Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CN0252

    Cás C-252/24, Prisum Healthcare: Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Bucureşti (an Rómáin) a taisceadh an 9 Aibreán 2024 – Prisum Healthcare S.R.L. v Autoritatea Vamală Română

    IO C, C/2024/4444, 22.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4444/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4444/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4444

    22.7.2024

    Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel Bucureşti (an Rómáin) a taisceadh an 9 Aibreán 2024 – Prisum Healthcare S.R.L. v Autoritatea Vamală Română

    (Cás C-252/24, Prisum Healthcare)

    (C/2024/4444)

    Teanga an cháis: an Rómáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Curtea de Apel Bucureşti

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Prisum Healthcare S.R.L.

    Cosantóir: Autoritatea Vamală Română

    An cheist a tharchuirtear:

    An gcaithfear an Ainmníocht Chomhcheangailte in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (1), arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022  (2), a léiriú sa chaoi:

     

    go dtagann ullmhóid bia i bhfoirm leachtach ina bhfuil iarann ​​(i bhfoirm sulfáit neamhfheiriúil), coimpléasc vitimín, salainn mhianracha, eastóscáin plandaí, eastóscáin nádúrtha torthaí, cothaithigh eile, mil, siúcra agus síoróip glúcóis, a chaitear mar sin i dáileoga dhá taespúnóg in aghaidh an lá, a mhargaítear i mbuidéil phlaisteacha 200 ml, atá ceaptha lena n-úsáid go sonrach i bhfoirmiú haemaglóibin agus fuilchoirpíní dearga agus a bhfuil feidhm acu mar fhorlíonadh bia a chuireann le cothromaíocht na sláinte, le folláine ghinearálta na collaine agus le gnáthfheidhmiú an chórais imdhíonachta, faoi cheannteideal 2202 den Ainmníocht Chomhcheangailte dá dtagraítear thuas toisc go bhfuil d’éifeacht ag a fhoirm leachtach é a eisiamh ón aicmiú faoi cheannteideal 2106?


    (1)   IO 1987 L 256, lch. 1.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1998 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 282, 31.10.2022, lch. 1.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4444/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top