Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TA1117

Cás T-1117/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Meán Fómhair 2025 – Usmanov v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin – Reo na gcistí – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo na gcistí agus acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – An coincheap duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise – Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES – Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 – An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe – Comhréireacht – Ceart chun maoine – Ceart chun príobháideachais – Pléadáil neamhdhleathachta)

IO C, C/2025/5329, 13.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5329/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5329/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/5329

13.10.2025

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 3 Meán Fómhair 2025 – Usmanov v an Chomhairle

(Cás T-1117/23)  (1)

(Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin - Reo na gcistí - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo na gcistí agus acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - An coincheap ‘duine gnó a bhfuil baint aige le hearnálacha eacnamaíocha a sholáthraíonn foinse shuntasach ioncaim do Rialtas Chónaidhm na Rúise’ - Airteagal 2(1)(g) de Chinneadh 2014/145/CBES - Airteagal 3(1)(g) de Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 - An ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid mheasúnaithe - Comhréireacht - Ceart chun maoine - Ceart chun príobháideachais - Pléadáil neamhdhleathachta)

(C/2025/5329)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Alisher Usmanov (Tashkent, an Úisbéiceastáin) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto, V. Villante, M. Pirovano, A. Bass agus T. Marembert, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: D. Laurent agus B. Driessen, Gníomhairí, le cúnamh ó B. Maingain, Dlíodóir)

Ábhar

Lena chaingean, iarrann an t-iarratasóir, ar bhonn Airteagal 263 CFAE, go ndéanfaí na nithe seo a leanas a chur ar neamhní a mhéid a bhaineann siad leis:

ar an gcéad dul síos, Cinneadh (CBES) 2023/1767 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 104), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1765 ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 226, lch. 3),

ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2024/847 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/847), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/849 ón gComhairle an 12 Márta 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/849),

ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2024/2456 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/2456), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2455 ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2024 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 2024/2455).

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don achomharc.

2.

Ordaítear do Alisher Usmanov na costais a íoc.


(1)   IO C C/2024/768, 22.1.2024.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/5329/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top