhú gur mhainnigh Poblacht na hOstaire a hoibleagáidí faoi Airteagal 3(2) CFAE agus Airteagal 4(3) CAE a chomhlíonadh toisc nár iarr sí mír 7(b) a scriosadh ó dhréachtchlár oibre an 96ú seisiún iomlánach de Choimisiún na Danóibe, gur vótáil sí i bhfabhar mír 7(b) a choinneáil ar an gclár oibre agus gur vótáil sí i bhfabhar Cinneadh DK/TAG 96/10 ó Choimisiún na Danóibe a ghlacadh gan cinneadh ón gComhairle a bheith glactha chun an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh a chinneadh agus chun údarú a thabhairt do Bhallstáit an Aontais lena mbaineann gníomhú go comhpháirteach chun leasa an Aontais;

a ordú do Phoblacht na hOstaire na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Maíonn an Coimisiún Eorpach gur sháraigh Poblacht na hOstaire inniúlacht sheachtrach eisiach an Aontais Eorpaigh faoi Airteagal 3(2) CFAE.

In 2021, vótáil Poblacht na hOstaire, mar chomhalta de Choimisiún Idirnáisiúnta na Danóibe, i bhfabhar rún a ghlacadh ina moltar go n-aithneofaí doiciméid a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla áirithe sa loingseoireacht intíre, cé go leagtar síos le Treoir (AE) 2017/2397 (1) rialacha maidir le bailíocht agus aitheantas deimhnithe pearsanra loinge san Aontas. Thug Poblacht na hOstaire a toiliú in éagmais seasamh ón Aontas ina leith sin.

Thairis sin, tugadh toiliú Phoblacht na hOstaire contrártha leis an iarraidh shainráite ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh. Mar thoradh air sin, sháraigh Poblacht na hOstaire freisin prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE.


(1)  Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoracha 91/672/CEE agus 96/50/CE ón gComhairle (IO 2017 L 345, lch. 53).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6161/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top