EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0007

Cás T-7/23: Caingean arna tabhairt an 13 Eanair 2023 – an Fhrainc v an Coimisiún

IO C 83, 6.3.2023, p. 27–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

6.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 83/27


Caingean arna tabhairt an 13 Eanair 2023 – an Fhrainc v an Coimisiún

(Cás T-7/23)

(2023/C 83/34)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin, B. Fodda agus E. Leclerc, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Fógra faoi chomórtas oscailte – EPSO/AD/401/22 – Riarthóirí (AD 6) i Réimsí an fhuinnimh, na hathraithe aeráide, agus an chomhshaoil a chur ar neamhni;

a ordú don Choimisiún na Costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, arb ionann iad nó ar cosúil iad, go bunúsach, leis na cinn a maíodh i gCás T-555/22, an Fhrainc v an Coimisiún.


Top