EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0602

Cás C-602/23, Finanzamt für Großbetriebe: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 3 Deireadh Fómhair 2023 – Finanzamt für Großbetriebe

IO C, C/2023/1436, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1436/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1436/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2023/1436

18.12.2023

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 3 Deireadh Fómhair 2023 – Finanzamt für Großbetriebe

(Cás C-602/23, Finanzamt für Großbetriebe)

(C/2023/1436)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Achomharcóir ar phointe dlí: Finanzamt für Großbetriebe

Páirtí leasmhar: Franklin Mutual Series Funds – Franklin Mutual European Fund in San Mateo

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.

An ionann agus srian ar shaorghluaiseacht caipitil de réir bhrí Airteagal 63 CFAE foráil amhail Mír 188 den Investmentfondsgesetz 2011 (1) (An Dlí maidir le Cistí Infheistíochta 2011, ‘InvFG 2011’) a bhfuil d’éifeacht aici go gcuirtear cosc ar eintitis iasachta atá inchomparáide le corparáid intíre ó aisíocaíocht a fháil ar cháin ioncaim san Ostair a fhreagraíonn siad i substaint do GCUI (2) de réir bhrí Threoir 2009/65/CE, (3) agus nach bhfuil cead acu mar sin a bheith ag feidhmiú mar chorparáid san Ostair toisc nach bhforáiltear ach d’fhoirm dhlíthiúil ciste speisialta thrédhearcaigh maidir le heintitis den sórt sin san Ostair?

2.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: an bhfuil staid atá inchomparáide go hoibiachtúil idir, ar thaobh amháin, corparáid intíre a infheistíonn a cistí i gcomhréir le prionsabail an raoin difríochta, ach nach GCUI é de bhrí nach ón bpobal a thiomsaítear na cistí, agus dá bhrí sin, go gceadaítear di feidhmiú mar chorparáid fiú sa mhargadh intíre, agus, ar an taobh eile, cuideachta infheistíochta cistí iasachta a bheadh ina GCUI de réir na bprionsabal intíre – de bhrí go dtiomsaítear na cistí ón bpobal – agus nach gceadaítear dó dá bhrí sin a bheith ag feidhmiú mar chorparáid sa mhargadh intíre?

3.

Más freagra dearfach a thabharfar ar an gceist sin: an ionann caomhnú leithdháileadh na cumhachta cothromaithe chun cáin a fhorchur agus údar le haghaidh srian ar shaorghluaiseacht caipitil i bhfianaise an fhíorais go bhféachtar le Míreanna 168 agus 188 den InvFG 2011 lena áirithiú nach féidir le ciste frithpháirteach intíre ná ciste frithpháirteach iasachta éifeacht scéithe fioscaí a bheith aige i dtaca leis na sealbhóirí aonaid agus, dá bhrí sin, go bhfuil faoiseamh ó cháin ioncaim le tabhairt ar leibhéal na sealbhóirí aonaid sna cásanna sin inar tharscaoil an Ostair a cumhacht chun cáin a ghearradh faoi chomhaontú cánachais dhúbailte, agus sna cásanna sin amháin?


(1)  Dlí Feidearálach na hOstaire maidir le Cistí Infheistíochta (BGBl. I Nr. 77/2011 sa leagan BGBl. I Uimh. 111/2023).

(2)  Gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe.

(3)  Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán, agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (IO 2009 L 302, lch. 32).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1436/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top