Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0652

Cás C-652/25, Blueberry: Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Częstochowie (an Pholainn) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2025 – BLUEBERRY sp. z o.o. v CASK Besloten Vennootschap

IO C, C/2026/1061, 2.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1061/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1061/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1061

2.3.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Częstochowie (an Pholainn) a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2025 – BLUEBERRY sp. z o.o. v CASK Besloten Vennootschap

(Cás C-652/25, Blueberry)

(C/2026/1061)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Częstochowie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: BLUEBERRY sp. z o.o.

Cosantóir: CASK Besloten Vennootschap

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus Airteagal 2 CAE, mar aon le hAirteagail 2 agus 6(1) de Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (1) (‘Treoir 2000/78’), arna léamh in éineacht le hAirteagail 21 agus 47 den Chairt, agus Airteagal 47 den Chairt, le léiriú sa chaoi, i gcás ina bhfuil sé de réir dlí Ballstáit go gcuirtear breithiúna gnáthchúirteanna ar scor go huathoibríoch in aois a 67 mbliana nó, i ndiaidh dearbhú iomchuí agus teastas leighis a thaisceadh faoi theorainn ama shonraithe, in aois a 70 bliain, go gcuirtear cosc trí na forálacha sin ar fheidhm - maidir le breithiúna a bhí i mbun seirbhíse cheana féin le linn na tréimhse ina raibh a leithéid de rialacha dlí i bhfeidhm agus faoi réir eisceachtaí faoi phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla i gcásanna ina ndeachaigh a leithéid de bhreitheamh ina muinín - a bheith ag forálacha náisiúnta arna dtabhairt isteach ina dhiaidh sin lena n-íslítear an aois scoir do 65 bliana, i gcás inar cuireadh critéar sa bhreis maidir le toiliú an Aire Dlí agus Cirt agus i ndiaidh don Chúirt a rialú go sáraítear leis an gcritéar sin an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE (Cás C-192/18), faoi réir toiliú ag comhlacht ar nós an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn), san am céanna le fadú na seirbhíse go dtí aois na 70 bliain, i bhfeidhm maidir le breithiúna i gcás (a) nach bhfuil an comhlacht sin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR), neamhspleách, (b) bhfuil ceart ag an mbreitheamh ar aon leigheas a fháil os comhair cúirt ina n-áiríthítear cosaint dlí éifeachtach, (c) ina bhfuil na coinníollacha maidir le toiliú éiginnte, doiléir agus dofhíoraithe, ar dá réir is féidir le hiompar an chomhlachta sin a bheith treallach, (d) nach mínítear an chaoi leis na coinníollacha sin a chur i bhfeidhm sna cúiseanna arna lua ag an gcomhlacht sin i gcleachtas, (e) gur cuireadh an t-athrú thuasluaite ar an sásra um sheirbhís mar bhreitheamh a fhadú agus an aois scoir á hísliú, rud a bhí ina chúis amhrais, le bunús, ag daoine aonair faoi neamhspleáchas an bhreithimh ar thionchar seachtrach agus faoina neamhchlaontacht maidir leis na leasanna os a chomhair agus nach bhfuil an t-ísliú sin, i bhfianaise an athraithe sin, i gcomhréir le haon aidhm ar bith, a bhfuil bunús dlí léi?

2)

I gcás freagra dearfach ar Cheist 1: An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 2 CAE, mar aon le hAirteagal 47 den Chairt, le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhreitheamh gnáthchúirte, lena gcuirtear de chritéar sa breis, toiliú ag comhlacht ar nós an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn), le fadú na haoise scoir go 70 bliain, i gcás ina bhfuil an sásra sin de réir na dtréithe dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) de Cheist 1?

3)

I gcás freagra dearfach ar Cheist 1: An bhfuil prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh le léiriú sa chaoi, i gcás ina dtaisceann breitheamh dearbhú agus teastas leighis ar mhaithe leis an aois scoir a fhadú go 70 bliain faoin teorainn ama reachtúil arna ríomh ón dáta scoir arna leagan síos i bhforálacha náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais (is é sin, 65 bhliain in ionad 67 mbliana), nach mór a mheas go bhfuil an teorainn ama sin comhlíonta?

4)

I gcás freagra diúltach ar Cheist 1: An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léiriú i bhfianaise Airteagal 47 den Chairt agus Airteagal 2 CAE, mar aon le hAirteagail 2 agus 6(1) de Threoir 2000/78, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 21 agus 47 den Chairt, agus Airteagal 47 den Chairt, le léiriú sa chaoi, i gcás ina bhfuil sé de réir dlí Ballstáit go gcuirtear breithiúna gnáthchúirteanna ar scor go huathoibríoch in aois a 67 mbliana agus, i ndiaidh dearbhú iomchuí agus teastas leighis a thaisceadh faoi theorainn ama shonraithe, in aois a 70 bliain, go gcuirtear cosc trí na forálacha sin ar fheidhm a bheith ag forálacha náisiúnta arna dtabhairt isteach ina dhiaidh sin lena gcuirtear critéar sa bhreis maidir le toiliú ag comhlacht ar nós an Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn) le haois scoir na 70 bliain, i gcás (a) nach bhfuil an comhlacht sin, de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais agus ECtHR, neamhspleách, (b) nach bhfuil ceart ag an mbreitheamh ar aon leigheas a fháil os comhair cúirt ina n-áiríthítear cosaint dlí éifeachtach, (c) ina bhfuil na coinníollacha maidir le toiliú éiginnte, doiléir agus dofhíoraithe, ar dá réir is féidir le hiompar an chomhlachta sin a bheith treallach, (d) nach mínítear an chaoi leis na coinníollacha sin a chur i bhfeidhm sna cúiseanna arna lua ag an gcomhlacht sin i gcleachtas, (e) gur cuireadh an critéar sa bhreis sin in ionad critéar maidir le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, a rialaigh an Chúirt cheana féin go sáraítear leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE (Cás C-192/18) agus a tugadh isteach agus an aois scoir á hísliú ó 67 go 65?

5)

An bhfuil an dara fomhír d’Airteagal 1(1) CAE, Airteagal 47 den Chairt, Airteagail 2 agus 4(3) CAE, prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais agus prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí le léiriú sa chaoi, i bhfianaise an bhreithiúnas ón gCúirt an 13 Márta 2007 i gCás C-432/05, Unibet, go bhfuil sé de cheart ag cúirt ar a bhfuil an bhreitheamh dá dtagraítear i gCeisteanna 1 nó 4 ina shuí inti cur i bhfeidhm forála náisiúnta maidir le scor breithimh a chur ar fionraí as a stuaim féin, mar a fhoráiltear di sna ceisteanna sin, agus leanúint de bhreitheanna a thabhairt sa chás sin agus i gcásanna eile go dtí go dtabharfaidh an Chúirt a freagra, i gcás inar riachtanach léi déanamh amhlaidh ar mhaithe le cinneadh a dhéanamh sa chás os a comhair i gcomhréir le forálacha infheidhme dhlí an Aontais?

6)

An bhfuil na forálacha agus na prionsabail dá dtagraítear i gCeisteanna 1 agus 4 le léiriú sa chaoi, i gcás ina dtugann an Chúirt freagra dearfach ar cheann de na ceisteanna sin, nach féidir feidhm a bheith ag na forálacha náisiúnta maidir le scor breithimh dá dtagraítear iontu agus nach gcuirfear an breitheamh ar scor, murab ann do bhunús dlí sa bhreis le déanamh amhlaidh?


(1)   IO 2000, L 303, lch. 16.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1061/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top