This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0211
Case C-211/24, LEGO: Request for a preliminary ruling from the Fővárosi Törvényszék (Hungary) lodged on 18 March 2024 – LEGO A/S v Pozitív Energiaforrás Kft.
Cás C-211/24, LEGO: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 18 Márta 2024 – LEGO A/S v Pozitív Energiaforrás Kft.
Cás C-211/24, LEGO: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 18 Márta 2024 – LEGO A/S v Pozitív Energiaforrás Kft.
IO C, C/2024/3593, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3593/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3593 |
17.6.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 18 Márta 2024 – LEGO A/S v Pozitív Energiaforrás Kft.
(Cás C-211/24, LEGO)
(C/2024/3593)
Teanga an cháis: an Ungáiris
An chúirt a rinne an tarchur
Fővárosi Törvényszék
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: LEGO A/S
Cosantóir: Pozitív Energiaforrás Kft.
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
I gcás amhail atá sna príomhimeachtaí, ina bhfuil cosaint dearaidh á hagairt ag sealbhóir cirt, ar dearadh é atá inchosanta faoi Airteagal 8(3) de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Chomhphobail (1) (an Rialachán), i dtaca le bloc amháin nó níos mó i bhfoireann de bhréagán tógála de chuid an chosantóra a chóimeáiltear ar an gcaoi chéanna le dearadh an iarratasóra, an bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh le cleachtas breithiúnach ar dá réir a ghníomhaíonn údaráis bhreithiúnacha, le raon feidhme um dhearadh an iarratasóra a chosaintí a shocrú de réir bhrí Airteagal 10 den Rialachán,
|
2. |
I gcás atá ar chomhthréith leis an gceann thuasluaite, dá gcaithfí a chinneadh nach mbaineann an chosaint le bloc amháin nó níos mó i bhfoireann de bhréagán tógála an chosantóra, ach le méid beag i gcomparáid leis an stoc iomlán, an bhfuil sé i gcomhréir le dlí an Aontais go bhfuil sé de rogha ag cúirt iarratas ar thoirmeasc ar leanúint den fhoireann de bhréagán tógála a allmhairiú isteach sa tír a dhíbhe, i ndiaidh na ‘gcúiseanna maithe’ seo a leanas a chur san áireamh, mar a aicmítear iad chun críocha Airteagal 89(1) den Rialachán: cineál páirteach an tsáraithe, laghad na tromchúise agus méid an tsáraithe i dtaca leis an táirgí ina n-iomláine agus na leasanna a bhaineann le trádáil gan srian i bhfoirne de bhréagán tógála, rud atá gan srian den chuid is mó? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3593/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)