Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0480

    Cás T-480/23: Caingean arna tabhairt an 9 Lúnasa 2023 – Plahotniuc v an Chomhairle

    IO C 338, 25.9.2023, p. 35–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    25.9.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 338/35


    Caingean arna tabhairt an 9 Lúnasa 2023 – Plahotniuc v an Chomhairle

    (Cás T-480/23)

    (2023/C 338/45)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Vladimir Gheorghe Plahotniuc (Chisinau, an Mholdóiv) (ionadaí: J. Pobjoy, Dlíodóir)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    cinneadh (CBES) 2023/1047 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/891 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1), , a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir; agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1045 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena dhéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (2), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní, de bhun Airteagal 263 CFAE;

    a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráidí follasacha measúnaithe agus á mheas go raibh bunús fíorasach sách láidir ann le cinneadh gur comhlíonadh na critéir chun an t-iarratasóir a liostú in Airteagal 1 den Chinneadh atá faoi chonspóid agus in Airteagal 2 den Rialachán atá faoi chonspóid.

    2.

    An dara saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh cearta an iarratasóra faoi Airteagal 6, arna léamh in éineacht le hAirteagail 2 agus 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus Airteagail 47 agus 48 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.


    (1)  Cinneadh (CBES) 2023/1047 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2023/891 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO 2023 L 140I, lch. 9).

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1045 ón gComhairle an 30 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (IO 2023 L 140I, lch. 1).


    Top