Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0425

Cás C-425/25, Stichting Truck Cartel Recovery agus páirtithe eile: Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 26 Meitheamh 2025 – Uzdaroji Akcine Bendrove Palink agus páirtithe eile

IO C, C/2026/1326, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1326/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1326/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1326

16.3.2026

Iarraidh ar réamhrialú ó Hoge Raad der Nederlanden (an Ísiltír) a taisceadh an 26 Meitheamh 2025 – Uzdaroji Akcine Bendrove Palink agus páirtithe eile

(Cás C-425/25, Stichting Truck Cartel Recovery agus páirtithe eile)

(C/2026/1326)

Teanga an cháis: an Ollainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Hoge Raad der Nederlanden

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Uzdaroji Akcine Bendrove Palink, Adrestia TCC 1 Limited, Stichting Truck Cartel Recovery agus páirtithe eile, Unilever plc agus páirtithe eile

Cosantóirí: CNH Industrial NV, Stellantis NV, Iveco SpA, Iveco Magirus AG, DAF Trucks NV, DAF Trucks Deutschland GmbH, PACCAR Inc, TRATON SE, MAN Truck & Bus SE, MAN Truck & Bus Deutschland GmbH, Mercedes-Benz Group AG, AB Volvo, Volvo Lastvagnar AB, Renault Trucks SAS, Volvo Group Trucks Central Europ GmbH, Scania AB, Scania CV AB, Scania Deutschland GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1.

Faoi dhlí an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe faoi phrionsabal na héifeachtachta, chun an dlí is infheidhme a chinneadh, an bhfuil sárú aonair agus leanúnach ar Airteagal 101 de CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE le haicmiú mar iompar neamhdhleathach (teagmhas as a n-éireoidh damáiste) as a dtagann éileamh aonair ar dhamáistí (éileamh leantach) le haghaidh gach páirtí díobhálaithe, a bhféadfadh roinnt cinn damáiste (idirbhearta) a áireamh iontu? Nó an bhfuil an t-aicmiú sin faoi réir dhlí na mBallstát, agus an bhfuil siad saor, mar shampla, chun a chinneadh go bhfuil sárú den sórt sin le haicmiú mar iompar neamhdhleathach aonair (teagmhas as a n-éireoidh damáiste) as a dtagann éileamh ar leith ar dhamáistí (éileamh leantach) in aghaidh an idirbhirt?

2.

Conas atá Airteagal 31 de Rialachán an Róimh II (1) le léiriú i gcás teagmhas as a n-éireoidh damáiste arb é atá ann sárú aonair agus leanúnach ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE, a thosaigh roimh an 11 Eanáir 2009 agus a a tháinig chun deiridh ar an dáta sin nó dá éis? Go sonrach:

a)

an bhfuil feidhm ag an Rialachán sin ó thaobh ama de, maidir le tréimhse iomlán an tsáraithe, fiú má bhaineann sé leis an tréimhse roimh an 11 Eanáir 2009;

b)

an bhfuil an Rialachán sin neamh-infheidhme, ó thaobh ama de, maidir le tréimhse iomlán an tsáraithe, fiú má bhaineann sé leis an tréimhse ón 11 Eanáir 2009 ar aghaidh; nó

c)

an bhfuil feidhm ag an Rialachán sin, ó thaobh ama de, maidir leis an tréimhse ón 11 Eanáir amháin? Más amhlaidh atá, conas ba cheart a chinneadh cad iad na himeachtaí atá cumhdaithe leis an Rialachán sin agus cad iad na cinn nach bhfuil?

Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 2(a) nó (c), rud a chiallaíonn go bhfuil Rialachán An Róimh II infheidhme sa chás seo:

3.

Conas atá an coincheap ‘[tír] ina ndéanfar, nó inar dócha go ndéanfaí, difear don mhargadh’ in Airteagal 6(3)(a) de Rialachán An Róimh II le léiriú i gcás éileamh leantach ar dhamáistí a eascraíonn as sárú ar Airteagal 101 CFAE agus Airteagal 53 de Chomhaontú LEE a bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus lena gcumhdaítear (roinnt tíortha nó) LEE ina iomláine, agus a bhaineann le

a)

damáiste a d'fhulaing páirtí díobhálaithe a cheannaigh na hearraí, a fuair ar cíos nó ar léas iad, a mbaineann an sárú ar an toirmeasc ar chairtéil leo (leoraithe) i dtír ar leith ó dhuine amháin nó níos mó de rannpháirtithe an chairtéil nó ó pháirti idirghabhálach amháin nó níos mó, amhail déileálaithe […];

b)

damáiste a d'fhulaing páirtí díobhálaithe a cheannaigh na hearraí, a fuair ar cíos nó ar léas iad, a mbaineann an sárú ar an toirmeasc ar chairtéil leo (leoraithe) i dtíortha eagsúla ó dhuine amháin nó níos mó de rannpháirtithe an chairtéil nó ó pháirtí idirghabhálach amháin nó níos mó, amhail déileálaithe […];

c)

damáiste a d'fhulaing úsáideoir seirbhísí iompair arna soláthar ag páirtí amháin nó níos mó a ghearr praghsanna níos airde le haghaidh na seirbhísí sin mar thoradh ar an sárú […];

d)

damáiste a d'fhulaing páirtí a mhaíonn gur bhain damáiste dó (freisin) de bharr an mhoille ar theicneolaíochtaí astaíochta nua a thabhairt isteach chun caighdeáin astaíochtaí Eorpacha a bhí ag éirí níos déine a chomhlíonadh, ar damáiste é freisin atá ina iarmhairt freisin ar an sárú agus arb é atá i gceist leis, inter alia, ídiú breosla níos airde agus costais tomhaltais eile níos airde, lena n-áirítear dolaí níos airde […]?

4.

a)

An bhfuil Airteagal 6(3)(b) de Rialachán an Róimh II le léiriú sa chaoi, chun rogha aontaobhach dlí a dhéanamh, nach mór ní hamháin na coinníollacha atá leagtha síos san fhoráil sin a chomhlíonadh, ach freisin an coinníoll ar dá réir go mbaintear damáiste don pháirtí díobhálaithe i roinnt tíortha, agus an tír ina bhfuil a éileamh ar feitheamh san áireamh […]?

b)

An bhfuil Airteagal 6(3)(b) de Rialachán an Róimh II le léiriú sa chaoi nach bhfuil an fhéidearthacht maidir le rogha aontaobhach dlí a dhéanamh ar fáil ach amháin do pháirtithe díobháilaithe ar bhain damáiste dóibh, nó sa chaoi go bhfuil an fhéidearthacht seo ar fáil freisin d’éilitheoirí a bhfuil éilimh leantacha sannta orthu ag páirtithe díobháilaithe […]?


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO 2007 L 199, lch. 40).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1326/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top