EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0090

Cás C-90/23 P: Achomharc arna thabhairt an 15 Feabhra 2023 ag Trasta Komercbanka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 30 Samhain 2022 i gCás T-698/16, Trasta Komercbanka agus páirtithe eile v BCE

IO C 134, 17.4.2023, p. 3–4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 134/3


Achomharc arna thabhairt an 15 Feabhra 2023 ag Trasta Komercbanka AS i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Naoú Dlísheomra) a tugadh an 30 Samhain 2022 i gCás T-698/16, Trasta Komercbanka agus páirtithe eile v BCE

(Cás C-90/23 P)

(2023/C 134/06)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: Trasta Komercbanka AS (ionadaí: O. Behrends, Rechtsanwalt)

Páirtithe eile sna himeachtaí: an Banc Ceannais Eorpach (BCE), Poblacht na Laitvia, an Coimisiún Eorpach, Ivan Fursin, Igors Buimisters, C & R Invest SIA, Figon Co. Ltd, GCK Holding Netherlands BV, Rikam Holding SA

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

a dhearbhú go bhfuil an Cinneadh ECB/SSM/2016-529900WIP0INFDAWTJ81/2 WOANCA-2016-0005 ó BCE an 11 Iúil 2016 (“an Cinneadh atá faoi chonspóid”) maidir leis an achomharcóir ar neamhní;

a ordú do BCE costais an achomharcóra maraon le costais an achomhairc seo a íoc, agus

a mhéid nach bhfuil an Chúirt Bhreithiúnais in ann rialú a dhéanamh ar shubstaint an cháis, an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-achomharcóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta roinnt earráidí maidir le saincheist ionadaíochta an achomharcóra, rud a scrúdaigh an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór-Dhlísheomra) ina breithiúnas uaithi an 5 Samhain 2019, BCE agus páirtithe eile v Trasta Komercbanka agus páirtithe eile (C-663/17 P, C-665/17 P agus C-669/17 P, EU:C:2019:923).

Maíonn an t-achomharcóir gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go hearráideach d’éileamh an achomharcóra maidir le mainneachtain BCE fógra a thabhairt don achomharcóir faoin gCinneadh atá faoi chonspóid ar an bhforas go ndearna an Chúirt Ghinearálta fíorais an cháis ina leith sin a shaobhadh agus gur bhain sí an bonn d’éifeachtaí chásdlí na Cúirte Breithiúnais i mír 72 dá breithiúnas uaithi an 8 Iúil 1999, Hoechst v an Coimisiún (C-227/92 P, EU:C:1999:360).

Ina theannta sin, maíonn an t-achomharcóir gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go hearráideach d’éileamh an achomharcóra maidir le heaspa ionadaíochta an achomharcóra le linn an nós imeachta as ar tháinig an Cinneadh atá faoi chonspóid. Rinne an Chúirt Ghinearálta fíorais an cháis a shaobhadh trí mhainneachtain a chur san áireamh go luaitear go sainráite sa Chinneadh atá faoi chonspóid nach raibh baint ag an achomharcóir leis an nós imeachta ba bhun leis an gCinneadh atá faoi chonspóid agus, dar le BCE, nár ghá baint a bheith aige leis an nós imeachta.

Ar deireadh, maíonn an t-achomharcóir gur dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta go hearráideach d’éileamh an achomharcóra gur sáraíodh ceart an achomharcóra chun éisteacht a fháil agus eascraíonn an earráid sin freisin as mhainneachtain na Cúirte Ginearálta a chur san áireamh nach raibh baint ag an achomharcóir leis an nós imeachta ba chúis leis an gCinneadh atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear go ndearna an Chúirt Ghinearálta earráid sa chaoi ar léirmhínigh sí cinneadh ó BCE sular athbhreithnigh Bord Riaracháin Athbhreithnithe BCE (“ABoR”), ar thaobh amháin, agus cinneadh ó BCE tar éis athbhreithniú ó ABoR ar an taobh eile. I ndáil leis sin, maíonn an t-achomharcóir gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta an ionchas dlisteanach a bhí bunaithe aici ina hOrdú an 17 Samhain 2021, Trasta Komercbanka v BCE (T-247/16 RENV, nár foilsíodh EU:T:2021:809)

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear go ndiúltaíonn an Chúirt Ghinearálta go hearráideach do shárú líomhnaithe an achomharcóra ar Airteagal 24(7) de Rialachán 1024/2013 (1) trí bhreithniú go hearráideach go bhfuil cinneadh le héifeacht ex tunc beartaithe ag an bhforáil sin. Mheas an Coimisiún freisin go raibh an dearcadh seo ón gCúirt Ghinearálta earráideach (féach mír 37 d’Ordú an 17 Samhain 2021, Trasta Komercbanka v BCE (T-247/16 RENV, nár foilsíodh, EU:T:2021:809).


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO 2013 L 287, lch. 63).


Top