Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0619

Cás C-619/24, Hauptzollamt Düsseldorf (Feithicil de thionscnamh na Rúise): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 5 Feabhra 2026 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Düsseldorf – An Ghearmáin) – JG v Hauptzollamt Düsseldorf (Tarchur chun réamhrialú – Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine – Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 – Airteagal 3i(1) agus (3ad) – Iarscríbhinn XXI – Toirmeasc ar earraí a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach lena ngintear ioncam suntasach ar son Chónaidhm na Rúise – Allmhairiú feithicle)

IO C, C/2026/1758, 30.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1758/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1758/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/1758

30.3.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Cúigiú Dlísheomra) an 5 Feabhra 2026 (iarraidh ar réamhrialú ó Finanzgericht Düsseldorf – An Ghearmáin) – JG v Hauptzollamt Düsseldorf

(Cás C-619/24  (1) , Hauptzollamt Düsseldorf (Feithicil de thionscnamh na Rúise))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine - Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 - Airteagal 3i(1) agus (3ad) - Iarscríbhinn XXI - Toirmeasc ar earraí a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach lena ngintear ioncam suntasach ar son Chónaidhm na Rúise - Allmhairiú feithicle)

(C/2026/1758)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Finanzgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: JG

Cosantóir: Hauptzollamt Düsseldorf

An chuid oibríochtúil

1.

Maidir le hAirteagal 3i(1) de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/576 ón gComhairle an 8 Aibreán 2022,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá feidhm ag an toirmeasc ar cheannach, allmhairiú nó aistriú, san Aontas Eorpach, a leagtar síos san fhoráil sin, maidir leis na hearraí uile a thagann faoi chóid Ainmníochta Comhcheangailte dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXI den Rialachán sin, arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022, gan é a bheith riachtanach a fháil amach, le haghaidh gach oibríochta, ina haonar, an ngintear ioncam suntasach ar son Chónaidhm na Rúise leis an gceannach, leis an allmhairiú nó leis an aistriú lena mbaineann.

2.

Maidir le hAirteagal 3i(3ad) de Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2023/2878 ón gComhairle, an 18 Nollaig 2023,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

níl feidhm ag an gcumhacht, dá bhforáiltear san fhoráil sin, chun feithicil a chlárú i mBallstát atá ar chríoch an Aontais an 19 Nollaig 2023 cheana féin, maidir le feithiclí atá sa chríoch sin ar an dáta céanna de shárú ar an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 3i(1) de Rialachán Uimh. 833/2014, arna leasú le Rialachán 2022/576.


(1)  IO C, C/2025/141.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/1758/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top