Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0710

    Cás C-710/23, Ministerstvo zdravotnictví II: Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 22 Samhain 2023 – Mgr. L. H. v Ministerstvo zdravotnictví

    IO C, C/2024/1520, 26.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1520/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1520/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/1520

    26.2.2024

    Iarraidh ar réamhrialú ón Nejvyšší správní soud (Poblacht na Seice) a taisceadh an 22 Samhain 2023 – Mgr. L. H. v Ministerstvo zdravotnictví

    (Cás C-710/23, Ministerstvo zdravotnictví II)

    (C/2024/1520)

    Teanga an cháis: an tSeicis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Nejvyšší správní soud

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Mgr. L. H.

    Cosantóir: Ministerstvo zdravotnictví

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1.

    An ionann nochtadh céadainm, sloinne, síniú agus sonraí teagmhála duine nádúrtha mar ghníomhaire nó mar ionadaí atá freagrach as duine dlítheanach, a dhéantar go heisiach chun (duine atá údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh ar) duine dlítheanach a shainaithint fós agus próiseáil sonraí pearsanta an duine nádúrtha lena mbaineann de bhun Airteagal 4(1) RGCS (1) agus, dá bhrí sin, an dtagann a leithéid laistigh dá raon feidhme RGCS?

    2.

    An féidir le dlí náisiúnta, lena n-áirítear cásdlí socair, cur i bhfeidhm rialacháin de chuid an Aontais Eorpaigh atá infheidhme go díreach ag údarás riaracháin, eadhon Airteagal 6(1)(c) nó (e) RGCS, a dhéanamh coinníollach ar choinníollacha eile a chomhlíonadh, nach n-eascraíonn as téacs an rialacháin féin, ach, mar sin féin, a leathnaíonn an leibhéal cosanta d’ábhar sonraí pearsanta, eadhon an oibleagáid ar údarás poiblí an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas roimh ré faoi iarratas arna chur isteach le haghaidh soláthar sonraí pearsanta do thríú páirtí?


    (1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO 2016 L 119, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1520/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top