This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0351
Case C-351/23, GR REAL: Request for a preliminary ruling from the Krajský súd v Prešove (Slovakia) lodged on 6 June 2023 — GR REAL s. r. o. v PO, RT
Cás C-351/23, GR REAL: Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský súd v Prešove (an tSlóvaic) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 – GR REAL s. r. o. v PO agus RT
Cás C-351/23, GR REAL: Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský súd v Prešove (an tSlóvaic) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 – GR REAL s. r. o. v PO agus RT
IO C, C/2023/308, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/308/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2023/308 |
30.10.2023 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Krajský súd v Prešove (an tSlóvaic) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 – GR REAL s. r. o. v PO agus RT
(Cás C-351/23, GR REAL)
(C/2023/308)
Teanga an cháis: an tSlóvaicis
An chúirt a rinne an tarchur
Krajský súd v Prešove
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: GR REAL s. r. o.
Cosantóirí: PO agus RT
Na ceisteanna a tharchuirtear:
A. |
An bhfuil feidhm ag Airteagail 6(1) agus 7(1) de Threoir 93/13/CEE (1) ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, le himeachtaí amhail atá i gceist sna príomhimeachtaí, a thionscain duine ab é an tairgeoir ar éirigh leis i gceant maoine, i gcás ina raibh frithéileamh ó thomhaltóir go dtabharfar ar ais an stádais roimh an gceant ar feitheamh go comhuaineach nuair a d’úsáid an tomhaltóir leigheasanna dlíthiúla, roimh an gceant seachbhreithiúnach, chun forfheidhmiú an liain a chur ar fionraí trí iarratas ar fhaoiseamh eatramhach a thaisceadh leis an gcúirt agus, ag an am céanna, roimh an gceant, chuir siad in iúl do na daoine a ghlac páirt i gceant na n-imeachtaí cúirte atá ar feitheamh chun forfheidhmiú an liain trí cheant deonach a chur ar fionraí, nuair a chuaigh an ceant ar aghaidh in ainneoin na n-imeachtaí dlíthiúla? |
B. |
An gcaithfear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar fhorálacha náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar lian é ar mhaoin dhochorraithe tomhaltóra, i gcomhthéacs forghníomhaithe ag gnóthas ceantanna príobháideacha (‘an ceantálaí’), d’fhonn fiach atá dlite do bhanc faoi chomhaontú creidmheasa do thomhaltóirí a aisghabháil,
|
C. |
An gcaithfear Treoir 2005/29/CÉ (2) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha’) a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé lian a fhorfheidhmiú ar bhonn téarma chonarthaigh éagóraigh a bhaineann le fiach a aisghabháil go luath a eascraíonn faoi chomhaontú creidmheasa tomhaltóirí agus, dá bhrí sin, méid mícheart an fhiachais a bhí le híoc a bheith ina chleachtas tráchtála éagórach de réir bhrí Airteagal 5 den Treoir sin, agus go háirithe cleachtas tráchtála ionsaitheach de réir bhrí Airteagail 8 agus 9 den Treoir sin, agus go bhfuil feidhm ag dliteanas an bhainc agus ag cuspóirí Threoir 2005/29/CE, de bhreis ar an mbanc, maidir leis an gceantálaí ag forfheidhmiú cearta an bhainc faoin lian? |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/308/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)