This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0555
Judgment of the Court (Fifth Chamber) of 26 June 2025.#Makeleio EPE and Zougla G.R. AE v Ethniko Symvoulio Radiotileorasis (ESR).#Requests for a preliminary ruling from the Symvoulio tis Epikrateias.#Reference for a preliminary ruling – Directive 2010/13/EU – Audiovisual media service providers – National legislation requiring respect for human dignity and prohibiting the broadcasting of content of poor quality – Principle of interpreting national law in conformity with EU law – Limits – Principle that offences and penalties must be defined by law – Principle of legal certainty.#Joined Cases C-555/23 and C-556/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2025 Meitheamh 26.
Makeleio EPE v Ethniko Symvoulio Radiotileorasis (ESR).
Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2010/13/AE – Soláthraithe seirbhísí meán closamhairc – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear dínit an duine a urramú agus lena dtoirmisctear ábhair ar dhroch-chaighdeán a chraoladh – Prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais – Teorainneacha – Prionsabail na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.
Cás C-555/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Cúigiú Dlísheomra) 2025 Meitheamh 26.
Makeleio EPE v Ethniko Symvoulio Radiotileorasis (ESR).
Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2010/13/AE – Soláthraithe seirbhísí meán closamhairc – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear dínit an duine a urramú agus lena dtoirmisctear ábhair ar dhroch-chaighdeán a chraoladh – Prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais – Teorainneacha – Prionsabail na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla.
Cás C-555/23.
Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:484
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)
26 Meitheamh 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Treoir 2010/13/AE – Soláthraithe seirbhísí meán closamhairc – Reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear dínit an duine a urramú agus lena dtoirmisctear ábhair ar dhroch-chaighdeán a chraoladh – Prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais – Teorainneacha – Prionsabail na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla)
I gCásanna Uamtha C‑555/23 agus C‑556/23,
DHÁ IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit, an Ghréig), trí bhreitheanna an 2 Lúnasa 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 4 Meán Fómhair 2023, sna himeachtaí
Makeleio EPE (C‑555/23),
Zougla G.R. AE (C‑556/23)
v
Ethniko Symvoulio Radiotileorasis (ESR),
tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: M. L. Arastey Sahún (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, D. Gratsias, E. Regan, J. Passer agus B. Smulders, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: T. Ćapeta,
Cláraitheoir: L. Carrasco Marco, Riarthóir,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 16 Deireadh Fómhair 2024,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Makeleio EPE, ag S. Charalampous, dikigoros, |
|
– |
Ethniko Symvoulio Radiotileorasis (ESR), ag Z. Chatzipavlou agus A. Dimitrakopoulou, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Gréige, ag Z. Chatzipavlou, K. Konsta, M. Tassopoulou agus D. Tsagkaraki, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
Rialtas na Sualainne, ag F.-L. Göransson, J. Olsson, A. Runeskjöld agus H. Shev, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag O. Gariazzo, L. Malferrari, G. Meessen agus D. Triantafyllou, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 30 Eanáir 2025,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann na hiarrataí ar réamhrialú le léiriú, ar an gcéad dul síos, Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le ‘Seirbhísí Meán Closamhairc’) (IO 2010 L 95, lch. 1), arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 (IO 2018 L 303, lch. 69) (‘Treoir 2010/13’), agus, ar an dara dul síos, ar Airteagail 20 agus 21 agus Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). |
|
2 |
Rinneadh na hiarrataí seo in dhá shraith imeachtaí idir, faoi seach, Makeleio EPE, i gCás C‑555/23 agus Zougla G.R. AE (‘Zougla’) i gCás C‑556/23, agus Ethniko Symvoulio Radiotileorasis (ESR) (an Chomhairle Náisiúnta Raidió agus Teilifíse, an Ghréig) maidir le dlíthiúlacht dhá chinneadh lena bhforchuirtear fíneáil riaracháin ar na cuideachtaí sin as ábhair chlosamhairc ar dhroch-chaighdeán a chraoladh agus as sárú ar an oibleagáid dínit an duine a urramú (‘na cinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí’). |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2010/13
|
3 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 11, 18, 21, 38, 41, 59, 83 agus 104 de Threoir 2010/13:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
De réir Airteagal 1(1) de Threoir 2010/13: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
[...]
[...]
[...]
[...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 2(1) de Threoir 2010/13: ‘Áiritheoidh gach Ballstát go gcomhlíonfaidh gach seirbhís meán closamhairc arna dtarchur ag soláthraithe seirbhísí meán faoina dhlínse rialacha an dlí is infheidhme maidir le seirbhísí meán closamhairc atá beartaithe don phobal sa Bhallstát sin.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
De bhun Airteagal 4(1) den Treoir sin: ‘Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit ceangal a chur ar sholáthraithe seirbhísí meán faoina ndlínse rialacha níos mionchruinne nó níos déine a chomhlíonadh sna réimsí a chomhordaítear leis an Treoir seo, ar an gcoinníoll go bhfuil na rialacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 6(1) den Treoir sin: ‘Gan dochar don oibleagáid atá ar na Ballstáit dínit an duine a urramú agus a chosaint, áiritheoidh na Ballstáit trí mheáin iomchuí nach mbeidh an méid seo a leanas sna seirbhísí meán closamhairc atá á soláthar ag soláthraithe seirbhíse meán faoina ndlínse:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 9(1) de Threoir 2010/13: ‘Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ceanglais seo a leanas á gcomhlíonadh i gcumarsáid tráchtála closamhairc arna soláthar ag soláthraithe seirbhísí meán faoina ndlínse: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir (AE) 2018/1972
|
9 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithris 7 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO 2018 L 321, lch. 36): ‘[...] Cumhdaítear ábhar clár teilifíse le [Treoir 2010/13]. Is é is aidhm do rialáil beartais agus ábhair closamhairc cuspóirí leasa ginearálta a bhaint amach, amhail saoirse cainte, iolrachas na meán, neamhchlaontacht, éagsúlacht chultúrtha agus teanga, cuimsiú sóisialta, cosaint tomhaltóirí agus cosaint mionaoiseach. [...]’ |
|
10 |
De réir Airteagal 2(1) de Threoir 2018/1972, a cuireadh in ionad Airteagal 2(a) de Threoir 2002/21: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
Dlí na Gréige
Dlí 4779/2021
|
11 |
Foráiltear le hAirteagal 8 de nomos 4779/2021, Ensomatosi stin ethniki nomothesia tis Odigias (EE) 2010/13 tou Europaikou Koinovouliou kai tou Symvouliou tis 10is Martiou 2010 gia ton syntonismo orismenon nomothetikon, kanonistikon kai dioikitikon diatakseon ton kraton melon schetika me tin parochi ypiresion optikoakoustikon meson, opos echei tropopoiithi me tin Odigia (EE) 2018/1808 tou Europaikou Koinovouliou kai tou Symvouliou tis 14is Noemvriou 2018 kai alles diatakseis armodiotitas tis Genikis Grammateias Epikoinonias kai Enimerosis (Dlí 4779/2021 lena dtrasuítear sa dlí náisiúnta Treoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (An Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc), arna leasú le Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 agus na forálacha eile faoi inniúlacht na hArdrúnaíochta Cumarsáide agus Faisnéise) an 20 Feabhra 2021 (FEK A’ 27), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (‘Dlí 4779/2021’): ‘Níor cheart aon ghríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó ball de ghrúpa atá bunaithe ar chine, ar dhath craicinn, ar thionscnamh náisiúnta nó eitneach, ar shinsearacht, ar reiligiún, ar mhíchumas, ar ghnéaschlaonadh, ar fhéiniúlacht nó ar shaintréithe inscne a bheith sna seirbhísí meán closamhairc.’ |
|
12 |
Foráiltear le hAirteagal 36(1) de Dhlí 4779/2021: ‘I gcás sárú ar Airteagal 8 [...] ag soláthraí seirbhísí meán, bíodh síntiús aige nó ná bíodh, gearrfaidh [ESR] na pionóis dá bhforáiltear, faoi seach, le nomos 2644/1998 [– Gia tin parochi syndromitikon radiofonikon kai tileoptikon ypiresion kai synafeis diataxeis (Dlí 2644/1998 maidir le soláthar seirbhísí raidió agus teilifíse íoctha a sholáthar agus forálacha gaolmhara) an 13 Deireadh Fómhair 1998 (FEK A’ 233),] agus le nomos 2328/1995 [– Nomiko kathestos tis idiotikis tileorasis kai tis topikis radiophonías, rythmisi thematon tis radiotileoptikis agoras kai alles diataxeis (Dlí 2328/1995 maidir le stádas dlíthiúil craoltóirí teilifíse príobháideacha agus stáisiún raidió agus teilifíse áitiúla, rialáil an mhargaidh craolacháin agus forálacha gaolmhara) an 3 Lúnasa 1995 (FEK A’ 159).’ |
Dlí 2328/1995
|
13 |
De réir Airteagal 1 de Dhlí 2328/1995, sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (‘Dlí 2328/1995’): ‘1. Beidh cruthú, bunú agus oibriú cainéal teilifíse príobháideach, lena dtarchuirtear ar na cainéil atá ar fáil chun na críche sin nó ar radaimhinicíochtaí atá ar fáil ar chomhartha a fhaigheann glacadóirí baile go coitianta, faoi réir ceadúnas a eisítear i gcomhréir le forálacha an Dlí seo. Eisítear ceadúnais d’fhonn freastal ar leas an phobail agus is seirbhís phoiblí í a n‑úsáid. Tá gá leis na cainéil ar chucu a eisítear na ceadúnais sin chun cáilíocht an chláir, oibiachtúlacht na faisnéise, ráthaíocht an iolrachais agus cur chun cinn an chultúir a áirithiú trí chláir liteartha agus ealaíonta a chraoladh. 2. Bainfidh an ceadúnas cruthaithe, bunaithe agus oibríochta, le tarchur comhartha gan sreang, cainéil radaimhinicíochta, úsáid stáisiún trastíre nó satailítí [...]’ |
|
14 |
Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 4(1)(a) de Dhlí 2328/1995: ‘I ngach cás ina sáraítear forálacha na reachtaíochta náisiúnta, [reachtaíocht] an Aontais agus an dlí idirnáisiúnta lena rialaítear, go díreach nó go hindíreach, cainéil teilifíse phríobháideacha agus, ar bhonn níos ginearálta, oibriú teilifíse príobháidí [...], cinnfidh ESR [...] ceann amháin nó níos mó de na pionóis seo a leanas [...] a ghearradh. Roghnófar cineál na bpionós riaracháin agus déanfar é a ríomh de réir thromchúis an tsáraithe, de réir lucht féachana an chraolta ina ndearnadh an sárú, de réir an sciar den mhargadh seirbhísí raidió agus teilifíse a fuair sealbhóir an cheadúnais, i gcás inarb iomchuí, de réir mhéid na n‑infheistíochtaí a rinneadh nó a beartaíodh, agus de réir na féideartheachta go mbeidh sarú arís agus arís eile ann [...]’ |
Dlí 2863/2000
|
15 |
Foráiltear le hAirteagal 4(1) de nomos 2863/2000 – Ethniko Symvoulio Radiotileorasis kai alles arches kai organa tou tomea parochis radiotileoptikon ypiresion (Dlí 2863/2000 maidir leis an gComhairle Náisiúnta Raidió agus Teilifíse agus údaráis agus comhlachtaí eile i réimse na seirbhísí craolacháin) an 29 Samhain 2000 (FEK A’ 262), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí: ‘Feidhmíonn ESR rialú díreach an Stáit dá bhforáiltear leis an Syntagma tis Elladas (Bunreacht na Poblachta Heilléanaí) i réimse sholáthar na seirbhísí raidió agus teilifíse de gach cineál, trí ghníomhartha riaracháin aonair infhorfheidhmithe a ghlacadh. Go háirithe: [...]
|
Dlí 2644/1998
|
16 |
Foráiltear don mhéid seo a leanas le hAirteagal 1(1) de Dhlí 2644/1998: ‘I gcomhréir le hAirteagal 15 de Bhunreacht na Poblachta Heilléanaí, tá soláthar seirbhísí raidió agus seirbhísí teilifíse íoctha faoi réir rialú an Stáit agus is seirbhís phoiblí é arb é is cuspóir di faisnéis oibiachtúil neamhchlaonta agus ardleibhéal oideachais leanúnaigh agus siamsaíochta a chur ar fáil don phobal. Chun críocha an Dlí seo, ciallaíonn soláthar seirbhísí raidió agus seirbhísí teilifíse íoctha cláir raidió agus teilifíse a bhfuil rochtain orthu faoi réir coinníollacha arna bhforchur ag sealbhóir an cheadúnais dá bhforáiltear i bhforálacha an Dlí seo a tharchur go díreach chuig an bpobal trí aon mhodh teicniúil nó trí mhodh ar bith (go heisiach tarchuradóirí trastíre, líonraí cábla nó líonraí satailíte). Measfar freisin gurb ionann seirbhísí teilifíse a sholáthar thar líonraí leathanbhanda eile agus seirbhísí raidió agus teilifíse íoctha, beag beann ar an bhfuair nó nach bhfuair soláthraí na seirbhíse ceadúnas ó [ESR] le haghaidh na gclár a tharchuireann nó a tharchuireann sé, faoi chonradh chun na críche sin, cláir atá údaraithe i mBallstát eile.’ |
|
17 |
Foráiltear le hAirteagal 10 de Dhlí 2644/1998: ‘1. Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 3(1) go (12), (14), (17) agus (22) de [Dhlí 2328/1995] a bhaineann le hurraim do dhínit, do phríobháideachas agus do rannpháirtíocht ghinearálta an duine aonair sa saol eacnamaíoch, sóisialta agus polaitiúil, leis na socruithe agus na coinníollacha chun fógraí raidió agus teilifíse agus teachtaireachtaí gaolmhara eile a chraoladh, le leanaí a chosaint, le hiolrachas polaitiúil a ráthú agus le rochtain páirtithe ar chláir raidió agus teilifíse, agus le leasanna tomhaltóirí agus, ar bhonn níos ginearálta, leasanna na saoránach a chosaint, maidir le hábhar seirbhísí raidió agus teilifíse íoctha. 2. Beidh feidhm freisin ag na cóid iompair arna nglacadh de bhun Airteagal 3(2) de nomos 1866/1989 – Idrysi Ethinkou Symvouliou Radiotileoraseos kai parochi adeion gia tin idrysi kai leitourgia tileoptikon stathmon (Dlí 1866/1989 maidir leis an gComhairle Craolacháin Náisiúnta a bhunú agus eisiúint ceadúnas chun cainéil teilifíse a chruthú agus a oibriú) an 6 Deireadh Fómhair 1989 (FEK A’ 222) agus na cóid arna dtarraingt suas ag ESR agus arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 3(15) de [Dhlí 2328/1995] maidir le hábhair chlosamhairc a chraolann sealbhóirí ceadúnas faoin Dlí seo [...]’ |
|
18 |
De bhun Airteagal 12 de Dhlí 2644/1998, gearrfaidh ESR pionóis riaracháin i gcás sárú ar fhorálacha an Dlí sin, Dhlí an Aontais agus an Dlí idirnáisiúnta lena rialaítear soláthar seirbhísí raidió agus teilifíse a chumhdaítear leis an Dlí sin. |
Foraithne 77/2003 ón Uachtarán
|
19 |
Foráiltear le hAirteagal 1 de proedriko diatagma 77/2003 – Kodikas deontologias eidiseografikon kai allon dimosiografikon kai politikon ekpompon (Foraithne 77/2003 ón Uachtarán maidir leis an gcód eitice le haghaidh nuachta agus craoltaí iriseoireachta agus polaitiúla eile) an 28 Márta 2003 (FEK A’ 75), sa leagan is infheidhme maidir leis na díospóidí sna príomhimeachtaí (‘Foraithne 77/2003 ón Uachtarán’): ‘Beidh feidhm ag forálacha an Chóid seo maidir le cláir nuachta, iriseoireachta agus pholaitiúla maidir le stáisiúin phoiblí agus phríobháideacha raidió agus teilifíse [...]’ |
|
20 |
Foráiltear le hAirteagal 2(1) d’Fhoraithne 77/2003 ón Uachtarán: ‘Ní mór do na cláir nuachta agus do chláir iriseoireachta agus pholaitiúla eile an leibhéal cáilíochta is gá a áirithiú le misean sóisialta na raidió agus na teilifíse agus le forbairt chultúrtha na tíre [...]’ |
|
21 |
Foráiltear le hAirteagal 4 d’Fhoraithne 77/2003 ón Uachtarán: ‘1. Ní cheadaítear daoine a chur i láthair ar bhealach a d’fhéadfadh, in himthosca áirithe, uirísliú, leithlisiú sóisialta nó idirdhealú ina gcoinne ag cuid den phobal a spreagadh ar bhonn, inter alia, gnéis, cine, náisiúntachta, teanga, reiligiúin, idé-eolaíochta, aoise, breoiteachta, míchumais, ghnéaschlaonadh nó slí bheatha. 2. Ní cheadaítear teachtaireachtaí ná cáilitheoirí atá táireach, ciníoch, seineafóbach ná gnéasaíoch a chraoladh, chomh maith leis sin atá éadulangach agus, ar bhonn níos ginearálta, níor cheart difear a dhéanamh do mhionlaigh eitneacha ná reiligiúnacha ná do ghrúpaí leochaileacha nó laga eile.’ |
|
22 |
Is mar a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 9(2) d’Fhoraithne 77/2003 ón Uachtarán: ‘Ní mór caitheamh go cothrom, i gceart agus le dínit le daoine a ghlacann páirt i gcraoltaí nó a luaitear i gcraoltaí. Go háirithe, ní fhéadfar an bonn a bhaint dá bpearsantacht, dá n‑onóir ná dá ndínit. Ní mór a saol príobháideach agus a saol teaghlaigh, a ngníomhaíocht ghairmiúil agus a gceart chun tuairimí a nochtadh a urramú freisin. Níl cáineadh i contrárthacht le hurraim do chearta daoine a thaispeántar nó a luaitear.’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí, na ceisteanna a tharchuirtear tharchuirtear le haghaidh réamhrialú agus an nós imeachta os comhair na Cúirte Breithiúnais
|
23 |
Is cuideachtaí faoi rialú dhlí na Gréige iad Makeleio agus Zougla, a oibríonn suíomhanna gréasáin nuachtáin ar a chuirtear ábhair chlosamhairc ar fáil freisin. |
|
24 |
An 29 Meitheamh 2021, chraol Makeleio clár closamhairc ar a shuíomh gréasáin www.makeleio.gr inar thagair an láithreoir do chuairt ionadaithe phobal LADT+ ar Phríomh-Aire na Gréige trí léirithe ionsaitheacha a úsáid, go háirithe trí dhaoine homaighnéasacha a mhaslú agus dímheas a léiriú orthu. Thug an láithreoir sin barúlacha íorónta faoi ghnéaschlaonadh na ndaoine sin agus spreag sé an pobal chun dul i mbun ionsaithe ó bhéal nó ionsaithe fisiciúla orthu go hindíreach, rud a d’éiligh sé go raibh sé féin á dhéanamh nuair a bhí sé níos óige. |
|
25 |
An 22 Feabhra 2021, chraol Zougla clár raidió ar a shuíomh gréasáin www.zougla.gr arna tharchur ag stáisiún raidió a chraolann ar an idirlíon freisin. Craoladh an clár sin ar shuíomh gréasáin Zougla i bhfoirm chlosamhairc. Le linn an chláir sin, rinne an láithreoir, i ndáil le himeachtaí coiriúla maidir le gníomhartha péidifilia a líomhnaítear i gcoinne tríú páirtithe, ionsaí ó bhéal ar dhaoine polaitiúla áirithe trí bharúlacha clúmhillteacha agus ionsaitheacha a thabhairt fúthu. Sa chomhthéacs sin, rinne an láithreoir sin cur síos ar cheann de na daoine sin, go háirithe, amhail ‘go ndéanann siad péidifiligh a chosaint agus poist freagrachta a shannadh dóibh a chuir ar a gcumas iarracht a dhéanamh a mianta gnéis déistineacha a shásamh’ agus chuir sé in iúl go raibh an duine lena mbaineann ‘ar a laghad mar ghríosóir agus mar chomh-údar’ ar ghníomhartha péidifilia agus éignithe ar mhionaoisigh a chuirtear i leith tríú páirtithe. |
|
26 |
Bhí an dá chlár sin (‘na cláir atá i gceist sna príomhimeachtaí’) faoi réir nós imeachta os comhair ESR. |
|
27 |
Mheas ESR gur thagair an clár a chraol Makeleio roinnt uaireanta, ar bhealach dímheasúil agus maslach go follasach, do ghrúpa sonrach den daonra ar bhonn ghnéaschlaonadh a bhaill, rud a spreag uirísliú agus stiogmatú sóisialta ina leith. I bhfianaise na bhfíoras sin, i gCinneadh Uimh. 140/2021, chinn ESR gur sháraigh Makeleio, ar an gcéad dul síos, an toirmeasc ar ghríosú chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine mar gheall ar ghnéaschlaonadh a bhall, a leagtar amach in Airteagal 8 de Dhlí 4779/2021 agus, ar an dara dul síos, an oibleagáid luach agus dínit an duine a urramú agus an toirmeasc ar ábhar ar dhroch-chaighdeán a chraoladh, de bhun Airteagal 1(1) de Dhlí 2328/1995 agus Airteagal 2(1), Airteagal 4 agus Airteagal 9(2) d’Fhoraithne 77/2003 ón Uachtarán. Dá bhrí sin, ghearr ESR fíneáil de mhéid EUR 30000 ar Makeleio as gach ceann den dá shárú a rinneadh. |
|
28 |
Maidir leis an gclár a chraol Zougla, mheas ESR, faoi scáth fíorfhaisnéise agus fíorfhíorais, gur chuir an clár sin toimhdí agus seasaimh a láithreora in iúl don phobal, a bhí go hiomlán gan bhunús agus a bhí ina maslaí do na daoine a luaitear ann, rud a d’fhág go raibh an clár raidió a athchraoladh ‘ar droch-chaighdeán suntasach’ agus gur bhain sé an bonn de dhínit na ndaoine sin. I bhfianaise na bhfíoras sin, i gCinneadh Uimh. 99/2021, chinn ESR gur sháraigh Zougla an oibleagáid luach agus dínit an duine a urramú agus an toirmeasc ar ábhar ar dhroch-chaighdeán a chraoladh, de bhun Airteagal 1(1) de Dhlí 2328/1995 agus Airteagal 2(1), Airteagal 4 agus Airteagal 9(2) d’Fhoraithne 77/2003 ón Uachtarán. Dá bhrí sin, ghearr ESR dhá fhíneáil de mhéid EUR 40000 agus EUR 80000, faoi seach, ar Zougla, mar gheall ar an dá shárú sin a rinneadh. |
|
29 |
Agus na cinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí á nglacadh aige, thug ESR faoi deara, de réir a bhfoclaíochta, go raibh feidhm ag forálacha an dlí náisiúnta ar ar bhunaigh sé na cinntí sin amháin, maidir le soláthraithe seirbhísí teilifíse traidisiúnta, eadhon seirbhísí teilifíse arna gcraoladh ag oibreoirí teilifíse trí mhinicíochtaí craolacháin analógacha agus digiteacha, trí shatailítí nó trí líonraí leathanbhanda. |
|
30 |
Mar sin féin, ar bhonn na gcritéar léirithe a bhaineann leis an gcoincheap ‘seirbhís meán closamhairc’, de réir bhrí Threoir 2010/13, de réir an chásdlí a d’eascair as breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2015, New Media Online (C‑347/14, EU:C:2015:709), ónar léir go dtagann ábhair chlosamhairc arna gcraoladh ar an idirlíon ag oibreoir nach oibreoir cainéil teilifíse é faoin gcoincheap sin, léirigh ESR na forálacha sin den dlí náisiúnta amhail, in ainneoin a bhfoclaíochta, go raibh siad infheidhme freisin maidir le soláthraithe ábhar closamhairc a chraoltar tríd an idirlíon (‘soláthraithe seirbhísíe teilifíse ar líne’), lena n‑áirítear Makeleio agus Zougla. |
|
31 |
Thionscain Makeleio agus Zougla caingne le haghaidh neamhniú os comhair an Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit, an Ghréig), arb í an chúirt a rinne an tarchur, i gcoinne na gcinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí. |
|
32 |
De réir an tseasaimh atá i réim laistigh den Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit), ba ghá na forálacha náisiúnta ar ar bhunaigh ESR na cinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí a léiriú sa chaoi nach bhfuil feidhm acu maidir le soláthraithe seirbhísí teilifíse ar líne. |
|
33 |
Sna himthosca sin, chinn an Symvoulio tis Epikrateias (an Chomhairle Stáit) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt le haghaidh réamhrialú, ceisteanna atá i dtéarmaí comhionanna i gCásanna C‑555/23 agus C‑556/23:
|
|
34 |
Le cinneadh ó Uachtarán na Cúirte an 2 Deireadh Fómhair 2023, rinneadh Cásanna C‑555/23 agus C‑556/23 a uamadh chun críocha na gcodanna i scríbhinn agus ó bhéal den nós imeachta agus den bhreithiúnas. |
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
Réamhbharúlacha
Aicmiú na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí mar ‘sholáthraithe seirbhísí meán’ de réir bhrí Threoir 2010/13
|
35 |
Mar is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú, tá na ceisteanna a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur bunaithe ar an mbonn gurb ionann craoladh na gclár atá i gceist sna príomhimeachtaí agus seirbhís meán closamhairc a chumhdaítear le Treoir 2010/13, agus mar thoradh air sin gur ‘soláthraithe seirbhísí meán’ iad na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí de réir bhrí na Treorach sin. |
|
36 |
Ina bharúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht, mhaígh Makeleio, áfach, nach ‘soláthraí seirbhísí meán’ é de réir bhrí na Treorach sin agus, dá bhrí sin, nach bhfuil feidhm ag an Treoir maidir leis. |
|
37 |
I ndáil leis sin, ní mór a mheabhrú, i gcomhthéacs roinnt na ndlínsí idir cúirteanna an Aontais agus an chúirt náisiúnta, gur faoin gcúirt náisiúnta atá sé, i bprionsabal, a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha fíorasacha is cúis le cur i bhfeidhm riail an Aontais sa chás atá ar feitheamh os a comhair, agus go bhféadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, agus réamhrialú á thabhairt aici, i gcás inarb iomchuí, soiléiriú a thabhairt atá beartaithe chun treoir a thabhairt don chúirt sin maidir lena léiriú (breithiúnas an 15 Márta 2012, SCF, C‑135/10, EU:C:2012:140, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
38 |
Dá bhrí sin, is faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé an treoir is gá a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur maidir le léiriú an choincheapa ‘seirbhís meán closamhairc’, de réir bhrí na Treorach sin, ionas gur féidir léi a fháil amach an dtagann craoladh na gclár atá i gceist sna príomhimeachtaí faoin gcoincheap sin i ndáiríre agus ar cheart, i ndáil leis na cláir sin, Makeleio agus Zougla a mheas, dá bhrí sin, mar ‘sholáthróirí seirbhísí meán’ de réir bhrí na Treorach sin. |
|
39 |
Sa chomhthéacs sin, ba cheart a mheabhrú, de réir an tsainmhínithe in Airteagal 1(1)(a)(i) de Threoir 2010/13, go dtagraíonn an coincheap ‘seirbhís meán closamhairc’ do sheirbhís mar a shainmhínítear in Airteagail 56 agus 57 CFAE, i gcás ina bhfuil príomhchuspóir na seirbhíse nó cuid indealaithe di dírithe ar chláir a sholáthar, faoi fhreagracht eagarthóireachta soláthraí seirbhísí meán, don phobal i gcoitinne, chun eolas, siamsaíocht nó oideachas a chur ar fáil trí líonraí cumarsáide leictreonaí de réir bhrí Airteagal 2(a) de Threoir 2002/21. |
|
40 |
Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 1(1)(d), de Threoir 2010/13, chun críocha na Treorach sin, is é an ‘soláthraí seirbhísí meán’ an duine nádúrtha nó dlítheanach ar a bhfuil freagracht eagarthóireachta as ábhar closamhairc na seirbhíse meán closamhairc a roghnú agus a chinneann an modh a n‑eagraítear é. |
|
41 |
Ar an gcéad dul síos, is iomchuí a shoiléiriú, mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 1(1)(a)(i) de Threoir 2010/13, arna léamh i bhfianaise Airteagal 2(1) de Threoir 2018/1972, a cuireadh in ionad Airteagal 2(a) de Threoir 2002/21, go bhféadfadh craoladh clár trí mhinicíochtaí craolacháin analógacha agus digiteacha, agus craoladh clár tríd an idirlíon teacht faoin gcoincheap ‘seirbhísí meán closamhairc’ de réir bhrí Threoir 2010/13. |
|
42 |
Leanann sé go gcumhdaítear leis an gcoincheap ‘soláthraithe seirbhísí meán’, de réir bhrí na Treorach sin, na soláthraithe seirbhíse teilifíse traidisiúnta dá dtagraítear i mír 29 den bhreithiúnas seo agus soláthraithe seirbhísí teilifíse ar líne araon. |
|
43 |
Ar an dara dul síos, ní chonspóidtear, sa chéad áit, gur craoladh na craoltaí atá i gceist sna príomhimeachtaí chun críoch faisnéise nó siamsaíochta agus, sa dara háit, gur craoladh iad ar shuíomhanna gréasáin agus, dá bhrí sin, trí líonraí cumarsáide leictreonaí, de réir bhrí Airteagal 2(1) de Threoir 2018/1972. |
|
44 |
Ar an tríú dul síos, mar is léir ó Airteagal 1(1)(b) de Threoir 2010/13, tagraíonn an coincheap ‘clár’, de réir bhrí na Treorach sin, do ‘shraith íomhánna gluaisteacha, [...] is ionann agus mír aonair, beag beann ar a fad laistigh de sceideal nó de chatalóg a bhunaíonn soláthraí seirbhíse meán, lena n‑áirítear scannáin fhada, gearrthóga físe, ócáidí spóirt, drámaí grinn suímh, cláir faisnéise, cláir do leanaí agus drámaí úra’. |
|
45 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, maidir le físeáin d’fhad gearr a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin nuachtáin a chomhfhreagraíonn do ghearrthóga gearra a bhaintear as feasacháin áitiúla nuachta, spóirt nó siamsaíochta, gur chinn an Chúirt go dtagann físeáin den sórt sin faoin gcoincheap ‘clár’ de réir bhrí Airteagal 1(1)(b) de Threoir 2010/13 (breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2015, New Media Online, C‑347/14, EU:C:2015:709, mír 24). |
|
46 |
Chun teacht ar an measúnú sin, bhraith an Chúirt go háirithe ar an bhfíoras, amhail clár teilifíse, go bhfuil na físeáin sin dírithe ar ollphoiblí agus gur dócha go mbeidh tionchar soiléir acu ar an bpobal sin, de réir bhrí aithris 21 den Treoir sin. Thairis sin, níl difríocht idir an chaoi a roghnaítear na físeáin sin, a mhéid a áirítear leis an bhféidearthacht, d’úsáideoir idirlín, rochtain a fháil ar an bhfíseán ar díol spéise é dó tráth a roghnaíodh agus ar iarraidh aonair ar bhonn catalóg nó liosta arna tharraingt suas ag oibreoir an nuachtáin ar líne, agus an méid sin a chuirtear ar fáil i gcomhthéacs seirbhísí meán closamhairc ar éileamh, a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin. Ar deireadh, bíonn físeáin a bhaineann leis an nuacht in iomaíocht leis na seirbhísí faisnéise a chuireann soláthraithe craoltóireachta teilifíse ar fáil, cé go bhfuil na físeáin a bhaineann le himeachtaí cultúrtha nó spóirt nó le tuairiscí siamsaíochta in iomaíocht le cainéil cheoil, cainéil spóirt agus cláir siamsaíochta (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2015, New Media Online, C‑347/14, EU:C:2015:709, míreanna 21 agus 23). |
|
47 |
Sa chás seo, ag an éisteacht, dhearbhaigh ESR go raibh an clár atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaineann le Makeleio ina chlár a craoladh go laethúil ar shuíomh gréasáin an eintitis sin, i bhfoirm chlosamhairc, gur mhair an clár sin roinnt uaireanta an chloig, go raibh a ainm féin aige agus gur chuir an t‑iriseoir céanna i láthair é, gur craoladh é le lógó Makeleio, gur chuir Makeleio in iúl don phobal, ar a shuíomh gréasáin, craoladh laethúil an chláir sin agus a amanna craolta, go raibh craoladh an chláir sin líneach ar dtús, agus go gcuirtear é ar fáil ar líne ina dhiaidh sin ionas go bhféadfadh daoine leasmhara rochtain a fháil air ar éileamh agus go raibh, ar an suíomh gréasáin sin, liosta lena gceadaítear cláir roimhe sin a chuardach. Dhearbhaigh ESR freisin go raibh na saintréithe céanna i réim maidir leis an gclár atá i gceist sna príomhimeachtaí a bhaineann le Zougla. |
|
48 |
Dá bhrí sin, faoi réir fhíorú na cúirte a rinne an tarchur, ní mór a mheas gurb ionann na cláir atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar fhíseáin laistigh de sceideal nó de chatalóg na tairisceana closamhairc a thairgtear sa leagan leictreonach de nuachtán, agus ‘cláir’ de réir bhrí Airteagal 1(1)(b) de Threoir 2010/13. |
|
49 |
Ar an gceathrú dul síos, maidir leis na critéir nach mór don chúirt a rinne an tarchur a chur san áireamh chun críocha measúnú a dhéanamh ar ‘phríomhchuspóir’, de réir bhrí Airteagal 1(1)(a)(i) de Threoir 2010/13, de sheirbhís soláthair físe a thairgtear mar chuid de leagan leictreonach nuachtáin, chinn an Chúirt nach mór measúnú den sórt sin a dhíriú ar scrúdú a dhéanamh ar an bhfuil ábhar agus feidhm neamhspleách ag an tseirbhís sin inti féin i ndáil le gníomhaíochtaí iriseoireachta oibreoir an tsuímh gréasáin atá i gceist agus nach comhlánú doscartha é ar an ngníomhaíocht sin, go háirithe mar gheall ar na naisc idir an tairiscint chlosamhairc agus an tairiscint théacsúil (breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2015, New Media Online, C‑347/14, EU:C:2015:709, mír 37). |
|
50 |
Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a mheas an bhfuil ábhar agus feidhm neamhspleách ag na cláir atá i gceist sna príomhimeachtaí maidir leo siúd a bhaineann le hailt chlóite phreasa fhoilsitheoir an nuachtáin ar líne. Más amhlaidh an cás, tagann na cláir sin faoi raon feidhme Threoir 2010/13. Ar an taobh eile, más cosúil nach bhfuil sna cláir sin ach comhlánú doscartha ar ghníomhaíocht iriseoireachta an fhoilsitheora sin, go háirithe mar gheall ar na naisc atá acu leis an tairiscint théacsúil, ní thagann siad faoi raon feidhme na Treorach sin. |
|
51 |
I ndáil leis sin, is léir ó chásdlí na Cúirte gur cosúil ón bhfíoras go bhfuil na físeáin a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin nuachtáin inrochtana agus inchuardaithe go neamhspleách ar ailt an leagain leictreonaigh den nuachtán sin a léamh, go bhféadfaí a mheas go bhfuil ábhar agus feidhm neamhspleách ag an tseirbhís soláthair físe a thairgtear ar shuíomh gréasáin den sórt sin i ndáil le gníomhaíochtaí iriseoireachta oibreoir an tsuímh gréasáin sin agus, dá bhrí sin, gur seirbhís í atá éagsúil ó na seirbhísí eile a chuireann an suíomh gréasáin sin ar fáil (breithiúnas an 21 Deireadh Fómhair 2015, New Media Online, C‑347/14, EU:C:2015:709, mír 36). |
|
52 |
Ar an gcúigiú dul síos, faoi Airteagal 1(1)(c) de Threoir 2010/13, chun críocha na Treorach sin, ciallaíonn an coincheap ‘freagracht eagarthóireachta’ smacht éifeachtach a fheidhmiú ar roghnú na gclár agus ar a n‑eagrú, de réir sceideal croineolaíoch, i gcás craoltaí teilifíse, nó i gcatalóg, i gcás seirbhísí meán closamhairc ar éileamh. |
|
53 |
Maidir le seirbhís soláthair físe a thairgtear ar shuíomh gréasáin nuachtáin, ní mór a mheas go bhféadfadh baint a bheith ag smacht den sórt sin, inter alia, le físeáin a phostáil agus a bhaint, leis an sceideal agus leis na hamanna a bhaineann le físeáin a chraoladh ar an suíomh gréasáin sin, leis an tréimhse ar lena linn a bheidh rochtain ag úsáideoirí idirlín orthu, le struchtúr an tsuímh gréasáin sin, leis an gcaoi a ndéantar na físeáin a chur i láthair agus a roghnú, leis an gcóras cuardaigh físe agus le hábhar an tsuímh gréasáin sin a uasdátú. |
|
54 |
Cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé a mheas an bhfuil freagracht eagarthóireachta, de réir bhrí Airteagal 1(1)(c) de Threoir 2010/13, maidir leis na cláir atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar Makeleio agus Zougla, tugtar le fios leis na tosca dá dtagraítear i mír 47 den bhreithiúnas seo gurb amhlaidh a bheadh. Ós rud é, arna dhearbhú ag Makeleio ag an éisteacht, sa chéad áit, gur iriseoir a bhí fostaithe ag an eintiteas sin chun craoltaí beo a dhéanamh agus an clár sin a chur i láthair ar bhonn laethúil a bhí i láithreoir an chraolta atá i gceist sna príomhimeachtaí ina leith agus, sa dara háit, gur chinn Makeleio an clár atá i gceist sna príomhimeachtaí a chraoladh ina leith, comhthacaíonn sé leis gur ghlac an t‑eintiteas sin freagracht eagarthóireachta as. |
|
55 |
I bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i míreanna 37 go 54 den bhreithiúnas seo, agus faoi réir na bhfíoruithe a bheidh faoin gcúirt a rinne an tarchur a dhéanamh, ní mór na ceisteanna a tharchuirtear a fhreagairt ar an mbonn, ar an gcéad dul síos, gur ‘soláthraithe seirbhísí meán’ iad Makeleio agus Zougla, de réir bhrí Threoir 2010/13 agus, go háirithe, soláthraithe seirbhísí teilifíse ar líne agus, ar an dara dul síos, gurb ionann craoladh na gclár atá i gceist sna príomhimeachtaí agus ‘seirbhís meán closamhairc’ de réir bhrí na Treorach sin. |
Léiriú na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí
|
56 |
Ina bharúlacha i scríbhinn, cuireann an Coimisiún Eorpach amhras in iúl maidir le léiriú na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, arna ghlacadh ag an gcúirt a rinne an tarchur, ar dá réir nach bhfuil feidhm ag na forálacha náisiúnta lena leagtar síos an oibleagáid, faoi réir pionóis, luach dhínit an duine a urramú agus toirmeasc, faoi réir pionóis freisin, ar chraoladh ábhar ar dhroch-chaighdeán, maidir le soláthraithe seirbhísí teilifíse ar líne. |
|
57 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú, mar is léir ón gcásdlí socair, maidir le léiriú fhorálacha an dlíchórais náisiúnta, go gceanglaítear ar an gCúirt, i bprionsabal, brath ar na cáilíochtaí a eascraíonn as an ordú tarchuir. Níl aon dlínse ag an gCúirt dlí náisiúnta Ballstáit a léiriú (breithiúnas an 5 Nollaig 2023, Deutsche Wohnen, C‑807/21, EU:C:2023:950, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
58 |
Dá bhrí sin, is ar an mbonn nach bhfuil feidhm ag an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí maidir le soláthraithe seirbhísí teilifíse ar líne nach mór na ceisteanna a tharchuirtear a fhreagairt. |
An chéad cheist
|
59 |
Mar réamhphointe, is léir ó na hiarrataí ar réamhrialú go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, ag féachaint don reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, an dtagann, sa chéad áit, an oibleagáid luach dhínit an duine a urramú agus, sa dara háit, an toirmeasc ar ábhar ar dhroch-chaighdeán a chraoladh faoi raon feidhme Threoir 2010/13. |
|
60 |
Mar is léir óna teideal agus ó aithris 11, tá sé d’aidhm le Treoir 2010/13 comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar d’fhonn fíormhargadh inmheánach sna seirbhísí sin a chomhlánú. Chuige sin, leagtar síos leis an Treoir sin sraith íosta rialacha comhordaithe is infheidhme maidir le gach seirbhís meán closamhairc, a mbaineann cuid acu, mar is léir ó aithris 18 den Treoir sin agus ó aithris 7 de Threoir 2018/1972, le hábhar na seirbhísí sin. |
|
61 |
É sin ráite, mar a chuir an tAbhcóide Ginearálta in iúl, go bunúsach, i mír 72 dá Tuairim, sa bhreis ar na híoscheanglais a leagtar síos le Treoir 2010/13, ní chuireann an Treoir sin isteach ar ábhair na seirbhísí meán closamhairc, ós rud é go léiríonn easpa cur isteach den sórt sin, thairis sin, rún reachtas an Aontais fíorchumhacht cinnteoireachta a fhágáil do sholáthraithe na seirbhísí sin maidir le hábhar den sórt sin, mar a leagtar amach in aithris 38 di. |
|
62 |
Dá bhrí sin, níl aon fhoráil i dTreoir 2010/13 a bhaineann le caighdeán, mar sin, d’ábhar na gclár a thagann faoina raon feidhme, ná ní leagtar síos inti aon fhoras chun toirmeasc a chur ar chraoladh ábhar ar bhonn cáilíocht íseal nó ar dhroch-chaighdeán. |
|
63 |
Dá bhrí sin, ní thagann an toirmeasc ar chraoladh ábhair ar dhroch-chaighdeán faoi raon feidhme Threoir 2010/13 a mhéid a théann toirmeasc den sórt sin thar na híoscheanglais a fhorchuirtear leis an Treoir sin. |
|
64 |
É sin ráite, sa chás seo, is léir ón bhfaisnéis atá sna hiarrataí ar réamhrialú, mar a dheimhnigh ESR freisin ag an éisteacht os comhair na Cúirte, gur aicmíodh ábhar na gclár atá i gceist sna príomhimeachtaí mar ábhar ar ‘dhroch-chaighdeán’ agus, dá bhrí sin, measadh go dtagann sé faoi thoirmeasc ar ábhair ar droch-chaighdeán a chraoladh a leagtar síos leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, toisc gur measadh gur sháraigh an t‑ábhar sin dínit an duine amháin. |
|
65 |
Dá bhrí sin, i bhfianaise na ndíospóidí atá i gceist sna príomhimeachtaí, ní mór a mheas, trína céad cheisteanna, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Treoir 2010/13 a léiriú sa chaoi go dtagann reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, faoi phian phionóis, ar gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhair ar an idirlíon, luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh, faoi raon feidhme na Treorach sin. |
|
66 |
I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara go gceanglaítear le hAirteagal 6(1) de Threoir 2010/13, atá ar cheann de na forálacha is infheidhme maidir le seirbhísí meán closamhairc i gCaibidil III den Treoir sin, ar na Ballstáit a áirithiú, trí bhearta iomchuí, nach bhfuil aon ghríosú i seirbhísí meán closamhairc arna soláthar ag soláthraithe faoina ndlínse chun foréigin nó fuatha a dhírítear i gcoinne grúpa daoine nó ar bhall de ghrúpa bunaithe ar aon cheann de na forais dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt, nó ar aon bhriogadh poiblí chun cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, ‘gan dochar don oibleagáid atá [orthu] dínit an duine a urramú agus a chosaint’. |
|
67 |
Leis sin, leag reachtas an Aontais síos mar sin an oibleagáid atá ar na Ballstáit ní hamháin dínit an duine a urramú agus Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 á chur chun feidhme, ach freisin dínit an duine a chosaint, lena dtugtar le tuiscint, go háirithe, mar is léir ón bhforáil sin a léamh ina hiomláine, gur faoi na Stáit sin atá sé na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú nach mbainfidh ábhair na seirbhísí meán closamhairc arna soláthar ag soláthraithe faoina ndlínse an bonn de luach dhínit an duine. |
|
68 |
Leanann sé ó fhoclaíocht Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 go gcumhdaítear leis an bhforáil sin an oibleagáid luach dhínit an duine a urramú agus an toirmeasc ar ábhar a bhaineann an bonn den luach sin a chraoladh. |
|
69 |
Ar an dara dul síos, tacaíonn comhthéacs Airteagal 6(1) le léiriú den sórt sin. |
|
70 |
I gcomhréir le hAirteagal 1(1)(a)(ii) de Threoir 2010/13, tagann cumarsáid tráchtála closamhairc faoin gcoincheap ‘seirbhís meán closamhairc’ de réir bhrí na Treorach sin. Ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 9 den Treoir sin, atá ar cheann de na forálacha i gCaibidil III den Treoir sin freisin, ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonann an chumarsáid sin ceanglais áirithe, lena n‑áirítear, go háirithe, de bhun mhír 1(c)(i) de, an ceanglas gan an bonn a bhaint de dhínit an duine, deimhnítear leis sin, sna réimsí a chomhordaítear leis an Treoir sin, gur fhéach reachtas an Aontais le foráil a dhéanamh do thoirmeasc atá bunaithe go sonrach ar an mbonn a bhaint de luach dhínit an duine, ar foras é atá mar atoradh ar an oibleagáid an luach sin a urramú. |
|
71 |
Ar an tríú dul síos, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar thaobh amháin, mar is léir ó aithris 104 de Threoir 2010/13, go bhféachtar leis an Treoir sin le limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chruthú do sheirbhísí meán closamhairc, agus ardleibhéal cosanta á ráthú do chuspóirí leasa ghinearálta agus, go háirithe, do dhínit an duine a chosaint. Ar an taobh eile, leanann sé ó aithris 59 den Treoir sin gur ar chúiseanna a bhaineann, go háirithe, le cosaint dhínit an duine i ngach seirbhís meán closamhairc atá sé rialacha amhail na rialacha sin a leagtar síos in Airteagal 6 den Treoir sin a achtú. |
|
72 |
Dá bhrí sin, tá léiriú Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 ar dá réir a chumhdaítear leis an bhforáil sin an oibleagáid luach dhínit an duine a urramú agus an toirmeasc ar chraoladh ábhair lena mbainfí an bonn den luach sin comhsheasmhach leis na cuspóirí a shaothraítear leis an Treoir sin agus leis na cuspóirí a shaothraítear leis an bhforáil sin féin. |
|
73 |
Dá bhrí sin, leanann sé ó léiriú litriúil, comhthéacsúil agus teileolaíoch Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 go dtagann an oibleagáid luach dhínit an duine a urramú agus an toirmeasc ar ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh faoin bhforáil sin agus, dá bhrí sin, faoi raon feidhme na Treorach sin. |
|
74 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar na chéad cheisteanna ná nach mór Treoir 2010/13 a léiriú sa chaoi go dtagann reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, faoi phian phionóis, ar gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhair ar an idirlíon, luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhair lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh faoi raon feidhme na Treorach sin agus, go háirithe, faoi Airteagal 6(1) di. |
An dara ceist
|
75 |
I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar na chéad cheisteanna, agus i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 64 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas, leis an dara ceist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 4(1) de Threoir 2010/13, arna léamh i bhfianaise phrionsabal na córa comhionainne, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, faoi phian phionóis, ar gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhair ar an idirlíon, luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh. |
|
76 |
Ba cheart a mheabhrú, ar bhonn Threoir 89/552/CEE ón gComhairle an 3 Deireadh Fómhair 1989 maidir le comhordú forálacha áirithe arna leagan síos le dlí, rialachán nó gníomh riaracháin i mBallstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (IO 1989 L 298, lch. 23), a ndearnadh an leagan leasaithe di a chódú le Treoir 2010/13, gur chinn an Chúirt nach ndéantar comhchuibhiú iomlán le treoir den sórt sin ar na rialacha a bhaineann leis na réimsí a bhfuil feidhm aici maidir leo, ach go leagtar síos inti íoscheanglais maidir le cláir a thagann ón Aontas agus a bheartaítear a fháil laistigh dó (breithiúnas an 18 Iúil 2013, Sky Italia, C‑234/12, EU:C:2013:496, mír 12 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
77 |
Sa chomhthéacs sin, mar is léir ó Airteagal 4(1) de Threoir 2010/13 agus aithrisí 41 agus 83 di, chun cosaint iomlán agus leordhóthanach leasanna tomhaltóirí is lucht féachana a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit, maidir le soláthraithe seirbhísí meán faoina ndlínse, rialacha níos mionsonraithe nó níos déine a leagan síos agus, i gcásanna áirithe, coinníollacha éagsúla, sna réimsí a chumhdaítear leis an Treoir sin, ar choinníoll go gcomhlíonann na rialacha sin dlí an Aontais agus, go háirithe, a phrionsabail ghinearálta (breithiúnas an 3 Feabhra 2021, Fussl Modestraße Mayr, C‑555/19, EU:C:2021:89, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
78 |
Ní leagtar síos le reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear luach dhínit an duine a urramú agus lena staonadh ó ábhair lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh ach an oibleagáid dínit an duine a urramú agus an foras do thoirmeasc atá bunaithe ar an mbonn a bhaint de luach dhínit an duine a leagtar síos in Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13, sa chaoi nach bhfuil rialacha ‘níos mionsonraithe’ nó ‘níos déine’ sa reachtaíocht sin, de réir bhrí Airteagal 4(1) den Treoir sin, agus, dá bhrí sin, nach dtagann sí faoi raon feidhme na forála deiridh sin. |
|
79 |
Dá bhrí sin, ní mór an dara ceist a fhreagairt i bhfianaise Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 seachas Airteagal 4(1) den Treoir sin. |
|
80 |
I ndáil leis sin, ní mór reachtaíocht náisiúnta nach bhforáiltear léi ach do cheanglas a eascraíonn as na híoscheanglais a leagtar síos leis an Treoir sin, amhail an oibleagáid luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a eascraíonn as Airteagal 6(1) den Treoir sin a chraoladh, a bheith infheidhme maidir le gach soláthraí seirbhísí meán atá faoi dhlínse an Bhallstáit lena mbaineann. |
|
81 |
Murab amhlaidh an cás, ní hamháin go ndéanfadh reachtaíocht náisiúnta den sórt sin neamhaird ar raon feidhme pearsanta Threoir 2010/13 agus, go háirithe, Airteagal 6(1) di, ach chuirfeadh sí i mbaol freisin baint amach an chuspóra maidir le margadh inmheánach a chruthú do sheirbhísí meán closamhairc a shaothraítear leis an Treoir sin agus an cuspóir maidir le dínit an duine a chosaint i ngach seirbhís meán closamhairc dá dtagraítear in Airteagal 6(1). |
|
82 |
Dá bhrí sin, tá reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí meán áirithe amháin luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh i gcontrárthacht le hAirteagal 6(1) de Threoir 2010/13. |
|
83 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, faoi phian phionóis, ar gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhar ar an idirlíon, luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh. |
An tríú ceist
|
84 |
I bhfianaise na bhfreagraí a tugadh ar an gcéad cheist agus ar an dara ceist, agus i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 64 den bhreithiúnas seo, ní mór a mheas, lena tríú ceist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, a chumhdaítear sa chéad abairt d’Airteagal 49(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena bhforchuirtear, ar phian phionóis, do gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhair tríd an idirlíon, chun luach dhínit an duine a urramú agus chun staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh, i gcomhréir leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, léiriú leathan a dhéanamh air ionas go n‑áireofar an dara catagóir de sholáthraithe seirbhísí meán laistigh dá raon feidhme. |
|
85 |
Is cásdlí socair é, agus a ndlí náisiúnta á chur i bhfeidhm acu, go gceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta é a léiriú a mhéid is féidir i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na Treorach atá i gceist chun an toradh atá á lorg aici a bhaint amach agus, dá bhrí sin, chun an tríú fomhír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh. Tá an oibleagáid sin an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais ina cuid dhílis de chóras Chonradh FAE sa mhéid is go gceadaítear léi do chúirteanna náisiúnta, maidir le hábhar laistigh dá ndlínse, éifeachtacht iomlán dhlí an Aontais a áirithiú nuair a chinneann siad na díospóidí atá os a gcomhair (breithiúnas an 24 Eanáir 2012, Dominguez, C‑282/10, EU:C:2012:33, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
86 |
Leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, ceanglaítear ar chúirteanna náisiúnta laistigh dá ndlínse, agus a ndlí náisiúnta uile á gcur san áireamh agus na modhanna léiritheacha a aithnítear leis an dlí sin á gcur i bhfeidhm, chun a áirithiú go bhfuil an Treoir atá i gceist go hiomlán éifeachtach agus chun teacht ar thoradh atá comhsheasmhach leis an gcuspóir atá á shaothrú aici (breithiúnas an 24 Eanáir 2012, Dominguez, C‑282/10, EU:C:2012:33, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
87 |
Mar sin féin, mar a chinn an Chúirt, tá an prionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais teoranta ag prionsabail ghinearálta an dlí, ar dlúthchuid de dhlí an Aontais iad agus, go háirithe, i bprionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, a chumhdaítear sa chéad abairt d’Airteagal 49(1) den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Meitheamh 2012, Caronna, C‑7/11, EU:C:2012:396, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear; an 24 Márta 2021, Prefettura Ufficio Territorio del governo di Firenze, C‑870/19 agus C‑871/19, EU:C:2021:233, mír 49 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 14 Deireadh Fómhair 2021, Ministerul Lucrărilor Publice, Dezvoltării şi Administraţiei, C‑360/20, EU:C:2021:856, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
88 |
Tugtar le tuiscint leis an bprionsabal sin, ar léiriú ar leith é ar phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla, nach mór, inter alia, na cionta agus na pionóis lena ngearrtar pionós orthu a shainiú go soiléir chun intuarthacht a áirithiú maidir le sainmhíniú an chiona agus cinneadh an phionóis araon (breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2024, Neves 77 Solutions, C‑351/22, EU:C:2024:723, mír 103 agus an cásdlí dá dtagraítear). Comhlíontar an coinníoll sin i gcás ina bhfuil duine aonair in ann a fháil amach, ar bhonn fhoclaíocht na forála ábhartha agus, más gá, le cabhair ón léiriú a thug na cúirteanna náisiúnta lena mbaineann dó, cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a fhágfaidh é faoi dhliteanas coiriúil (breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2023, an Coimisiún agus IGG v Dansk Erhverv, C‑508/21 P agus C‑509/21 P, EU:C:2023:669, mír 86 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
89 |
I ndáil leis sin, go háirithe, maidir le cás a bhaineann le méid an dliteanais choiriúil a eascraíonn as dlí arna ghlacadh chun treoir a chur chun feidhme, shoiléirigh an Chúirt, leis an bprionsabal lena gceanglaítear nach gcuirfear an dlí coiriúil i bhfeidhm go forleathan chun dochair don duine cúisithe, arb é atoradh phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, agus ar bhonn níos ginearálta ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla, go gcuirtear cosc ar imeachtaí coiriúla a thionscnamh mar gheall ar iompar nach bhfuil a chineál incháinte soiléir ón dlí (breithiúnas an 12 Nollaig 1996, X, C‑74/95 agus C‑129/95, EU:C:1996:491, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
90 |
I ndeireadh na dála, tá an oibleagáid atá ar an gcúirt náisiúnta an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais i bhfianaise treoir teoranta ag prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis ós rud é, mar a chinn an Chúirt arís agus arís eile, nach féidir le treoir, inti féin agus go neamhspleách ar dhlí Ballstáit arna ghlacadh lena chur i bhfeidhm, dliteanas coiriúil na ndaoine sin a dhéanann sárú ar a forálacha a chinneadh nó a ghéarú (féach, breithiúnas an 28 Meitheamh 2012, Caronna, C‑7/11, EU:C:2012:396, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
91 |
Ar deireadh, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil feidhm ag prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis maidir le cionta agus pionóis de chineál neamhchoiriúil (féach, chuige sin, breithiúnas an 28 Deireadh Fómhair 2010, SGS Belgium agus páirtithe eile, C‑367/09, EU:C:2010:648, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
92 |
Mar is léir ó mhír 82 den bhreithiúnas seo, tá reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, faoi phian phionóis, ar gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhar ar an idirlíon, luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh, contrártha d’Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13. |
|
93 |
Dá bhrí sin, cheanglófaí le reachtaíocht náisiúnta den sórt sin léiriú atá comhsheasmhach le léiriú Airteagal 6(1) de Threoir 2010/13 ionas go mbeadh soláthraithe a chraolann a n‑ábhar tríd an idirlíon faoi réir na hoibleagáide a leagtar síos leis an reachtaíocht sin freisin agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, pionós a ghearradh orthu i gcás go mbaintear an bonn den oibleagáid sin. |
|
94 |
I gcás nach bhforchuirtear leis an reachtaíocht náisiúnta oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí meán a chraolann a n‑ábhair tríd an idirlíon luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh, ná nach bhforáiltear léi, i leith na soláthraithe sin, do phionós a ghearradh i gcás sárú ar an oibleagáid sin, cuirtear cosc le prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ar na soláthraithe sin pionós a ghearradh ar na soláthraithe sin as iompar den sórt sin, cé go bhfuil an reachtaíocht náisiúnta sin i gcontrárthacht le hAirteagal 6(1) de Threoir 2010/13 (féach, de réir analaí, breithiúnas an 28 Meitheamh 2012, Caronna, C‑7/11, EU:C:2012:396, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
95 |
Dá bhrí sin, is ionann léiriú amhail an léiriú dá bhforáiltear i mír 93 den bhreithiúnas seo agus neamhaird a thabhairt ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus, dá bhrí sin, go mbeadh sé i gcontrárthacht leis na teorainneacha a eascraíonn as cineál aon treorach, lena dtoirmisctear, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 90 den bhreithiúnas seo, go bhféadfadh sé a bheith d’éifeacht ag treoir, inti féin agus go neamhspleách ar dhlí Ballstáit arna ghlacadh lena chur i bhfeidhm, dliteanas coiriúil na ndaoine sin a ghníomhaíonn de shárú ar a forálacha a chinneadh nó a ghéarú. |
|
96 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an tríú ceist ná nach mór prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, a chumhdaítear sa chéad abairt d’Airteagal 49(1) den Chairt, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gceanglaítear, faoi phian phionóis, ar gach soláthraí seirbhísí meán, cé is moite díobh siúd a chraolann a n‑ábhair ar an idirlíon, luach dhínit an duine a urramú agus staonadh ó ábhar lena mbainfí an bonn den luach sin a chraoladh, ó léiriú leathan a dhéanamh air, i gcomhréir leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, ionas go n‑áireofar an chatagóir sin de sholáthraithe seirbhísí meán faoina raon feidhme. |
An ceathrú agus an cúigiú ceist
|
97 |
I bhfianaise na bhfreagraí a tugadh ar na chéad cheisteanna, agus i bhfianaise na mbreithnithe a leagtar amach i mír 64 den bhreithiúnas seo, ní gá an ceathrú agus an cúigiú ceist a fhreagairt. |
Costais
|
98 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Ghréigis.