Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0675

    Cás C-675/23, Staatsanwaltschaft Berlin II: Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 14 Samhain 2023 - Staatsanwaltschaft Berlin v M.R.

    IO C, C/2024/2913, 6.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2913/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2913/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/2913

    6.5.2024

    Iarraidh ar réamhrialú ó Landgericht Berlin (an Ghearmáin) a taisceadh an 14 Samhain 2023 - Staatsanwaltschaft Berlin v M.R.

    (Cás C-675/23, Staatsanwaltschaft Berlin II)

    (C/2024/2913)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Landgericht Berlin

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Staatsanwaltschaft Berlin

    Cosantóir: M.R.

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.   Maidir le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41/AE (1)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(b) de Threoir 2014/41/AE ar Ordú Imscrúdaithe Eorpach (‘OIE’) chun sonraí teileachumarsáide atá ar fáil cheana féin sa Stát forghníomhaitheach (an Fhrainc) a aistriú más rud é, de réir dhlí an Stáit eisiúna (an Ghearmáin), go mbeadh beart faireachais intíre inchomparáide neamh-inghlactha agus ar an gcúis sin nach bhféadfaí na sonraí a fhaightear uaidh a úsáid le haghaidh ionchúiseamh coiriúil in imeachtaí eile?

    2.   Maidir le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41/AE

    a)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41/AE ar OIE sonraí atá ar fáil cheana féin sa Stát forghníomhaitheach (an Fhrainc) a aistriú ó idircheapadh teileachumarsáide – go háirithe sonraí tráchta agus suímh agus taifeadtaí d’ábhar cumarsáide – más rud é

    gur chuimsigh an faireachas a rinne an Stát forghníomhaitheach gach úsáideoir naisc seirbhíse cumarsáide,

    go n-éilíonn OIE go ndéanfar sonraí a aistriú ó na naisc go léir a úsáidtear ar chríoch an Stáit eisiúna,

    nach raibh aon fhianaise nithiúil ann go ndearna na húsáideoirí aonair sin cionta tromchúiseacha de chineál inchinntithe nuair a ordaíodh agus nuair a cuireadh an beart faireachais i gcrích ná nuair a eisíodh OIE, agus

    dá bhrí sin, i gcomhthéacs an mheasúnaithe, nach bhfuil aon imthosca a bhaineann leis an gcás aonair nach féidir ach leis an údarás náisiúnta eisiúna nó leis an gcúirt náisiúnta atá freagrach a mheasúnú?

    b)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 6(1)(a) de Threoir 2014/41/AE EIO den sórt sin nuair nach féidir leis na húdaráis sa Stát forghníomhaitheach sláine na sonraí a bhailítear trí bhíthin an bhirt faireachais a fhíorú mar gheall ar rúndacht chuimsitheach?

    3.   Iarmhairtí dlíthiúla a bhaineann le fianaise a fháil de shárú ar dhlí an Aontais

    An leanann sé ó dhlí an Aontais, go háirithe prionsabal na héifeachtachta, nach bhféadfaidh sáruithe ar dhlí an Aontais le linn fianaise a fháil in imeachtaí coiriúla náisiúnta, fiú i gcás cionta tromchúiseacha, fanacht go hiomlán gan iarmhairtí agus dá bhrí sin a chur san áireamh i bhfabhar an chúisí mar chonstaic d’úsáid fianaise nó agus fianaise á measúnú nó nuair a bhíonn an phianbhreith á socrú?


    (1)  Treoir 2014/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir leis an Ordú Imscrúdaithe Eorpach in ábhair choiriúla (IO 2014 L 130, lch. 1).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2913/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top