Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex
Έγγραφο 62023TA0422
Case T-422/23: Judgment of the General Court of 29 October 2025 – Comi v Parliament (Law governing the institutions – Rules governing expenses and allowances for Members of Parliament – Recovery of allowances paid by way of reimbursement of parliamentary expenses – Recovery of undue payments – Unjust enrichment)
Cás T-422/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Deireadh Fómhair 2025 – Comi v an Pharlaimint (Dlí institiúideach – Rialacha lena rialaítear íocaíocht ar speansais agus liúntais Feisirí na Parlaiminte – Aisghabháil liúntas arna n-íoc mar aisíocaíocht ar speansas parlaiminte – Aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite – Saibhriú éagórach)
Cás T-422/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Deireadh Fómhair 2025 – Comi v an Pharlaimint (Dlí institiúideach – Rialacha lena rialaítear íocaíocht ar speansais agus liúntais Feisirí na Parlaiminte – Aisghabháil liúntas arna n-íoc mar aisíocaíocht ar speansas parlaiminte – Aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite – Saibhriú éagórach)
IO C, C/2025/6613, 22.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6613/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
|
C/2025/6613 |
22.12.2025 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 29 Deireadh Fómhair 2025 – Comi v an Pharlaimint
(Cás T-422/23) (1)
(Dlí institiúideach - Rialacha lena rialaítear íocaíocht ar speansais agus liúntais Feisirí na Parlaiminte - Aisghabháil liúntas arna n-íoc mar aisíocaíocht ar speansas parlaiminte - Aisghabháil íocaíochtaí neamhdhlite - Saibhriú éagórach)
(C/2025/6613)
Teanga an nóis imeachta: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Lara Comi (Saronno, an Iodáil) (ionadaithe: V. Mariconda, M. Centonze, G. Recine agus L. Della Volpe, Dlíodóirí)
Cosantóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: N. Görlitz, M. Ecker agus R. Rende Granata, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Lena caingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, inter alia, go gcuirfí an cinneadh ó Ardrúnaí Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) i bParlaimint na hEorpa an 5 Meitheamh 2023 agus nóta dochair Uimh. 7030000946 ó Ard-Stiúrthóir Airgeadais na Parlaiminte an 3 Iúil 2023 ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
|
1) |
Cuirtear cinneadh Ardrúnaí Ghrúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) i bParlaimint na hEorpa an 5 Meitheamh 2023 agus nóta dochair Uimh. 7030000946 ó Ard-Stiúrthóir Airgeadais Pharlaimint na hEorpa an 3 Iúil 2023 ar neamhní a mhéid a iarrann leo go n-aisíocfadh Lara Comi na suimeanna a bhaineann leis an gcéad chonradh a tugadh i gcrích le cuideachta F agus leis na conarthaí a tugadh i gcrích le cuideachta J, cuideachta C, cuideachta H, cuideachta G, cuideachta I agus cuideachta L. |
|
2) |
Díbhtear an chuid eile den chaingean. |
|
3) |
Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/6613/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)