Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0618

Cás C-618/23, SALUS: Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ghearmáin), a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – SALUS Haus Dr. med Otto Greither Nachf. GmbH & Co. KG v Astrid Twardy GmbH

IO C, C/2024/710, 22.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/710/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/710/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/710

22.1.2024

Iarraidh ar réamhrialú ó Oberlandesgericht Düsseldorf (an Ghearmáin), a taisceadh an 6 Deireadh Fómhair 2023 – SALUS Haus Dr. med Otto Greither Nachf. GmbH & Co. KG v Astrid Twardy GmbH

(Cás C-618/23, SALUS)

(C/2024/710)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberlandesgericht Düsseldorf

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Cosantóir agus achomharcóir: SALUS Haus Dr. med Otto Greither Nachf. GmbH & Co. KG

Iarratasóir agus freagróir: Astrid Twardy GmbH

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An bhfuil ‘tae íocshláinte luibhe’, atá le haicmiú mar ‘tháirgí íocshláinte luibhe’ de réir bhrí phointe 29 d’Airteagal 1 agus Airteagal 16a de Threoir 2001/83/CE (1), arna chur isteach trí phointí 1 agus 2 d’Airteagal 1 de Threoir 2004/24/CE (2), le meas mar ‘ullmhóidí luibhe traidisiúnta planda-bhunaithe’ de réir bhrí Airteagal 2(1) de, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn I le Rialachán (AE) 2018/848 (3) (‘an Rialachán maidir le táirgeadh orgánach’ nó ‘an Rialachán’).

2.

I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar an gcéad cheist:

An féidir leis an lipéadú dá bhforáiltear i gCaibidil IV de Rialachán 2018/848, go sonrach

Lógó oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le táirgeadh orgánach (Airteagal 33, arna léamh i gcomhar le hIarscríbhinn V leis an Rialachán),

Lógó maidir le táirgeadh orgánach de chuid na cuideachta féin (Airteagal 33(5) den Rialachán),

Códuimhir an údaráis rialaithe (Airteagal 32(1)(a) de Rialachán 2018/848),

an áit táirgeachta ‘Talmhaíocht an AE’ nó ‘Talmhaíocht nach Talmhaíocht de chuid an AE í’ (Airteagal 32(2) de Rialachán 2018/848),

an téarma ‘bith-’ (Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848),

an tagairt ‘ón táirgeadh orgánach’ (Airteagal 30(1) de Rialachán 2018/848),

a ghreamú ar fhorphacáistiú táirge íocshláinte gan na coinníollacha faoi Airteagal 62 den Chód Comhphobail a bheith comhlíonta?

3.

I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar an gcéad cheist nó ar an dara ceist:

An bhfuil an lipéadú a shonraítear sa dara ceist ina lipéadú atá ‘úsáideach don othar’ agus nach bhfuil ‘de chineál fógraíochta’?


(1)  Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6. Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2001 L 311, lch. 67).

(2)  Treoir 2004/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear, a mhéid bhaineann le táirgí íocshláinte luibhe traidisiúnta Treoir 2001/83/CE 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO 2004 L 136, lch. 85).

(3)  Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO 2018 L 150, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/710/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top