This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0410
Judgment of the Court (Fourth Chamber) of 8 May 2025.#I. SA v S. J.#Request for a preliminary ruling from the Sąd Okręgowy w Warszawie.#Reference for a preliminary ruling – Consumer protection – Directive 93/13/EEC – Unfair terms in consumer contracts – Article 2(b) – Concept of ‘consumer’ – Dual-purpose contract – Farmer concluding a contract for the purchase of a product intended for both agricultural and domestic use – Internal market for electricity – Directive 2009/72/EC – Article 3(7) – Annex I, paragraph 1 (a) – Household customer – Contract for the supply of electricity for a fixed period at a fixed price – Contractual penalty for early termination – National legislation limiting the amount of that penalty to the ‘costs and damages resulting from the contract’.#Case C-410/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) 2025 Bealtaine 8.
I. SA v S. J.
Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 2(b) – An coincheap ‘tomhaltóir’ – Conradh déchuspóra – Feirmeoir a thugann conradh i gcrích chun earra a cheannach atá beartaithe dá ghabháltas talmhaíochta agus dá úsáid teaghlaigh araon – Margadh inmheánach an leictreachais – Treoir 2009/72/CE – Airteagal 3(7) – Iarscríbhinn I(1)(a) – Custaiméir teaghlaigh – Conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe – Pionós conarthach mar gheall ar fhoirceannadh luath – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear teorainn ar mhéid an phionóis ag na ‘costais agus damáistí a eascraíonn as an gconradh’.
Cás C-410/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Ceathrú Dlísheomra) 2025 Bealtaine 8.
I. SA v S. J.
Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 2(b) – An coincheap ‘tomhaltóir’ – Conradh déchuspóra – Feirmeoir a thugann conradh i gcrích chun earra a cheannach atá beartaithe dá ghabháltas talmhaíochta agus dá úsáid teaghlaigh araon – Margadh inmheánach an leictreachais – Treoir 2009/72/CE – Airteagal 3(7) – Iarscríbhinn I(1)(a) – Custaiméir teaghlaigh – Conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe – Pionós conarthach mar gheall ar fhoirceannadh luath – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear teorainn ar mhéid an phionóis ag na ‘costais agus damáistí a eascraíonn as an gconradh’.
Cás C-410/23.
Court reports – general
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:325
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Ceathrú Dlísheomra)
8 Bealtaine 2025 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Cosaint tomhaltóirí – Treoir 93/13/CEE – Téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra – Airteagal 2(b) – An coincheap ‘tomhaltóir’ – Conradh déchuspóra – Feirmeoir a thugann conradh i gcrích chun earra a cheannach atá beartaithe dá ghabháltas talmhaíochta agus dá úsáid teaghlaigh araon – Margadh inmheánach an leictreachais – Treoir 2009/72/CE – Airteagal 3(7) – Iarscríbhinn I(1)(a) – Custaiméir teaghlaigh – Conradh soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe – Pionós conarthach mar gheall ar fhoirceannadh luath – Reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear teorainn ar mhéid an phionóis ag na ‘costais agus damáistí a eascraíonn as an gconradh’)
I gCás C‑410/23 [Pielatak] ( i ),
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá, an Pholainn), trí bhreith an 26 Bealtaine 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Iúil 2023, sna himeachtaí
I. SA
v
S. J.,
tugann AN CHÚIRT (an Ceathrú Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: I. Jarukaitis (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, N. Jääskinen, A. Arabadjiev, M. Condinanzi agus R. Frendo, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: A. Rantos,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag O. Beynet, M. Owsiany-Hornung agus T. Scharf, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 2(b) agus (c) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29) agus Airteagal 3(5) agus (7), agus Iarscríbhinn I(1)(a) agus (e) de Threoir 2009/72/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena n‑aisghairtear Treoir 2003/54/CE (IO 2009 L 211, lch. 55). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir I. S.A., soláthróir leictreachais (‘an soláthróir’), agus S. J., feirmeoir, maidir le pionós conarthach a íoc atá dlite mar thoradh ar S. J a bheith tar éis conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ag na páirtithe sin ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 93/13
|
3 |
De réir Airteagal 2 de Threoir 93/13: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2009/72
|
4 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 3, 7, 8, 51, 52, 54 agus 57 de Threoir 2009/72:
[...]
[...]
[...]
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Foráiltear le hAirteagal 1 den Treoir sin dar teideal ‘Ábhar agus raon feidhme’ mar seo a leanas: ‘Leagtar síos sa Treoir seo rialacha comhchoiteanna maidir le leictreachas a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh agus a sholáthar, chomh maith le forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí, d’fhonn margaí leictreachais iomaíocha a fheabhsú agus a chomhtháthú sa Chomhphobal. [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Cuimsíonn Airteagal 2 den Treoir sin na sainmhínithe seo a leanas: ‘Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: [...]
[...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 3(5) agus (7) den Treoir sin, dar teideal ‘Oibleagáidí seirbhíse poiblí agus cosaint tomhaltóirí’: ‘5. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na cearta dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) den chéad fhomhír a dheonú do na custaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de. [...] 7. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun na custaiméirí deiridh a chosaint, agus, go háirithe, áiritheoidh siad go mbeidh coimircí leormhaithe ann chun na custaiméirí leochaileacha a chosaint. [...] Áiritheoidh siad ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí, go háirithe maidir le trédhearcacht i dtaobh téarmaí agus coinníollacha conarthacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir leis an gcustaiméir incháilithe athrú go soláthróir nua go héasca. Maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, áireofar leis na bearta sin na cinn a leagtar amach in Iarscríbhinn I.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
8 |
Sonraítear in Airteagal 33(1) de Threoir 2009/72, dar teideal ‘Oscailt an mhargaidh agus an chómhalartacht’: ‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcuimseofar leis na custaiméirí incháilithe: [...] (c) amhail ón 1 Iúil 2007, gach custaiméir.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 37(1) den Treoir sin, dar teideal ‘Dualgais agus cumhachtaí an údaráis rialála’: ‘Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála: [...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
10 |
Foráiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, dar teideal ‘Bearta a bhaineann le cosaint tomhaltóirí’, i mír 1 di: ‘Gan dochar do rialacha an Chomhphobail maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí [(IO 1997 L 144, lch. 19)] agus Treoir [93/13], is é cuspóir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 3 a áirithiú:
[...]
[...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
11 |
Rinneadh Treoir 2009/72 a aisghairm agus a ionadú, le héifeacht ón 1 Eanáir 2021, le Treoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE (IO 2019 L 158, lch. 125), i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 72 de Threoir 2019/944. |
Treoir 2011/83/AE
|
12 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithris 17 de Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2011 L 304, lch. 64): ‘Ba cheart go dtiocfadh daoine nádúrtha atá ag gníomhú chun críocha lasmuigh dá dtrádáil, dá ngnó, dá gceird nó dá ngairm faoi chuimsiú an tsainmhínithe ar thomhaltóir. Mar sin féin, ba cheart i gcás conarthaí déchuspóra, ina dtugtar an conradh i gcrích chun críocha atá go páirteach laistigh agus lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine agus ina bhfuil an cuspóir gairmiúil chomh teoranta sin nach bhfuil sé ceannasach i gcomhthéacs foriomlán an chonartha, ba cheart a mheas gur tomhaltóir an té sin chomh maith.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Treoir 2019/944
|
13 |
De réir aithris 1 de Threoir 2019/944: ‘Tá roinnt leasuithe le déanamh ar Threoir [2009/72]. Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart an Treoir sin a athmhúnlú.’ |
|
14 |
Foráiltear le hAirteagal 12(2) agus (3) de Treoir 2019/944, dar teideal ‘An ceart chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile agus rialacha maidir le táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir’: ‘2. Áiritheoidh na Ballstáit nach ngearrfar aon táillí a bhaineann le hathrú ó sholáthróir, ar a laghad, ar chustaiméirí teaghlaigh, ar micrifhiontair agus ar fhiontair bheaga. 3. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt do na soláthróirí nó do na rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú táillí scortha conartha a ghearradh ar chustaiméirí i gcás ina scoirfidh na custaiméirí sin go toiliúil conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe roimh dháta aibíochta na gconarthaí sin, ar choinníoll go bhfuil na táillí sin ina gcuid de chonradh a rinne an custaiméir go toiliúil agus go ndéantar na táillí sin a chur in iúl don chustaiméir go soiléir sula ndéantar an conradh. Beidh na táillí sin comhréireach agus ní bheidh siad agus ní rachaidh siad thar an gcaillteanas eacnamaíoch díreach don soláthróir nó don rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú de thoradh an custaiméir an conradh a scor, lena n‑áirítear costais aon infheistíochtaí cuachta nó seirbhísí cuachta atá soláthraithe don chustaiméir cheana féin mar chuid den chonradh. Is ar an soláthróir nó ar an rannpháirtí sa mhargadh a bhíonn ag gabháil do comhbhailiú a bheidh an t‑ualach an caillteanas eacnamaíoch díreach a chruthú agus déanfaidh an t‑údarás rialála, nó aon údarás inniúil náisiúnta eile, faireachán ar a incheadaithe atá táillí scortha conartha.’ |
Dlí na Polainne
|
15 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 4j(3a) den ustawa – Prawo energetyczne (an tAcht um Fhuinneamh) an 10 Aibreán 1997 (Dz. U. Uimh. 54, mír 348) sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an tAcht um Fhuinneamh’): ‘Féadfaidh custaiméir deiridh conradh a fhoirceannadh, ar conradh é a tugadh i gcrích ar théarma seasta agus trína soláthraíonn cuideachta fuinnimh breoslaí gásacha nó fuinneamh dó, gan aon chostais ná damáistí a thabhú seachas iad siúd a eascraíonn as an gconradh, trí dhearbhú i scríbhinn a sheoladh chuig an gcuideachta fuinnimh.’ |
|
16 |
Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 483(1) den Ustawa – Kodeks cywilny (an Dlí maidir leis an gCód Sibhialta) an 23 Aibreán 1964 (Dz. U. Uimh. 16, mír 93) sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí (‘an Cód Sibhialta’) ‘Féadfar a shonrú sa chonradh go ndéanfar an damáiste a eascraíonn as neamhchomhlíonadh nó comhlíonadh míchuí oibleagáide neamhairgid a chúiteamh trí shuim sheasta (pionós conarthach) a íoc.’ |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
17 |
An 18 Márta 2017, thug S. J. agus an soláthróir conradh soláthair leictreachais (‘an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí’) i gcrích, lenar ceanglaíodh Iarscríbhinn 1 agus na coinníollacha ginearálta díolacháin, a bhí mar chuid lárnach dó. |
|
18 |
Foráladh le hAirteagal 7(2) den chonradh sin go raibh an conradh le tabhairt i gcrích ar théarma seasta go dtí an 31 Nollaig 2021 agus go gcuirfí tús leis an soláthar leictreachais an 1 Eanáir 2018. Sonraíodh i mír 6 den Airteagal sin, go háirithe i gcás ina bhfoirceann an custaiméir an conradh sin roimh an dáta a shonraítear i mír 2, go gceanglófaí ar an gcustaiméir pionós conarthach a íoc i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bpointe VI, míreanna 1 go 3 de na coinníollacha ginearálta díolacháin sin. Faoi mhír 1, bhí méid an phionóis sin le freagairt do thoradh an leictreachais neamhúsáidte a dhearbhaigh an custaiméir sa chonradh sin, leis an ‘cainníocht fuinnimh a bhí beartaithe’ le haghaidh suíomh soláthair ar leith, ar phraghas aonaid 60 zloty na Polainne (PLN) (thart ar EUR 14) in aghaidh na meigeavatuaire (MWh). Ríomhadh cainníocht an fhuinnimh neamhúsáidte mar shuim an mheántomhaltais fuinnimh mheasta le haghaidh gach ceann de na míonna tar éis fhoirceannadh an chonartha atá i gceist sna príomhimeachtaí agus a bhí fágtha go dtí deireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 7(2). Ba é 20 MWh in aghaidh na bliana an tomhaltas leictreachais a bhí beartaithe ag an bpointe tomhaltais agus ba é gabháltas talmhaíochta S. J. an pointe tomhaltais leictreachais, a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gconradh sin. |
|
19 |
Le litir dar dáta an 5 Bealtaine 2017, a fógraíodh don soláthróir an 8 Bealtaine 2017, chuir S. J. in iúl don soláthróir go raibh sé ag tarraingt siar ón gconradh atá i gceist sna príomhimeachtaí tríd an gceart dlíthiúil chun tarraingt siar dá bhforáiltear i gconarthaí tomhaltóra a fheidhmiú. Thairis sin, thíolaic sé dearbhú maidir le héifeachtaí dlíthiúla conartha a tugadh i gcrích go hearráideach a tharscaoileadh agus mhaígh sé go raibh an conradh sin neamhbhailí. |
|
20 |
Le litir dar dáta an 22 Bealtaine 2020, chuir an soláthróir in iúl gur mheas sé go raibh na dearbhuithe sin neamhéifeachtach. D’eisigh sé nóta dochair lenar deonaíodh do S. J. tréimhse a rachaidh in éag an 7 Iúil 2020 chun suim PLN 4700.22 (thart ar EUR 1128) a íoc, trí phionós conarthach, mar aon le sonrasc dar dáta an 5 Márta 2018 de mhéid PLN 254.33 (thart ar EUR 61) agus sonrasc ceartaitheach dar dáta an 8 Eanáir 2020 de mhéid PLN 314.90 (thart ar EUR 75) don fhuinnimh a soláthraíodh le linn na tréimhse ón 1 go dtí an 10 Eanáir 2018. |
|
21 |
Os rud é gur dhiúltaigh S. J. na suimeanna sin a íoc, thionscain an soláthróir caingean os comhair Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie (an Chúirt Dúiche, Vársá, an Pholainn) ionas go n‑ordófaí do S. J. iad a íoc. Dhiúltaigh an chúirt sin don chaingean sin. Ar an gcéad dul síos, mheas sí nach raibh stádas tomhaltóra ag S. J. agus, dá bhrí sin, nach raibh sé in ann tarraingt siar go dleathach ón gconradh atá i gceist sna príomhimeachtaí ar bhonn na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí. I ndáil leis sin, thug sí dá haire, go háirithe, gur ainmníodh gabháltas talmhaíochta S. J. mar phointe tomhaltais sa chonradh atá i gceist sna príomhimeachtaí agus, cé gur chuir sé in iúl go raibh an fuinneamh a ceannaíodh beartaithe dá úsáid teaghlaigh araon, nár leor é chun é a aicmiú mar thomhaltóir, ós rud é gur sonraíodh sa chonradh sin go raibh sé beartaithe do dhaoine nach bhfuil stádas tomhaltóra acu. De réir na cúirte sin, chruthaigh úsáid tairisceana atá beartaithe do chustaiméirí nach raibh stádas tomhaltóirí acu gur thug S. J. an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcrích mar ghairmiúil agus gur bhain an conradh sin go díreach lena thrádáil, lena ghnó nó lena ghairm, eadhon a ghabháltas talmhaíochta. |
|
22 |
Ar an dara dul síos, chuir an chúirt chéanna Airteagal 4j(3a) den Acht um Fhuinneamh i bhfeidhm, ach mheas sí, áfach, nár cheart an t‑éileamh ar íocaíocht an phionóis chonarthaigh a dheonú, ós rud é, faoi Airteagal 483(1) den Chód Sibhialta, nach féidir foráil a dhéanamh do phionós den sórt sin ach amháin i gcás neamhchomhlíonadh nó comhlíonadh míchuí oibleagáide neamhairgid, cé sa chás seo, gur comhlíonadh airgid é cuspóir comhlíonadh an cheannaitheora i gcás fuinneamh a dhíol, eadhon an praghas a íoc. |
|
23 |
Thairis sin, diúltaíodh do na héilimh ar íocaíocht don fhuinneamh a thomhlaíodh toisc iad a bheith gan bhunús, os rud é nár sholáthair an soláthróir aon chainníocht fuinnimh. |
|
24 |
Rinne an soláthróir achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá, an Pholainn), arb í an chúirt a rinne an tarchur. Áitíonn sé, go háirithe, gur sáraíodh Airteagal 4j(3a) den Acht um Fhuinneamh agus Airteagal 483(1) den Chód Sibhialta. |
|
25 |
Deir an chúirt a rinne an tarchur, de réir ráitis S. J., gur tháinig ionadaithe gnóthais leictreachais chun a ghabháltas talmhaíochta an 18 Márta 2017 agus gur thairg siad tairiscint dó chun leictreachas a sholáthar. Ar a gcomhairle, shínigh sé na foirmeacha bána a cuireadh faoina bhráid agus fuair sé, ag deireadh mhí Aibreáin 2017, cóip den chonradh atá i gceist sna príomhimeachtaí ina raibh, ar an gcéad dul síos, na sonraí agus na hiarscríbhinní éagsúil le sonraí agus iarscríbhinní na tairisceana a rinneadh dó agus, ar an dara dul síos, gur tugadh isteach faisnéis maidir leis an tomhaltas fuinnimh atá beartaithe go treallach. Is ar an gcúis sin a chuir sé in iúl, le litir dar dáta an 5 Bealtaine 2017, go raibh sé ar intinn aige tarraingt siar ón gconradh sin. |
|
26 |
Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, an gairmí nó tomhaltóir é S. J. agus, dá bhrí sin, an raibh a tharraingt siar bailí. I ndáil leis sin, tugann sí faoi deara, inter alia, gur chinn Sąd Rejonowy dla m. st. Warszawy w Warszawie (an Chúirt Dúiche, Vársá) gur thagair an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí do ‘gabháltas talmhaíochta’ S. J. mar sheolaí agus go raibh sé ar bhonn Airteagal 2(4) den chonradh sin amháin, lena bhforáiltear go raibh an conradh sin beartaithe do dhaoine nach raibh stádas tomhaltóra acu, gur chinn an Chúirt Dúiche nach raibh an stádas sin ag S. J. Cuireann sí in iúl freisin, faoi dhlí na Polainne, nach mór feirmeoir a mheas mar ghairmí ach amháin má bhainistíonn sé a ghabháltas talmhaíochta dá riachtanais féin. |
|
27 |
Cé nach mór, de réir chásdlí na Cúirte, stádas an tomhaltóra nó an ghairmí de réir bhrí Threoir 93/13 a chinneadh i ndáil le critéar feidhmiúil, ina ndéanfar a mheas an bhfuil an gaol conarthach atá i gceist mar chuid d’oibríochtaí eachtracha atá lasmuigh de thrádáil, de ghnó nó de ghairm, ní féidir idirdhealú feidhmiúil den sórt sin a dhéanamh, áfach, sa chás seo, ós rud é go bhfuil sé doshéanta gurbh é cuspóir an chonartha atá i gceist sna príomhimeachtaí ná chun fuinneamh a cheannach le haghaidh an gabháltais talmhaíochta lena mbaineann agus chun críoch úsáid teaghlaigh S. J. araon. Ina theannta sin, cuireann sí in iúl nach luaitear conarthaí déchuspóra i dTreoir 93/13 agus, cé go dtagraítear don chineál sin conartha in aithris 17 de Threoir 2011/83, ghlac an Chúirt, go háirithe i mbreithiúnas an 20 Eanáir 2005, Gruber (C‑464/01, EU:C:2005:32), le critéir atá éagsúil leis na critéir a leagtar amach in aithris 17, d’fhonn a chinneadh an féidir sínitheoir conartha den sórt sin a mheas mar thomhaltóir. |
|
28 |
I bhfianaise na dtosca sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur conas nach mór léiriú a dhéanamh ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, i gcás ina bhfuil cuspóir páirt‑phríobháideach agus páirt‑ghairmiúil ag an gconradh atá i gceist. |
|
29 |
Ar an dara dul síos, tar éis di a thabhairt dá haire, i bhfianaise an dáta a tugadh an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcrích, gurbh í Treoir 2009/72 atá ábhartha chun an díospóid atá os a comhair a réiteach, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara go bhfuil an fhéidearthacht athrú go soláthróir fuinnimh eile go héasca agus cosaint shonrach tomhaltóirí i measc na bprionsabal a leagtar amach sa Treoir sin agus go bhfuil dlúthbhaint ag an bhféidearthacht tarraingt siar ó chonradh leis an athrú soláthróra. Dar léi, tá fadhbanna ag baint leis an bhféidearthacht muirir a ghearradh ar an gcustaiméir i gcás ina bhforchuireann an custaiméir sin conradh soláthair fuinnimh arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta i bhfianaise na ráthaíochta gur féidir athrú go soláthróir fuinnimh eile go héasca. |
|
30 |
Leanann sé ó Airteagal 3(7) de Threoir 2009/72 agus ó Iarscríbhinn I a ghabhann léi nach bhfuil aon íocaíocht le híoc ag custaiméir ar tomhaltóir é, i gcás athrú ar sholáthróir nó tarraingt siar ón gconradh. Thairis sin, tugann Airteagal 3(7) le tuiscint nach mór a áirithiú gur féidir le tomhaltóir soláthróir a athrú go héasca, gan idirdhealú a dhéanamh ina choinne ó thaobh costas de agus gan na míbhuntáistí airgeadais a fhorchuirtear arb ionann iad agus modh idirdhealaithe threallaigh in aghaidh soláthróirí eile, ionas nach féidir leis an gcustaiméir an soláthróir a athrú go héasca. |
|
31 |
Mar sin féin, ní bheadh díolúine do thomhaltóirí in Airteagal 4j(3a) den Acht um Fhuinneamh, lena bhforáiltear go bhféadfaí muirir a fhorchur ar an gcustaiméir i gcás conradh ar théarma seasta a fhoirceannadh go luath. Dá bhrí sin, tagann an cheist chun cinn an bhfuil an dlí sin i gcontrárthacht le Treoir 2009/72, go háirithe an t‑ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I(1)(a) agus (e) de Threoir 2009/72,, agus dá dtagraítear in aithris 51 den Treoir sin. I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go gceadaítear le dlí na Polainne pionóis chonarthacha a fhorchur, ach nach leagtar síos critéar chun iad a ríomh leis, go háirithe maidir le comhréireacht leis na costais, leis na rioscaí a tabhaíodh nó leis an damáiste a fulaingíodh, atá i gcontrárthacht leis na ceanglais a leagtar síos, go háirithe, in Airteagal 3(7) den Treoir sin. Go deimhin, sa chleachtas, d’fhéadfadh pionóis den sórt sin a bheith comhionann leis na costais a d’fhéadfaí a ghearradh ar an soláthar fuinnimh a comhaontaíodh, rud a d’fhágfadh nach féidir conarthaí den sórt sin a fhoirceannadh. |
|
32 |
Sna himthosca sin, chinn Sąd Okręgowy w Warszawie (an Chúirt Réigiúnach, Vársá) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
|
33 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara ar dtús, cé go dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, i bhfoclaíocht a céad cheiste, ní hamháin d’Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, lena sainmhínítear an coincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí na Treorach sin, ach freisin do phointe (c) den Airteagal sin, lena sainmhínítear an coincheap ‘gairmiúil’, de réir bhrí na Treorach sin, gur léir freisin ón bhfoclaíocht sin agus ó fhorais na hiarrata ar réamhrialú go bhféachann an chúirt sin le léiriú a fháil ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’ sin amháin. |
|
34 |
Sna himthosca sin, ní mór a thuiscint, lena céad cheist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar cheart Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise aithris 17 de Threoir 2011/83, a léiriú sa chaoi go gciallaíonn sé go dtagann feirmeoir a thugann conradh i gcrích chun leictreachas a cheannach atá beartaithe dá ghabháltas talmhaíochta agus dá úsáid teaghlaigh araon faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí na forála sin. |
|
35 |
De réir Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gconarthaí a chumhdaítear leis an Treoir sin, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó nó gairm an duine sin. |
|
36 |
I ndáil leis sin, dhearbhaigh an Chúirt go comhsheasmhach go bhfuil an coincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(b), oibiachtúil agus neamhspleách ar an eolas nithiúil a d’fhéadfadh a bheith ag an duine lena mbaineann nó ar an bhfaisnéis atá ar fáil dó i ndáiríre. Ní mór stádas ‘tomhaltóra’ an duine sin a chinneadh i ndáil le critéar feidhmiúil, ina ndéanfar a mheas an bhfuil an gaol conarthach lena mbaineann mar chuid d’oibríochtaí eachtracha atá lasmuigh de thrádáil, de ghnó nó de ghairm (féach, chuige sin, ordú an 19 Samhain 2015, Tarcău, C‑74/15, EU:C:2015:772, mír 27, agus breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
37 |
Maidir leis an gceist an bhfhéadfaidh, agus más féidir, cad iad na himthosca inar féidir le duine a bhfuil conradh déchuspóra tugtha i gcrích aige, eadhon conradh le haghaidh earraí nó seirbhísí atá beartaithe chun críche a bhaineann go páirteach lena thrádáil, lena ghnó nó lena ghairm, agus nach bhfuil baint aige, dá bhrí sin, leis an ngníomhaíocht sin ach go páirteach, teacht, mar sin féin, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b), chinn an Chúirt cheana féin, cé nach féidir é a chinneadh ar bhonn fhoclaíocht na forála sin amháin, nach gcuirtear cosc le comhthéacs na forála sin, i gcásanna áirithe, ar dhuine nádúrtha a thugann conradh den sórt sin i gcrích a bheith aicmithe mar ‘thomhaltóir’ de réir bhrí na forála sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, míreanna 31 go 39). |
|
38 |
I ndáil leis sin, chinn an Chúirt, d’fhonn comhlíonadh na gcuspóirí arna saothrú ag reachtas an Aontais i réimse na gconarthaí tomhaltóra mar aon le comhsheasmhacht dhlí an Aontais a áirithiú, gur gá, go háirithe, an coincheap ‘tomhaltóir’ a chur san áireamh in aithris 17 de Threoir 2011/83, lena gcuirtear intinn reachtas an Aontais maidir leis an sainmhíniú ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’ i gcás conarthaí déchuspóra in iúl agus ar léir uathu, i gcás ina dtugtar an conradh i gcrích chun críocha nach dtagann ach go páirteach faoi raon feidhme thrádáil, ghnó nó ghairm an duine agus i gcás ina bhfuil an cuspóir gairmiúil chomh teoranta sin nach bhfuil sé ceannasach i gcomhthéacs foriomlán an chonartha sin, gur cheart an duine sin a mheas mar thomhaltóir (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, míreanna 40 go 45). |
|
39 |
Thairis sin, mheabhraigh an Chúirt go gceanglaítear le cineál sainordaitheach na bhforálacha a leagtar amach i dTreoir 93/13 agus leis na ceanglais shonracha maidir le cosaint tomhaltóirí go dtabharfaí tús áite do léiriú leathan ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(b) den Treoir sin, chun éifeachtacht na Treorach sin a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 46). |
|
40 |
Sa chomhthéacs sin, chuir an Chúirt in iúl freisin, a mhéid a fhéachann Airteagal 2(b) de Threoir 93/13 le tomhaltóirí a chosaint i gcás téarmaí éagóracha conartha, ní féidir an léiriú docht ar an gcoincheap ‘tomhaltóir’ arna ghlacadh i mbreithiúnas an 20 Eanáir 2005, Gruber (C‑464/01, EU:C:2005:32), chun raon feidhme na rialacha dlínse maolaithe a leagtar síos in Airteagail 13 go 15 de Choinbhinsiún an 27 Meán Fómhair 1968 ar dhlínse agus ar fhorghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála a chinneadh (IO 1972 L 299, lch. 32), arna leasú leis na coinbhinsiúin i ndiaidh a chéile a bhaineann le haontachas na mBallstát nua leis an gcoinbhinsiún sin, i gcás conradh déchuspóra, a leathnú, de réir análaí, chuig an gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13 (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 51). |
|
41 |
I bhfianaise na dtosca sin, chinn an Chúirt nach mór Airteagal 2(b) de Threoir 93/13 a léiriú mar ní a chiallaíonn go gcumhdaíonn an coincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí na forála sin, duine a bhfuil comhaontú creidmheasa tugtha i gcrích aige atá beartaithe lena úsáid go páirteach i dtaca lena thrádáil, lena ghnó nó lena ghairm agus lasmuigh den ghníomhaíocht sin go páirteach, mar aon le hiasachtóir eile a ghníomhaigh lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm, i gcás ina bhfuil an cuspóir gairmiúil chomh teoranta sin nach bhfuil sé ceannasach i gcomhthéacs foriomlán an chonartha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 53). |
|
42 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo, d’fhonn a chinneadh an bhfuil duine nádúrtha a thugann conradh déchuspóra chun críche, a chumhdaítear le Treoir 93/13, ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm agus, dá bhrí sin, a thagann faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, is gá scrúdú a dhéanamh an bhfuil cuspóir gairmiúil an chonartha sin chomh teoranta sin nach bhfuil sé ceannasach i gcomhthéacs foriomlán an chonartha sin. |
|
43 |
I gcomhréir le cásdlí socair, is faoin gcúirt náisiúnta a bhfuil caingean os a comhair a d’fhéadfadh a bheith faoi raon feidhme Threoir 93/13 atá sé a fhíorú, agus an fhianaise go léir á cur san áireamh, agus go háirithe téarmaí an chonartha, an féidir an duine lena mbaineann a aicmiú mar ‘thomhaltóir’ de réir bhrí na Treorach sin. Chun na críche sin, ní mór don chúirt náisiúnta imthosca uile an cháis, agus go háirithe cineál an earra nó na seirbhíse is ábhar don chonradh i gceist a chur san áireamh, a d’fhéadfadh an chríoch dá bhfaightear na hearraí nó an tseirbhís sin a léiriú (breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, mír 55 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
44 |
Is amhlaidh atá, i gcás ina bhfuil conradh déchuspóra i gceist, chun críocha measúnú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, ar mhéid gach ceann den dá chuid de chonradh den sórt sin, i gcomhthéacs foriomlán an chonartha sin agus, ar an dara dul síos, ar chuspóir ceannasach an chonartha sin. Dá réir sin, i gcás ina bhfuil conradh déchuspóra i gceist, is faoin gcúirt náisiúnta atá sé scrúdú a dhéanamh ar na himthosca go léir a bhaineann leis an gconradh atá i gceist agus measúnú a dhéanamh, ar bhonn na fianaise oibiachtúla go léir atá os a comhair, ar a mhéid atá cuspóir gairmiúil nó neamhghairmiúil an chonartha sin atá sé ceannasach i gcomhthéacs foriomlán an chonartha sin (féach, de réir análaí, breithiúnas an 8 Meitheamh 2023, YYY. (An coincheap tomhaltóir), C‑570/21, EU:C:2023:456, míreanna 56 agus 58). |
|
45 |
Dá bhrí sin, cé nach mór téarmaí an chonartha lena mbaineann a chur san áireamh, ní féidir leo féin a bheith leordhóthanach chun a chinneadh gur ghníomhaigh an duine nádúrtha lena mbaineann, trí chonradh déchuspóra den sórt sin a thabhairt i gcrích, chun críocha atá lasmuigh dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm. Mar sin féin, ag féachaint d’ábhar an chonartha atá i gceist sna príomhimeachtaí, a bhaineann le leictreachas a cheannach, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfadh meastachán ar tomhaltas bliantúil leictreachais ard, a bheadh beartaithe ag na páirtithe, a léiriú go bhfuil an cuspóir gairmiúil ceannasach, cé gur dócha go n‑áireofaí le meastachán ar thomhaltas íseal gurb é úsáid teaghlaigh an cuspóir ceannasach. |
|
46 |
I bhfianaise an mhéid sin go léir, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 2(b) de Threoir 93/13, arna léamh i bhfianaise aithris 17 de Threoir 2011/83, a léiriú sa chaoi go dtagann feirmeoir a thugann conradh i gcrích chun leictreachas a cheannach atá beartaithe dá ghabháltas talmhaíochta agus dá úsáid teaghlaigh araon faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí na forála sin, i gcás ina bhfuil cuspóir gairmiúil an chonartha sin chomh teoranta sin nach bhfuil sé ceannasach i gcomhthéacs foriomlán an chonartha sin. |
An dara ceist
|
47 |
Mar réamhphointe, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach léirítear leis an iarraidh ar réamhrialú conas atá an léiriú ar Airteagal 3(5) de Threoir 2009/72, dá dtagraítear i bhfoclaíocht an dara ceist, ábhartha chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. De bhun Airteagal 3(5)(a) agus (b), áiritheoidh na Ballstáit, ar an gcéad dul síos, i gcás inar mian le custaiméir athrú go soláthróir eile, agus téarmaí agus coinníollacha conarthacha á gcomhlíonadh aige an tráth céanna, go gcuirfidh an t‑oibreoir nó na hoibreoirí lena mbaineann an t‑athrú i gcrích laistigh de 3 seachtaine, agus, ar an dara dul síos, go mbeidh custaiméirí i dteideal na sonraí tomhaltais ábhartha go léir a fháil, agus déanfar na cearta sin a dheonú do na custaiméirí ar bhealach neamh-idirdhealaitheach ó thaobh costais, díchill agus ama de. |
|
48 |
Is léir ón iarraidh sin, áfach, go ndearnadh an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí a fhoirceannadh roimh an dáta a raibh sé le héifeacht a bheith aige agus sular tharla aon soláthar leictreachas faoina bhun. Sna himthosca sin, agus in éagmais aon mhíniú ón gcúirt a rinne an tarchur i ndáil leis sin, níl aon léiriú ar an gcaoi go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí le cás athraithe soláthróra. Ar an gcaoi chéanna, níl aon rud ann a léiríonn go mbaineann an díospóid sin leis an soláthróirí a bheith ag cur sonraí tomhaltais ar fáil. Thairis sin, foráiltear go sonrach in Airteagal 3(7) den Treoir sin don cheart chun soláthróir a athrú go héasca, a bhí, faoi Airteagal 2(12) de Threoir 2009/72, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 33 den Treoir sin, ag gach custaiméir, amhail ón 1 Iúil 2007, de réir bhrí Airteagal 2(7) den Treoir sin, ar ina leith a chuireann an chúirt a rinne an tarchur amhras in iúl mar údar lena dara ceist,, atá ina ábhar don cheist sin freisin. |
|
49 |
Ar an gcaoi chéanna, dealraíonn sé nach bhfuil gá leis an léiriú arna iarraidh ar Iarscríbhinn I(1)(e) de Threoir 2009/72, dá dtagraítear freisin i bhfoclaíocht an dara ceist, chun an díospóid sna príomhimeachtaí a réiteach. Tagraíonn an fhoráil sin do chás ina n‑athraítear soláthróir leictreachais ach, mar a luaitear sa mhír roimhe seo den bhreithiúnas seo, ní léiríonn an iarraidh ar réamhrialú an chaoi a mbaineann an díospóid sin le cás den sórt sin. |
|
50 |
As sin, ba cheart a mheabhrú nach ndéantar an coincheap ‘tomhaltóir’, a úsáideann an chúirt a rinne an tarchur i bhfoclaíocht an dara ceist, a shainmhíniú le Treoir 2009/72, ach gur chinn an Chúirt cheana féin, in éagmais aon léiriú dá mhalairt i bhforáil ar leith den Treoir sin, go bhfuil brí leathan leis an téarma sin agus go n‑áirítear leis, i bprionsabal, aon ‘chustaiméir deiridh’ de réir bhrí Airteagal 2(9) den Treoir sin, eadhon ‘custaiméir teaghlaigh’ de réir bhrí Airteagal 2(10), agus ‘custaiméirí neamhtheaghlaigh’ de réir bhrí Airteagal 2(11) den Treoir sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Eanáir 2024G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 35). |
|
51 |
Mar sin féin, is léir ón iarraidh ar réamhrialú gurb é raon feidhme an bhirt a leagtar amach sa chúigiú fleasc d’Iarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72, atá i gcroílár cheisteanna na cúirte a rinne an tarchur. Baineann Iarscríbhinn I go sonrach, mar is léir ón abairt dheireanach d’Airteagal 3(7) den Treoir sin, le ‘custaiméirí teaghlaigh’ de réir bhrí Airteagal 2(10) den Treoir sin. |
|
52 |
Ar deireadh, is léir ón gcomhad atá os comhair na Cúirte gur tugadh an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí i gcrích ní hamháin ar théarma seasta, ach freisin ar phraghas socraithe ar feadh théarma iomlán an chonartha sin. |
|
53 |
I bhfianaise na dtosca sin, ní mór a mheas, lena dara ceist, go n‑iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 3(7) agus Iarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72, arna léamh i bhfianaise aithris 51 den Treoir sin, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear pionós conarthach a fhorchur ar chustaiméir teaghlaigh i gcás ina ndéanann sé conradh soláthair leictreachais a tugadh i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath. |
|
54 |
Agus foráil de dhlí an Aontais a léiriú, ba cheart ní hamháin foclaíocht na forála a mheas, ach a comhthéacs freisin mar aon leis na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha ar cuid díobh í an fhoráil sin (breithiúnais an 7 Meitheamh 2005, VEMW agus páirtithe eile, C‑17/03, EU:C:2005:362, mír 41, agus an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 32). |
|
55 |
Ar an gcéad dul síos, maidir le foclaíocht na bhforálacha a n‑iarrtar a léiriú, ba cheart a mheabhrú go gceanglaítear le hAirteagal 3(7) de Threoir 2009/72 ar na Ballstáit bearta iomchuí a ghlacadh chun na custaiméirí deiridh a chosaint, chun ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a áirithiú, go háirithe maidir le trédhearcacht i dtaobh téarmaí agus coinníollacha conarthacha, faisnéis ghinearálta agus sásraí um réiteach díospóidí, agus chun a áirithiú gur féidir leis an gcustaiméir incháilithe soláthróir a athrú go héasca. Cuirtear leis an bhforáil sin, maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, go n‑áirítear leis na bearta sin na cinn sin a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
56 |
Mar is léir ón gcúigiú fleasc d’Iarscríbhinn I(1)(a), áirítear ar na bearta sin bearta atá ceaptha chun a áirithiú go mbeidh custaiméirí i dteideal conradh lena soláthróir leictreachais ina sonraítear, inter alia, inarb ann do théarma maidir le foirceannadh gan mhuirear. |
|
57 |
Mar sin féin, is léir ó chomparáid idir na leaganacha teanga éagsúla de Threoir 2009/72, gur sa leagan Fraincise amháin a léirítear leis an bhforáil sin, maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, nach mór do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a áirithiú go bhforáiltear – leis an gconradh a thugann custaiméirí i gcrích lena soláthróir leictreachais – dá gceart é a fhoirceannadh gan mhuirear. I ngach leagan teanga eile den Treoir sin, ní luaitear san fhoráil sin ach, go bunúsach, maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, nach mór do na Ballstáit bearta a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh custaiméirí i dteideal conradh arna thabhairt i gcrích lena soláthróir leictreachais, lena sonraítear an féidir an conradh sin a fhoirceannadh gan mhuirear. |
|
58 |
I gcomhréir le cásdlí socair, ní féidir leis an bhfoclaíocht a úsáidtear i gceann de na leaganacha teanga d’fhoráil de dhlí an Aontais a bheith ina bunús aonair le léiriú na forála sin agus ní féidir tosaíocht a thabhairt di ar na leaganacha teanga eile. Leis an ngá atá le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach agus, dá bhrí sin, le léiriú aonfhoirmeach ar ghníomh de chuid an Aontais, cuirtear cosc ar leagan amháin den ghníomh sin a mheas ina aonar, ach ní mór é a léiriú trí thagairt a dhéanamh do scéim ghinearálta agus do chuspóir na rialacha a bhfuil sé mar chuid díobh (breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, Allianz Elementar Versicherung, C‑652/20, EU:C:2022:514, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
59 |
Ina theannta sin, ba cheart a mheabhrú go luaitear san fhomhír dheireanach d’Iarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72 go mbeidh coinníollacha na gconarthaí cóir agus go mbeidh siad ar eolas go maith roimh ré agus, in aon chás, nach mór an fhaisnéis a liostaítear san fhoráil sin a sholáthar sula ndéanfar an conradh a thabhairt i gcrích nó a dhearbhú. |
|
60 |
Leanann sé ó na tosca sin go luaitear i bhfoclaíocht Airteagal 3(7) agus in Iarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72 nach mór do na Ballstáit, maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú gur féidir leis na custaiméirí sin, más mian leo, soláthróir a athrú go héasca. Ina theannta sin, ní mór dóibh na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil na téarmaí conarthacha cóir, go ndréachtaítear iad i dtéarmaí soiléire agus go bhfuil siad ar eolas go maith roimh ré, ionas gur féidir leis an gcustaiméir a raon feidhme a thuiscint sula síneofar an conradh agus toiliú a thabhairt faoi shaoirse agus ar bhealach feasach, agus ar an gcaoi sin an ceanglas trédhearcachta a fhorchuirtear leis an bhfoclaíocht sin a chomhlíonadh, agus chun go mbeidh sásra um réiteach ann do na díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na custaiméirí sin agus a soláthróir leictreachais. |
|
61 |
Ar an taobh eile, ní féidir a chinneadh le foclaíocht na bhforálacha sin an gcuireann siad cosc ar na Ballstáit foráil a dhéanamh, ina reachtaíocht náisiúnta, go bhféadfaí pionós conarthach a fhorchur ar chustaiméir teaghlaigh i gcás ina ndéanann sé conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath. |
|
62 |
I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, go háirithe, nach gá go gcuirfear cosc – leis an bhfíoras go gceadaítear leis an reachtaíocht náisiúnta do chonradh den sórt sin a shonrú go mbeidh pionós conarthach dlite i gcás ina ndéanann an custaiméir é a fhoirceannadh go luath – ar an gcustaiméir sin a bheith in ann soláthróir a athrú go héasca, mar a fhoráiltear i bhfoclaíocht Airteagal 3(7) de Threoir 2009/72, ar choinníoll go bhfuil na hionstraimí sa reachtaíocht sin chun comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 60 den bhreithiúnas seo a áirithiú, agus go háirithe chun iniúchadh a dhéanamh ar mhéid an phionóis sin (féach, de réir análaí, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 37). Go deimhin, is le pionós den sórt sin a bheith ann i bprionsabal seachas méid an phionóis sin is dócha a choiscfear athrú den sórt sin. |
|
63 |
Ar an dara dul síos, maidir leis an gcomhthéacs ina bhfuil Airteagal 3(7) agus Iarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72 le tuiscint, ba cheart a thabhairt faoi deara, ar dtús, go sonraítear in Airteagal 3(5) den Treoir sin go ndéanfar athruithe soláthróra i gcomhréir le téarmaí agus coinníollacha na gconarthaí. Ar an mbealach chéanna, le hAirteagal 37(1)(l) den Treoir sin, cuirtear de dhualgas ar na húdaráis rialála saoirse chonarthach a urramú maidir le conarthaí soláthair in‑idirbhriste agus maidir le conarthaí fadtéarmacha ar choinníoll go bhfuil siad comhoiriúnach le dlí an Aontais agus go bhfuil siad ag teacht le beartais an Aontais. |
|
64 |
Ina dhiaidh sin, is fíor, faoi Iarscríbhinn I(1)(e) de Threoir 2009/72, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3(7) di, nach mór do na Ballstáit, maidir le custaiméirí teaghlaigh ar a laghad, bearta a ghlacadh chun a áirithiú ‘nach ngearrtar muirear orthu as soláthróir a athrú’. Mar sin féin, ní fhéadfaí a thabhairt le tuiscint uaidh sin go gcuirtear cosc le Treoir 2009/72, mar phrionsabal, ar phionós conarthach a fhorchur i gcás ina ndéanann custaiméir teaghlaigh conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath. |
|
65 |
Chun a mheas go dtugtar le tuiscint le hIarscríbhinn I(1)(e) de Treoir 2009/72, fiú i gcás ina ndéanann custaiméir teaghlaigh conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath, nach féidir pionós conarthach a fhorchur air choíche, bheadh sé i gcontrárthacht le foclaíocht an chúigiú fleasc d’Iarscríbhinn I(1)(a) de Treoir 2009/72, sa chuid is mó dá leaganacha teanga agus, ag brath ar an leagan teanga den iarscríbhinn sin a roghnaíodh, go mbainfí éifeachtacht den fhoráil dheireanach sin nó go gcuirfí Treoir 2009/72 ó bhail. |
|
66 |
I gcás gur féidir roinnt léirithe a dhéanamh ar fhoráil de dhlí an Aontais, ní mór tús áite a thabhairt don léiriú lena n‑áirithítear go gcoinníonn an fhoráil a héifeachtacht (breithiúnais an 24 Feabhra 2000, an Coimisiún v an Fhrainc, C‑434/97, EU:C:2000:98, mír 21, agus an 23 Samhain 2023, EVN Business Service agus páirtithe eile, C‑480/22, EU:C:2023:918, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear). Thairis sin, de réir phrionsabal ginearálta an léirithe, ní mór foráil a léiriú, a mhéid is féidir, ar bhealach nach gcaithfear amhras ar a bailíocht (breithiúnais an 4 Deireadh Fómhair 2001, an Iodáil v an Coimisiún, C‑403/99, EU:C:2001:507, mír 37, agus an 21 Meán Fómhair 2023, Stappert Deutschland, C‑210/22, EU:C:2023:693, mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
67 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil aon chostas a bhaineann le sholáthróir a athrú, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I(1)(e) a ghabhann lede Threoir 2009/72, éagsúil leis na costais a bhaineann le conradh, dá dtagraítear i mír (a) den fhoráil sin, a fhoirceannadh, agus nach gcuirtear cosc le, ó thaobh prionsabail de, ar na Ballstáit an rogha a choinneáil maidir le foráil a dhéanamh, ina reachtaíocht náisiúnta, go bhféadfar pionós conarthach a fhorchur ar chustaiméir teaghlaigh i gcás ina bhfoirceannann sé conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe go luath. |
|
68 |
Thairis sin, is sa chiall sin a chuir reachtas an Aontais a thuairim in iúl go sainráite nuair a ghlac sé Treoir 2019/944, mar is léir ó Airteagal 12(2) agus (3) den Treoir sin, arb éard atá ann, i gcomhréir le haithris 1 di, ná athmhúnlú ar Threoir 2009/72 agus a tháinig in ionad na Treorach sin ón 1 Eanáir 2021. |
|
69 |
Ar deireadh, ní luaitear ach in aithris 51 de Threoir 2009/72, ar an gcéad dul síos, gur cheart leasanna na dtomhaltóirí a bheith i gcroílár na Treorach sin agus gur cheart caighdeán na seirbhíse a bheith ina phríomhfhreagracht ar ghnóthais leictreachais; ar an dara dul síos, gur cheart cearta tomhaltóirí atá ann cheana a neartú agus a áirithiú agus gur cheart trédhearcacht níos mó a bheith san áireamh leo; ar an tríú dul síos, gur cheart a áirithiú le cosaint tomhaltóirí, go mbaineann gach tomhaltóir tairbhe as margadh iomaíoch agus, ar an gceathrú dul síos, gur cheart do na Ballstáit nó, má dhéanann Ballstát foráil dá réir, gur cheart do na húdaráis rialála, a chinntiú go n‑urramaítear cearta tomhaltóirí. Dá bhrí sin, níl aon léiriú san aithris sin ar an éifeacht go mbainfí an rogha de na Ballstáit, mar phrionsabal, foráil a dhéanamh, ina reachtaíocht náisiúnta, go bhféadfar pionós conarthach a fhorchur ar chustaiméir teaghlaigh i gcás ina ndéanann sé conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath. |
|
70 |
Ar an taobh eile, luaitear in aithris 52 den Treoir sin gur cheart faisnéis shoiléir intuigthe a chur ar fáil do na tomhaltóirí maidir leis na cearta atá acu i ndáil leis an earnáil fuinnimh agus sonraítear in aithris 54 di nach mór na modhanna éifeachtacha um réiteach díospóidí dá bhforáiltear faoi Airteagal 3(7) den Treoir sin a bheith ar fáil do gach tomhaltóir. |
|
71 |
Ní mór a mheas, dá bhrí sin, nach léir ón gcomhthéacs ina bhforáiltear le hAirteagal 3(7) agus le hIarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72 go gcuirtear cosc leis na forálacha sin, mar phrionsabal, ar reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear pionós conarthach a fhorchur ar chustaiméir teaghlaigh i gcás ina ndéanann sé conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath. Ar an taobh eile, leanann sé, go bunúsach, ón gcomhthéacs sin nach mór a áirithiú le reachtaíocht náisiúnta den sórt sin, mar a léirítear cheana le foclaíocht na bhforálacha atá le léiriú, go mbeidh sé de cheart ag custaiméirí, go háirithe custaiméirí teaghlaigh, a soláthróir a roghnú agus faisnéis a bheith curtha ar fáil ar bhealach soiléir intuigthe faoina gcearta agus go mbeidh siad in ann na cearta sin a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs sásra um réiteach díospóidí (féach, de réir análaí, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 44). |
|
72 |
Ar an tríú dul síos, maidir leis na cuspóirí a shaothraítear le Treoir 2009/72, tá sé tugtha faoi deara ag an gCúirt cheana féin, de réir Airteagal 1 di, gurb é cuspóir na Treorach sin rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le leictreachas a ghiniúint, a tharchur, a dháileadh agus a sholáthar, chomh maith le forálacha maidir le cosaint tomhaltóirí, d’fhonn margaí leictreachais iomaíocha a fheabhsú agus a chomhtháthú san Aontas. Sa chomhthéacs sin, agus mar is léir ó aithrisí 3, 7 agus 8 den Treoir sin, féachtar leis an Treoir, inter alia, le margadh inmheánach leictreachais atá go hiomlán oscailte agus iomaíoch a bhunú, lena bhfágann go bhfuil an tsaoirse ag gach tomhaltóir a soláthróirí a roghnú agus go bhfuil an tsaoirse ag na soláthróirí freastal ar a gcustaiméirí, chun iomaíocht an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn, chun soláthar leictreachais ar an bpraghas is iomaíche a dhaingniú, agus chun coinníollacha cothroma a chruthú sa mhargadh sin, chun comhlánú an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a bhaint amach (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
73 |
I ndáil leis sin, ba cheart a mheabhrú gur chinn an Chúirt cheana féin gur féidir le conarthaí soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe cosaint custaiméirí a áirithiú trí phraghas íseal cobhsaí ar leictreachas a ráthú dóibh, trí chinnteacht a thabhairt do thomhaltóirí nach n‑athraíonn na costais a bheidh orthu a ghlacadh ar feadh téarma iomlán an chonartha. Mar sin féin, chun a oibleagáidí faoi chonarthaí den sórt sin a chomhlíonadh, d’fhéadfadh sé gur thabhaigh an soláthróir leictreachais lena mbaineann costais shonracha, a bhféadfadh costais bhreise a bheith mar thoradh orthu, i gcomparáid le conradh téarma éiginnte nach bhfuil aon phraghas socraithe aige, go háirithe chun críche é féin a chosaint in aghaidh luaineacht na gcostas ar an margadh mórdhíola. Dá bhrí sin, leis an bhféidearthacht go gceadófaí pionós conarthach a fhorchur ar an gcustaiméir i gcás ina ndéanann sé conradh ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe den chineál sin a fhoirceannadh go luath, d’fhéadfaí a chur ar chumas an tsoláthróra na costais ar leith a eascraíonn as an gcineál sin conartha a fhritháireamh, agus an gá an riosca airgeadais a bhaineann le conradh den sórt sin a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí uile a sheachaint, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le méadú ar phraghasanna leictreachais dóibh agus a bheadh i gcontrárthacht ar deireadh leis an gcuspóir na praghsanna is iomaíche a dhaingniú do thomhaltóirí (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 47). |
|
74 |
Dúirt an Chúirt freisin, áfach, nach mór an cuspóir leasa ghinearálta a shaothraítear le Treoir 2009/72 maidir le comhlánú an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas a bhaint amach agus na cuspóirí níos sonraí, a leagtar amach in aithrisí 51 agus 57 den Treoir sin, a chur san áireamh freisin, eadhon tomhaltóirí a chumasú tairbhe a bhaint as margadh iomaíoch léirscaoilte. Dá bhrí sin, chinn sí go gcuirfí i mbaol baint amach na gcuspóirí sin dá gceadófaí leis an reachtaíocht náisiúnta pionóis chonarthacha a fhorchur a bheadh díréireach leis na costais arna dtabhú ag an gconradh, ach nár dímheasadh go hiomlán mar thoradh ar fhoirceannadh luath an chonartha. Leis na pionóis sin, is féidir na custaiméirí lena mbaineann a dhíspreagadh go saorga ó fhoirceannadh luath a gconartha soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe, go háirithe d’fhonn soláthróir a athrú, agus ar an gcaoi sin cosc a chur orthu tairbhe iomlán a bhaint as margadh inmheánach sa leictreachas atá iomaíoch agus léirscaoilte (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 48). |
|
75 |
Is féidir na breithnithe sin, arna gcur ar aghaidh ag an gCúirt i gcomhthéacs cás a bhaineann le foirceannadh luath conartha soláthair leictreachais ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe ag custaiméir neamhtheaghlaigh, a thrasuí go cás conartha den chineál céanna arna thabhairt i gcrích le custaiméir teaghlaigh, ós rud é nach ndéantar aon idirdhealú le Treoir 2009/72, maidir leis na cuspóirí dá dtagraítear i míreanna 72 go 74 den bhreithiúnas seo, de réir stádas an tomhaltóra lena mbaineann. |
|
76 |
Dá bhrí sin, léirítear le cuspóirí Threoir 2009/72 nach mór an rogha a bheith ag na Ballstáit, mar phrionsabal, foráil a dhéanamh, ina reachtaíocht náisiúnta, go bhféadfar pionós conarthach a fhorchur ar chustaiméir teaghlaigh i gcás ina ndéantar conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar téarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha ginearálta a eascraíonn as an Treoir sin, a bhaineann, go háirithe, leis an ngá atá ann faisnéis a chur ar fáil don chustaiméir sin agus le sásra um réiteach díospóidí a bheith ann. |
|
77 |
É sin ráite, ós rud é go mbaineann an dara ceist, de réir na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, le reachtaíocht náisiúnta lena gceadaítear pionóis chonarthacha a fhorchur, ach gan aon chritéar a leagan síos chun iad a ríomh, go háirithe maidir le comhréireacht leis na costais, na rioscaí a tabhaíodh nó an damáiste a fulaingíodh, ní mór a shonrú freisin, cé nach bhfuil aon léiriú i dTreoir 2009/72 ina leith sin, nach mór do na Ballstáit, i gcomhréir le cásdlí socair, a gcumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais agus, dá bhrí sin, nach féidir leo, tríd an méid sin a dhéanamh, an bonn a bhaint d’éifeachtacht Threoir 2009/72 (breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
78 |
Bhainfí an bonn d’éifeachtacht Threoir 2009/72 más rud é, i gcomhthéacs an tsásra um réiteach díospóidí a cheanglaítear ar na Ballstáit a chur ar fáil, faoin Treoir sin, ar mhaithe le tomhaltóirí leictreachais, nach raibh an t‑údarás riaracháin nó breithiúnach ar tugadh na himeachtaí os a chomhair in ann measúnú a dhéanamh ar mhéid pionóis chonarthaigh amhail an pionós atá i gceist sna príomhimeachtaí agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal go ndéanfar é a laghdú nó fiú é a chealú, dá gcinnfí, i bhfianaise imthosca uile an cháis seo, gur méid é sin atá díréireach leis na costais arna dtabhú ag conradh amhail an conradh atá i gceist sna príomhimeachtaí –ach nach bhfuil dímheasta go hiomlán mar thoradh ar a fhoirceannadh luath – sa chaoi go mbeadh sé d’éifeacht aige, sa chleachtas, ceart an chustaiméara deiridh chun a sholáthróir a roghnú a fhágáil gan bhrí agus an bonn a bhaint de chuspóirí na Treorach sin dá dtagraítear i míreanna 72 agus 74 den bhreithiúnas seo (féach, de réir análaí, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 51). |
|
79 |
Cé gur faoin údarás náisiúnta a éisteann díospóid fhéideartha amháin atá an measúnú sin ar chomhréireacht mhéid an phionóis chonarthaigh sin, is iomchuí, mar sin féin, d’fhonn freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, a shonrú, chun críocha an mheasúnaithe sin, go bhféadfar, inter alia, téarma tosaigh an chonartha atá i gceist a chur san áireamh, an téarma a bhí fós le rith tráth a foirceanta, cainníocht an leictreachais a ceannaíodh d’fhonn an conradh sin a chomhlíonadh, ach nach n‑ídeodh an custaiméir ar deireadh, agus na modhanna a bheadh ar sholáthróir réasúnta dícheallach teorainn a chur le haon chaillteanais eacnamaíocha a d’fhéadfadh a bheith fulaingthe aige mar thoradh ar an bhfoirceannadh luath sin (féach, de réir análaí, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 52). |
|
80 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo nach gcuirtear cosc le hAirteagal 3(7) agus le hIarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72,, arna léamh i bhfianaise aithris 51 den Treoir sin, ar reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, ar choinníoll go n‑áirithítear le reachtaíocht den sórt sin go bhfuil an pionós conarthach a fhéadfar a shonrú faoin bhforáil sin cóir, soiléir, curtha ar eolas go maith roimh ré agus go bhfuil toiliú saor leis, agus go bhfuil féidearthacht ann leigheas riaracháin nó breithiúnach a fháil ina bhféadfaidh an t‑údarás a dtugtar na himeachtaí os a chomhair measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an phionóis sin i bhfianaise imthosca uile an cháis agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal go ndéanfar é a laghdú nó a chealú (féach, de réir análaí, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 55) |
|
81 |
D’fhonn freagra úsáideach a thabhairt don chúirt a rinne an tarchur, ba cheart a shonrú freisin, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise an léirithe sin, nach mbaineann sé le hábhar, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí an aicmítear S. J. mar ‘chustaiméir teaghlaigh’ de réir bhrí Airteagal 2(10) de Threoir 2009/72 nó mar ‘chustaiméir neamhtheaghlaigh’ de réir bhrí Airteagal 2(11) den Treoir sin, léiriú comhchosúil a bhfuil feidhm aige i gcás ina bhfuil foirceannadh luath conartha soláthair leictreachais, ag custaiméir neamhtheaghlaigh, arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe i gceist (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Eanáir 2024, G (Táille mar gheall ar fhoirceannadh luath), C‑371/22, EU:C:2024:21, mír 55). |
|
82 |
É sin ráite, agus ar an dara dul síos, i gcomhréir le hIarscríbhinn I(1) de Threoir 2009/72, tá an léiriú sin gan dochar do na cearta a d’fhéadfadh a bheith ag custaiméir den sórt sin amhail S. J., i gcás inarb iomchuí, faoi reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 93/13 dá dtiocfadh an custaiméir sin freisin, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’, de réir bhrí Airteagal 2(b) den Treoir sin. |
|
83 |
I bhfianaise na mbreithnithe go léir roimhe seo, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 3(7) de Threoir 2009/72, arna léamh i bhfianaise aithris 51 den Treoir sin, agus Iarscríbhinn I(1)(a) de Threoir 2009/72, a léiriú sa chaoi nach gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta faoina gceanglaítear ar chustaiméir teaghlaigh, i gcás ina ndéanann custaiméir teaghlaigh conradh soláthair leictreachais arna thabhairt i gcrích ar théarma seasta agus ar phraghas socraithe a fhoirceannadh go luath, an pionós conarthach a shonraítear sa chonradh a íoc, ar choinníoll go n‑áirithítear leis an reachtaíocht sin, ar an gcéad dul síos, go bhfuil pionós conarthach den sórt sin cóir, soiléir, curtha ar eolas go maith roimh ré agus go bhfuil toiliú saor leis, agus, ar an dara dul síos, go bhforáiltear d’fhéidearthacht leighis riaracháin nó breithiúnach a fháil inabhféadfaidh an t‑údarás a dtugtar na himeachtaí os a chomhair measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an phionóis sin i bhfianaise imthosca uile an cháis agus, i gcás inarb iomchuí, a cheangal go ndéanfar é a laghdú nó a chealú. Tá an léiriú sin gan dochar do na cearta a d’fhéadfadh a bheith ag custaiméir den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, faoi reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, go háirithe Treoir 93/13 má thagann an custaiméir sin freisin, faoin gcoincheap ‘tomhaltóir’ de réir bhrí Airteagal 2(b) den Treoir sin. |
Costais
|
84 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Ceathrú Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis.
( i ) Is ainm dlítheanach é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.