EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0284

Cás C-284/23, Haus Jacobus: Iarraidh ar réamhrialú ó Arbeitsgericht Mainz (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Bealtaine 2023 – TC v Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH

IO C 286, 14.8.2023, p. 18–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

14.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 286/18


Iarraidh ar réamhrialú ó Arbeitsgericht Mainz (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Bealtaine 2023 – TC v Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH

(Cás C-284/23, Haus Jacobus)

(2023/C 286/22)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Arbeitsgericht Mainz

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: TC

Cosantóir: Firma Haus Jacobus Alten- und Altenpflegeheim gGmbH

An cheist a tharchuirtear

Iarrtar ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi Airteagal 267 CFAE, réamhrialú a thabhairt ar an gceist an bhfuil forálacha náisiúnta na Gearmáine i Míreanna 4 agus 5 den Kündigungsschutzgesetz (An Dlí maidir le cosaint in aghaidh dífhostú, ‘KSchG’) faoina bhfuil ar bhean, ar bean í atá ag iompar clainne, ag a bhfuil cosaint speisialta i gcoinne dífhostú, caingean a thabhairt go héigeantach laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sna forálacha sin d’fhonn an chosaint sin a choimeád, i gcomhréir le Treoir 92/85/CEE (1).


(1)  Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) (IO 2006 L 376, lch. 36).


Top