Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024TN0291

    Cás T-291/24: Caingean arna tabhairt an 4 Meitheamh 2024 – Sumol + Compal Marcas v EUIPO – Krynica Vitamin (FIZI AQUA)

    IO C, C/2024/4340, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4340/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4340/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4340

    15.7.2024

    Caingean arna tabhairt an 4 Meitheamh 2024 – Sumol + Compal Marcas v EUIPO – Krynica Vitamin (FIZI AQUA)

    (Cás T-291/24)

    (C/2024/4340)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Sumol + Compal Marcas SA (Carnaxide, an Phortaingéil) (ionadaí: A. de Sampaio, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Krynica Vitamin S.A. (Vársá, an Pholainn)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘FIZI AQUA’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 689 824

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 8 Aibreán 2024 i gCás R 2593/2023-4

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    cinneadh ón Rannán Freasúra atá faoi chonspóid os comhair an Bhoird Achomhairc a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO agus don pháirtí eile sna himeachtaí na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4340/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top