This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CJ0196
Judgment of the Court (Second Chamber) of 11 July 2024.#CL and Others v DB and Fondo de Garantía Salarial (FOGASA).#Request for a preliminary ruling from the Tribunal Superior de Justicia de Cataluña.#Reference for a preliminary ruling – Social policy – Directive 98/59/EC – Collective redundancies – Article 1(1)(a) and Article 2 – Obligation to inform and consult workers’ representatives – Scope – Termination of employment contracts on the ground of the employer’s retirement – Articles 27 and 30 of the Charter of Fundamental Rights of the European Union.#Case C-196/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Dara Dlísheomra) 2024 Iúil 11.
CL e.a. v DB, héritière universelle de FC agus Fondo de Garantía Salarial (FOGASA).
Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 98/59/CE – Comhiomarcaíochtaí – Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2 – Ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo – Raon feidhme – Foirceannadh conarthaí fostaíochta de dheasca dhul ar scor an fhostóra – Airteagail 27 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Cás C-196/23.
Breithiúnas na Cúirte (An Dara Dlísheomra) 2024 Iúil 11.
CL e.a. v DB, héritière universelle de FC agus Fondo de Garantía Salarial (FOGASA).
Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 98/59/CE – Comhiomarcaíochtaí – Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2 – Ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo – Raon feidhme – Foirceannadh conarthaí fostaíochta de dheasca dhul ar scor an fhostóra – Airteagail 27 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Cás C-196/23.
ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:596
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Dara Dlísheomra)
11 Iúil 2024 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Beartas sóisialta – Treoir 98/59/CE – Comhiomarcaíochtaí – Airteagal 1(1)(a) agus Airteagal 2 – Ionadaithe na bhfostaithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo – Raon feidhme – Foirceannadh conarthaí fostaíochta de dheasca dhul ar scor an fhostóra – Airteagail 27 agus 30 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh)
I gCás C‑196/23 [Plamaro], ( 1 )
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Tribunal Superior de Justicia de Cataluña (Ard-Chúirt Bhreithiúnais, an Chatalóin, an Spáinn), trí bhreith an 20 Eanáir 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 24 Márta 2023, sna himeachtaí
CL,
GO,
GN,
VO,
TI,
HZ,
DN,
DL
v
DB, i gcáil oidhre uilíoch ar FC,
Fondo de Garantía Salarial (Fogasa),
tugann AN CHÚIRT (an Dara Dlísheomra),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Prechal (Rapóirtéir), Uachtarán Dlísheomra, F. Biltgen, N. Wahl, J. Passer agus M.L. Arastey Sahún, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: P. Pikamäe,
Cláraitheoir: A. Calot Escobar,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
CL, GO, GN, VO, TI, HZ, DN agus DL, ag J.M. Moragues Martínez, abogado, |
|
– |
DB, i gcáil oidhre uilíoch ar FC, ag L. Sánchez Frías, abogado, |
|
– |
Rialtas na Spáinne, ag M. Morales Puerta, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag F. Clotuche-Duvieusart agus I. Galindo Martín, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Threoir 98/59/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le comhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe na mBallstát i leith comhiomarcaíochtaí (IO 1998 L 225, lch. 16). |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir CL, GO, GN, VO, TI, HZ, DN agus DL, ar thaobh amháin, agus DB, i gcáil oidhre uilíoch ar FC a n‑iarfhostóir, agus an Fondo de Garantía Salarial (Fogasa) (Ciste Ráthaíochta Pá (Fogasa), an Spáinn), ar aon taobh eile, maidir le foirceannadh a gconarthaí fostaíochta ar scor FC. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
|
3 |
I Roinn I, dar teideal ‘Sainmhínithe agus raon feidhme’, de Threoir 98/59, foráiltear le hAirteagal 1(1): ‘Chun críocha na Treorach seo:
… Chun líon na n‑iomarcaíochtaí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír de phointe (a) a ríomh, déanfar foirceannadh conartha fostaíochta a tharlóidh ar thionscnamh an fhostóra ar chúis amháin nó níos mó nach mbaineann leis na hoibrithe aonair lena mbaineann a chomhshamhlú d’iomarcaíochtaí, ar choinníoll go bhfuil cúig iomarcaíocht ar a laghad ann.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
I Roinn II, dar teideal ‘Faisnéis agus comhairliúchán’, den treoir sin, foráiltear le hAirteagal 2: ‘1. I gcás ina bhfuil fostóir ag smaoineamh ar chomhiomarcaíochtaí, cuirfidh sé tús le comhairliúcháin le hionadaithe na n‑oibrithe in am trátha d'fhonn teacht ar chomhaontú. 2. Cumhdófar sna comhairliúcháin sin, ar a laghad, bealaí agus modhanna chun comhiomarcaíochtaí a sheachaint nó chun líon na n‑oibrithe a ndéantar difear dóibh a laghdú, agus chun na hiarmhairtí a mhaolú trí dhul i muinín bearta sóisialta tionlacain atá dírithe, inter alia, ar chabhair chun oibrithe a rinneadh iomarcach a ath-imlonnú nó a athoiliúint. … 3. Chun a chumasú d’ionadaithe oibrithe tograí cuiditheacha a dhéanamh, déanfaidh na fostóirí an méid seo a leanas in am trátha le linn na gcomhairliúchán:
Cuirfidh an fostóir cóip, ar a laghad, ar aghaidh chuig an údarás poiblí inniúil de na gnéithe den chumarsáid i scríbhinn dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointe (b), fophointí (i) go (v). …’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
I Roinn III, dar teideal ‘Nós imeachta le haghaidh comhiomarcaíochtaí’, de Threoir 98/59, tá na focail seo a leanas in Airteagal 3: ‘1. Tabharfaidh fostóirí fógra i scríbhinn don údarás poiblí inniúil maidir le haon comhiomarcaíochtaí réamh-mheasta. Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil, áfach, i gcás comhiomarcaíochtaí pleanáilte a eascraíonn as foirceannadh gníomhaíochtaí na bunaíochta de thoradh cinnidh bhreithiúnaigh, nach mbeidh oibleagáid ar an bhfostóir fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás poiblí inniúil ach amháin má iarrann an t‑údarás poiblí sin amhlaidh. Beidh san fhógra sin gach faisnéis ábhartha maidir leis na comhiomarcaíochtaí beartaithe agus na comhairliúcháin le hionadaithe oibrithe dá bhforáiltear in Airteagal 2, agus go háirithe na cúiseanna leis na hiomarcaíochtaí, líon na n‑oibrithe a dhéanfar iomarcach, líon na n‑oibrithe a fhostaítear de ghnáth agus an tréimhse ina ndéanfar na hiomarcaíochtaí. 2. Cuirfidh fostóirí cóip den fhógra dá bhforáiltear i mír 1 ar aghaidh chuig ionadaithe na n‑oibrithe. Féadfaidh ionadaithe na n‑oibrithe aon bharúlacha a d’fhéadfadh a bheith acu a chur chuig an údarás poiblí inniúil.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Foráiltear le hAirteagal 4, atá i Roinn III den treoir freisin: ‘1. Maidir le comhiomarcaíochtaí beartaithe a dtabharfar fógra ina leith don údarás poiblí inniúil, beidh feidhm acu tráth nach luaithe ná 30 lá tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 3(1) gan dochar d'aon fhorálacha lena rialaítear cearta an duine aonair maidir le fógra dífhostaithe. Féadfaidh na Ballstáit an chumhacht a dheonú don údarás poiblí inniúil an tréimhse dá bhforáiltear san fhomhír roimhe seo a laghdú. … 4. Ní gá do na Ballstáit an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le comhiomarcaíochtaí a eascraíonn as foirceannadh ghníomhaíochtaí na bunaíochta i gcás inar toradh é sin ar chinneadh breithiúnach.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
7 |
De réir Airteagal 5 de Threoir 98/59, ‘ní dhéanfaidh sé difear do cheart na mBallstát forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a chur i bhfeidhm nó a thabhairt isteach nó comhaontuithe comhchoiteanna a chur chun cinn nó a cheadú ar bhealach atá níos fabhraí d’oibrithe’. |
Dlí na Spáinne
|
8 |
Foráiltear le hAirteagal 49(1) de Estatuto de los Trabajadores (Reacht na nOIbrithe), sa leagan a thagann ón Real Decreto legislativo 2/2015, por el que se aprueba el texto refundido de la Ley del Estatuto de los Trabajadores (Foraithne Reachtaíochta Ríoga 2/2015 lena bhformheastar téacs comhdhlúite de Reacht na nOibrithe) an 23 Deireadh Fómhair 2015 (BOE Uimh. 255 an 24 Deireadh Fómhair 2015, lch. 100224) (‘Reacht na nOibrithe’), a bhfuil ‘Foirceannadh conartha’ mar cheannteideal don airteagal sin: ‘Déanfar conradh fostaíochta a fhoirceannadh má tharlaíonn aon cheann de na teagmhais seo a leanas: …
…
…’ |
|
9 |
Foráiltear le hAirteagal 51 de Reacht na nOibrithe: ‘1. Chun críocha [an reachta seo] ciallóidh “comhiomarcaíocht” foirceannadh conarthaí fostaíochta ar fhorais eacnamaíocha, theicniúla, eagraíochtúla nó tháirgthe, i gcás, thar thréimhse 90 lá, go ndéanann an foirceannadh difear ar a laghad do:
Measfar forais eacnamaíocha a bheith suite i gcás inar léir staid eacnamaíoch dhiúltach ó fheidhmíocht airgeadais an ghnóthais, i gcásanna ina dtarlaíonn nó ina réamhaisnéisítear caillteanais iarbhír nó ina bhfuil laghdú leanúnach ar leibhéal an ghnáthioncaim nó na ngnáthdhíolachán. Ar aon chuma, measfar laghdú a bheith marthanach más rud é, ar feadh trí ráithe as a chéile, go bhfuil leibhéal an ghnáthioncaim nó na ndíolachán i ngach ráithe níos ísle ná an leibhéal a taifeadadh sa ráithe chéanna den bhliain roimhe sin. Measfar forais theicniúla a bheith suite i gcás ina dtarlaíonn athruithe, inter alia, i réimse na modhanna nó na n‑uirlisí táirgthe; measfar forais eagraíochtúla a bheith suite i gcás ina dtarlaíonn athruithe, inter alia, i réimse na gcóras agus modhanna oibre na foirne nó i modh eagrúcháin na táirgeachta; agus measfar forais táirgthe a bheith suite i gcás ina dtarlaíonn athruithe, inter alia, ar an éileamh ar na hearraí nó ar na seirbhísí a bheartaíonn an gnóthas a chur ar an margadh. Ciallóidh comhiomarcaíocht freisin foirceannadh conarthaí fostaíochta a dhéanann difear d’fhórsa saothair iomlán an ghnóthais, ar choinníoll gur mó ná cúigear líon na n‑oibrithe a ndéantar difear dóibh, i gcás ina dtarlaíonn an foirceannadh mar thoradh ar scor iomlán de ghníomhaíocht ghnó an ghnóthais ar na forais dá dtagraítear thuas. Chun líon fhoirceannadh na gconarthaí a ríomh chun críocha na chéad fhomhíre den mhír seo, cuirfear san áireamh freisin aon fhoirceannadh eile a tharla laistigh den tréimhse tagartha ar thionscnamh an fhostóra, ar chúiseanna eile nach mbaineann leis na hoibrithe aonair lena mbaineann agus atá difriúil ó na forais dá bhforáiltear in Airteagal 49(1)(c) den reacht seo, ar choinníoll gur cúigear ar a laghad líon an fhoirceanta. Más rud é, thar thréimhsí comhleanúnacha de 90 lá agus chun críocha ceanglais [an airteagail seo] a sheachaint, go bhfoirceannann gnóthas, faoi Airteagal 52(c), conarthaí a bhfuil a líon níos ísle ná na tairseacha a shonraítear, in éagmais aon fhorais nua a thugann bonn cirt don ghníomh sin, measfar an foirceannadh nua sin a bheith curtha i gcrích tríd imchéimniú an dlí agus dearbhófar iad a bheith ar neamhní. 2. Ní mór tréimhse chomhairliúcháin le hionadaithe dlíthiúla na n‑oibrithe ar feadh uastréimhse 30 lá féilire nó 15 lá i gcás gnóthas a bhfuil níos lú ná 50 oibrí acu, a reáchtáil roimh an gcomhiomarcaíocht. Ní mór go bpléifí sa chomhairliúchán le hionadaithe dlíthiúla na n‑oibrithe, ar a laghad, leis an bhféidearthacht líon na gcomhiomarcaíochtaí a sheachaint nó a laghdú agus a n‑éifeachtaí a mhaolú trí bhearta sóisialta tionlacain, amhail eisláithriú agus gairmoiliúint nó athoiliúint chun ionchais fostaíochta a fheabhsú. Déanfar an comhairliúchán laistigh d'aon choiste caibidlíochta aonair, agus tuigtear, i gcás ina bhfuil roinnt bunaíochtaí ann, go bhfuil sé teoranta do na bunaíochtaí a bhfuil baint acu leis an nós imeachta. 13 chomhalta ar a mhéid a bheidh ar an gcoiste caibidlíochta, a dhéanfar ionadaíocht do gach ceann de na páirtithe. …’ |
Na díospóidí sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
10 |
Fostaíodh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí i gceann de na hocht mbunaíocht ar le gnóthas FC iad. An 17 Meitheamh 2020, chuir FC in iúl dóibh go ndéanfaí a gconarthaí fostaíochta a fhoirceannadh le héifeacht ón 17 Iúil 2020, mar gheall ar dhul ar scor FC. Mar thoradh ar scor an FC, a tháinig i bhfeidhm ón 3 Lúnasa 2020, rinneadh 54 conradh fostaíochta leanúnach san hocht mbunaíocht sin a fhoirceannadh, lenar áiríodh ocht gconradh fostaíochta na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí. |
|
11 |
An 10 Iúil 2020, thionscain na hiarratasóirí sin caingean i gcoinne FC agus Fogasa os comhair Juzgado de lo Social de Barcelona (Cúirt Shóisialta Barcelona, an Spáinn) chun agóid a dhéanamh i gcoinne an dífhostú neamhdhleathach ar mheas siad go raibh siad faoina réir. Le breithiúnas an 12 Eanáir 2022, rinne an chúirt sin an chaingean sin a dhíbhe. |
|
12 |
Ag éisteacht le hachomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin, tá sé de cheangal ar Tribunal Superior de Justicia de Cataluña (an Ard-Chúirt Bhreithiúnais, an Chatalóin, an Spáinn), inter alia, a rialú i dtaobh an gá foirceannadh chonarthaí fostaíochta na n‑iarratasóirí sna príomhimeachtaí a chinneadh mar fhoirceannadh atá ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 51 de Reacht na nOibrithe a chomhlíonadh maidir le dul i gcomhairle le hionadaithe na n‑oibrithe, cé gur scor FC ba chúis leis an bhfoirceannadh sin. |
|
13 |
Sonraíonn an chúirt sin i gcás den sórt sin nach bhfuil feidhm, i bprionsabal, ag forálacha Airteagal 51 de Reacht na nOibrithe maidir leis an gcomhairliúchán sin, mar is léir ó na forálacha comhcheangailte, ar an gcéad dul síos, ón gcúigiú fomhír d'Airteagal 51(1), lena gceadaítear d’fhoirceannadh conartha fostaíochta a chur san áireamh ar chúiseanna nach mbaineann leis an oibrí aonair ach amháin sa mhéid a tharlaíonn foirceannadh freisin ar fhorais eacnamaíocha, eagraíochtúla nó tháirgthe, de réir bhrí na chéad fhomhíre den mhír chéanna sin, agus, ar an dara dul síos, ó Airteagal 49(1)(g) den reacht sin lena bhforáiltear nach bhfuil feidhm ag an nós imeachta comhairliúcháin a leagtar síos in Airteagal 51 ach amháin i gcás ina n‑eascraíonn foirceannadh na gconarthaí fostaíochta de bharr pearsantacht dhlítheanach an chomhchonraitheora a bheith curtha ar ceal, agus ní mar thoradh ar scor an fhostóra ar duine nádúrtha é. |
|
14 |
Fiafraíonn an chúirt sin, mar sin féin, an gcomhlíontar Treoir 98/59 le heisiamh na staide sin ó raon feidhme an nós imeachta comhairliúcháin atá i gceist agus, más rud é nach gcomhlíontar, an bhféadfaidh na hoibrithe lena mbaineann dul i muinín na treorach sin i gcoinne a bhfostóra ar duine nádúrtha é, cé nach bhfuil an treoir curtha chun feidhme i gceart sa dlí intíre. Ina leith sin, tugtar le fios go bhfuil a fhios aige, mar riail ghinearálta, nach féidir éifeacht dhíreach ‘chothrománach’ a thabhairt d’fhorálacha treorach i ndíospóid idir daoine aonair príobháideacha. Mar sin féin, toisc gur cheadaigh an Chúirt cheana féin, i gcásanna áirithe, eisceachtaí ón riail sin ina raibh an dlí atá i gceist cumhdaithe freisin le prionsabal ginearálta de dhlí an Aontais nó i bhforáil de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) a n‑áirithítear le treoir a cur chun feidhme sonrach, fiafraíonn an chúirt sin an bhféadfaí a chinneadh go bhfuil feidhm ag eisceacht den chineál céanna, sa chás seo, ag féachaint d'Airteagal 27 agus/nó d'Airteagal 30 den Chairt. |
|
15 |
Sna himthosca sin, chinn Tribunal Superior de Justicia de Cataluña (Ard-Chúirt Bhreithiúnais, an Chatalóin) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear
Inghlacthacht
|
16 |
I bhfianaise an fhíorais go raibh an 54 oibrí a bhí fostaithe ag gnóthas FC roinnte idir na hocht mbunaíocht ar leis FC an tráth a scoir sé, fiafraíonn an Coimisiún Eorpach an bhfuil na tairseacha a bhaineann le líon na n‑oibrithe nach mór do chomhiomarcaíocht difear a dhéanamh dóibh, mar a shonraítear in Airteagal 1(1)(a) de Threoir 98/59, bainte amach sa chás seo. Sainmhínítear san fhoráil sin raon feidhme na treorach sin trí thagairt a dhéanamh don t‑aon choincheap ‘bunaíocht’ amháin, ar cheart 20 duine ar a laghad a bheith fostaithe ann de ghnáth. |
|
17 |
Chuige sin, ní mór a mheabhrú gur faoin gcúirt náisiúnta amháin ar tugadh an díospóid os a comhair, agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, ar an ngá le réamhrialú ar mhaithe le breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a tharchuireann sí chuig an gCúirt araon a chinneadh. Dá bhrí sin, ós rud é go mbaineann an cheist le léiriú ar riail dhlí an Aontais, tá ceangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá réir sin, baineann toimhde ábharthachta le tarchur chun réamhrialú ar dhlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt diúltú do rialú a thabhairt ar cheist den sórt sin ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag léiriú ar riail dhlí an Aontais a iarrtar le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, más fadhb de chineál hipitéiseach í, nó mura bhfuil an fhaisnéis fhíorasach nó dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi (breithiúnas an 29 Bealtaine 2018, Liga van Moskeeën en Islamitische Organisaties Provincie Antwerpen agus páirtithe eile, C‑426/16, EU:C:2018:335, mír 30 agus mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
18 |
Sa chás seo, ní mór a thabhairt le tuiscint, ar an gcéad dul síos, nach bhfuil aon sonraí fíorasacha nó dlíthiúla san ordú tarchuir maidir le saintréithe bhunaíochtaí ghnóthas FC tráth fhoirceannadh na gconarthaí fostaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí. Ar an dara dul síos, trína cuid ceisteanna, níl an chúirt a rinne an tarchur ag lorg léirithe maidir leis na tairseacha cainníochtúla a leagtar amach in Airteagal 1(1)(a) de Threoir 98/59, nó le raon feidhme an choincheapa ‘bunaíocht’ dá dtagraítear san fhoráil sin. Os a choinne sin, léirítear le foclaíocht na chéad cheiste a tharchuirtear go gcuirtear an cheist go sonrach i ndáil le cásanna d’fhoirceannadh conarthaí fostaíochta i gcásanna go bhfoirceanntar ‘níos mó conarthaí fostaíochta ná mar a fhoráiltear dó in Airteagal 1 de[Treoir 98/59]’. |
|
19 |
Sna himthosca sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé, más gá, i bhfianaise an chúnaimh arna thabhairt ag cásdlí na Cúirte agus, go háirithe, bhreithiúnas an 13 Bealtaine 2015, Rabal Cañas (C‑392/13, EU:C:2015:318), na fíorais sna príomhimeachtaí a mheasúnú agus a aicmiú ag féachaint don choincheap ‘bunaíocht’, de réir bhrí Airteagal 1(1)(a) de Threoir 98/59, agus do na tairseacha cainníochtúla a leagtar síos san fhoráil sin. |
|
20 |
Sa chomhthéacs sin, féadfar a iarraidh ar an gcúirt a rinne an tarchur, ina theannta sin, an fíoras a chur san áireamh, mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 51(1) de Reacht na nOibrithe agus mar a chinn an Chúirt cheana féin sa bhreithiúnas céanna an 13 Bealtaine 2015, Rabal Cañas (C‑392/13, EU:C:2015:318), agus i mbreithiúnas an 10 Nollaig 2009, Rodríguez Mayor agus páirtithe eile (C‑323/08, EU:C:2009:770), gur ghlac reachtóir na Spáinne, agus é ag brath ar Airteagal 5 de Threoir 98/59, sainmhíniú ar an gcoincheap ‘comhiomarcaíochtaí’ ina nglactar leis gurb é an gnóthas seachas an bhunaíocht an t‑aonad tagartha don ríomh de líon na n‑oibrithe nach mór d’fhoirceannadh den sórt sin difear a dhéanamh dóibh. |
|
21 |
Ag féachaint do na breithnithe thuasluaite, ní léir nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú ar fhorálacha Threoir 98/59 atá á lorg ag an gcúirt a rinne an tarchur le fíorais nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí nó go bhfuil an tsaincheist a d’ardaigh an chúirt hipitéiseach. |
|
22 |
Dá réir sin, tá na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú inghlactha. |
An chéad cheist
|
23 |
Lena chéad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59, arna léamh le chéile, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach ‘comhiomarcaíocht’ atá i bhfoirceannadh conarthaí fostaíochta de chuid líon fostaithe atá sa bhreis ar an líon dá dtagraítear in Airteagal 1(1), de dheasca dhul ar scor an fhostóra, dá bhrí nach gcaitear dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe, agus iad a chur ar an eolas, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 2 sin. |
|
24 |
De bhun Airteagal 1(1)(a) de Threoir 98/59, ciallaíonn ‘comhiomarcaíochtaí’ dífhostú a dhéanann fostóir ar chúis amháin nó níos mó nach mbaineann leis na hoibrithe aonair lena mbaineann ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe maidir le líon agus tréimhsí ama (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Phortaingéil, C‑55/02, EU:C:2004:605, mír 43). |
|
25 |
Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé nach dtugtar sainmhíniú sainráite le Treoir 98/59 ar choincheap na ‘iomarcaíochta’, is cásdlí socair é i bhfianaise na haidhme atá á saothrú ag an treoir sin agus i gcomhthéacs Airteagal 1(1)(a) de, ní mór breathnú ar an gcoincheap sin mar choincheap uathrialach de dhlí an Aontais, nach mór léiriú aonfhoirmeach a thabhairt dó agus nach féidir a shainmhíniú trí thagairt a dhéanamh do dhlíthe na mBallstát, agus ní mór é a léiriú mar choincheap lena gcuimsítear aon fhoirceannadh de chonradh fostaíochta nach bhfuil á lorg ag an oibrí, agus dá bhrí sin gan a thoiliú ná a toiliú (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Samhain 2015, Pujante Rivera, C‑422/14, EU:C:2015:743, mír 48 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
26 |
Chinn an Chúirt freisin, ag féachaint do chuspóir Threoir 98/59, arb é, mar a shonraítear in aithris 2, inter alia, cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe i gcás comhiomarcaíochtaí, nach bhféadtar sainmhíniú cúng a thabhairt ar choincheapa lena sainmhínítear an raon feidhme na treorach sin, lena n‑áirítear an coincheap ‘iomarcaíocht’ in Airteagal 1(1)(a) di (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Samhain 2015, Pujante Rivera, C‑422/14, EU:C:2015:743, mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
27 |
D’fhonn agóid a dhéanamh i gcoinne an aicmithe sin maidir le foirceannadh de chonarthaí fostaíochta atá i gceist sna príomhimeachtaí, áitíonn DB gur cheart go mbeadh fostóir ar nós FC a bheith ábalta, ar an mbealach céanna le hoibrí a fhostaíonn sé nó sí, dul ar scor go dlisteanach agus deireadh a chur leis na conarthaí fostaíochta atá tugtha i gcrích aige nó aici, ar teagmhas é, sa bhreis air sin, atá intuartha don oibrí a fhostaítear ar an mbealach sin faoi chonradh fostaíochta buan le duine nádúrtha. Measann DB freisin go mbeadh nós imeachta comhairliúcháin amhail an ceann dá bhforáiltear i dTreoir 98/59 neamhábhartha i gcás ina mbaineann foirceannadh beartaithe na gconarthaí fostaíochta le dul ar scor an fhostóra a rinne an dífhostú i gceist agus a bhí, mar a bhí sa chás seo, dosheachanta. |
|
28 |
Chuige sin, ba cheart a mheabhrú, áfach, ar an gcéad dul síos, nach gceanglaítear leis an gcoincheap ‘iomarcaíocht’, de réir bhrí Airteagal 1(1)(a) de Threoir 98/59, inter alia go léiríonn bunchúiseanna an fhoirceanta den chonradh fostaíochta mianta an fhostóra agus, ar an dara dul síos, nach féidir le foirceannadh conartha fostaíochta éalú ó chur i bhfeidhm na treorach díreach toisc go mbraitheann sé ar imthosca seachtracha nach bhfuil ag brath ar thoil an fhostóra (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Phortaingéil, C‑55/02, EU:C:2004:605, mír 50 agus mír 60). |
|
29 |
Tá sé sonraithe ag an gCúirt freisin, fiú in imthosca áirithe nach bhfuil foirceannadh cinntitheach ghníomhaíocht an ghnóthais ag brath ar thoil an fhostóra agus nuair nach féidir Treoir 98/59 a chur i bhfeidhm go hiomlán, go bhfuil an cás fós ann nach bhfuil cur i bhfeidhm na treorach sin le heisiamh ina iomláine (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Phortaingéil, C‑55/02, EU:C:2004:605, mír 57). |
|
30 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go háirithe, i gcomhréir leis an gcéad mhír d’Airteagal 2(2) de Threoir 98/59, nach é an cuspóir atá le dul i gcomhairle le hionadaithe na n‑oibrithe ach comhiomarcaíochtaí a sheachaint nó líon na n‑oibrithe a ndéantar difear dóibh a laghdú, ach freisin, inter alia, iarmhairtí na n‑iomarcaíochtaí sin a mhaolú trí dhul ar iontaoibh bearta sóisialta tionlacain atá dírithe, go háirithe, ar chabhair chun oibrithe arna ndéanamh iomarcach a ath-imlonnú nó a athoiliúint (breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Phortaingéil, C‑55/02, EU:C:2004:605, mír 58). Dá bhrí sin tá na comhairliúcháin sin ábhartha i gcónaí i gcás ina bhfuil baint ag foirceannadh beartaithe na gconarthaí fostaíochta le scor an fhostóra. |
|
31 |
Is fíor, ina bhreithiúnas an 10 Nollaig 2009, Rodríguez Mayor agus páirtithe eile (C‑323/08, EU:C:2009:770), a bhain freisin le forálacha Reacht na nOibrithe, chinn an Chúirt nach mór Airteagal 1(1) de Threoir 98/59 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc ar an reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach n‑aicmítear foirceannadh na gconarthaí fostaíochta roinnt oibrithe mar gheall ar bhás a bhfostóra mar ‘comhiomarcaíochtaí’ agus nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha náisiúnta lena gcuirtear an treoir sin chun feidhme. |
|
32 |
Ní mór a aibhsiú, áfach, nár tháinig an Chúirt ar an léiriú sin ach amháin tar éis di a chinneadh go sonrach, i míreanna 34 go 41 den bhreithiúnas sin, gur tháinig sé as an gcomhcheangal den fhoclaíocht Airteagal 1(1) de Threoir 98/59, d’fhoclaíocht an dara fomhír d’Airteagal 1(1), d’Airteagal 2(1) agus (3) agus d’Airteagal 3 den treoir sin, go dtoimhdítear leis an gcoincheap ‘comhiomarcaíochtaí’, de réir bhrí Airteagal 1(1)(a) den treoir sin, gurb ann d’fhostóir a bhfuil na hiomarcaíochtaí sin beartaithe aige agus atá ábalta, ar an gcéad dul síos, chun na críche sin na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3 den treoir sin a chur i gcrích agus, ar an dara dul síos, éifeacht a thabhairt, nuair is cuí, d’iomarcaíochtaí den sórt sin. I mír 42 den bhreithiúnas céanna, chinn an Chúirt nach raibh na coinníollacha sin comhlíonta a thuilleadh i gcás bás an fhostóra a bhí i mbun gnóthais mar dhuine nádúrtha. |
|
33 |
Ina leith sin, chuir an Chúirt in iúl freisin, i mír 44 den bhreithiúnas sin an 10 Nollaig 2009, Rodríguez Mayor agus páirtithe eile (C‑323/08, EU:C:2009:770), nach bhféadtar príomhchuspóir Threoir 98/59, arb é atá ann comhiomarcaíochtaí a dhéanamh faoi réir réamhchomhairliúcháin le hionadaithe na n‑oibrithe agus fógra a thabhairt don údarás poiblí inniúil, a chomhlíonadh trí fhoirceannadh conarthaí fostaíochta fhoireann iomlán gnóthas a bhfuil duine nádúrtha ina bhun mar thoradh scor ghníomhaíochtaí an ghnóthais sin de bharr bhás an fhostóra, a aicmiú mar ‘chomhiomarcaíocht’ ós rud é nach bhféadfadh an comhairliúchán sin tarlú agus nárbh fhéidir, mar sin, foirceannadh na gconarthaí fostaíochta a sheachaint nó a laghdú ná na hiarmhairtí a mhaolú. |
|
34 |
Ar deireadh, mheabhraigh an Chúirt, i mír 48 den bhreithiúnas, go dtagann na hoibleagáidí maidir le comhairliúchán agus fógra a thabhairt a fhorchuirtear ar an bhfostóir chun bheith roimh chinneadh an fhostóra conarthaí fostaíochta a fhoirceannadh agus chinn sí, chuige sin, i mír 50 den bhreithiúnas céanna, nach bhfuil aon chinneadh ann na conarthaí fostaíochta a fhoirceannadh, agus nach bhfuil sé beartaithe roimhe sin foirceannadh den sórt sin a chur i gcrích i gcás báis fostóra ar duine nádúrtha é. |
|
35 |
Ní mór a chinneadh, áfach, nach bhfuil imthosca sonracha na staide ina bhfuair an fostóir duine nádúrtha bás, a mheabhraítear i míreanna 32 go 34 den bhreithiúnas seo, i láthair sa chás ina bhfuil foirceannadh na gconarthaí fostaíochta mar thoradh ar scor fostóra den sórt sin. |
|
36 |
Sa chás deiridh sin, tá an fostóir ag smaoineamh ar na conarthaí fostaíochta sin a fhoirceannadh i bhfianaise é nó í dul ar scor agus, i bprionsabal, tá sé ábalta na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 2 agus Airteagal 3 de Threoir 98/59 a chur i gcrích agus, sa chomhthéacs sin, comhairliúcháin a sheoladh chun, inter alia, an foirceannadh sin a sheachaint nó a líon a laghdú nó, ar aon nós, a n‑iarmhairtí a mhaolú. |
|
37 |
Ina theannta sin, is beag tábhacht nach ndéantar cásanna cosúil leo siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú, i ndlí na Spáinne, mar iomarcaíochtaí ach mar dhul in éag na gconarthaí fostaíochta trí fheidhmiú an dlí. I ndáiríre is foirceannadh an chonartha fostaíochta in éadan thoil an oibrí iad, agus is iomarcaíochtaí iad, dá bhrí sin, chun críocha Threoir 98/59 (féach, de réir analaí, breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2004, an Coimisiún v an Phortaingéil, C‑55/02, EU:C:2004:605, mír 62). |
|
38 |
Mar sin, maidir le haon reachtaíocht náisiúnta nó le léiriú uirthi a mbeadh an éifeacht aige nach bhféadtar foirceannadh na gconarthaí fostaíochta mar thoradh ar dhul ar scor fostóra ar duine nádúrtha é a bheith ina ‘iomarcaíocht’ de réir bhrí Threoir 98/59, d’athródh sé raon feidhme an treoir sin agus dá bhrí sin a lánéifeacht a bhaint di (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Samhain 2015, Pujante Rivera, C‑422/14, EU:C:2015:743, mír 54 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
39 |
Ag féachaint do na breithnithe go léir thuasluaite, is é an freagra ar an gcéad cheiste nach mór Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59, arna léamh le chéile, a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar reachtaíocht náisiúnta ar dá réir nach ‘comhiomarcaíocht’ atá i bhfoirceannadh conarthaí fostaíochta de chuid líon fostaithe atá sa bhreis ar an líon dá dtagraítear in Airteagal 1(1), de dheasca dhul ar scor an fhostóra, dá bhrí nach gcaitear dul i gcomhairle le hionadaithe na bhfostaithe, agus iad a chur ar an eolas, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 2 sin. |
An dara ceist
|
40 |
Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá dlí an Aontais a léiriú amhail is go gceanglaítear leis ar chúirt náisiúnta, a bhfuil díospóid idir daoine príobháideacha aonair os a comhair, gan reachtaíocht náisiúnta, amhail an dlí dá dtagraítear i mír 39 den bhreithiúnas seo, a chur i bhfeidhm, i gcás neamhréireacht na reachtaíochta sin le forálacha Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59. |
|
41 |
Ba cheart a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, go bhfuil sé de cheangal orthu, i gcomhréir le cásdlí socair, nuair a chuireann cúirteanna náisiúnta an dlí intíre i bhfeidhm, a mhéid is féidir, é a léiriú i bhfianaise fhoclaíocht agus chuspóir na treorach lena mbaineann d’fhonn an toradh atá á lorg leis an treoir a bhaint amach, agus dá bhrí sin an tríú mír d’Airteagal 288 CFAE a chomhlíonadh (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 66 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
42 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go gceanglaítear ar na cúirteanna náisiúnta leis an bprionsabal nach mór an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le dlí an Aontais, cibé rud a thagann faoina ndlínse a dhéanamh, ag cur corp iomlán an dlí intíre san áireamh agus ag cur na modhanna léirithe atá aitheanta aici i bhfeidhm, d’fhonn a áirithiú go bhfuil éifeacht iomlán ag an treoir atá i gceist agus go mbaintear amach toradh i gcomhréir leis an gcuspóir atá á shaothrú aici (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 67 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
43 |
Mar sin féin, mar atá sonraithe ag an gCúirt arís agus arís eile, tá prionsabal an léirithe chomhsheasmhaigh faoi réir teorainneacha áirithe. Mar sin tá an oibleagáid atá ar chúirt náisiúnta tagairt a dhéanamh do dhlí an Aontais agus rialacha ábhartha an dlí intíre á léiriú agus á gcur i bhfeidhm aici teoranta ag prionsabail ghinearálta an dlí agus ní féidir léi feidhmiú mar bhonn do léiriú ar an dlí náisiúnta contra legem (breithiúnas an 19 Aibreán 2016, DI, C‑441/14, EU:C:2016:278, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
44 |
Sa chás seo, tá tuairimí éagsúla ag DB agus ag Rialtas na Spáinne maidir le cibé an bhféadtar, nó nach bhféadtar, léiriú a thabhairt ar an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí sa chaoi go n‑áiritheofar go gcomhlíonfar na forálacha comhcheangailte d’Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59. Tá DB den tuairim go gcoisctear leis na téarmaí soiléire agus beachta ina ndréachtaítear Airteagal 49(1)(g) de Reacht na nOibrithe an léiriú comhsheasmhach sin, cé go measann Rialtas na Spáinne, ar an taobh eile, gur féidir a leithéid de léiriú a dhéanamh agus nach mbeadh sé contra legem. |
|
45 |
Ní faoin gCúirt, áfach, ach faoi na cúirteanna náisiúnta amháin atá sé rialú a dhéanamh ar léiriú an dlí náisiúnta, sa chaoi is gur faoin gcúirt a rinne an tarchur, más gá, atá sé a chinneadh cé acu an bhféadtar nó nach bhféadtar an dlí náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, a léiriú ar bhealach a áirithíonn go gcomhlíontar Treoir 98/59. |
|
46 |
Ansin, ba cheart a mheabhrú, de réir cásdlí socair, nach féidir le treoir aisti féin oibleagáidí a chruthú ar thaobh an duine aonair agus nach féidir, dá bhrí sin, í a agairt ina choinne nó ina coinne. Dá leathnófaí an fhéidearthacht chun foráil de Threoir nach bhfuil trasuite, nó nach bhfuil trasuite i gceart, chuig réimse na gcaidreamh idir daoine aonair, b’ionann sin agus a aithint go bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas Eorpach oibleagáidí a chruthú a bhfuil éifeacht acu láithreach i leith daoine aonair, cé nach bhfuil an inniúlacht sin aici ach sna réimsí ina bhfuil sé de chumhacht aige Rialacháin a ghlacadh (breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
47 |
Dá bhrí sin, ní féidir brath ar fhorálacha comhcheangailte Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59 iontu féin, i ndíospóid idir daoine aonair, amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, d’fhonn a áirithiú go dtugtar lánéifeacht do na forálacha sin trí dhlí náisiúnta a mheastar a bheith contrártha leo a dhífheidhmiú (féach, de réir analaí, breithiúnas an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 78). |
|
48 |
Ar deireadh, is gá raonta feidhme d’Airteagal 27 agus d’Airteagal 30 den Chairt faoi seach a scrúdú chun a chinneadh, i gcomhréir le hiarraidh na cúirte a rinne an tarchur ina hordú tarchuir, cé acu is gá ceachtar de na forálacha sin nó an dá cheann acu a léiriú sa chaoi go bhféadfar iad a agairt, ina n‑aonar nó in éineacht le hAirteagal 1(1) agus le hAirteagal 2 de Threoir 98/59, i ndíospóid idir daoine aonair, amhail an díospóid atá i gceist sna príomhimeachtaí, chun a cheangal ar chúirt náisiúnta dlí náisiúnta a mheasfar a bheith contrártha le forálacha na treorach sin a chur ar neamhní. |
|
49 |
Maidir, ar an gcéad dul síos, le hAirteagal 27 den Chairt, dar teideal ‘Ceart oibrithe chun faisnéise agus comhairliúcháin sa ghnóthas’, lena bhforáiltear nach mór a ráthú, ar na leibhéil iomchuí, d’oibrithe faisnéis agus comhairliúchán sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, is leor, sa chás seo, a mheabhrú gur chinn an Chúirt go bhfuil sé soiléir ó fhoclaíocht na forála sin, ionas go dtabharfaí lánéifeacht don airteagal sin, nach mór é a shonrú ar bhealach níos sonraí i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta (breithiúnais an 15 Eanáir 2014, Association de médiation sociale, C‑176/12, EU:C:2014:2, mír 44 agus mír 45, agus an 6 Samhain 2018, Bauer agus Willmeroth, C‑569/16 agus C‑570/16, EU:C:2018:871, mír 84). |
|
50 |
Chuige sin, ní fhéadtar tátal a bhaint as foclaíocht Airteagal 27 den Chairt gur rialacha dlí a bhfuil feidhm dhíreach acu iad na rialacha amhail na rialacha atá in Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59, a dhírítear chuig na Ballstáit agus lena sainítear na cásanna nach mór nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin le hionadaithe oibrithe a tharlú i gcás comhiomarcaíochtaí na n‑oibrithe sin, mar aon leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta nach mór a chomhlíonadh leis an bhfaisnéis sin agus leis an gcomhairliúchán sin, (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Eanáir 2014, Association de médiation sociale, C‑176/12, EU:C:2014:2, mír 46). |
|
51 |
Dá réir sin, ní fhéadtar Airteagal 27 den Chairt a agairt, amhlaidh, i ndíospóid idir daoine aonair, amhail an ceann atá i gceist sna príomhimeachtaí, d’fhonn teacht ar an gconclúid nár chóir na forálacha náisiúnta nach bhfuil i gcomhréir le hAirteagal 1(1) ná le hAirteagal 1(1) a chur i bhfeidhm (féach, de réir analaí, breithiúnas an 15 Eanáir 2014, Association de médiation sociale, C‑176/12, EU:C:2014:2, mír 48). |
|
52 |
Ní fhéadtar amhras a chaitheamh ar an gcinneadh sin trí Airteagal 27 den Chairt a bhreithniú i gcomhar le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59 i bhfianaise, ós rud é nach leor an t‑airteagal sin ann féin chun ceart a thabhairt do dhaoine aonair a fhéadfaidh siad a agairt amhlaidh, nach bhféadfaidh sé a bheith ar mhalairt air sin má mheastar é i gcomhar leis na forálacha sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Eanáir 2014, Association de médiation sociale, C‑176/12, EU:C:2014:2, mír 49). |
|
53 |
Maidir, ar an dara dul síos, le hAirteagal 30 den Chairt, lena bhforáiltear go bhfuil an ceart ag gach oibrí cosaint a fháil ar dhífhostú neamh-inleithscéil, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta, ní mór a chinneadh nach foláir mutatis mutandis, go dtiocfaidh conclúid ar aon dul leis an gconclúid a thig ó na míreanna sin a bhaineann le hAirteagal 27 den Chairt as na cúiseanna atá leagtha amach i míreanna 49 go 52 den bhreithiúnas seo. |
|
54 |
Ar an mbealach céanna a meabhraíodh i mír 49 maidir le hAirteagal 27, is léir ó fhoclaíocht Airteagal 30 den Chairt, d’fhonn go mbeidh éifeacht iomlán ag an bhforáil sin, nach mór léiriú níos sainiúla a thabhairt di i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta. |
|
55 |
Dá réir sin, is cuma cé acu an bhféadfaí cumas a bheith ag mainneachtain na rialacha maidir le faisnéis agus comhairliúchán le hionadaithe oibrithe a chomhlíonadh i gcás comhiomarcaíochtaí, amhail na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59 teacht faoi raon feidhme ábhartha Airteagal 30 den Chairt agus an choincheapa ‘dífhostú neamh-inleithscéil’ de réir bhrí na forála sin, is leor a chinneadh nach bhféadtar tátal a bhaint as foclaíocht Airteagal 30 den Chairt, gur rialacha a bhfuil feidhm dhíreach acu iad rialacha den sórt sin, a dhírítear chuig na Ballstáit agus lena sainítear na cásanna nach mór do nós imeachta faisnéise agus comhairliúcháin le hionadaithe oibrithe tarlú i gcás comhiomarcaíochtaí na n‑oibrithe sin, mar aon leis na coinníollacha substainteacha agus nós imeachta nach mór a chomhlíonadh leis an bhfaisnéis agus leis an gcomhairliúchán sin. |
|
56 |
Dá bhrí sin, agus ar aon dul leis an réasúnaíocht atá leagtha amach i míreanna 51 agus 52 den bhreithiúnas seo i leith Airteagal 27 den Chairt, ní fhéadtar Airteagal 30 di a agairt, ann féin nó i gcomhar le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59, i ndíospóid idir daoine aonair, amhail an díospóid atá i gceist sna príomhimeachtaí, d’fhonn a chinneadh nár cheart na forálacha náisiúnta nach bhfuil i gcomhréir le Treoir 98/59 a chur i bhfeidhm. |
|
57 |
I bhfianaise an méid sin thuasluaite, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór dlí an Aontais a léiriú amhail is go gceanglaítear leis ar chúirt náisiúnta, a bhfuil díospóid idir daoine aonair os a comhair, gan reachtaíocht náisiúnta, amhail an dlí dá dtagraítear i mír 39 den bhreithiúnas seo, a chur i bhfeidhm, i gcás neamhréireacht na reachtaíochta sin le forálacha Airteagal 1(1) agus Airteagal 2 de Threoir 98/59. |
Costais
|
58 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Dara Dlísheomra) mar seo a leanas: |
|
|
|
[Sínithe] |
( *1 ) Teanga an cháis: an Spáinnis.
( 1 ) Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní ag tagairt d’fhíorainm páirtí ar bith sna himeachtaí atá sé.