Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CB0464

Cás C-464/24, Balneari Rimini: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 4 Meitheamh 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Rimini – an Iodáil) – Balneari Rimini v Comune di Rimini (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 53(2) agus Airteagal 94(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Ceanglas cúiseanna a shonrú lena dtugtar údar cuí leis an ngá atá le freagra ón gCúirt – Do-ghlacthacht fhollasach pháirteach – Airteagal 99 de na Rialacha Nós Imeachta – Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí atá ann – Treoir 2006/123/CE – Treoir 2014/23/AE – Raon feidhme – Lamháltais talún cósta faoi úinéireacht stáit a úsáidtear chun críche turasóireachta agus gníomhaíochtaí fóillíochta – Caingean le haghaidh damáistí – Easpa síneadh uathoibríoch)

IO C, C/2025/5303, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5303/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5303/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5303

13.10.2025

Ordú na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 4 Meitheamh 2025 (iarraidh ar réamhrialú ó Giudice di pace di Rimini – an Iodáil) – Balneari Rimini v Comune di Rimini

(Cás C-464/24, Balneari Rimini)  (1)

(Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 53(2) agus Airteagal 94(c) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Ceanglas cúiseanna a shonrú lena dtugtar údar cuí leis an ngá atá le freagra ón gCúirt - Do-ghlacthacht fhollasach pháirteach - Airteagal 99 de na Rialacha Nós Imeachta - Freagra a fhéadfar a bhaint go soiléir as an gcásdlí atá ann - Treoir 2006/123/CE - Treoir 2014/23/AE - Raon feidhme - Lamháltais talún cósta faoi úinéireacht stáit a úsáidtear chun críche turasóireachta agus gníomhaíochtaí fóillíochta - Caingean le haghaidh damáistí - Easpa síneadh uathoibríoch)

(C/2025/5303)

Teanga an cháis: an Iodáilis

An chúirt a rinne an tarchur

Giudice di pace di Rimini

Páirtithe

Iarratasóir: Balneari Rimini

Cosantóir: Comune di Rimini

Idiragraí: I.R.

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 12 de Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach agus Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le conarthaí lamháltais a dhámhachtain,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann lamháltais talún cósta faoi úinéireacht stáit a úsáidtear chun críche turasóireachta agus gníomhaíochtaí fóillíochta faoi raon feidhme Threoir 2006/123, nach soláthraíonn a sealbhóir seirbhís arna socrú ag an eintiteas conarthach, ach a fheidhmíonn gníomhaíocht eacnamaíoch ar thalamh faoi úinéireacht an Stáit ar bhonn comhaontú lena dtugtar an ceart dó sócmhainní nó acmhainní poiblí áirithe a bhainistiú, faoi chóras dlí príobháideach nó dlí poiblí, a mbunaíonn an Stát coinníollacha ginearálta dá n-úsáid, ar choinníoll go mbaineann na lamháltais sin le hacmhainní nádúrtha, de réir bhrí na forála sin, agus ar choinníoll go bhfuil líon na n-údaruithe atá ar fáil le haghaidh turasóireacht agus gníomhaíochtaí fóillíochta teoranta mar gheall ar ghanntanas na n-acmhainní nádúrtha.

2)

Maidir le hAirteagal 44 de Threoir 2006/123

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tagann lamháltais talún cósta faoi úinéireacht stáit a úsáidtear chun críche turasóireachta agus gníomhaíochtaí fóillíochta, a dámhadh roimh an 28 Nollaig 2009 agus a athnuadh tar éis an dáta sin, faoi raon feidhme na Treorach sin tráth a athnuaitear iad agus níl an dáta ar ar dámhadh na lamháltais sin ar dtús ábhartha i ndáil leis sin.


(1)  IO C, C/2024/5404.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5303/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top