Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0150

Cás C-150/23: Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg

IO C 155, 2.5.2023, p. 44–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

2.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 155/44


Caingean arna tabhairt an 13 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Ard-Diúcacht Lucsamburg

(Cás C-150/23)

(2023/C 155/56)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J. Baquero Cruz, F. Blanc agus T. Materne, Gníomhairí)

Cosantóir: Ard-Diúcacht Lucsamburg

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt:

a dhearbhú, trí mhainneachtain na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá a ghlacadh chun Treoir (AE) 2019/1937 (1) a chomhlíonadh agus trí mhainneachtain na forálacha sin a chur in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh Ard-Diúcacht Lucsamburg na hoibleagáidí atá uirthi de bhun Airteagal 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh;

a ordú do Lucsamburg an méid is airde den dá chnapshuim seo a leanas a íoc leis an gCoimisiún: (i) méid EUR 900 in aghaidh an lae, arna méadú faoi líon na laethanta idir an lá tar éis do thréimhse ama an trasuite a leagtar síos sa Treoir sin teacht chun deiridh agus an lá a leigheastar an sárú, nó, in éagmais leighis, an lá a chraoltar an breithiúnas sna himeachtaí seo; (ii) íosmhéid cnapshuime EUR 252 000;

i gcás go leanfadh an mhainneachtain a leagtar amach i bpointe 1 ar aghaidh go dtí an dáta ar a chraoltar an breithiúnas sa chás seo, a ordú do Lucsamburg íocaíocht phionósach thréimhsiúil a dhéanamh de luach EUR 3 150 in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta a chomhlíonann Lucsamburg a oibleagáidí de bhun na Treorach; agus

a ordú do Lucsamburg na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Dar leis an gCoimisiún, cuirtear córas éifeachtúil ar bun le Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais chun daoine tuairiscithe atá ag obair san earnáil phríobháideach nó san earnáil phoiblí nó a bhfuil baint acu leis na hearnálacha sin agus a fuair faisnéis faoi sháruithe i gcomhthéacsanna áirithe a chosaint.

I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí na Ballstáit leis na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, bhí iallach ar na Ballstáit téacs na bhforálacha sin a chur in iúl don Choimisiún láithreach freisin.

Sheol an Coimisiún litir fógra foirmiúil chuig Lucsamburg an 21 Eanáir 2022. Sheol an Coimisiún tuairim reasúnaithe chuige an 15 Iúil 2022. D’ainneoin sin, níor ghlac Lucsamburg na bearta trasuite go fóill ná níor chuir sé in iúl don Choimisiún iad.


(1)  Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO 2019 L 305, lch. 17).


Top