Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CJ0077

Breithiúnas na Cúirte (An Chéad Dlísheomra) 2026 Eanáir 15.
NM agus OU v TE.
Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha – Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 – Airteagal 4(1) – Raon feidhme – Dliteanas i dtort nó i míghníomh comhlachta cuideachta a eagraíonn cluichí áidh ar líne gan an ceadúnas is gá a bheith aige – Caingean chun caillteanais chearrbhachais a aisghabháil – An áit inar tharla an damáiste.
Cás C-77/24.

ECLI identifier: ECLI:EU:C:2026:1

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

15 Eanáir 2026 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta – An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha – Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 – Airteagal 4(1) – Raon feidhme – Dliteanas i dtort nó i míghníomh comhlachta cuideachta a eagraíonn cluichí áidh ar líne gan an ceadúnas is gá a bheith aige – Caingean chun caillteanais chearrbhachais a aisghabháil – An áit inar tharla an damáiste)

I gCás C‑77/24 [Wunner ( i )],

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ón Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), trí bhreith an 11 Eanáir 2024, a fuarthas ag an gCúirt an 1 Feabhra 2024, sna himeachtaí

NM,

OU

v

TE,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: F. Biltgen, Uachtarán Dlísheomra (Rapóirtéir), T. von Danwitz, Leas-Uachtarán na Cúirte, ag gníomhú mar Bhreitheamh den Chéad Dlísheomra, I. Ziemele, S. Gervasoni agus N. Fenger, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: N. Emiliou,

Cláraitheoir: I. Illéssy, Riarthóir,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 5 Feabhra 2025,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

OU agus NM, ag C. Leitgeb, Rechtsanwalt,

TE, ag O. Peschel, Rechtsanwalt,

Rialtas na hOstaire, ag C. Hribar agus F. Koppensteiner, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas na Beilge, ag M. Jacobs agus M. Van Regemorter, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó R. Verbeke agus P. Vlaemminck, advocaten,

Rialtas na Gearmáine, ag J. Möller agus A. Sahner, i gcáil Gníomhairí,

Rialtas Mhálta, ag A. Buhagiar, i gcáil Gníomhaire, le cúnamh ó J. Baldacchino, advocate at law, agus D. Sarmiento Ramírez-Escudero, abogado,

an Coimisiún Eorpach, ag L. Hohenecker agus W. Wils, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 12 Meitheamh 2025

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 1(2)(d) agus Airteagal 4(1) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (An Róimh II) (IO 2007 L 199, lch. 40) (‘Rialachán An Róimh II’).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir, ar thaobh amháin, NM agus OU, ina gcáil mar stiúrthóirí ar chuideachta cearrbhachais Mhálta, agus ar an taobh eile, TE, duine a bhfuil sainchónaí air san Ostair, maidir le haisghabháil caillteanas a tabhaíodh i dtaca le páirt a ghlacadh i gcluichí áidh ar líne a thairg an chuideachta sin san Ostair gan an ceadúnas a cheanglaítear faoi dhlí an Bhallstáit sin a bheith aige.

An dlí lena mbaineann

Dlí an Aontais Eorpaigh

Rialachán An Róimh II

3

Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 6, 7, 14 agus 16 de Rialachán An Róimh II:

‘(6)

Cruthaíonn oibriú cuí an mhargaidh inmheánaigh gá, d'fhonn feabhas a chur ar intuarthacht thorthaí na dlíthíochta, ar dheimhneacht i dtaca leis an dlí agus ar shaoirse gluaiseachta breithiúnas, go ndéanfadh na rialacha easaontachta dlí sna Ballstáit an dlí náisiúnta céanna a ainmniú, is cuma cén tír ina bhfuil an chúirt ina dtugtar an chaingean.

(7)

Ba chóir do raon feidhme substainteach agus d’fhorálacha an Rialacháin seo a bheith ar comhréir le (Rialachán (UE) Uimh. 1215/2012 ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (athmhúnlú) (IO 2012 L 351, lch. 1)) agus leis na hionstraimí ina bpléitear leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha.

[...]

(14)

Is eilimintí bunúsacha de limistéar ceartais iad an ceangaltas deimhneachta dlíthiúla agus an gá atá ann an ceart a thabhairt i gcásanna aonair. Forálann an Rialachán seo do na nascfhachtóirí is mó is iomchuí chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Dá bhrí sin, foráiltear sa Rialachán seo do riail ghinearálta, ach foráiltear ann chomh maith do rialacha sainiúla agus, i bhforálacha áirithe, do “chlásal éalaithe” a cheadaíonn imeacht ó na rialacha sin i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír eile. Dá réir sin, cruthaítear creat solúbtha rialacha easaontachta dlí leis an tsraith rialacha sin. [...]

[...]

(16)

Ba cheart go gcuirfeadh rialacha comhionanna le réamhfheictheacht breithiúnas cúirte agus go n‑áiritheodh siad go mbeadh cothromaíocht réasúnta ann idir leasanna an duine a n‑éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndearnadh damáiste dó. Ach baint a bheith leis an tír ina ndearnadh an damáiste díreach (lex loci damni) aimsítear cothromaíocht chóir idir leasanna an duine a n‑éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndéantar damáiste dó, agus léiríonn sé freisin an cur chuige nua-aimseartha i leith an dliteanais shibhialta agus forbairt córas diandliteanais.’

4

Foráiltear le hAirteagal 1(1) agus (2) de Rialachán An Róimh II, dar teideal ‘Raon feidhme’:

‘1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo, i staideanna ina mbeidh easaontacht dlíthe, maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha in ábhair shibhialta agus tráchtála. Ní bheidh feidhm aige, go háirithe, maidir le hábhair ioncaim, custaim ná riaracháin ná le dliteanas an Stáit i leith gníomhartha agus neamhghníomhartha i bhfeidhmiú údarás an Stáit (acta iure imperii).

2.   Eisiafar na hábhair seo a leanas ó raon feidhme an Rialacháin seo:

[...]

(d)

oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as an dlí cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, maidir le hábhair amhail bunú, trí chlárú nó eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagraíocht inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, agus dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta agus le dliteanas pearsanta iniúchóirí i leith cuideachta nó i leith a comhaltaí in iniúchadh reachtach doiciméad cuntasaíochta;

[…]’

5

Tá Caibidil II den Rialachán sin dírithe ar thortanna agus ar mhíghnímh. Tá Airteagal 4 den Rialachán sin, dar teideal ‘Riail ghinearálta’, sa chaibidil sin agus is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht ann:

‘1.   Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascróidh as tort nó as míghníomh dlí na tíre ina dtarlóidh an damáiste, is cuma cén tír inar tharla an teagmhas as ar éirigh an damáiste agus is cuma cén tír ina dtarlóidh iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin.

2.   Ar a shon sin, i gcás ina mbeidh gnáthchónaí sa tír chéanna ar an duine a éileofar a bheith faoi dhliteanas agus ar an duine a ndéanfar damáiste dó nuair a tharlóidh an damáiste, beidh feidhm ag dlí na tíre sin.

3.   I gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach gur dlúithe an bhaint atá ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír a shonraítear i mír 1 nó mír 2, beidh feidhm ag dlí na tíre eile sin. D'fhéadfadh baint ar follasach gur dlúithe í le tír eile a bheith bunaithe go háirithe ar chaidreamh a bhí ann cheana idir na páirtithe, amhail conradh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tort nó leis an míghníomh atá i gceist.’

6

I gCaibidil V den Rialachán sin, ina leagtar amach na ‘comhrialacha’, áirítear Airteagal 15, dar teideal ‘Raon feidhme an dlí is infheidhme’ agus an fhoclaíocht seo a leanas ann:

‘An dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha faoin Rialachán seo, rialóidh sé go háirithe:

(a)

bonn agus réim an dliteanais, lena n‑áirítear cinneadh na ndaoine a fhéadfar a chur faoi dhliteanas i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad;

[...]

(g)

dliteanas i leith gníomhartha duine eile;

[...]’

Rialachán Uimh. 1215/2012

7

Foráiltear le hAirteagal 7 de Rialachán Uimh. 1215/2012:

‘Duine a bhfuil sainchónaí air i mBallstát amháin, féadfar an dlí a agairt air i mBallstát eile:

[...]

(2)

in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh, sna cúirteanna don áit inar tharla an teagmhas díobhálach, nó ina bhféadfaidh sé tarlú;

[...]’

Dlí na hOstaire

8

Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 1301 den Allgemeines Bürgerliches Gesetzbuch (Cód Sibhialta na hOstaire):

‘Féadfar beirt nó níos mó a chur faoi dhliteanas i leith damáiste a dhéantar go neamhdhleathach sa mhéid gur rannchuidigh siad leis go comhpháirteach, go díreach nó go hindíreach, trí aslach, bagairtí, orduithe, cúnamh, ceilt agus a leithéid, nó díreach trí staonadh ón oibleagáid speisialta a chomhlíonadh chun díobháil a chosc.’

9

Foráiltear le hAirteagal 1311 den Chód sin:

‘Is é an duine a ndéanann an teagmhas timpisteach difear dá mhaoin nó dá mhaoin, agus an duine sin amháin, a iompróidh an teagmhas timpisteach. Ach má tá duine éigin ina chúis leis an teagmhas sin trí locht, má sháraigh sé nó sí dlí arb é is aidhm dó damáiste de thaisme a chosc [...] tá sé nó sí faoi dhliteanas i leith aon damáiste nach dtarlódh murach sin.’

10

Foráiltear le hAirteagal 3 den Glücksspielgesetz (Dlí maidir le cearrbhachas; ‘GSpG’) mar seo a leanas:

‘Mura bhforáiltear a mhalairt sa Dlí Cónaidhme seo, forchoimeádfar an ceart chun cluichí áidh a eagrú don Stát Cónaidhme (Monaplacht cearrbhachais).’

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

11

D’oibrigh an chuideachta Titanium Brace Marketing Limited (‘TBM’), atá faoi leachtú agus arbh iad NM agus OU a stiúrthóirí, casaíne ar líne óna hoifig chláraithe i Málta; thairg an casaíne sin cluichí do mhargadh iomlán na hEorpa. Bhí ceadúnas cearrbhachais ag TBM faoi dhlí Mhálta, ach ní raibh ceadúnas aige faoi GSpG.

12

Idir an 14 Samhain 2019 agus an 3 Aibreán 2020, d’fhulaing TE, a d’imir cluichí áidh ar líne ar shuíomh gréasáin TBM, caillteanas iomlán cearrbhachais EUR 18 547.67.

13

Chun bheith in ann imirt ar shuíomh gréasáin TBM, d’aontaigh TE le téarmaí agus coinníollacha ginearálta na cuideachta sin agus, sa chomhthéacs sin, moladh dó ‘cuntas imeartha’ a oscailt. Chun an cuntas imreora sin a mhaoiniú, d’aistrigh TE óna chuntas bainc Ostarach chuig cuntas bainc a osclaíodh le banc Máltach. Ba fhíorchuntas é an cuntas bainc sin ar le TBM é, a osclaíodh do TE agus a bhí ar leithligh ó shócmhainní na cuideachta sin. Nuair a ghlac an t‑imreoir páirt i gcluiche áidh, cuireadh an tsuim atá i gceist do dhochar chuntas an imreora agus, i gcás bua, cuireadh do shochar chuntas an imreora sin í.

14

Ag maíomh, in éagmais ceadúnas arna dheonú do TBM faoi dhlí na hOstaire, go raibh an conradh cearrbhachais ar neamhní, d’iarr TE ar NM agus OU, os comhair Landesgericht für Zivilrechtsachen Wien (an Chúirt Réigiúnach um Ábhair Shibhialta, Vín, an Ostair), na caillteanais a thabhaigh sé a aisghabháil, ag líomhain, mar thaca lena éileamh, go raibh na páirtithe sin faoi dhliteanas i dtort. D’áitigh TE, i ndáil leis sin, go bhfuil sárú ar dhlí cosantach (Schutzgesetz) i gceist leis an mainneachtain monaplacht chearrbhachais na hOstaire a urramú agus go bhfuil NM agus OU faoi dhliteanas pearsanta chomh maith i gcomhpháirt agus go leithleach toisc gur thairg TBM cluichí áidh neamhdhleathacha san Ostair.

15

Os comhair Landesgericht für Zivilrechtssachen Wien (an Chúirt Réigiúnach um Ábhair Shibhialta, Vín), mhaígh NM agus OU nach raibh dlínse idirnáisiúnta ag an gcúirt sin, agus d’áitigh siad nach bhféadfadh TE brath ar Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 1215/2012. De réir NM agus OU, ní raibh sé de chumhacht acu cinneadh a dhéanamh an raibh ar TBM tarraingt siar ó mhargadh na hOstaire, ar a raibh sé bunaithe cheana féin. Ina theannta sin, ní dhearna siad cinntí a bhí straitéiseach don ghnóthas sin. Mhaígh siad gur i Málta a tharla an áit inar tharla an teagmhas as ar eascair an damáiste agus an áit inar tharla an damáiste. Dar leo, ní dlí na hOstaire é an dlí substainteach is infheidhme ach dlí Mhálta, nach bhforáiltear leis do dhliteanas ar thaobh oifigigh chuideachta i leith chreidiúnaithe na cuideachta.

16

Dhíbh Landesgericht für Zivilrechtssachen Wien (an Chúirt Réigiúnach um Ábhair Shibhialta, Vín) caingean TE mar gheall ar easpa dlínse idirnáisiúnta. Cuireadh an cinneadh sin ar neamhní ar achomharc ó Oberlandesgericht Wien (Ard-Chúirt Réigiúnach, Vín, an Ostair), a chinn gur comhlíonadh na coinníollacha chun a chinneadh go raibh dlínse ag cúirteanna na hOstaire, faoi Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 1215/2012.

17

Ag éisteacht achomhairc ar athbhreithniú a rinne NM agus OU, measann an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach, an Ostair), arb í an chúirt a rinne an tarchur í, go nglactar leis, ar dtús, go bhfuil an fhoráil náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith mar bhonn d’éileamh TE infheidhme i gcomhréir le Rialachán An Róimh II. Sa chomhthéacs sin, tá amhras ar an gcúirt sin maidir le raon feidhme na heisceachta dá bhforáiltear in Airteagal 1(2)(d) den Rialachán sin.

18

I gcás ina dtagann an chaingean sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Rialachán An Róimh II, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur freisin maidir leis an áit inar tharla an damáiste a chinneadh, de réir bhrí Airteagal 4(1) den Rialachán sin, a d’fhéadfadh a bheith san áit, san Ostair, óna ndearna TE aistrithe óna chuntas bainc chuig a chuntas imreora nó chuig an áit ina bhfuil an cuntas imreora sin lonnaithe, eadhon Málta. Sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, mura bhfuil ach caillteanas cinntitheach an chirt chun iarmhéid creidmheasa a íoc isteach i gcuntas an imreora le meas mar an damáiste tosaigh, go bhféadfaí an áit inar tharla an damáiste sin a lonnú i Málta, áit a gcoimeádtar an cuntas, ag sainchónaí TE, ag an áit ina bhfuil a phríomhshócmhainní lonnaithe, nó in áit eile.

19

Sna himthosca sin, chinn an Oberster Gerichtshof (an Chúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

An bhfuil Airteagal 1(2)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 le léiriú sa chaoi go mbaineann sé freisin le héilimh ar dhamáistí i gcoinne comhlacht cuideachta a bhfuil creidiúnaí cuideachta ag brath ar dhamáistí tortacha mar gheall ar shárú ar dhlíthe cosanta (amhail forálacha an dlí cearrbhachais) ag an gcomhlacht?

(2)

Sa chás go dtugtar freagra diúltach ar cheist 1:

An bhfuil Airteagal 4(1) den Rialachán thuasluaite le léiriú sa chaoi, i gcaingean thortach le haghaidh damáistí i gcoinne comhlacht de chuid cuideachta a thairgeann cearrbhachas ar líne gan cheadúnas san Ostair mar gheall ar chaillteanais chearrbhachais a fulaingíodh, go gcinntear gurb í an áit ar tharla an damáiste bunaithe ar

(a)

an áit óna ndéanann an t‑imreoir aistrithe óna chuntas bainc go dtí cuntas an imreora atá á bhainistiú ag an gcuideachta,

(b)

an áit ina gcoimeádann an chuideachta an cuntas imreora ina n‑iontráiltear taiscí ón imreoir, nithe buaite, caillteanais agus bónais,

(c)

an áit óna gcuireann an t‑imreoir geallta tríd an gcuntas imreora sin as a dtagann caillteanas ar deireadh,

(d)

áit chónaithe an imreora mar shuíomh a iarratais ar íocaíocht a iarmhéid ar an gcuntas imreora,

(e)

suíomh phríomhshócmhainní an imreora?’

Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

An chéad cheist

20

Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(2)(d) de Rialachán An Róimh II a léiriú sa chaoi go dtagann caingean chun dliteanas tortach a bhunú, atá dírithe ar stiúrthóirí cuideachta, as sárú ar thoirmeasc a fhorchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta ar chluichí áidh a thairiscint don phobal gan ceadúnas chun na críche sin faoi chatagóir na n‑oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as dlí na gcuideachtaí, de réir bhrí na forála sin.

21

De réir Airteagal 1(1) de Rialachán An Róimh II, beidh feidhm ag an Rialachán sin, i gcásanna ina bhfuil easaontacht dlíthe, maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha in ábhair shibhialta agus thráchtála.

22

Faoi Airteagal 1(2)(d) den Rialachán sin, déantar ‘oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as dlí na gcuideachtaí agus na gcomhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, maidir le hábhair amhail bunú, trí chlárú nó ar shlí eile, inniúlacht dhlíthiúil, eagrú inmheánach nó foirceannadh cuideachtaí agus comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, dliteanas pearsanta oifigeach agus comhaltaí, sa cháil sin dóibh, i leith oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta agus dliteanas pearsanta iniúchóirí i leith cuideachta nó i leith a comhaltaí in iniúchtaí reachtúla ar dhoiciméid chuntasaíochta’ a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin sin, áfach.

23

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil eisceacht den chineál céanna in Airteagal 1(2)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO 2008 L 177, lch. 6), ar chinn an Chúirt ina leith go bhfuil feidhm aige go heisiach maidir le gnéithe struchtúracha cuideachtaí agus comhlachtaí eile, idir chorpraithe agus neamhchorpraithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Verein für Konsumenteninformation, C‑272/18, EU:C:2019:827, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear).

24

Mar sin féin, ós rud é nach ionann dliteanas pearsanta na n‑oifigeach agus na riarthóirí iontu féin as oibleagáidí na cuideachta nó an chomhlachta chomh maith le dliteanas na n‑iniúchóirí sna hiniúchtaí reachtúla ar dhoiciméid chuntasaíochta do chuideachta nó dá comhaltaí, dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(d) de Rialachán An Róimh II, agus gnéithe struchtúracha de na cuideachtaí sin agus de na comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe, is gá raon feidhme an eisiaimh dá bhforáiltear leis an bhforáil sin a shoiléiriú trí bhíthin critéar feidhmiúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, BMA Nederland, C‑498/20, EU:C:2022:173, mír 53).

25

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 30 dá Thuairim, in éagmais tagairt d’aon dlí náisiúnta, ní mór an chatagóir ‘oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as dlí na gcuideachtaí’ a léiriú go huathrialach, agus an cuspóir atá á shaothrú leis an riail sin á chur san áireamh, agus ar an gcaoi sin éifeachtacht iomlán Rialachán An Róimh II a ráthú (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Márta 2011, Koelzsch, C‑29/10, EU:C:2011:151, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).

26

Ós rud é gurb é mian reachtóir an Aontais ábhair a bhfuil modus operandi sonrach ann ina leith a choinneáil mar gheall ar an nasc idir na hábhair sin agus oibriú agus eagrú cuideachta nó comhlachta eile chorpraithe nó neamhchorpraithe atá faoi réir chorpas aonair dlí an lex societatis, is gá a fháil amach i ngach cás an bhfuil oibleagáid neamhchonarthach ar na hoifigigh, na riarthóirí nó na hiniúchóirí dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(d) de Rialachán An Róimh II ar chúiseanna a bhaineann go sonrach le dlí na gcuideachtaí nó lasmuigh de (breithiúnas an 10 Márta 2022, BMA Nederland, C‑498/20, EU:C:2022:173, mír 54).

27

Dá réir sin, ní mór a mheas go n‑eascraíonn dliteanas oifigigh na cuideachta, lena n‑áirítear stiúrthóirí, a eascraíonn as mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh atá orthu de bharr chruthú na cuideachta nó de bharr a gceaptha agus atá nasctha le bainistiú, oibriú nó eagrú na cuideachta, as dlí na gcuideachtaí, de réir bhrí Airteagal 1(2)(d) de Rialachán An Róimh II. Os a choinne sin, ní féidir leis an eisiamh dá bhforáiltear san fhoráil sin dliteanas stiúrthóra cuideachta a eascraíonn as oibleagáid atá lasmuigh de ghnóthaí na cuideachta a chumhdach.

28

Dá bhrí sin, chinn an Chúirt cheana féin, maidir leis an sárú ar an dualgas cúraim go sonrach, nach mór idirdhealú a dhéanamh idir an dualgas sonrach cúraim a eascraíonn as an gcaidreamh idir na hoifigigh agus an chuideachta, nach dtagann faoi raon feidhme substainteach Rialachán An Róimh II, agus an dualgas cineálach cúraim erga omnes, a dhéanann amhlaidh (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, BMA Nederland, C‑498/20, EU:C:2022:173, mír 55).

29

Maidir leis an gcaingean atá i gceist sna príomhimeachtaí, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte go bhféachtar leis an gcaingean sin le dliteanas a bhunú ar NM agus OU mar gheall ar shárú líomhainte ag cuideachta a raibh siad ina stiúrthóirí uirthi ar an toirmeasc a d’fhorchuir GSpG ar aon duine a thairgeann cluichí áidh don phobal gan ceadúnas a bheith aige chun na críche sin.

30

Dá réir sin, agus gan dochar d’aicmiú caingne eile a d’fhéadfaí a thionscnamh i gcoinne na stiúrthóirí sin mar gheall ar shárú dualgais a d’fhéadfadh a bheith acu i leith na cuideachta, ba cheart a chinneadh nach dtagann caingean lena bhféachtar le dliteanas a bhunú ar thaobh NM agus OU mar gheall ar shárú líomhainte ar thoirmeasc ginearálta ar chluichí áidh ar líne a thairiscint gan ceadúnas a bheith acu chun na críche sin faoi chatagóir na n‑oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as dlí na gcuideachtaí, de réir bhrí Airteagal 1(2)(d) de Rialachán An Róimh II. Ní bhaineann caingean dlí den sórt sin leis an gcaidreamh idir cuideachta agus a stiúrthóirí.

31

Ina theannta sin, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 38 dá Thuairim, ní chinntear an cheist an gá an oibleagáid neamhchonarthach sin a chur i leith stiúrthóirí na cuideachta nó i leith na cuideachta féin leis an lex societatis, ach leis an dlí is infheidhme maidir leis an tort, ós rud é go gcinntear leis an dlí sin, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán An Róimh II, go háirithe, i gcomhréir le pointe (a) de, bunús agus méid an dliteanais, lena n‑áirítear cinneadh na ndaoine a d’fhéadfaí a chur faoi dhliteanas i leith gníomhartha a dhéanann siad, agus, i gcomhréir le pointe (g) de, dliteanas i leith gníomhartha duine eile.

32

Leanann sé ón gcóras a bunaíodh le Rialachán An Róimh II gur gá, ar an gcéad dul síos, an dlí is infheidhme maidir le gníomh dlí a chinneadh chun raon feidhme na rialacha is infheidhme faoin dlí sin a chinneadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Nollaig 2015, Lazar, C‑350/14, EU:C:2015:802, mír 28).

33

I bhfianaise na mbreithnithe roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 1(2)(d) de Rialachán An Róimh II a léiriú sa chaoi nach dtagann caingean lena bhféachtar le dliteanas tortach a bhunú, atá dírithe ar stiúrthóirí cuideachta, as sárú ar thoirmeasc a fhorchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta ar chluichí áidh a thairiscint don phobal gan ceadúnas a bheith acu chun na críche sin faoi chatagóir na n‑oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as dlí na gcuideachtaí, de réir bhrí na forála sin.

An dara ceist

34

Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí i leith caillteanais a thabhaítear agus páirt á glacadh i gcluichí áidh ar líne a thairgeann cuideachta i mBallstát nach raibh an ceadúnas riachtanach ag an gcuideachta sin ann, go meastar gur tharla an damáiste a bhain d’imreoir sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an imreoir sin.

35

Ba cheart a mheabhrú ag an tús, maidir leis an léiriú ar Airteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II, go gceanglaítear leis an ngá atá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais agus le prionsabal an chomhionannais nach mór léiriú uathrialach agus aonfhoirmeach a thabhairt de ghnáth ar théarmaí forála de dhlí an Aontais nach ndéantar aon tagairt shainráite inti do dhlí na mBallstát chun a brí agus a raon feidhme a chinneadh ar fud an Aontais Eorpaigh, bunaithe ní hamháin ar a foclaíocht ach freisin ar an gcomhthéacs ina bhfuil sí agus ar na cuspóirí a shaothraítear leis na rialacha ar cuid díobh í (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Nollaig 2015, Lazar, C‑350/14, EU:C:2015:802, mír 21 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36

I gcomhréir leis an riail ghinearálta a leagtar amach in Airteagal 4(1) den Rialachán sin, is é an dlí a bheidh infheidhme maidir le hoibleagáid neamhchonarthach a eascraíonn as tort nó as míghníomh dlí na tíre ina dtarlaíonn an damáiste, gan beann ar an tír inar tharla an teagmhas as ar eascair an damáiste agus gan beann ar an tír nó ar na tíortha ina dtarlaíonn iarmhairtí indíreacha an teagmhais sin.

37

Mar is léir ó aithrisí 6, 14 agus 16 de Rialachán An Róimh II, is é an cuspóir atá le riail aonfhoirmeach coinbhleachta a úsáid, inter alia, deimhneacht a fheabhsú maidir leis an dlí is infheidhme gan beann ar thír na cúirte ina dtugtar an chaingean, intuarthacht cinntí cúirte a fheabhsú agus cothromaíocht réasúnta a áirithiú idir leasanna an duine a n‑éilítear dliteanas a bheith air agus leasanna an duine a ndearnadh damáiste dó.

38

Mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 48 dá Thuairim, sainmhínítear damáiste mar dhíobháil don íospartach nó mar chur isteach ar leas an duine sin atá faoi chosaint dlí.

39

Leanann sé ón gcásdlí maidir le dlínse in ábhair a bhaineann le tort, míghníomh nó samhail mhíghnímh go bhféadfadh an áit inar tharla an damáiste líomhainte athrú de réir chineál an chirt a líomhnaítear a sáraíodh agus go bhfuil cinneadh gur tharla damáiste i mBallstát ar leith faoi réir an cheanglais go bhfuil an ceart a líomhnaítear sárú ina leith faoi chosaint sa Bhallstát sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2013, Pinckney, C‑170/12, EU:C:2013:635, míreanna 32 agus 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40

I gcomhréir leis na ceanglais maidir le comhsheasmhacht a leagtar síos in aithris 7 de Rialachán An Róimh II, ní mór an cásdlí sin a chur san áireamh freisin chun an Rialachán sin a léiriú (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, BMA Nederland, C‑498/20, EU:C:2022:173, míreanna 59 agus 60 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Ina theannta sin, is léir ó chásdlí na Cúirte gurb é an áit inar tharla an damáiste an áit ina léirítear an damáiste líomhainte i ndáiríre (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2021, Vereniging van Effectenbezitters, C‑709/19, EU:C:2021:377, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear).

42

Ar thaobh amháin, is léir ón ordú tarchuir gurb ionann an tort líomhainte agus cur isteach ar leasanna TE, atá faoi chosaint dlí ag an toirmeasc, is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí air, maidir leis an deis a thairiscint don phobal, gan ceadúnas chun na críche sin a bheith aige, páirt a ghlacadh i gcluichí áidh ar líne.

43

Ar an taobh eile, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i míreanna 61 agus 69 dá Thuairim, léirigh an damáiste a líomhain TE é féin go hiarbhír nuair a ghlac sé páirt, ón Ostair, i gcluichí áidh ar líne a tairgeadh de shárú ar thoirmeasc is infheidhme sa Bhallstát sin. Sna himthosca sin, ní mór a mheas gur tharla an damáiste san Ostair.

44

I bhfianaise chineál na gcluichí áidh ar líne, rud nach bhfágann go bhfuil sé éasca iad a lonnú in áit fhisiciúil shonrach, ní mór a lua gur tharla na cluichí sin san áit a bhfuil gnáthchónaí ar an imreoir.

45

I ndáil leis sin, ní mór a shonrú, mar a thug an tAbhcóide Ginearálta faoi deara i mír 64 dá Thuairim, nach bhfuil in iompar TBM agus a stiúrthóirí, a thairg cluichí áidh, óna sainchónaí i Málta, do dhaoine a raibh gnáthchónaí orthu i mBallstát eile, ach an teagmhas as ar eascair an damáiste a líomhnaíonn TE.

46

Is léir ó mhír 36 den bhreithiúnas seo nach fachtóir nasctha ábhartha é an áit inar tharla an teagmhas as ar eascair an damáiste chun an dlí is infheidhme de réir bhrí Airteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II a chinneadh.

47

Ar an gcaoi chéanna, maidir leis an gcaillteanas airgeadais a líomhnaítear a tabhaíodh ar chuntas an imreora a cruthaíodh go speisialta d’fhonn TE a bheith rannpháirteach i gcluichí áidh ar líne, nó ar chuntas pearsanta bainc TE ónar maoiníodh a chuntas imreora, ní mór a thabhairt faoi deara nach bhfuil sa chaillteanas sin ach iarmhairt indíreach ar an damáiste líomhainte, nach féidir a chur san áireamh chun an dlí is infheidhme faoi Airteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II a chinneadh, mar a mheabhraítear i mír 36 den bhreithiúnas seo.

48

Má mheastar gurb é an áit inar tharla an damáiste líomhainte an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an imreoir, ónar féidir a mheas gur tharla rannpháirtíocht sna cluichí áidh ar líne, atá comhsheasmhach le cuspóir na hintuarthachta dá dtagraítear i mír 37 den bhreithiúnas seo, ós rud é go bhféadfadh TBM agus a stiúrthóirí a bheith ag súil go réasúnta, trí chluichí áidh ar líne a thairiscint do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile, ar theip orthu a gceanglais dhlíthiúla a chomhlíonadh, go nglacfadh na daoine sin páirt sna cluichí áidhme sin agus, ar an gcaoi sin, go ndéanfaí díobháil dá leasanna a chosnaítear sa dlí.

49

Deimhnítear an cinneadh maidir leis an áit inar tharla an damáiste ar an mbealach sin le cásdlí na Cúirte a bhaineann le hAirteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 1215/2012.

50

I gcomhthéacs bhrí an choincheapa ‘áit inar tharla an teagmhas díobhálach nó ina bhféadfadh sé tarlú’ a chinneadh in Airteagal 7(2) de Rialachán Uimh. 1215/2012, ní thagraíonn an coincheap sin don áit ina bhfuil sainchónaí ar an iarratasóir agus ina bhfuil a shócmhainní comhchruinnithe toisc amháin gur bhain damáiste airgeadais dó ansin a d’eascair as caillteanas cuid dá shócmhainní a tháinig chun cinn agus a tabhaíodh i mBallstát eile, murab é an áit sin i ndáiríre an áit inar tharla an teagmhas ba chúis leis an damáiste nó an áit inar tharla an damáiste (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Bealtaine 2021, Vereniging van Effectenbezitters, C‑709/19, EU:C:2021:377, míreanna 28 agus 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51

Sa chás seo, tacaíonn na ceanglais sin freisin leis an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an imreoir a ainmniú mar an áit inar tharla an damáiste líomhainte, rud a fhágann go bhfuil an dlí is infheidhme i gcomhthráth le dlínse na cúirte.

52

Chun amhras a sheachaint, tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhféadfar imeacht ón dlí a ainmnítear i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II i bhfabhar an dlí is infheidhme i gcomhréir le hAirteagal 4(3) den Rialachán sin, i gcás inar léir ó imthosca uile an cháis gur follasach go bhfuil baint níos dlúithe ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír a shonraítear in Airteagal 4(1).

53

Mar is léir ó aithris 14 de Rialachán An Róimh II, is é is cuspóir do riail maolaithe den sórt sin a chur ar chumas na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair déileáil le cásanna éagsúla leis an tsolúbthacht is gá chun a áirithiú gurb é an dlí is infheidhme an dlí is dlúithe a bhfuil baint aige leis an tort nó leis an míghníomh.

54

Mar sin féin, mar riail mhaolaithe, tá sé faoi réir léiriú docht agus níor cheart imeacht ón dlí arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II ach go heisceachtúil, is é sin le rá, i gcás, ar bhonn anailís fhoriomlán ar imthosca an cháis, inar follasach go bhfuil baint níos dlúithe ag an tort nó ag an míghníomh le tír seachas an tír inar tharla an damáiste, chun an intuarthacht agus an deimhneacht dhlíthiúil a lorgaítear leis an Rialachán sin a áirithiú.

55

Cé gur féidir, de réir Airteagal 4(3) de Rialachán An Róimh II, nasc atá go follasach níos dlúithe le tír eile a bheith bunaithe go háirithe ar chaidreamh a bhí ann cheana idir na páirtithe, amhail conradh, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an tort nó leis an míghníomh atá i gceist, ní mór a shonrú, mar sin féin, nach leor ann féin caidreamh den sórt sin a bheith ann chun cur i bhfeidhm an dlí is infheidhme de bhun Airteagal 4(1) nó (2) den Rialachán sin a eisiamh agus nach gceadaítear leis dlí an chonartha a chur i bhfeidhm go huathoibríoch maidir leis an dliteanas neamhchonarthach, ós rud é go bhfuil lánrogha ag an gcúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair a mheas an bhfuil nasc suntasach idir an oibleagáid neamhchonarthach agus an tír a rialaíonn a dlí an caidreamh a bhí ann cheana (féach, chuige sin, breithiúnas an 10 Márta 2022, BMA Nederland, C‑498/20, EU:C:2022:173, míreanna 63 go 65).

56

I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 4(1) de Rialachán An Róimh II a léiriú sa chaoi, i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí i leith caillteanais a thabhaítear agus páirt á glacadh i gcluichí áidh ar líne a thairgeann cuideachta i mBallstát nach raibh an ceadúnas is gá ag an gcuideachta sin ann, nach mór a mheas gur tharla an damáiste a bhain d’imreoir sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an imreoir sin.

Costais

57

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

 

1.

Maidir le hAirteagal 1(2)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

ní chumhdaítear le catagóir na n‑oibleagáidí neamhchonarthacha a eascraíonn as dlí na gcuideachtaí, de réir bhrí na forála sin, caingean chun dliteanas tortach a bhunú, atá dírithe ar stiúrthóirí cuideachta, mar gheall ar shárú ar thoirmeasc a fhorchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta ar chluichí áidh a thairiscint don phobal gan ceadúnas a bheith acu chun na críche sin.

 

2.

Maidir le hAirteagal 4(1) de Rialachán Uimh. 864/2007,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcomhthéacs caingean le haghaidh damáistí i leith caillteanais arna dtabhú agus páirt á glacadh i gcluichí áidh ar líne arna dtairiscint ag cuideachta i mBallstát nach raibh an ceadúnas is gá ag an gcuideachta sin ann, gur tharla an damáiste a bhain d’imreoir sa Bhallstát ina bhfuil gnáthchónaí ar an imreoir sin.

 

Sínithe


( *1 ) Teanga an cháis: an Ghearmáinis.

( i ) Úsáidtear ainm bréige sa chás seo nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.

Top