Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0845

Cás C-845/24 P: Achomharc arna thabhairt an 11 Nollaig 2024 ag Silgan Holdings Inc., Silgan Holdings Austria GmbH, Silgan International Holdings BV, Silgan Metal Packaging Distribution GmbH agus Silgan White Cap Manufacturing GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T- 589/22, Silgan Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún

IO C, C/2025/539, 3.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/539/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/539/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/539

3.2.2025

Achomharc arna thabhairt an 11 Nollaig 2024 ag Silgan Holdings Inc., Silgan Holdings Austria GmbH, Silgan International Holdings BV, Silgan Metal Packaging Distribution GmbH agus Silgan White Cap Manufacturing GmbH i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Dara Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T- 589/22, Silgan Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún

(Cás C-845/24 P)

(C/2025/539)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Achomharcóirí: Silgan Holdings Inc., Silgan Holdings Austria GmbH, Silgan International Holdings BV, Silgan Metal Packaging Distribution GmbH, Silgan White Cap Manufacturing GmbH (ionadaithe: D. Seeliger, Y.-K. Gürer, E. Venot, R. Grafunder, H. Wollmann, Rechtsanwälte)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 2 Deireadh Fómhair 2024 i gCás T-589/22, Silgan Holdings agus páirtithe eile v an Coimisiún, a chur ar ceal, a mhéid go ndearnadh a gcaingean a dhíbhe;

Cinneadh C(2022) 4761 final ón gCoimisiún an 12 Iúil 2022 (Cás AT.40522 – Metal Packaging, ‘Pandora’ ar dtús) (1) a chur ar neamhní;

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta nó na Cúirte Breithiúnais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-achomharcóir cúig shaincheist dlí.

Ar an gcéad dul síos, maidir le mír 33 et seq agus, go háirithe míreanna 39 agus 40 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, maíonn siad go ndearnadh prionsabal na coimhdeachta, mar a chumhdaítear le hAirteagal 5 CAE, a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart. I gcás ina bhfuil údarás breithiúnach náisiúnta ag gníomhú i gcás cheana féin, agus, ina theannta sin, i gcás ina bhfuil an-dul chun cinn déanta ina imeachtaí, ní féidir leis an gCoimisiún nós imeachta a thionscnamh agus an t-imscrúdú a dhéanamh, ach a mhéid gur féidir údar a thabhairt leis sin faoi phrionsabal na coimhdeachta mar a chumhdaítear leis an dlí príomha. Mar sin, ba cheart don an Chúirt Ghinearálta léiriú níos srianta a dhéanamh ar Airteagal 11(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (2), i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, nó – mar mhalairt air sin – é a dhearbhú a bheith neamh-infheidhme ar an bhforas gur sáraíodh prionsabal na coimhdeachta. Dá thoradh sin, bhí sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a dhearbhú gur sháraigh an Coimisiún prionsabal na coimhdeachta tríd an nós imeachta a thionscnamh.

Ar an dara dul síos, maidir le mír 49 et seq agus, go háirithe, mír 66 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, maíonn na hachomharcóirí go ndearnadh an cosc ar mhí-úsáid cumhachtaí a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart. Ba cheart don Chúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh ar ghá don Choimisiún an nós imeachta a thionscnamh i ndáiríre chun forfheidhmiú éifeachtach dhlí in aghaidh trustaí an Aontais Eorpaigh a áirithiú. Dá thoradh sin, ba cheart don Chúirt Ghinearálta freagra diúltach a thabhairt air sin agus, dá réir sin, a dhearbhú gur bhain an Coimisiún mí-úsáid as a chumhachtaí agus gur sháraigh sé prionsabail scaradh na gcumhachtaí agus an bhreithimh dhleathaigh.

Ar an tríú dul síos, maidir le mír 69 et seq agus, go háirithe, mír 78 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, déanann na hachomharcóirí gearán go ndearna an Chúirt Ghinearálta prionsabal na comhréireachta a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart. Ba cheart don Chúirt Ghinearálta scrúdú a dhéanamh ar ghá don Choimisiún an nós imeachta a thionscnamh chun forfheidhmiú éifeachtach dhlí in aghaidh trustaí an Aontais Eorpaigh a áirithiú agus freagra diúltach a thabhairt ar an gceist sin sa deireadh. Anuas air sin, ba cheart don Chúirt Ghinearálta a dhearbhú, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, go ndearna an Coimisiún an t-imscrúdú a ghabháil ar láimh ar bhealach a bhí ró-dhéanach chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. Mar mhalairt air sin, maíonn na hachomharcóirí go bhfuil buntáistí líomhnaithe an Choimisiúin a ghlac an t-imscrúdú ar láimh díréireach leis na míbhuntáistí a bhain do Silgan.

Ar an gceathrú dul síos, maíonn na hachomharcóirí go ndearnadh an prionsabal go bhfuil an riarachán faoi cheangal a ghníomhartha féin a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart i míreanna 105 agus 106 den bhreithiúnas atá faoi achomharc. I mír 105, tháinig an Chúirt Ghinearálta ar an gconclúid go hearráideach nár léiríodh gur imigh an Coimisiún ón bhfógra gréasáin (3). Ina ionad sin, bhí sé de cheart ag an gCúirt Ghinearálta a dhearbhú nár comhlíonadh na coinníollacha chun na cásanna a athdháileadh ina dhiaidh sin dá bhforáiltear sa fógra sin – i bhfianaise a míreanna 18, 19 agus 54 freisin – agus go raibh an Coimisiún ródhéanach ag cur tús leis an nós imeachta chun go gcomhlíonfaí ceanglais an fhógra gréasáin sin.

Ar an gcúigiú dul síos agus ar deireadh, maíonn na hachomharcóirí go ndearnadh an dualgas cúiseanna a lua a leagtar síos le hAirteagal 296(2) CFAE a léiriú agus a chur i bhfeidhm go mícheart Bhí an Chúirt Ghinearálta mícheart a chinneadh, i mír 61 et seq agus go háirithe mír 65 den bhreithiúnas atá faoi achomharc, gur chomhlíon an Coimisiún a oibleagáid na cúiseanna leis an gcinneadh atá faoi chonspóid a lua. Ní leor an tagairt sa chinneadh atá faoi chonspóid gur tionscnaíodh na himeachtaí arna iarraidh sin don Bundeskartellamt. Sa chás seo, ní hé an toisc chinntitheach agus measúnú á dhéanamh an raibh cinneadh an Choimisiúin an nós imeachta a thionscnamh dleathach ar iarr an Bundeskartellamt ar an gCoimisiún an t-imscrúdú a ghabháil ar láimh, ach na cúiseanna ar chomhlíon an Coimisiún an iarraidh sin.


(1)  An iarscríbhinn a ghabhann le IO 2023, C 57, lch. 5.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta a leagtar síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh (IO 2003, L 1, lch. 1).

(3)  Fógra ón gCoimisiún faoi chomhar laistigh de Ghréasán na nÚdarás Iomaíochta (IO 2004 C 101, lch. 43).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/539/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top