EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0286

Cás C-286/24, Meliá Hotels International: Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça (an Phortaingéil) a taisceadh an 23 Aibreán 2024 – Meliá Hotels International, S.A. v Associação Ius Omnibus

IO C, C/2024/4840, 12.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4840/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4840/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/4840

12.8.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Supremo Tribunal de Justiça (an Phortaingéil) a taisceadh an 23 Aibreán 2024 – Meliá Hotels International, S.A. v Associação Ius Omnibus

(Cás C-286/24, Meliá Hotels International)

(C/2024/4840)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

An chúirt a rinne an tarchur

Supremo Tribunal de Justiça

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Meliá Hotels International, S.A.

Cosantóir: Associação Ius Omnibus

Na ceisteanna a tharchuirtear:

1)

An bhfuil feidhm ag Airteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) an 26 Samhain 2014 maidir le caingean i ndáil le rochtain ar fhianaise sula dtionscnaítear caingean i leith damáistí de réir bhrí Airteagal 2(4) den Treoir sin?

I gcás go dtugtar freagra dearfach ar an gceist roimhe seo:

2)

An bhforchuirtear i gcónaí leis an gceanglas maidir le sochreidteacht an éilimh ar dhamáistí a leagtar síos le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 go léireodh an t-iarratasóir, sa chás atá i gceist, gur mó is dócha ná a mhalairt go ndearnadh dochar do na tomhaltóirí ábhartha, eadhon siúd a bhfuil cónaí orthu sa Phortaingéil sa chás seo?

3)

An féidir le cúirteanna náisiúnta an critéar maidir le sochreidteacht an éilimh ar dhamáistí a leagtar síos le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 a bhunú ar an bhfíoras gur ghlac na húdaráis náisiúnta inniúla cinneadh? Go háirithe, chun críocha a leithéide d’anailís, cén tionchar a bheadh ann i gcás inar glacadh leis an gcinneadh atá i gceist mar chuid de nós imeachta socraíochta maidir le sárú ingearach de réir cuspóra ar dhlí iomaíochta an Aontais Eorpaigh?


(1)  Treoir 2014/104/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Samhain 2014 maidir le rialacha áirithe lena rialaítear caingne i leith damáistí faoin dlí náisiúnta maidir le sáruithe ar fhorálacha dhlí iomaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO 2014, L 349, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4840/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top