Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0436

    Cás C-436/23, Volvo Group Belgium: Iarraidh ar réamhrialú ó hof van beroep te Gent (an Bheilg) an 13 Iúil 2023 – Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën v Volvo Group Belgium NV

    IO C, C/2023/1276, 11.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1276/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1276/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2023/1276

    11.12.2023

    Iarraidh ar réamhrialú ó hof van beroep te Gent (an Bheilg) an 13 Iúil 2023 – Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën v Volvo Group Belgium NV

    (Cás C-436/23, Volvo Group Belgium)

    (C/2023/1276)

    Teanga an cháis: an Ollainnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Hof van beroep te Gent

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Belgische Staat/Federale Overheidsdienst Financiën

    Cosantóir: Volvo Group Belgium NV

    An cheist a tharchuirtear

    An bhfuil Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht a ndéantar agóid ina coinne os comhair na Cúirte Achomhairc (eadhon an reachtaíocht a chuir an Chúirt Bhunreachtúil ar ceal ach ar coimeádadh a héifeachtaí ar bun, de shárú ar an tsaoirse bunaíochta, áfach, sa chaoi go gcaithfear staonadh ón reachtaíocht náisiúnta a coimeádadh ar bun a chur i bhfeidhm i dtaca leis na brabúis a dháil na cuideachtaí atá bunaithe i mBallstát eile a bhfuil bunaíocht sheasmhach sa Bheilg) ar dá réir

    a bhfuil cáin dlite ar dháileadh brabús nár áiríodh sa toradh inchánach deireanach le haghaidh cuideachta chónaitheach ar a bhfuil a oiread de thionchar uirthi ag cuideachta atá bunaithe i mBallstát eile gur féidir léi dul i bhfeidhm ar a gníomhaíochtaí,

    cé nach bhfuil an cháin sin le híoc ar an mbrabús atá i gceist, má fheidhmíonn an chuideachta sin atá bunaithe i mBallstát eile a gníomhaíochtaí sa Bheilg trí bhíthin bunaíocht sheasmhach nó brainse?


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1276/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top