Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62024CA0488

Cás C-488/24, Kigas: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 13 Bealtaine 2026 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos Aukščiausiasis Teismas – an Liotuáin) – D.V. v MB Kigas (Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 2011/83/AE – Airteagal 5(1)(a) agus (c) – Oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le conarthaí seachas cianchonarthaí nó conarthaí seacháitribh – Oibleagáid atá ar an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi phríomh-shaintréithe na seirbhíse – Dleachtanna custaim – Oibleagáid atá ar an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi phraghas iomlán na seirbhíse – Costais bhreise – Ábhar na faisnéise atá le soláthar don tomhaltóir – Coinbhinsiún maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) – Airteagail 6 agus 11)

IO C, C/2026/3497, 13.7.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3497/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3497/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2026/3497

13.7.2026

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ceathrú Dlísheomra) an 13 Bealtaine 2026 (iarraidh ar réamhrialú ón Lietuvos Aukščiausiasis Teismas – an Liotuáin) – D.V. v MB ‘Kigas’

(Cás C-488/24  (1) , Kigas)

(Tarchur chun réamhrialú - Cosaint tomhaltóirí - Treoir 2011/83/AE - Airteagal 5(1)(a) agus (c) - Oibleagáid faisnéis a sholáthar maidir le conarthaí seachas cianchonarthaí nó conarthaí seacháitribh - Oibleagáid atá ar an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi phríomh-shaintréithe na seirbhíse - Dleachtanna custaim - Oibleagáid atá ar an trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi phraghas iomlán na seirbhíse - Costais bhreise - Ábhar na faisnéise atá le soláthar don tomhaltóir - Coinbhinsiún maidir leis an gConradh maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) - Airteagail 6 agus 11)

(C/2026/3497)

Teanga an cháis: an Liotuáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Lietuvos Aukščiausiasis Teismas

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: D.V.

Cosantóir: MB ‘Kigas’

idiragraí: Valstybinė vartotojų teisių apsaugos tarnyba

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 5(1)(a) agus (c) de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú ag Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

maidir le conradh maidir le hiompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar ó thríú tír chuig Ballstát den Aontas, is é atá i gceist leis an oibleagáid atá ar an trádálaí faisnéis a sholáthar faoin bhforáil sin an seoltóir-tomhaltóir a chur ar an eolas go bhféadfadh sé go mbeadh gá le foirmiúlachtaí custaim a chur i gcrích agus go mbeadh dleachtanna custaim iníoctha ag an tomhaltóir sin chun na hearraí a allmhairiú isteach i gcríoch an Aontais. Os a choinne sin, ní cheanglaítear ar an trádálaí faisnéis mhionsonraithe a sholáthar maidir leis na doiciméid atá le cur faoi bhráid an lucht custaim nó rátaí agus méideanna na ndleachtanna custaim is infheidhme a chur in iúl.


(1)  IO C, C/2024/6077.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2026/3497/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top