This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62024CA0633
Case C-633/24, Sovisso: Judgment of the Court (Sixth Chamber) of 22 January 2026 (request for a preliminary ruling from the Corte suprema di cassazione – Italy) – F.F. v Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) (Reference for a preliminary ruling – Social security – Migrant workers – Regulation (EC) No 883/2004 – Equal treatment – Aggregation of periods – Article 58 – Agreement between the European Community and its Member States, of the one part, and the Swiss Confederation, of the other, on the free movement of persons – Invalidity benefits – Supplement in order to guarantee receipt of the statutory minimum invalidity benefit – Stricter conditions relating to the contribution period for workers who have exercised their right to freedom of movement)
Cás C-633/24 Sovisso: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 22 Eanáir 2026 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – F.F. v Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS) (Tarchur chun réamhrialú – Slándáil shóisialta – Oibrithe imirceacha – Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 – Cóir chomhionann – Comhiomlánú tréimhsí – Airteagal 58 – Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine – Sochair mhíchumais – Forlíonadh chun teidlíocht ar an liúntas easláine íosta reachtúil a ráthú – Coinníollacha níos déine maidir le tréimhse ranníocaíochta d’oibrithe a d’fheidhmigh a gceart chun saorghluaiseachta)

IO C, C/2026/1321, 16.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1321/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2026/1321 |
16.3.2026 |
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 22 Eanáir 2026 (iarraidh ar réamhrialú ón Corte suprema di cassazione – an Iodáil) – F.F. v Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS)
(Cás C-633/24 (1) Sovisso (2) )
(Tarchur chun réamhrialú - Slándáil shóisialta - Oibrithe imirceacha - Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 - Cóir chomhionann - Comhiomlánú tréimhsí - Airteagal 58 - Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Cónaidhm na hEilvéise, den pháirt eile, maidir le saorghluaiseacht daoine - Sochair mhíchumais - Forlíonadh chun teidlíocht ar an liúntas easláine íosta reachtúil a ráthú - Coinníollacha níos déine maidir le tréimhse ranníocaíochta d’oibrithe a d’fheidhmigh a gceart chun saorghluaiseachta)
(C/2026/1321)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Corte suprema di cassazione
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: F.F.
Cosantóir: Istituto nazionale della previdenza sociale (INPS),
Ábhar
Maidir le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 4 agus 6 den Rialachán sin,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
cuirtear cosc ar reachtaíocht Ballstáit faoina bhfuil íocaíocht forlíonta atá beartaithe chun an méid íosta liúntais easláine a ráthú faoi réir tréimhse ranníocaíochta deich mbliana sa Bhallstát sin, i gcás daoine árachaithe a rinne ranníocaíochtaí i mBallstáit eile, ach, i gcás daoine a rinne ranníocaíochtaí go heisiach sa Bhallstát sin, tá íocaíocht an fhorlíonta sin faoi réir tréimhse ranníocaíochta 5 bliana sa Bhallstát sin, lena n áirítear 3 bliana le linn na 5 bliana dheireanacha.
(1) IO C, C/2025/144
(2) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1321/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)