Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62025CN0307

Cás C-307/25, KFZ Kolak: Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Aibreán 2025 – KFZ Kolak e.U. v GF

IO C, C/2025/4267, 11.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4267/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4267/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/4267

11.8.2025

Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 29 Aibreán 2025 – KFZ Kolak e.U. v GF

(Cás C-307/25, KFZ Kolak)

(C/2025/4267)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí:

Achomharcóir ar phointe dlí: KFZ Kolak e.U.

Cosantóir san achomharc ar phointe dlí: GF

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 13(4)(c) de Threoir (AE) 2019/771 (1) le léiriú sa chaoi go bhfuil easnamh a dhéanann difear do shábháilteacht na n-earraí (sa chás seo: caillteanas ola ó mhótarfheithicle a d’fhágfadh go mbeadh baol ann go ndéanfaí damáiste don inneall) chomh tromchúiseach sin le bheith mar údar le laghdú a dhéanamh láithreach ar an bpraghas nó leis an gconradh díolacháin a fhoirceannadh, fiú in éagmais coinníollacha eile, amhail iompar thar a bheith millteanach ar thaobh an díoltóra (e.g. calaois)?

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gcéad cheist:

2.

An bhfuil feidhm aige sin freisin dá bhféadfaí an t-easnamh a leigheas le ar chostas atá réasúnta íseal?


(1)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO 2019 L 136, lch. 28).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/4267/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top