Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0441

Cás C-441/25, Agecop: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça (an Phortaingéil) a taisceadh an 4 Iúil 2025 – AGECOP – Associação para a Gestão da Cópia Privada v VISAPRESS – Gestão de Conteúdos dos Media, CRL

IO C, C/2025/5310, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5310/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5310/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5310

13.10.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça (an Phortaingéil) a taisceadh an 4 Iúil 2025 – AGECOP – Associação para a Gestão da Cópia Privada v VISAPRESS – Gestão de Conteúdos dos Media, CRL

(Cás C-441/25, Agecop)

(C/2025/5310)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal de Justiça

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: AGECOP – Associação para a Gestão da Cópia Privada

Cosantóir: VISAPRESS – Gestão de Conteúdos dos Media, CRL

Na ceisteanna a tharchuirtear

Ós rud é:

a)

go bhforáiltear le dlí na Portaingéile go ndéanfar an cúiteamh cóir atá dlite as atáirgeadh le haghaidh úsáid phríobháideach, i gcomhréir le hAirteagal 5(2)(a) agus (b) de Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise agus Airteagal 16 de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE, a roinnt ina gcodanna comhionanna idir comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar údair agus ar chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar fhoilsitheoirí, agus,

b)

faoi dhlí na Portaingéile, go bhfuil foilsitheoirí foilseachán preasa, chomh maith le bheith ina ndílseánaigh cearta a bhaineann le cóipcheart, ina n-úinéirí díreacha cóipchirt freisin i leith nuachtáin agus foilseacháin eile a fhoilsíonn siad, agus ina n-úinéirí indíreacha i leith ailt a fhoilsítear gan an t-údar a bheith sainaitheanta agus, inter alia, mar thoradh ar aistriú an chirt sin ag na cruthaitheoirí intleachtúla,

an féidir na treoracha thuasluaite a léiriú sa chaoi go gceadaítear leo léiriú ar dhlí na Portaingéile is infheidhme maidir leis an gcás seo ar bhealach a fhágann go bhfuil an eagraíocht chomhbhainistíochta a dhéanann ionadaíocht ar fhoilsitheoirí nuachtán agus foilseachán tréimhsiúil eile, sa bhreis ar an gceart chun sciar (50 %) den chúiteamh cóir is iníoctha as atáirgeadh le haghaidh úsáid phríobháideach a dheonaítear d’fhoilsitheoirí a fháil, i dteideal an 50 % eile den chúiteamh cóir céanna sin a chomhroinnt, atá, faoin dlí, iníoctha le húdair, le heagraíocht chomhbhainistíochta eile a dhéanann ionadaíocht ar chruthaitheoirí intleachtúla na saothar atá ionchorpraithe ina bhfoilseacháin thréimhsiúla, rud lena dtugtar laghdú riachtanach le fios ar an gcúiteamh a fhaigheann na cruthaitheoirí sin?


(1)   IO 2001 L 167, lch. 10.

(2)   IO 2019 L 130, lch. 92.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5310/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top