Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0347

Cás C-347/24, Team Service: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 13 Bealtaine 2024 – Team Service Soc. cons. arl v Ferservizi SpA

IO C, C/2024/4845, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4845/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4845/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4845

12.8.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio (an Iodáil) a taisceadh an 13 Bealtaine 2024 – Team Service Soc. cons. arl v Ferservizi SpA

(Cás C-347/24, Team Service)

(C/2024/4845)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunale Amministrativo Regionale per il Lazio

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Team Service Soc. cons. arl

Cosantóir: Ferservizi SpA

An cheist a tharchuirtear

1)

An bhfuil gnóthas poiblí atá ag feidhmiú sna hearnálacha speisialta (eintiteas conarthach de réir bhrí Airteagal 4(2) de Threoir 2014/25/AE, (1) arna thrasuí le hAirteagal 114 et seq. d’Fhoraithne Reachtach Uimh. 50 an 18 Aibreán 2016), sa chaoi go bhfuil sé faoi réir tionchar ceannasach ag údarás conarthach, go háirithe comhlacht arna rialú ag an dlí poiblí (Airteagal 2(1) (4) de Threoir 2014/2[4]/ AE), (2) a bhfuil tromlach a chaipitil ina sheilbh aige, agus a gceanglaítear air forálacha Threoir 2014/25/AE a chomhlíonadh nuair a bhíonn sé ar intinn aige conradh soláthair a thabhairt i gcrích, ar méid é a sháraíonn na tairseacha a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leo, a bhaineann le seirbhísí nach mbaineann go docht leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 14 de Threoir 2014/25/AE ach atá beartaithe chun riachtanais an chomhlachta arna rialú ag an dlí poiblí agus riachtanais fhochuideachtaí an chomhlachta arna rialú ag an dlí poiblí a chomhlíonadh go heisiach nó den chuid is mó á rialú aige, dá réir sin?

(1)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO 2014 L 94, lch. 243).

(2)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4845/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top