This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CN0056
Case C-56/24, Zawiya: Request for a preliminary ruling from the Conseil du contentieux des étrangers (Belgium) lodged on 26 January 2024 – X v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
Cás C-56/24, Zawiya: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil du contentieux des étrangers (an Bheilg) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – X v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
Cás C-56/24, Zawiya: Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil du contentieux des étrangers (an Bheilg) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – X v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
IO C, C/2024/2922, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2922/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/2922 |
6.5.2024 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Conseil du contentieux des étrangers (an Bheilg) a taisceadh an 26 Eanáir 2024 – X v Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
(Cás C-56/24, Zawiya) (1)
(C/2024/2922)
Teanga an cháis: an Fhraincis
An chúirt a rinne an tarchur
Conseil du Contentieux des Étrangers
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: X
Cosantóir: Commissaire général aux réfugiés et aux apatrides
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1) |
An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE (2) nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú arna dhéanamh ag iarratasóir ag an teorainn nó i gcriosanna idirthurais, ar iarratasóir é atá, le linn an nóis imeachta sin, á choinneáil nó á coinneáil i suíomh atá suite go geografach ar an gcríoch sin, má tá an nós imeachta sin comhtháthaithe sa téacs i suíomh atá suite ag an teorainn? |
2) |
An dtagann scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna chur isteach ag iarratasóir ar ligeadh isteach ar a chríoch é go huathoibríoch agus atá, tar éis an tréimhse ceithre seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE, fós faoi choinneáil san áit choinnéala céanna, a measadh i dtosach a bheith suite ag an teorainn ach atá aicmithe anois ag na húdaráis mar shuíomh laistigh den chríoch náisiúnta, faoi raon feidhme Airteagal 43 de Threoir 2013/32/AE?
|
3) |
1. An féidir le húdarás cinntitheach, ar thionscain an t-údarás sin scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi nós imeachta teorann agus ar cheadaigh sí an tréimhse ceithre seachtaine a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin nó ar ghlac an t-údaras sin cinneadh roimh ré chun scrúdú a dhéanamh, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú sin ar bhonn chóir tosaíochta de réir bhrí Airteagal 31(7) den Treoir sin, cé go ndearnadh na gníomhartha imscrúdaithe, agus an t-agallamh pearsanta san áireamh, roimh dhul in éag na tréimhse sin, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir fós, ar bhonn chinneadh údaráis eile, san áit choinneála chéanna, a comhtháthaíodh i dtosach mar áit choinneála a bhí suite ag an teorainn, ar an bhforas gur gá é a choinneáil ‘chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir?’ |
2. |
An féidir le húdarás cinntitheach, ar thionscain an t-údarás sin scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoi nós imeachta teorann agus ar cheadaigh sí an tréimhse ceithre seachtaine a leagtar síos in Airteagal 43(2) de Threoir 2013/32/AE chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an iarratas sin nó ar ghlac an t-údaras sin cinneadh roimh ré chun scrúdú a dhéanamh gan agallamh pearsanta a dhéanamh leis an iarratasóir laistigh den tréimhse sin, leanúint ar aghaidh leis an scrúdú sin, i gcás ina bhfuil an t-iarratasóir fós, ar bhonn chinneadh údaráis eile, san áit choinneála chéanna, a comhtháthaíodh i dtosach mar áit choinneála a bhí suite ag an teorainn, ar an bhforas gur gá é a choinneáil ‘chun na heilimintí sin ar a bhfuil an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe a chinneadh, ar eilimintí iad nach bhféadfaí a fháil in éagmais coinneála, go háirithe i gcás ina bhfuil baol ann go n-éalóidh an t-iarratasóir?’ |
4) |
An bhfuil cur i bhfeidhm rialachán náisiúnta den sórt sin comhoiriúnach le cineál eisceachtúil choinneáil an iarratasóra a eascraíonn as Airteagal 8 de Threoir 2013/33/AE (3) agus as cuspóir ginearálta Threoir 2013/32? |
5) |
An gcaithfear Airteagal 31(7) agus (8), agus Airteagail 43 agus 46 de Threoir 2013/32 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den Chairt (4), a léiriú sa chaoi go gcaithfidh an Chomhairle [um Imeachtaí Tearmainn agus Inimirce], agus caingean á héisteacht aici i gcoinne cinnidh arna dhéanamh i nós imeachta arna thionscnamh ag an teorainn, an cheist a ardú as a stuaim féin maidir leis an tréimhse ama ceithre seachtaine a bheith sáraithe? |
(1) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
(2) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, maidir le nósanna imeachta coiteanna chun stádas cosanta idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO 2013 L 180, lch. 60).
(3) Treoir 2013/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013, lena leagtar síos caighdeáin maidir le glacadh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta (IO 2013 L 180, lch. 96).
(4) Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2922/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)