EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0588
Case C-588/23, Scai: Request for a preliminary ruling from the Tribunale Amministrativo Regionale della Campania (Italy) lodged on 25 September 2023 — Scai Srl v Regione Campania
Cás C-588/23, Scai: Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale della Campania (an Iodáil) an 25 Meán Fómhair 2023 – Scai Srl v Regione Campania
Cás C-588/23, Scai: Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale della Campania (an Iodáil) an 25 Meán Fómhair 2023 – Scai Srl v Regione Campania
IO C, C/2023/1293, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1293/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
![]() |
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/1293 |
11.12.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunale Amministrativo Regionale della Campania (an Iodáil) an 25 Meán Fómhair 2023 – Scai Srl v Regione Campania
(Cás C-588/23, Scai)
(C/2023/1293)
Teanga an cháis: an Iodáilis
An chúirt a rinne an tarchur
Tribunale Amministrativo Regionale della Campania
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Scai Srl
Cosantóir: Regione Campania
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1) |
An gcuirtear cosc le hAirteagail 108 agus 288 CFAE agus Airteagail 16 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1589/2015 (1) ar reachtaíocht náisiúnta, amhail Airteagal 48 de Dhlí an 24 Nollaig 2012 Uimh. 234 lena gceadaítear don údarás náisiúnta, i gcéim fhorghníomhaithe na haisghabhála, chun na daoine a gceanglaítear orthu cúnamh neamhdhleathach a aisíoc a leathnú, trí mheasúnú ar leanúnachas eacnamaíoch idir gnóthais, gan an chumhacht sin a chosc nuair a bheidh na faighteoirí díreacha sainaitheanta cheana féin ag an gCoimisiún, agus ar an gcaoi sin inniúlacht an Choimisiúin i ndáil le státchabhair a eisiamh? |
2) |
An gcuirtear cosc le hAirteagail 263 agus 288 CFAE, 41 agus 47 de Chairt Nice, 16 agus 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1589/2015 ar reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 48 de Dhlí an 24 Nollaig 2012 Uimh. 234 maidir le Státchabhair, a mhéid – trí fhoráil a dhéanamh go ndéanfaidh an Stát, agus cinneadh aisghabhála á chur chun feidhme aige, na daoine a gceanglaítear orthu aisíoc a aithint, más gá – go gceadaíonn sé an cinneadh a chur chun feidhme freisin i ndáil le duine seachas na daoine ar díríodh an cinneadh orthu agus a bhfuil uathriail acu, nár ghlac páirt sna himeachtaí os comhair an Choimisiúin, nár deonaíodh ráthaíochtaí nós imeachta sáraíochta dóibh agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon seasamh acu chun agóid a dhéanamh os comhair Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh. |
(1) Rialachán (AE) 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm (códú) (IO 2015, L 248, lch. 9).
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1293/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)