This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0268
Case C-268/24, Lalfi: Request for a preliminary ruling from the Tribunale di Lecce (Italy) lodged on 16 April 2024 – ZT v Ministero dell’Istruzione e del Merito
Cás C-268/24, Lalfi: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) an 16 Aibreán 2024 – ZT v Ministero dell’Istruzione e del Merito
Cás C-268/24, Lalfi: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) an 16 Aibreán 2024 – ZT v Ministero dell’Istruzione e del Merito
IO C, C/2024/4311, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4311/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2024/4311 |
15.7.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Lecce (an Iodáil) an 16 Aibreán 2024 – ZT v Ministero dell’Istruzione e del Merito
(Cás C-268/24, Lalfi (1) )
(C/2024/4311)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale di Lecce
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: ZT
Cosantóir: Ministero dell’Istruzione e del Merito
Na ceisteanna a tharchuirtear
|
1) |
An bhfuil Clásal 4 den Chomhaontú Réime dá dtagraítear i [dTreoir 1999/70/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú Réime maidir le hobair ar théarma socraithe arna thabhairt i gcrích ag CES, UNICE agus CEEP] (2) le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar dhámhachtain chárta na múinteoirí, mar a fhoráiltear in Airteagal 1(121) et seq. de legge del 13 luglio 2015, n. 107 - Riforma del sistema nazionale di istruzione e formazione e delega per il riordino delle disposizioni legislative vigenti (Dlí Uimh. 107 an 13 Iúil 2015 lena ndéantar an córas náisiúnta oideachais agus oiliúna a athchóiriú agus lena dtugtar isteach bearta tarmligin chun na forálacha reachtacha atá i bhfeidhm a atheagrú) (IO Uimh. 162 an 15 Iúil 2015) bunaithe ar fhad an taisc múinteoireachta ionaid? |
|
2) |
An féidir, i bhfianaise Chlásal 4 a luadh thuas, na cineálacha folúntais foirne – sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 4(1), (2) nó (3) de legge 124/99 (Dlí 124/99) – a iarrtar ar an múinteoir soláthair aonair a ‘líonadh’, a mheas mar ‘fhoras oibiachtúil’ chun idirdhealú a eisiamh? |
|
3) |
An féidir an fíoras go raibh poist shealadacha mhúinteoireachta ionaid i scoileanna éagsúla – sa scoilbhliain chéanna – faoi roinnt conarthaí sealadacha éagsúla múinteoireachta ionaid a mheas mar fhoras oibiachtúil faoi Chlásal 4 de Chomhaontú Réime de Threoir [1999/70]? |
|
4) |
In aon chás, an bhfuil an measúnú ar inchomparáideacht idir múinteoirí ar théarma seasta agus múinteoirí buana le déanamh ex ante, nó an gcaithfear fad iarbhír na seirbhísí múinteoireachta ionaid a chuirtear ar fáil i rith na bliana a chur san áireamh (e.g., i gcás inar oibrigh an múinteoir soláthair ar feadh tréimhse ama nach bhfuil neamhchosúil le múinteoir soláthair a ceapadh chun post folamh a líonadh ar bhonn de facto, cé gur faoi chonarthaí éagsúla é)? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní thagraítear leis d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4311/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)