Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0107

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2023 Iúil 24.
    Imeachtaí coiriúla i gcoinne Statul român.
    Tarchur chun réamhrialú – Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint – Airteagal 325(1) CFAE – Coinbhinsiún “PIF” – Airteagal 2(1) – Oibleagáid calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a bheidh mar chosc agus a bheidh éifeachtúil – Oibleagáid foráil a dhéanamh do phionóis choiriúla – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Calaois thromchúiseach CBL – Tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil – Breithiúnas ó Chúirt Bhunreachtúil lenar cinneadh foráil náisiúnta lena rialaítear cúiseanna leis an tréimhse theorann sin a bhriseadh a bheith neamhbhailí – Riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann – Cosaint na gceart bunúsach – Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Ceanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil – An prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Caighdeán náisiúnta cosanta do chearta bunúsacha – Oibleagáid ar chúirteanna Ballstáit breithiúnais Chúirt Bhunreachtúil agus/nó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin a fhágáil gan feidhm i gcás neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais – Dliteanas araíonachta na mbreithiúna i gcás nach leantar na breithiúnais sin – Prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais.
    Cás C-107/23 PPU.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2023:606

     BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    24 Iúil 2023 ( *1 )

    (Tarchur chun réamhrialú – Leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint – Airteagal 325(1) CFAE – Coinbhinsiún “PIF” – Airteagal 2(1) – Oibleagáid calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a bheidh mar chosc agus a bheidh éifeachtúil – Oibleagáid foráil a dhéanamh do phionóis choiriúla – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Calaois thromchúiseach CBL – Tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil – Breithiúnas ó Chúirt Bhunreachtúil lenar cinneadh foráil náisiúnta lena rialaítear cúiseanna leis an tréimhse theorann sin a bhriseadh a bheith neamhbhailí – Riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann – Cosaint na gceart bunúsach – Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis – Ceanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil – An prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) – Prionsabal na deimhneachta dlíthiúla – Caighdeán náisiúnta cosanta do chearta bunúsacha – Oibleagáid ar chúirteanna Ballstáit breithiúnais Chúirt Bhunreachtúil agus/nó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin a fhágáil gan feidhm i gcás neamh-chomhlíonadh dhlí an Aontais – Dliteanas araíonachta na mbreithiúna i gcás nach leantar na breithiúnais sin – Prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais)

    I gCás C-107/23 PPU [Lin] ( i ),

    IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ón Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov, an Rómáin), trí bhreith an 22 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an lá céanna, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne

    C.I.,

    C.O.,

    K.A.,

    L.N.,

    S.P.,

    Páirtí eile:

    Statul român,

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal, C. Lycourgos (Rapóirtéir), E. Regan, P. G. Xuereb, L. S. Rossi agus D. Gratsias, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, S. Rodin, F. Biltgen, N. Piçarra, N. Jääskinen, J. Passer agus O. Spineanu-Matei, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

    Cláraitheoir: R. Şereş, Riarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 10 Bealtaine 2023,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    C.I., ag C.-I. Gliga, avocat,

    C.O., ag M. Gornoviceanu, avocată,

    L.N., ag C.-I. Gliga, avocat,

    S.P., ag H. Crişan, avocat,

    Rialtas na Rómáine, ag L.-E. Baţagoi, M. Chicu, E. Gane, agus O.-C. Ichim, i gcáil Gníomhairí,

    an Coimisiún Eorpach, ag J. Baquero Cruz, F. Blanc, I. V. Rogalski, F. Ronkes Agerbeek agus P. J. O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 29 Meitheamh 2023,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1

    Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 325(1) CFAE, na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”), Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint, arna shíniú sa Bhruiséil an 26 Iúil 1995, agus a ghabhann le Gníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995 (IO 1995 C 316, lch. 48, “Coinbhinsiún PIF”), Airteagail 2 agus 12 de Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO 2017 L 198, lch. 29, “Treoir PIF”), Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1), Chinneadh 2006/928/CE ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra comhair agus fíorúcháin ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO 2006 L 354, lch. 56) agus phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais.

    2

    Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs caingne eisceachtúla athbhreithniúcháin arna dtaisceadh ag C.I., C.O., K.A., L.N. agus S.P. (le chéile, “na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí”), lena n-iarrtar a gciontú críochnaitheach lenar forchuireadh pianbhreitheanna príosúnachta mar gheall ar ghníomhartha arna meas mar chalaois chánach agus mar chomhcheilg a chur ar neamhní.

    An dlí lena mbaineann

    Dlí an Aontais

    Coinbhinsiún PIF

    3

    Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 1 de Choinbhinsiún PIF, dar teideal “Forálacha ginearálta”:

    “1.   Chun críoch an Choinbhinsiúin seo, is ionann agus calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach:

    [...]

    b)

    maidir le hioncam, aon ghníomh nó neamhghníomh a dhéantar d’aon ghnó a bhaineann le:

    ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a úsáid nó a thíolacadh, arb é a n-éifeacht acmhainní bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó buiséid arna mbainistiú ag na Comhphobail Eorpacha, nó thar a cheann, a laghdú go neamhdhleathach,

    [...]

    2.   Faoi réir Airteagal 2(2), glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá agus is cuí chun forálacha mhír 1 a thrasuí sa dlí coiriúil náisiúnta sa chaoi gur cionta coiriúla iad na gníomhartha dá dtagraítear leis na forálacha sin.

    3.   Faoi réir Airteagal 2(2), glacfaidh gach Ballstát freisin na bearta is gá chun a áirithiú gur cion coiriúil é ráitis nó doiciméid atá bréagach, mícheart nó neamhiomlán a bhfuil an éifeacht a luaitear i mír 1 acu a bhunú nó a sholáthair d’aon ghnó mura bhfuil an méid sin inphionóis cheana mar phríomhchion, bíodh sin mar gheall ar chomhpháirteachas, gríosú nó iarracht calaois a dhéanamh mar a leagadh amach i mír 1.

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4

    Foráiltear le hAirteagal 2 den Choinbhinsiún sin, dar teideal “Pionóis”:

    “1.   Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go bhfuil na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1, agus comhpháirteachas, gríosú nó iarracht a bhaineann leis na gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 1(1), inphionóis le pionóis choiriúla éifeachtacha, comhréireacha agus atá mar chosc, lena n-áirítear, ar a laghad i gcás calaois thromchúiseach, pianbhreitheanna coimeádta a bhféadfadh eiseachadadh a bheith mar thoradh orthu, ar chuntar nach mór a mheas mar chalaois thromchúiseach gach calaois a bhaineann le híosmhéid atá le socrú i ngach Ballstát. Ní féidir an t-íosmhéid sin a shocrú ag níos mó ná [EUR] 50000.

    2.   Féadfaidh Ballstát foráil a dhéanamh, áfach, i gcásanna de mhionchalaois a bhaineann le méid iomlán atá níos lú ná [EUR] 4000 agus nach bhfuil imthosca tromchúiseacha ar leith de réir reachtaíocht an Bhallstáit sin ag baint léi, do phionóis de chineál éagsúil ó na pionóis dá bhforáiltear i mír 1.

    [...]”

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    Treoir PIF

    5

    Sonraítear in Airteagal 16 de Threoir PIF, dar teideal “An Treoir seo a chur in ionad [Choinbhinsiún PIF]”:

    “Leis seo, le haghaidh na mBallstát sin atá faoina ceangal, cuirtear an Treoir seo in ionad [Choinbhinsiún PIF] lena n-áirítear Prótacal an 27 Meán Fómhair 1996, Prótacal an 29 Samhain 1996 agus Prótacal an 19 Meitheamh 1997 a ghabhann leis, le héifeacht amhail ón 6 Iúil 2019.

    Le haghaidh na mBallstát a bhfuil an Treoir seo ina ceangal orthu, déanfar tagairtí don Choinbhinsiún a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo.”

    Dlí na Rómáine

    Bunreacht na Rómáine

    6

    Leagtar amach an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) in Airteagal 15(2) de Constituția României (Bunreacht na Rómáine) ar dá réir “[n]í fhoráiltear leis an dlí ach don todhchaí, ach amháin i gcás dlíthe coiriúla nó dlíthe riaracháin atá níos trócairí”.

    7

    Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 147(1) agus (4) de Bhunreacht na Rómáine:

    “1.   Tiocfaidh deireadh le héifeachtaí dlíthiúla fhorálacha na ndlíthe agus na n-orduithe atá i bhfeidhm, chomh maith le forálacha rialacha, a mheastar a bheith míbhunreachtúil 45 lá i ndiaidh fhoilsiú bhreithiúnas an Curtea Constituțională [(an Chúirt Bhunreachtúil, an Rómáin)], seachas más rud é, le linn na tréimhse sin, go leasóidh an Pharlaimint nó an Rialtas, de réir an cháis, na forálacha míbhunreachtúla chun go mbeidh siad i gcomhréir le forálacha an Bhunreachta. Le linn na tréimhse sin, cuirfear na forálacha a mheastar a bheith míbhunreachtúil ar fionraí ipso jure.

    [...]

    4.   Foilseofar cinntí an Curtea Constituțională [(an Chúirt Bhunreachtúil)] in Monitorul Oficial al României. Ó dháta an fhoilsithe, beidh na cinntí ceangailteach go ginearálta agus ní bheidh éifeachtaí acu ach i leith na todhchaí.”

    Reachtaíocht choiriúil na Rómáine

    8

    Leagtar síos an cion de chalaois chánach mar seo a leanas in Airteagal 9 de Legea nr. 241/2005 pentru prevenirea și combaterea evaziunii fiscale (Dlí Uimh. 241/2005 chun calaois chánach a chosc agus a chomhrac) an 15 Iúil 2005 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 672 an 27 Iúil 2005) sa leagan is infheidhme i leith na bpríomhimeachtaí:

    “1.   Is ionann agus an cion de chalaois chánach, atá inphionóis le pianbhreith phríosúnachta idir dhá bhliain agus ocht mbliana ar fhad agus toirmeasc ar chearta nó fíneáil, na gníomhartha seo a leanas arna ndéanamh d’fhonn dul timpeall ar oibleagáidí cánach:

    [...]

    c)

    costais a iontráil, sna cuntais nó ar dhoiciméid dhlíthiúla eile, nach mbaineann le fíor-idirbhearta nó idirbhearta samhailteacha eile a iontráil;

    [...]

    2.   Má dhéantar díobháil de níos mó ná coibhéis EUR 100000 san airgeadra náisiúnta leis na gníomhartha dá bhforáiltear i mír 1, déanfar an íos-phianbhreith agus an uas-phianbhreith a ardú de chúig bliana.

    3.   Má dhéantar díobháil de níos mó ná coibhéis EUR 500000 san airgeadra náisiúnta leis na gníomhartha dá bhforáiltear i mír 1, déanfar an íos-phianbhreith agus an uas-phianbhreith a ardú de sheacht mbliana.”

    9

    An 1 Feabhra 2014, tháinig Legea nr. 286/2009 privind Codul penal (Dlí Uimh. 286/2009 maidir leis an gcód coiriúil) an 17 Iúil 2009 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 510 an 24 Iúil 2009, “an cód coiriúil”) i bhfeidhm.

    10

    De bhun Airteagal 154(1)(b) den chód coiriúil, is é 10 mbliana an tréimhse theorann ghinearálta le haghaidh na gcionta coiriúla a chuirtear i leith na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí.

    11

    Roimh theacht i bhfeidhm an chóid choiriúil, foráladh mar seo a leanas leis an bhforáil lenar rialaíodh tréimhsí teorann in ábhair choiriúla a bhriseadh:

    “Bristear an tréimhse theorann dá bhforáiltear in Airteagal 122 le gach gníomh a dhéantar i gcás nach mór, i gcomhréir leis an dlí, a chur in iúl don chúisí nó don chosantóir le linn na n-imeachtaí coiriúla.”

    12

    Sa bhunleagan, foráladh le hAirteagal 155(1) den chód coiriúil:

    “Bristear an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gach gníomh nós imeachta a dhéantar i gcás.”

    13

    Leasaíodh Airteagal 155(1) mar seo a leanas le Ordonanța de urgență a Guvernului nr. 71/2022 pentru modificarea articolului 155 alineatul (1) din Legea nr. 286/2009 privind Codul penal (Reacht éigeandála rialtais Uimh. 71/2022 lena leasaítear Airteagal 155(1) de Dhlí Uimh. 286/2009 maidir leis an gcód coiriúil) an 30 Bealtaine 2022 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 531 an 30 Bealtaine 2022, “OUG Uimh. 71/2022”):

    “Bristear an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gach gníomh nós imeachta a dhéantar i gcás nach mór, i gcomhréir leis an dlí, a chur in iúl don duine atá faoi dhrochamhras nó don chosantóir.”

    14

    Soiléirítear raon feidhme an phrionsabail maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), a leagtar amach in Airteagal 15(2) de Bhunreacht na Rómáine, in Airteagal 5(1) den chód coiriúil, ar dá réir:

    “Má thagann dlí coiriúil amháin nó roinnt dlíthe coiriúla i bhfeidhm idir déanamh ciona agus an breithiúnas críochnaitheach, cuirfear an dlí is trócairí i bhfeidhm.”

    15

    Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 426 de Legea nr. 135/2010 privind Codul de procedură penală (Dlí Uimh. 135/2010 maidir leis an gcód um nós imeachta coiriúil) an 1 Iúil 2010 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 486 an 15 Iúil 2010), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, dar teideal “Cásanna inar féidir caingean eisceachtúil le haghaidh neamhniú a dhéanamh”:

    “Féadfar caingean eisceachtúil le haghaidh neamhniú a thionscnamh i gcoinne breithiúnais chríochnaitheacha in ábhair choiriúla sna cásanna seo a leanas:

    [...]

    b)

    ciontaíodh an cosantóir, cé go raibh fianaise ann maidir le cúis a bheith ann le clabhsúr a chur leis an nós imeachta coiriúil.

    [...]”

    Reachtaíocht maidir le córas araíonachta na mbreithiúna

    16

    Foráladh le hAirteagal 99 de Legea nr. 303/2004 privind statutul judecătorilor și procurorilor (Dlí Uimh. 303/2004 maidir le reacht na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí) an 28 Meitheamh 2004 (arna athfhoilsiú in Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 826 an 13 Meán Fómhair 2005):

    “Is ionann agus cionta araíonachta:

    [...]

    ș)

    neamhchomhlíonadh breithiúnas ón Curtea Constituțională [(an Chúirt Bhunreachtúil)] nó breithiúnas arna bhfógairt ag an Înalta Curte de Casație și Justiție [(an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas, an Rómáin)] agus í ag tabhairt rialú maidir le hachomhairc chun tairbhe an dlí;

    [...]”

    17

    Foráiltear le hAirteagal 271 de Legea nr. 303/2022 privind statutul judecătorilor și procurorilor (Dlí Uimh. 303/2022 maidir le reacht na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí) an 15 Samhain 2022 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 1102 an 16 Samhain 2022):

    “Is ionann agus cionta araíonachta:

    [...]

    s)

    feidhmeanna a chur i bhfeidhm de mheon mímhacánta nó le faillí thromchúiseach.”

    18

    Sonraítear le hAirteagal 272(1) agus (2) den dlí sin:

    “1.   Léireoidh breitheamh nó ionchúisitheoir go ngníomhaíonn sé de mheon mímhacánta nuair a sháraíonn sé go feasach rialacha den dlí substainteach nó den dlí nós imeachta agus é mar chuspóir aige, nó ag glacadh leis, go ndéanfar díobháil do dhuine.

    2.   Déanfaidh breitheamh nó ionchúisitheoir faillí thromchúiseach nuair a dhéanann sé neamhaird ar bhealach faillíoch, tromchúiseach, gan amhras agus do-mhaite ar rialacha den dlí substainteach nó den dlí nós imeachta.”

    An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear

    19

    Le linn na bliana 2010, mhainnigh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, go hiomlán nó go páirteach, a chur in iúl ina ndoiciméid chuntasaíochta na hidirbhearta tráchtála agus an t-ioncam a bhain le díol díosail do thairbhithe inmheánacha, ar díosal é arna fháil faoi scéim fionraíochta dleachtanna máil, agus trí sin rinne siad díobháil do bhuiséad an Stáit, go háirithe maidir le cáin bhreisluacha (CBL) agus dleachtanna máil ar dhíosal.

    20

    Le breithiúnas coiriúil Uimh. 285/AP an 30 Meitheamh 2020, d’ordaigh an Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov, an Rómáin), an chúirt a rinne an tarchur, go gciontófar nó go gcinnteofar ciontú na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí, arna fhógairt ag Tribunalul Brașov (Cúirt Réigiúnach Brașov, an Rómáin) i mbreithiúnas coiriúil Uimh. 38/S an 13 Márta 2018, lenar forchuireadh pianbhreitheanna príosúnachta orthu mar gheall ar an gcion de chalaois chánach a dhéanamh, dá bhforáiltear in Airteagal 9(1)(b) agus (c) agus Airteagal 9(3) de Dhlí Uimh. 241/2005 chun calaois chánach a chosc agus a chomhrac, sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, agus mar gheall ar an gcion de chomhcheilg a dhéanamh, dá bhforáiltear i bhforálacha Airteagal 7 i gcomhar le pointe 16 d’Airteagal 2(b) de Legea nr. 39/2003 privind prevenirea și combaterea criminalității organizate (Dlí Uimh. 39/2003 maidir le coireacht eagraithe a chosc agus a chomhrac) an 21 Eanáir 2003 (Monitorul Oficial al României, páirt I, Uimh. 50 an 29 Eanáir 2003), sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den chód coiriúil.

    21

    Bhí a saoirse bainte ó bheirt de na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, K.A. agus S.P., tráth a taisceadh an iarraidh ar réamhrialú seo, i gcomhréir le breithiúnas Uimh 285/AP an 30 Meitheamh 2020 ón Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov).

    22

    Forchuireadh freisin ar na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí damáistí cánach a íoc, lena n-áirítear suimeanna dlite de bhun CBL, de mhéid iomlán de 13964482 lei na Romáine (RON) (thart ar EUR 3240000).

    23

    San iarraidh ar réamhrialú, tagraíonn an chúirt a rinne an tarchur do chásdlí náisiúnta a bhaineann leis an mbunleagan d’Airteagal 155(1) den chód coiriúil, a d’fhéadfadh tionchar cinntitheach a bheith aige ar staid na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí.

    24

    Go sonrach, cuireann an chúirt sin in iúl, ar an gcéad dul síos, gur ghlac an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), le breithiúnas Uimh. 297 an 26 Aibreán 2018, arna fhoilsiú an 25 Meitheamh 2018 (“breithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)”), le pléadáil mhíbhunreachtúlachta dírithe ar an bhforáil sin a mhéid a rinneadh foráil léi do bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le “gach gníomh nós imeachta” a dhéantar.

    25

    Maítear gur léirigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), go háirithe, go raibh easpa intuarthachta ag baint leis an bhforáil sin agus go ndearnadh neamhaird ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis léi, ag féachaint don fhíoras go gcumhdaítear leis an bhfrása “gach gníomh nós imeachta” na gníomhartha nár cuireadh in iúl don duine faoi dhrochamhras nó don chosantóir, agus trí sin cuireadh bac air a bheith feasach gur cuireadh tús le tréimhse theorann eile maidir lena dhliteanas coiriúil.

    26

    Maítear gur aithin sí freisin gur shásaigh an fhoráil reachtach roimhe sin na coinníollacha intuarthachta arna bhforchur leis na forálacha bunreachtúla ábhartha, ós rud é gur foráladh léi, nach bhféadfadh ach le gníomh a dhéantar, ar gníomh é nach mór, i gcomhréir leis an dlí, a chur in iúl don chúisí nó don chosantóir, an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh.

    27

    Ar an dara dul síos, is léir ó na míniúcháin arna dtabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur nach ndearna an reachtas idirghabháil, thar roinnt blianta, i ndiaidh bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), chun foráil eile a chur in ionad fhoráil Airteagal 155(1) den chód coiriúil, ar measadh í a bheith míbhunreachtúil.

    28

    Ar an tríú dul síos, sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur gur ghlac an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), le breithiúnas Uimh. 358 an 26 Bealtaine 2022, arna fhoilsiú an 9 Meitheamh 2022 (“breithiúnas Uimh. 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)”), le pléadáil mhíbhunreachtúlachta eile dírithe ar Airteagal 155(1) den chód coiriúil. Maítear gur shoiléirigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), sa bhreithiúnas sin, go raibh breithiúnas Uimh. 297/2018 ar chineál dlíthiúil de bhreithiúnas míbhunreachtúlachta “simplí”. Maítear, trí bhéim a leagan ar easpa idirghabhála an reachtais ó bhí breithiúnas Uimh. 297/2018 ann agus, mar gheall ar éifeacht an bhreithiúnais sin agus na heaspa idirghabhála sin le chéile, toisc gur tháinig staid nua chun cinn nach raibh soiléireacht agus intuarthacht ag baint léi maidir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh, staid as ar eascair cleachtas breithiúnach neamh-aonfhoirmeach, gur shonraigh an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), idir dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 agus teacht i bhfeidhm gníomh reachtach lena gcinntear an riail is infheidhme, “nach raibh i ndlí substainteach na Rómáine aon chás lena gceadófaí an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh”.

    29

    Thairis sin, maítear gur chuir an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) in iúl nach raibh sé de chuspóir ag breithiúnas Uimh. 297/2018 na tréimhsí teorann le haghaidh dliteanas coiriúil ná briseadh na dtréimhsí sin a scriosadh, ach Airteagal 155(1) den chód coiriúil a chur i gcomhréir leis na ceanglais bhunreachtúla.

    30

    Ar an gceathrú dul síos, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, ar an 30 Bealtaine 2022, is é sin le rá i ndiaidh don Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) breithiúnas Uimh. 358/2022 a thabhairt, ach roimh dó a bheith foilsithe, gur ghlac rialtas na Rómáine, agus é ag gníomhú mar reachtóir tarmligthe, OUG Uimh. 7/2022, a tháinig i bhfeidhm an lá céanna, lenar leasaíodh Airteagal 155(1) den chód coiriúil sa chaoi go mbristear an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gach gníomh nós imeachta nach mór a chur in iúl don duine atá faoi dhrochamhras nó don chosantóir.

    31

    Ar an gcúigiú dul síos, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl gur shonraigh an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas), le bhreithiúnas Uimh. 67/2022 an 25 Deireadh Fómhair 2022, arna fhoilsiú an 28 Samhain 2022, go gcumhdaítear, i ndlí na Rómáine, na rialacha maidir leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh leis an dlí coiriúil substainteach agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir phrionsabal neamh-chúlghabhálachta an dlí choiriúil, gan dochar don phrionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), mar a ráthaítear, go háirithe, in Airteagal 15(2) de Bhunreacht na Rómáine.

    32

    Maítear gur chinn an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas), dá bhrí sin, go bhféadfadh ciontú críochnaitheach, i bprionsabal, a bheith ina ábhar do chaingean eisceachtúil le haghaidh neamhniú bunaithe ar éifeachtaí bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) mar dhlí coiriúil níos trócairí (lex mitior). Chuirfí féidearthacht den sórt sin as an áireamh, áfach, i gcás ina ndearna an chúirt achomhairc scrúdú cheana ar an gceist maidir le rúradh an dliteanais choiriúil le linn an nós imeachta a raibh an ciontú críochnaitheach sin mar thoradh air.

    33

    Thionscain na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú os comhair an Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov) i gcoinne bhreithiúnas Uimh. 285/AP an 30 Meitheamh 2020 ón gcúirt sin. Iarrann siad, ar bhonn Airteagal 426(b) de Dhlí Uimh. 135/2010 maidir leis an gcód um nós imeachta coiriúil, sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, go gcuirfear a gciontú coiriúil ar neamhní, ar an bhforas gur ciontaíodh iad cé go raibh fianaise ann go raibh cúis ann le clabhsúr a chur leis an nós imeachta coiriúil, is é sin, dul in éag na tréimhse teorann le haghaidh a ndliteanais choiriúil.

    34

    Mar thaca lena gcaingean, maíonn na hiarratasóirí sin, ar bhonn an phrionsabail maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), rúradh a ndliteanais choiriúil i ndiaidh bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil).

    35

    Maíonn na hiarratasóirí, go bunúsach, idir dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), eadhon an 25 Meitheamh 2018, agus dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 358/2022 ón gcúirt chéanna, eadhon an 9 Meitheamh 2022, nár foráladh le dlí na Rómáine d’aon fhoras leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh.

    36

    B’ionann an fíoras, le linn na tréimhse idir an dá dháta sin, nár foráladh leis an dlí substainteach d’aon fhoras leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh, ann féin, agus dlí coiriúil níos trócairí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ina leith i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), a chumhdaítear, inter alia, i mBunreacht na Rómáine.

    37

    Má raibh sé de cheart glacadh le léiriú den sórt sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, ag féachaint don dáta a rinneadh na gníomhartha ar cionta iad, go raibh an tréimhse theorann de 10 mbliana, dá bhforáiltear in Airteagal 154(1)(b) den chód coiriúil, sa chás seo, tar éis dul in éag roimh don chinneadh lenar ciontaíodh na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí teacht chun bheith críochnaitheach, lena gcuirfí clabhsúr leis na himeachtaí coiriúla agus lena mbeadh sé dodhéanta na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí a chiontú.

    38

    Cuireann an chúirt sin roinnt foras in iúl a d’fhéadfadh cur i bhfeidhm an phrionsabail maidir leis an gcur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) a chur as an áireamh, mar a ráthaítear le Bunreacht na Rómáine, i gcás amhail an cás sna príomhimeachtaí.

    39

    Cuireann an chúirt sin in iúl, go háirithe, go bhfuil an staid dhlíthiúil arna cineálú le heaspa forais leis an tréimhse theorann a bhriseadh in ábhair choiriúla, a mhaíonn na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí, mar thoradh ní ar ghníomh lena gcuirtear rún an reachtais in iúl, ach mar thoradh ar bhreithiúnas den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) lenar dearbhaíodh an bunleagan d’Airteagal 155(1) den chód coiriúil a bheith míbhunreachtúil. Ní bheadh an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) infheidhme, áfach, ach i gcás go raibh ann do roinnt dlíthe arna nglacadh ag an reachtas i ndiaidh a chéile de réir ama de.

    40

    Is sa chomhthéacs sin a bhfuil an chúirt a rinne an tarchur in amhras maidir le comhréireacht an léirithe arna chosaint ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí le dlí an Aontais, ós rud é go bhféadfadh go mbeadh mar thoradh ar an léiriú sin go scaoilfí saor iad óna ndliteanas coiriúil i leith cionta de chalaois chánach lena bhféadfaí difear a dhéanamh do bhuiséad an Aontais agus do chosaint leasanna airgeadais an Aontais. D’fhéadfadh léiriú den sórt sin, a d’fhéadfadh a bheith infheidhme i méid suntasach cásanna coiriúla, dochar a dhéanamh, go háirithe, d’Airteagal 2 agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, d’Airteagal 325(1) CFAE, d’Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, d’Airteagail 1, 3 agus 4 de Chinneadh 2006/928, d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 12(1) de Threoir PIF agus do Threoir 2006/112.

    41

    Chuige sin, cuireann an chúirt sin in iúl, faoi réir na sonraí teoranta atá aici, go bhfhéadfadh baint a bheith ag éifeachtaí bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) maidir le rúradh an dliteanais choiriúil le méid suntasach cásanna. Rialódh na cúirteanna náisiúnta i bhfábhar rúradh an dliteanais choiriúil, lena n-áirítear i gcomhthéacs caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú amhail an chaingean sna príomhimeachtaí. Seachas sin, maítear gur chuir an Coimisiún Eorpach in iúl, ina thuarascáil an 22 Samhain 2022 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh ag an Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin [COM(2022) 664 final], an t-amhras a bhí air mar gheall ar thionchar an chásdlí sin ar chásanna coiriúla tábhachtacha ar bun.

    42

    Thairis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis go bhféadfaí a chur i luí uirthi, más rud é nach féidir léiriú atá i gcomhréir le dlí an Aontais a dhéanamh ag féachaint do na forais a mhaítear os a comhair, na réitigh sa chásdlí ar tháinig an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) agus/nó an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) orthu agus iad ag tabhairt rialú ar achomhairc chun tairbhe an dlí a fhágáil gan feidhm.

    43

    Cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go gceadaítear leis an gcóras araíonachta nua, dá bhforáiltear le hAirteagail 271 agus 272 de Dhlí Uimh. 303/2022 maidir le reacht na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí, pionós a ghearradh ar na breithiúna a líomhnaítear a rinne, go feasach agus, dá bhrí sin, “de mheon mímhacánta”, nó trí fhaillí thromchúiseach, de réir bhrí na nAirteagal sin, neamhaird ar bhreithiúnais an Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) nó an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) agus iad ag tabhairt rialú ar achomhairc chun tairbhe an dlí.

    44

    Sna himthosca sin, chinn an Curtea de Apel Brașov (Cúirt Achomhairc Brașov) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    “1)

    An gá Airteagal 2, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) agus Airteagal 4(3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de [Choinbhinsiún PIF] agus Airteagail 2 agus 12 de [Threoir PIF], chomh maith le Treoir [2006/112], i bhfianaise an phrionsabail lena n-éilítear pionóis éifeachtúla agus ar chosc iad i gcás calaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, sin uile le cur i bhfeidhm Chinneadh [2006/928], i bhfianaise na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den [Chairt], a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar staid dhlíthiúil, amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina n-iarrann na daoine a ciontaíodh, trí chaingean eisceachtúil athbhreithniúcháin, go gcuirfear ciontú coiriúil críochnaitheach ar neamhní, agus iad ag agairt cur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a bheadh infheidhme ag an gcéim de na príomhimeachtaí maidir le substaint an cháis agus lena bhforálfaí do thréimhse theorann níos giorra, a rachadh in éag roimh réiteach deiridh an cháis, ach nár tugadh chun solais ach ina dhiaidh sin, le breithiúnas ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta lenar dearbhaíodh téacs dlíthiúil maidir leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh a bheith míbhunreachtúil (breithiúnas [Uimh. 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)]), mar gheall ar éigníomhaíocht an reachtais, nach ndearna idirghabháil chun an téacs sin a chur i gcomhréir le breithiúnas eile ón gcúirt bhunreachtúil sin, a tugadh ceithre bliana roimh [bhreithiúnas Uimh. 358/2022] (breithiúnas [Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)]) – idir an dá linn, bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna arna leagan síos de bhun [bhreithiúnas Uimh. 297/2018] bunaithe cheana féin sa chaoi go raibh an téacs sin, mar a thuigtear é i ndiaidh [bhreithiúnas Uimh. 297/2018], i bhfeidhm go fóill – agus mar thoradh praiticiúil air sin laghdaíodh an tréimhse theorann faoi leath do na cionta coiriúla uile nach ndearnadh aon chiontú críochnaitheach ina leith roimh [bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)] agus sular cuireadh clabhsúr leis na himeachtaí coiriúla i gcoinne na gcosantóirí lena mbaineann ina dhiaidh sin?

    2)

    An gá Airteagal 2 CAE, maidir le luachanna an smachta reachta agus urraim do chearta an duine i sochaí arb é a sainairí an ceartas, agus Airteagal 4(3) CAE, maidir le prionsabal an chomhair dhílis idir an tAontas agus na Ballstáit, agus Cinneadh 2006/928 [...] maidir leis an ngealltanas chun éifeachtúlacht chóras breithiúnach na Rómáine a áirithiú á chur i bhfeidhm, arna léamh i bhfianaise na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den [Chairt], lena gcumhdaítear prionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a léiriú, maidir leis an gcóras breithiúnach náisiúnta ina iomláine, sa chaoi go gcuirtear cosc leo ar staid dhlíthiúil, amhail an staid atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina n-iarrann na daoine a ciontaíodh, trí chaingean eisceachtúil athbhreithniúcháin, go gcuirfear ciontú coiriúil críochnaitheach ar neamhní, agus iad ag agairt cur i bhfeidhm phrionsabal an dlí choiriúil níos trócairí, a bheadh infheidhme ag an gcéim de na príomhimeachtaí maidir le substaint an cháis agus lena bhforálfaí do thréimhse theorann níos giorra, a rachadh in éag roimh réiteach deiridh an cháis, ach nár tugadh chun solais ach ina dhiaidh sin, le breithiúnas ón gcúirt bhunreachtúil náisiúnta lenar dearbhaíodh téacs dlíthiúil maidir leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh a bheith míbhunreachtúil (breithiúnas [Uimh. 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)]), mar gheall ar éigníomhaíocht an reachtais, nach ndearna idirghabháil chun an téacs sin a chur i gcomhréir le breithiúnas eile ón gcúirt bhunreachtúil sin, a tugadh ceithre bliana roimh [bhreithiúnas Uimh. 358/2022] (breithiúnas [Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)]) – idir an dá linn, bhí cásdlí na ngnáthchúirteanna arna leagan síos de bhun [bhreithiúnas Uimh. 297/2018] bunaithe cheana féin sa chaoi go raibh an téacs sin, mar a thuigtear é i ndiaidh [bhreithiúnas Uimh. 297/2018], i bhfeidhm go fóill – agus mar thoradh praiticiúil air sin laghdaíodh an tréimhse theorann faoi leath do na cionta coiriúla uile nach ndearnadh aon chiontú críochnaitheach ina leith roimh [bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil)] agus sular cuireadh clabhsúr leis na himeachtaí coiriúla i gcoinne na gcosantóirí lena mbaineann ina dhiaidh sin?

    3)

    I gcás go dtugtar [freagra] dearfach [ar an gcéad cheist agus an dara ceist], agus i gcás nach féidir léiriú atá i gcomhréir le dlí an Aontais a thabhairt, agus sa chás sin amháin, an gcaithfear prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht nó ar chleachtas náisiúnta faoina bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta faoi cheangal ag cinntí ón gcúirt Bhunreachtúil náisiúnta agus ag cinntí ceangailteacha ón gCúirt Uachtarach náisiúnta agus nach féidir, ar an gcúis sin agus ar an mbaol cion araíonachta a dhéanamh, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a fhágáil gan feidhm as a stuaim féin, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnas ón gCúirt [...] go bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir go háirithe le hAirteagal 2, leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) agus le hAirteagal 4(3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 325(1) CFAE, sin uile le cur i bhfeidhm Chinneadh 2006/928 [...], i bhfianaise na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den [Chairt], amhail sa chás atá i gceist sna príomhimeachtaí?”

    45

    Le teachtaireacht an 24 Márta 2023, a fuarthas sa Chúirt an lá céanna, chuir an chúirt a rinne an tarchur roinnt breithiúnas in iúl, arna dtabhairt idir an 15 Nollaig 2022 agus an 8 Márta 2023, lenar ghlac an Curtea de Apel București (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin) agus an Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) le caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú, mar thoradh ar rúradh dhliteanas coiriúil na ndaoine lena mbaineann.

    46

    Thairis sin, sa teachtaireacht sin, chuir an chúirt a rinne an tarchur i dtreis gurb é an t-achomharc deiridh an t-aon chaingean lena gceadófaí, más iomchuí, cur i gcoinne cinneadh breithiúnach críochnaitheach ar bhonn sárú ar dhlí an Aontais mar a léireoidh an Chúirt é ina freagraí ar na ceisteanna a tharchuirtear. Chuirfí bac, áfach, leis an tréimhse ama de 30 lá ó chur in iúl chinneadh na cúirte achomhairc nach mór achomharc deiridh a chur isteach laistigh di, ar achomharc den sórt a thionscnamh, ós rud é, ar an dáta a thabharfaidh an Chúirt breith maidir leis an iarraidh ar réamhrialú seo, go mbeidh an tréimhse ama sin tar éis dul in éag i bhformhór na gcásanna lena mbaineann.

    47

    Dá bhrí sin, d’iarr an chúirt a rinne an tarchur ar an gCúirt a shoiléiriú, “i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis, d’fhonn prionsabail na coibhéise agus na héifeachtachta a urramú, i gcomhthéacs an uathrialaithe náisiúnta maidir le nós imeachta, agus chun cóir chomhionann agus neamh-idirdhealú a ráthú do na páirtithe sna príomhimeachtaí i gcomparáid le páirtithe eile i staideanna cosúla, i gcás achomharc deiridh a thionscnaítear in aghaidh cinntí breithiúnacha críochnaitheacha arna dtabhairt idir an dá linn i gcásanna cosúla, go bhfuil ar na cúirteanna náisiúnta a chinneadh go dtosaíonn an [tréimhse theorann sin] ó dháta fógartha bhreithiúnas na Cúirte” agus í ag tabhairt breith maidir leis an iarraidh ar réamhrialú seo.

    Cur ar bun an nós imeachta práinne um réamhrialú

    48

    Agus é ag baint úsáid as an gcumhacht a mbronntar air le hAirteagal 107(3) de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte, d’iarr Uachtarán na Cúirte ar an gCeathrú Dlísheomra, ar a sannadh an cás i gcomhréir le hAirteagal 108(1) de na Rialacha sin, scrúdú a dhéanamh ar an ngá an tarchur chun réamhrialú seo a chur faoi réir an nós imeachta práinne dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 23a de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    49

    Is léir ó Airteagal 107(1) de na Rialacha Nós Imeachta nach féidir a chur faoi réir an nós imeachta práinne ach tarchur chun réamhrialú lena n-ardaítear ceist amháin nó níos mó maidir le ceann de na réimsí dá dtagraítear i dTeideal V de Chuid a Trí de Chonradh FAE, agus baineann an teideal sin leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

    50

    Sa chás seo, baineann na ceisteanna a tharchuirtear, inter alia, le léiriú Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, arna bhunú ar bhonn Airteagal K.3 CAE. Tháinig an tAirteagal sin chun bheith Airteagal 31 CAE, agus rinneadh athrá ar a fhorálacha in Airteagail 82, 83 agus 85 CFAE, a thagann faoi Theideal V de Chuid a Trí de Chonradh FAE.

    51

    Is léir ón méid sin go n-ardaítear, leis an tarchur chun réamhrialú seo, ceisteanna maidir le ceann de na réimsí dá dtagraítear le Teideal V agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí é a chur faoi réir an nós imeachta práinne.

    52

    Maidir leis an gcritéar a bhaineann le práinn, is léir ón gcásdlí socair go gcomhlíontar an critéar sin i gcás, tráth a dhéantar an iarraidh ar réamhrialú, go bhfuil an duine lena mbaineann sa díospóid sna príomhimeachtaí gan saoirse agus go mbraitheann a choimeád ar thoradh na díospóide sin [breithiúnas an 12 Eanáir 2023, MV (Pianbhreitheanna carnacha), C-583/22 PPU, EU:C:2023:5, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    53

    Chuige sin, is léir ón ordú tarchuir gur forchuireadh pianbhreitheanna príosúnachta ar na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí agus go bhfuil beirt acu, K.A. agus S.P., i mbun a bpianbhreitheanna, faoi seach, a chur i gcrích.

    54

    Mar fhreagra ar an iarraidh ar shoiléiriú, a sheol an Chúirt an 15 Márta 2023 chuig an gcúirt a rinne an tarchur, shoiléirigh an chúirt sin, ar an gcéad dul síos, go bhfuil an bheirt iarratasóirí sna príomhimeachtaí sin faoi choimeád faoi láthair d’fhonn breithiúnas coiriúil Uimh. 285/AP an 30 Meitheamh 2020 a chomhlíonadh agus, ar an dara dul síos, go gcuirfí deireadh lena gcoimeád dá gcinnfeadh sí glacadh leis na caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú os a comhair a thionscain siad in aghaidh a gciontú.

    55

    Thairis sin, is léir ó na míniúcháin arna dtabhairt ag an gcúirt sin go mbraitheann réiteach na gcaingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú arna dtionscnamh ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí ar fhreagraí na Cúirte ar na ceisteanna arna dtarchur.

    56

    San himthosca sin, agus Airteagal 108(1) de na Rialacha Nós Imeachta á chur i bhfeidhm, chinn an Ceathrú Dlísheomra den Chúirt, an 23 Márta 2023, ar thogra ón mBreitheamh is Rapóirtéir, tar éis éisteacht leis an Abhcóide Ginearálta, an tarchur chun réamhrialú seo a chur faoi réir an nós imeachta práinne ex officio.

    57

    Thairis sin, chinn an Dlísheomra sin, ar bhonn Airteagal 113(2) de na Rialacha Nós Imeachta, an cás seo a tharchur chuig an gCúirt d’fhonn é a shannadh ar an Mór-Dhlísheomra.

    Inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú

    58

    Mhaígh L.N. agus C.I. go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú do-ghlactha ina hiomláine. Mhaígh L.N. go háirithe, chuige sin, nach bhfuil Cinneadh 2006/928 agus Treoir PIF ábhartha in imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí.

    59

    Tá amhras ar Rialtas na Rómáine, thairis sin, faoi chineál hipitéiseach an tríú ceist arna cur.

    60

    Mhaígh C.O., C.I. agus Rialtas na Rómáine, ar deireadh, go bhfuil an iarraidh dá dtagraítear i mír 47 den bhreithiúnas seo do-ghlactha, ar an bhforas, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, gur tugadh caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú os comhair na cúirte a rinne an tarchur, agus ní achomharc deiridh.

    61

    Ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair, i gcomhthéacs an chomhair idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE, gur don chúirt náisiúnta ar tugadh an díospóid os a comhair agus nach mór di freagracht a ghlacadh as an gcinneadh breithiúnach ina dhiaidh sin, i bhfianaise imthosca sonracha an cháis, atá sé a chinneadh an gá atá le réamhrialú ionas go mbeidh sí in ann a breithiúnas a thabhairt agus ábharthacht na gceisteanna a chuirfidh sí faoi bhráid na Cúirte araon. Dá bhrí sin, nuair a bhaineann na ceisteanna a cuireadh le léiriú dhlí an Aontais, tá an Chúirt faoi cheangal, i bprionsabal, rialú a thabhairt [breithiúnas an 21 Márta 2023, Mercedes-Benz Group (Dliteanas tairgeoirí feithiclí arna bhfeistiú le feistí sáraithe), C-100/21, EU:C:2023:229, mír 52 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    62

    Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ann maidir le ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais Eorpaigh. Ní féidir leis an gCúirt diúltú rialú a thabhairt maidir le ceist arna tarchur ag cúirt náisiúnta ach amháin má dhealraíonn sé go follasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú arna iarraidh ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír nó cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, gur fadhb de chineál hipitéiseach í nó nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá ag an gCúirt chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a cuireadh uirthi [breithiúnas an 21 Márta 2023, Mercedes-Benz Group (Dliteanas tairgeoirí feithiclí arna bhfeistiú le feistí sáraithe), C-100/21, EU:C:2023:229, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    63

    Sa chás seo, sa chéad áit, maidir leis na trí cheist a tharchuir an chúirt a rinne an tarchur, ní mór a thabhairt chun suntais, ar an gcéad dul síos, go bhféadfadh an léiriú ar dhlí an Aontais arna iarraidh ag an gcúirt sin a fhágáil go ndéanfaidh an chúirt sin breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) agus/nó breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) a fhágáil gan feidhm, breithiúnais arna n-agairt ag na hiarratasóirí sna príomhimeachtaí d’fhonn rúradh a ndliteanais choiriúil a bhunú. Dá bhrí sin, níl na ceisteanna sin hipitéiseach.

    64

    Mar sin féin, ar an dara dul síos, ní mór a chur in iúl, de bhun Airteagal 16 de Threoir PIF, a n-iarrann an chúirt a rinne an tarchur léiriú ar Airteagail 2 agus 12 di ina céad cheist le haghaidh réamhrialú, tagann an Treoir sin in ionad Choinbhinsiún PIF ón 6 Iúil 2019. Tharla na gníomhartha is bunús leis an díospóid sna príomhimeachtaí le linn na bliana 2010. Dá bhrí sin, is léir nach bhfuil an Treoir sin infheidhme i leith na díospóide sin, sa chaoi gur cosúil nach bhfuil a léiriú riachtanach do réiteach na díospóide sin.

    65

    Thairis sin, a mhéid, de réir na faisnéise a cuireadh in iúl don Chúirt, nach ionann na gníomhartha atá i gceist sna príomhimeachtaí agus éilliú, is léir nach bhfuil léiriú ar Chinneadh 2006/928 ábhartha ach oiread d’fhonn freagra a thabhairt ar an gcéad agus an dara ceist a tharchuirtear.

    66

    Ar an tríú dul síos, maidir leis na forálacha eile de dhlí an Aontais dá dtagraítear leis na trí cheist le haghaidh réamhrialú ag an gcúirt a rinne an tarchur, is leor, mar mhalairt air sin, a thabhairt chun cuimhne, nuair nach cosúil ar bhealach follasach nach bhfuil aon bhaint ag léiriú forála de dhlí an Aontais le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, ní bhaineann an agóid bunaithe ar neamhfheidhmeacht na forála sin i leith an cháis sna príomhimeachtaí le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, ach baineann sé le substaint na gceisteanna [breithiúnais an 19 Nollaig 2019, Dobersberger, C-16/18, EU:C:2019:1110, mír 21, agus an 27 Aibreán 2023, M.D. (Cosc ar theacht isteach san Ungáir), C-528/21, EU:C:2023:341, mír 52].

    67

    Sa dara háit, maidir leis an iarraidh dá dtagraítear i mír 47 den bhreithiúnas seo, tá sí beartaithe, de réir na míniúchán arna soláthar ag an gcúirt a rinne tarchur, le cinneadh an bhforchuirtear le dlí an Aontais go dtosóidh an tréimhse ama de 30 lá dá bhforáiltear chun achomharc deiridh a thionscnamh ar an dáta a thabharfaidh an Chúirt rialú sa chás seo.

    68

    I gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, ní achomharc deiridh atá os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ach caingne eisceachtúla le haghaidh neamhniú, mar a chuir C.O., C.I. agus Rialtas na Rómáine in iúl.

    69

    Dá bhrí sin, baineann an cheist dá dtagraítear i mír 47 den bhreithiúnas seo le fadhb de chineál hipitéiseach, de réir bhrí an chásdlí a chuirtear in iúl i mír 62 den bhreithiúnas seo, agus ní mór, dá bhrí sin, a dhearbhú í a bheith do-ghlactha.

    70

    Is léir ón méid sin roimhe go bhfuil an iarraidh ar réamhrialú seo inghlactha, seachas, ar an gcéad dul síos, an chéad cheist agus an dara ceist, a mhéid a bhaineann siad le léiriú Threoir PIF agus Chinneadh 2006/928, agus, ar an dara dul síos, an cheist dá dtagraítear i mír 47 den bhreithiúnas seo.

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    An chéad cheist agus an dara ceist

    71

    Baineann an chéad cheist agus an dara ceist, nach mór a scrúdú le chéile, le léiriú Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 325(1) CFAE, na habairte deireanaí d’Airteagal 49(1) den Chairt, Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF agus Threoir 2006/112.

    72

    Is léir ó fhorais an ordaithe tarchuir, áfach, go mbaineann amhras na cúirte a rinne an tarchur atá mar bhunús leis na ceisteanna sin, go bunúsach, leis an léiriú, ar thaobh amháin, ar fhorálacha de dhlí an Aontais lena bhforchuirtear ar na Ballstáit chomhrac éifeachtach a dhéanamh in aghaidh díobháil mhídhleathach do leasanna airgeadais an Aontais agus, ar an taobh eile, leis na ráthaíochtaí a eascraíonn as prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis.

    73

    Sna himthosca sin, níl gá scrúdú a dhéanamh ar an gcéad cheist agus an dara ceist ach ag féachaint d’Airteagal 325(1) CFAE, Airteagal 49(1) den Chairt agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF.

    74

    Mar thoradh air sin, leis na ceisteanna sin, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, ar chóir na forálacha sin a léiriú sa chaoi go gceanglaítear ar chúirteanna Ballstáit a fhágáil gan feidhm, ar an gcéad dul síos, breithiúnais Chúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit sin lena gcinntear an fhoráil reachtach náisiúnta lena rialaítear forais leis an tréimhse theorann in ábhair choiriúla a bhriseadh a bheith neamhbhailí, mar gheall ar shárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, agus, ar an dara dul síos, breithiúnas ó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin, as a leanann sé gur féidir na rialacha lena rialaítear na forais sin le briseadh, mar a eascraíonn siad as an gcásdlí bunreachtúil sin, a chur i bhfeidhm go cúlghabhálach mar dhlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) d’fhonn amhras a chaitheamh ar chiontuithe críochnaitheacha, chomh fada is go bhfuil sé mar thoradh ar na breithiúnais sin go gcuirfear clabhsúr le méid suntasach cásanna coiriúla, lena n-áirítear cásanna maidir le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, mar gheall ar rúradh an dliteanais choiriúil.

    75

    Ar dtús, ní mór a chur in iúl go ndearna na páirtithe díospóireacht maidir le raon feidhme beacht na rialacha lena rialaítear, sa Rómáin, tréimhsí teorann in ábhair choiriúla a bhriseadh le linn na tréimhse ón 25 Meitheamh 2018, an dáta a foilsíodh breithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), go dtí an 30 Bealtaine 2022, an dáta a tháinig OUG Uimh. 71/2022 i bhfeidhm, ina mbarúlacha i scríbhinn agus ag an éisteacht os comhair na Cúirte.

    76

    Ní mór a thabhairt chun cuimhne, chuige sin, i gcomhthéacs an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 267 CFAE, atá bunaithe ar dheighilt shoiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt, go bhfuil dlínse eisiach ag an gcúirt náisiúnta fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léiriú agus a chur i bhfeidhm [breithiúnais an 31 Eanáir 2023, Puig Gordi agus Páirtithe Eile, C-158/21, EU:C:2023:57, mír 61, agus an 21 Márta 2023, Mercedes-Benz Group (Dliteanas tairgeoirí feithiclí arna bhfeistiú le feistí sáraithe), C-100/21, EU:C:2023:229, mír 59].

    77

    Sa chás seo, de réir na míniúchán arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, is léir ó bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), ar a ndéantar achoimre i míreanna 23 go 29 den bhreithiúnas seo, nár foráladh le dlí na Rómáine, le linn na tréimhse ón 25 Meitheamh 2018 go dtí an 30 Bealtaine 2022, d’aon fhoras leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh. Dá bhrí sin, d’fhonn freagra a thabhairt ar an gcéad cheist agus an dara ceist, ní mór a mheas gurb amhlaidh a bhí dlí na Rómáine le linn na tréimhse sin.

    78

    Ag féachaint don chásdlí a chuirtear in iúl i mír 76 den bhreithiúnas seo, ní mór freisin freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin bunaithe ar an léiriú arna thabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur ar bhreithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas), breithiúnas ar dá réir a bhféadfaí, leis an léiriú, arna dhéanamh ag an gcúirt sin, ar an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), éifeachtaí easpa foras leis an tréimhse theorann sin a bhriseadh i ndlí na Rómáine a dhéanamh cúlghabhálach i leith gníomhartha nós imeachta a rinneadh roimh an 25 Meitheamh 2018, eadhon dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil).

    Neamhaird ar an oibleagáid calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a bheidh mar chosc agus a bheidh éifeachtúil

    79

    A mhéid a leanann sé as an ordú tarchuir go mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí, go háirithe, le gníomhartha ar chalaois thromchúiseacha CBL iad, ní mór a thabhairt chun cuimhne go bhfuil ar na Ballstáit na bearta riachtanacha a ghlacadh d’fhonn asbhaint éifeachtach agus iomlán acmhainní féin an Aontais a áirithiú, ar iad an t-ioncam a eascraíonn as cur i bhfeidhm ráta aonfhoirmeach ar an mbonn comhchuibhithe measúnaithe CBL (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 182 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    80

    Bíodh sin mar atá, tagann leagan síos pianbhreitheanna coiriúla d’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, agus go háirithe bailiú ceart an ioncaim sin, faoi inniúlacht a roinntear idir an tAontas agus na Ballstáit, de réir bhrí Airteagal 4(2) CFAE (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 43).

    81

    Sa chás seo, ar dháta na bhfíoras sna príomhimeachtaí, ní raibh an córas rúraidh infheidhme i leith na gcionta coiriúla a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais tar éis a bheith ina ábhar do chomhchuibhiú ag reachtas an Aontais, comhchuibhiú nár tharla ach ina dhiaidh sin, ar bhealach páirteach, le glacadh Threoir PIF (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 44), nach bhfuil infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, mar a cuireadh in iúl cheana i mír 64 den bhreithiúnas seo.

    82

    Dá bhrí sin, cumhdaíodh faoi inniúlacht na mBallstát, ar dháta na bhfíoras sna príomhimeachtaí, glacadh rialacha lena rialaítear rúradh an dliteanais choiriúil i leith cionta a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais. Tá iallach ar na Stáit sin, áfach, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais dóibh a urramú [féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Feabhra 2019, Rimšēvičs agus BCE v an Laitvia, C-202/18 agus C-238/18, EU:C:2019:139, mír 57, agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 216].

    83

    Chuige sin, ní mór a chur i dtreis, sa chéad áit, go bhforchuirtear le hAirteagal 325(1) CFAE ar na Ballstáit an chalaois agus aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais a chomhrac le bearta a bheidh mar chosc agus a bheidh éifeachtúil (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 181 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    84

    Cé go bhfuil saoirse roghnúcháin ag na Ballstáit maidir leis na pionóis infheidhme, ar féidir leo a bheith i bhfoirm pionóis riaracháin, pionóis choiriúla nó meascán den dá rud sin, ní mór dóibh, áfach, a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 325(1) CFAE, go bhfuil cásanna de chalaois thromchúiseach nó gníomhaíocht mhídhleathach thromchúiseach eile a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais inphionóis le pionóis choiriúla atá éifeachtúil agus mar chosc [féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 191, agus an 8 Márta 2022, anCoimisiún v an Ríocht Aontaithe (Calaois tearc-luachála a chomhrac), C-213/19, EU:C:2022:167, mír 219].

    85

    Sa dara háit, ceanglaítear le hAirteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF ar na Ballstáit na bearta is gá a ghlacadh ionas go mbeidh gníomhartha arb ionann iad agus calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear calaoisí CBL, inphionóis le pionóis choiriúla éifeachtúla, comhréireacha agus ar cosc iad, lena n-áirítear, ar a laghad i gcás calaois thromchúiseach, eadhon calaoisí a bhaineann le híosmhéid nach féidir na Ballstáit a shocrú ag níos mó ná EUR 50 000, pianbhreitheanna coimeádta (féach, chuige sin, breithiúnas an 2 Bealtaine 2018, Scialdone, C-574/15, EU:C:2018:295, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    86

    Chuige sin, ní mór do na Stáit sin a áirithiú go gceadaítear leis na rialacha rúraidh dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta cionta a bhaineann le calaoisí den sórt sin a chosc go héifeachtach (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 36).

    87

    Sa chás seo, is léir ó na míniúcháin arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, ar a rinneadh achoimre i míreanna 23 go 32 den bhreithiúnas seo, ar thaobh amháin, de bhun bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), le linn na tréimhse ón 25 Meitheamh 2018, dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018, go dtí an 30 Bealtaine 2022, an dáta a tháinig OUG Uimh. 71/2022 i bhfeidhm, nár foráladh le dlí na Rómáine d’aon chás lena gceadófaí an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh agus, ar an taobh eile, de réir bhreithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas), gur féidir an cásdlí bunreachtúil sin a agairt mar dhlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), agus sin chun agóid a dhéanamh i gcoinne ciontuithe críochnaitheacha freisin.

    88

    Maidir leis na héifeachtaí nithiúla a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leis an gcásdlí sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, go mbeadh sé mar thoradh ar chur i bhfeidhm na rialach a eascraíonn as breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), mar dhlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), riail ar dá réir, le linn na tréimhse dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, nár foráladh le dlí na Rómáine d’aon fhoras leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh, go mbeadh an tréimhse theorann de 10 mbliana, dá bhforáiltear do na cionta atá i gceist sna príomhimeachtaí, tar éis dul in éag sular tháinig ciontú na n-iarratasóirí sna príomhimeachtaí chun bheith críochnaitheach, agus mar sin chuirfí clabhsúr leis na himeachtaí coiriúla agus bheadh sé dodhéanta iad a chiontú.

    89

    Chuir an chúirt a rinne an tarchur chun suntais, freisin, go bhféadfadh breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) tionchar a imirt ar “mhéid suntasach cásanna”, lena n-áirítear cásanna ar cuireadh clabhsúr leo le fógairt ciontuithe críochnaitheacha, a d’fhéadfaí amhras a chaitheamh orthu trí chaingne eisceachtúla athbhreithniúcháin amhail an chaingean atá i gceist sna príomhimeachtaí.

    90

    Thairis sin, mar a cuireadh in iúl i mír 65 den bhreithiúnas seo, cé nach bhfuil Cinneadh 2006/928 infheidhme inti féin i leith cionta de chalaois chánach, amhail na cionta atá i gceist sna príomhimeachtaí, mar sin féin, cinntítear leis na sonraí arna gcur in iúl ag an gCoimisiún ina thuarascáil an 22 Samhain 2022 do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn arna dhéanamh ag an Rómáin faoin sásra comhair agus fíorúcháin [COM(2022) 664 final], de bhun Airteagal 2 den Chinneadh sin, gurb ann do riosca nach bhféadfaí pionós a ghearradh ar roinnt mhaith cásanna de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais mar gheall ar rúradh an dliteanais choiriúil a bhaineann léi a thuilleadh. Is léir ón tuarascáil sin, arna lua ag an gcúirt a rinne an tarchur, go bhféadfadh a bheith mar thoradh ar bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) “clabhsúr a chur leis na himeachtaí coiriúla agus scriosadh an dliteanais choiriúil in an-chuid cásanna” agus go mbaineann leis an staid sin an “riosca go mbeadh na mílte cosantóirí saor ó dhliteanas coiriúil”.

    91

    Is féidir a thuiscint ón méid roimhe seo go gcruthaítear leis an staid dhlíthiúil a eascraíonn as cur i bhfeidhm bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) agus breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann maidir le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, go háirithe i gcásanna ina bhfuil fiosrúchán níos faide de chuid na n-údarás coiriúil ag teastáil mar gheall ar chastacht an cháis.

    92

    Is ar neamhréir le ceanglais Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, mar a cuireadh in iúl iad i míreanna 83 go 86 den bhreithiúnas seo, gurb ann do riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 203).

    93

    Chuige sin, tá sé de fhreagracht, go príomhúil, ar an reachtas náisiúnta na bearta is gá a ghlacadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh, go háirithe trí na forálacha is gá a ghlacadh agus, más iomchuí, trí na forálacha gurb ann dóibh cheana a leasú d’fhonn a áirithiú go bhfuil an córas is infheidhme maidir le hionchúiseamh agus gearradh pionós ar chionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, lena n-áirítear na rialacha lena rialaítear rúradh an dliteanais choiriúil, i gcomhréir le forálacha Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF. Ní mór don chóras sin a bheith ceaptha ar chaoi nach mbaineann leis, ar chúiseanna dúchasacha dó, riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith gníomhartha arb ionann iad agus cionta den sórt sin, agus cosaint chearta bunúsacha na ndaoine a ionchúisítear á ráthú ag an am céanna (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 41, agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 193).

    94

    Tá staid dhlíthiúil inar chinn Cúirt Bhunreachtúil Bhallstáit go bhfuil rialacha an Bhallstáit sin lena rialaítear an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh a bheith neamhbhailí agus, dá bhrí sin, gan éifeacht, agus gan don reachtas náisiúnta an staid sin a leigheas le linn tréimhse de nach mór ceithre bliana, ar neamhréir leis an oibleagáid, a chuirtear in iúl i míreanna 83 go 86 den bhreithiúnas seo, a áirithiú go mbeidh cásanna de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, arna ndéanamh ar an gcríoch náisiúnta, inphionóis le pionóis choiriúla atá éifeachtúil agus mar chosc. Gabhann le staid den sórt sin, a bhfuil tionchar aici ar fhoráil de raon feidhme ginearálta a raibh infheidhme i leith gach nós imeachta coiriúil agus a raibh sé neamh-intuartha do na húdaráis a bhfuil an t-ionchúiseamh mar fhreagracht orthu ná do na cúirteanna coiriúla nach gcuirfear aon fhoráil ina ionad, i ndiaidh an dearbhaithe go raibh an fhoráil sin míbhunreachtúil, an riosca intreach nach bhféadfaí pionós a ghearradh ar roinnt mhaith cásanna de chalaois thromchúiseach a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais mar gheall ar dhul in éag na tréimhse sin, go háirithe i gcásanna ina bhfuil fiosrúchán níos faide de chuid na n-údarás coiriúil ag teastáil mar gheall ar chastacht an cháis.

    Na hoibleagáidí ar na cúirteanna náisiúnta

    95

    Is léir ón gcásdlí socair go bhforchuirtear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais ar an gcúirt náisiúnta a n-iarrtar uirthi, laistigh d’fheidhmiú a dlínse, forálacha de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, i gcás nach féidir léi an dlí náisiúnta a léiriú i gcomhréir le ceanglais dhlí an Aontais, an oibleagáid lánéifeacht cheanglais an dlí sin a áirithiú sa díospóid atá os a comhair, agus más gá, as a stuaim féin, aon riail nó aon chleachtas náisiúnta, fiú ina dhiaidh sin, atá ar neamhréir le foráil de chuid dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici a fhágáil gan feidhm, gan bheith uirthi a iarraidh go gcuirfí an riail nó an cleachtas náisiúnta sin ar leataobh trí phróiseas reachtach nó próiseas bunreachtúil eile, ná le fanacht ar an méid sin [breithiúnais an 9 Márta 1978, Simmenthal, 106/77, EU:C:1978:49, mír 24; an 24 Meitheamh 2019, Popławski, C-573/17, EU:C:2019:530, míreanna 61 agus 62, agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chúirt bhunreachtúil), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 53].

    96

    Sa chás seo, tá Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF i dtéarmaí atá soiléir agus beacht agus ní ghabhann aon choinníoll leo, sa chaoi go bhfuil éifeacht dhíreach acu (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 253 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    97

    Dá bhrí sin, tá ar na cúirteanna náisiúnta, i bprionsabal, lánéifeacht a thabhairt do na hoibleagáidí a eascraíonn as Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF agus forálacha náisiúnta lena gcuirtear bac le pionóis éifeachtúla agus ar cosc iad a chur i bhfeidhm a fhágáil gan feidhm, i gcomhthéacs nós imeachta maidir le calaoisí tromchúiseacha a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, chun cionta den sórt sin a chomhrac (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 194 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    98

    Is cosúil mar sin, i bprionsabal, go bhfuil ar na cúirteanna náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 325(1) agus Airteagal 2(1), breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) a fhágáil gan feidhm, breithiúnais lena dtugtar le tuiscint, le linn na tréimhse ón 25 Meitheamh 2018, dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018, go dtí an 30 Bealtaine 2022, an dáta a tháinig OUG Uimh. 71/2022 i bhfeidhm, nár foráladh le dlí na Rómáine d’aon fhoras leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh, a mhéid a bhfuil sé mar éifeacht leis na breithiúnais sin go ndéanfaí rúradh an dliteanais choiriúil i méid suntasach cásanna de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais agus, dá bhrí sin, mar a aithníodh i mír 91 den bhreithiúnas seo, go gcruthófaí riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith cionta den sórt sin.

    99

    Sa chaoi chéanna, tá sé de fhreagracht ar na cúirteanna náisiúnta, i bprionsabal, i gcomhréir leis na forálacha sin, breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) a fhágáil gan feidhm, a mhéid a cheadaítear leis an mbreithiúnas sin rúradh an dliteanais choiriúil a agairt, ar bhonn éifeachtaí bhreithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) mar dhlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), i gcásanna de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais agus, dá bhrí sin, lena méadaítear an riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith cionta den sórt sin.

    100

    Tá sé riachtanach a fhíorú, áfach, an bhfuil coinbhleacht ann, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, idir an oibleagáid chun breithiúnais den sórt sin a fhágáil gan feidhm agus cosaint ceart bunúsach.

    101

    Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, sa chéad áit, mar is léir ón gcásdlí socair, ní scaoiltear na cúirteanna náisiúnta ón urraim riachtanach a léiriú ar na cearta bunúsacha a ráthaítear leis an gCairt agus na prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais leis an oibleagáid asbhaint éifeachtach d’acmhainní an Aontais a áirithiú, ós rud é gurb ionann na himeachtaí coiriúla atá oscailte i leith cionta maidir le CBL agus cur chun feidhme de dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt (breithiúnas an 17 Eanáir 2019, Dzivev agus Páirtithe Eile, C-310/16, EU:C:2019:30, mír 33, agus, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 204).

    102

    Sa chás seo, is léir ó na míniúcháin arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur go bhfuil an cásdlí náisiúnta atá ábhartha i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, ar a ndéantar achoimre i míreanna 23 go 32 den bhreithiúnas seo, bunaithe ar dhá phrionsabal ar leith, is iad sin, ar thaobh amháin, maidir le breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, agus, ar an taobh eile, maidir le breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas), an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), lena n-áirítear i leith ciontuithe críochnaitheacha arna bhfógairt i ndiaidh an 25 Meitheamh 2018.

    103

    I ndlíchóras an Aontais, cumhdaítear prionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) le hAirteagal 49(1) den Chairt.

    104

    De bhun phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, ní mór go n-áirithítear leis na forálacha coiriúla, go háirithe, inrochtaineacht agus intuarthacht maidir le sainiú an chiona chomh maith le cinneadh na pianbhreithe (féach, chuige sin, breithiúnais an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 55, agus an 11 Meitheamh 2020, Prokuratura Rejonowa w Słupsku, C-634/18, EU:C:2020:455, mír 48).

    105

    Thairis sin, tugtar le tuiscint leis an gceanglas maidir le beachtas an dlí is infheidhme, atá dúchasach don phrionsabal sin, go saineofaí leis an dlí ar bhealach soiléir na cionta agus na pianbhreitheanna lena bpionósaítear iad. Comhlíontar an coinníoll sin nuair is féidir leis an bpáirtí a bheith ar an eolas, ó fhoclaíocht na forála ábhartha agus, más gá, le cabhair ón léiriú arna thabhairt ag na cúirteanna, cén gníomhartha agus neamhghníomhartha a chuirfear dliteanas coiriúil air ina leith (breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 56, agus, chuige sin, breithiúnas an 11 Meitheamh 2020, Prokuratura Rejonowa w Słupsku, C-634/18, EU:C:2020:455, mír 49).

    106

    Ar deireadh, i gcomhréir leis an abairt dheireanach d’Airteagal 49(1) den Chairt, ceanglaítear leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), más rud é, tar éis dhéanamh an chiona, go bhforáiltear do phianbhreith níos éadroime sa dlí, nach mór an phianbhreith sin a chur i bhfeidhm.

    107

    Ar dtús, tugtar le tuiscint le cur i bhfeidhm an phrionsabail sin córais dlí ag teacht i ndiaidh a chéile ó thaobh ama de agus braitheann sé ar aitheantas go léirítear leis an teacht i ndiaidh a chéile sin, sa dlíchóras lena mbaineann, athrú seasaimh, bíodh sin maidir le haicmiú coiriúil na ngníomhartha a d’fhéadfadh a bheith ina gcion, nó bíodh sin maidir leis an bpianbhreith atá le cur i bhfeidhm i leith cion den sórt sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 7 Lúnasa 2018, Clergeau agus Páirtithe Eile, C-115/17, EU:C:2018:651, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    108

    Ina dhiaidh sin, is léir ó chásdlí na Cúirte nach dtagann na rialacha lena rialaítear rúradh in ábhair choiriúla faoi raon feidhme Airteagal 49(1) den Chairt (féach, chuige sin, breithiúnas an 8 Meán Fómhair 2015, Taricco agus Páirtithe Eile, C-105/14, EU:C:2015:555, míreanna 54 go 57).

    109

    Dá bhrí sin, níl an oibleagáid, do na cúirteanna náisiúnta, chun breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) agus breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) a fhágáil gan feidhm de chineál chun dochar a dhéanamh do phrionsabal na hintuarthachta, an bheachtais agus an neamh-chúlghabhálachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis ná don phrionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), mar a ráthaítear iad in Airteagal 49(1) den Chairt.

    110

    Sa dara háit, tá sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne, amhail sa chás seo, nuair a bhfuil ar chúirt de chuid Ballstáit rialú a dhéanamh ar chomhréireacht forála nó birt náisiúnta lena gcuirtear chun feidhme dlí an Aontais de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt le cearta bunúsacha, nuair nach gcinntear gníomhú na mBallstát go hiomlán le dlí an Aontais, is féidir leis na húdaráis agus na cúirteanna náisiúnta caighdeáin náisiúnta a chur i bhfeidhm chun cearta bunúsacha a chosaint, chomh fada is nach gcuirtear i gcontúirt an leibhéal cosanta dá bhforáiltear leis an gCairt, arna léiriú ag an gCúirt, ná tosaíocht, aonacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais (breithiúnais an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson, C-617/10, EU:C:2013:105, mír 29; an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 47, agus an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 211).

    111

    Sa chás seo, de réir na míniúchán arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur, tá breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Cúirt Bhunreachtúil) agus breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) bunaithe ar an mbonn go dtagann, i ndlí na Rómáine, na rialacha a bhaineann leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh faoin dlí coiriúil substainteach agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis agus an prionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), mar a ráthaítear iad le Bunreacht na Rómáine. Ní mór na prionsabail sin a mheas, dá bhrí sin, mar chaighdeáin náisiúnta cosanta do chearta bunúsacha, de réir bhrí na míre roimhe seo.

    112

    Eascraíonn sé as an méid a leagadh amach i míreanna 108 agus 109 den bhreithiúnas seo nach bhfuil na caighdeáin náisiúnta cosanta sin do chearta bunúsacha de chineál, i gcásanna amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, chun an leibhéal cosanta dá bhforáiltear leis an gCairt, mar a léirigh an Chúirt, a chur i gcontúirt.

    113

    Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne tábhacht phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, i ndlíchóras an Aontais agus sna dlíchórais náisiúnta, ina cheanglais maidir le hintuarthacht, beachtas agus neamh-chúlghabhálacht an dlí choiriúil is infheidhme (breithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B., C-42/17, EU:C:2017:936, mír 51).

    114

    Is léiriú ar leith iad na ceanglais sin maidir le hintuarthacht, beachtas agus neamh-chúlghabhálacht an dlí choiriúil ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Ceanglaítear leis an mbunphrionsabal de dhlí an Aontais sin, ar thaobh amháin, go mbeidh rialacha dlí soiléir agus beacht agus, ar an taobh eile, go mbeidh a gcur i bhfeidhm intuartha ag iadsan atá faoina réir, go háirithe nuair a d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith leo. Is eilimint ríthábhachtach é an prionsabal sin den smacht reachta, a aithnítear in Airteagal 2 CAE mar luach bunaidh den Aontas chomh maith le luach coiteann de na Ballstáit (féach, chuige sin, breithiúnais an 28 Márta 2017, Rosneft, C-72/15, EU:C:2017:236, míreanna 161 agus 162, agus an 16 Feabhra 2022, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, C-156/21, EU:C:2022:97, míreanna 136 agus 223).

    115

    Sa chás seo, ní mór a thabhairt faoi deara, trí mheas, sa chéad áit, gur sháraigh reachtas na Rómáine an prionsabal bunreachtúil maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil trí cheadú go mbrisfí an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gníomhartha nós imeachta, cé nár cuireadh na gníomhartha sin in iúl don duine faoi dhrochamhras ná don chosantóir, gur chuir Cúirt Bhunreachtúil na Rómáine caighdeán náisiúnta cosanta do chearta bunúsacha i bhfeidhm chun an chosaint i gcoinne an treallachais in ábhar coiriúil mar a chuirtear ar fáil le dlí an Aontais a fhorlíonadh, de bhun phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla. Chuir sí caighdeán náisiúnta cosanta den sórt sin do chearta bunúsacha i bhfeidhm freisin nuair, sa dara háit, a d’aithin sí, go bunúsach, gur tháinig staid nua chun cinn nach raibh soiléireacht nó intuarthacht ag baint léi, de shárú ar an bprionsabal bunreachtúil sin, le heaspa idirghabhála ó reachtas na Rómáine chun foráil a chur in ionad na forála den chód coiriúil maidir leis an tréimhse theorann a bhriseadh ar measadh í a bheith míbhunreachtúil.

    116

    Is ag féachaint do thábhacht na cosanta sin in aghaidh an treallachais, i ndlíchóras an Aontais agus i ndlíchórais na mBallstát, gur chinn an Chúirt, go bunúsach, i míreanna 58 go 62 de bhreithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B. (C-42/17, EU:C:2017:936), go bhféadfadh caighdeán náisiúnta cosanta lena ndírítear ar na ceanglais maidir le hintuarthacht, beachtas agus neamh-chúlghabhálacht an dlí choiriúil, lena n-áirítear an córas rúraidh maidir le cionta coiriúla, a chumhdach, bac a chur leis an oibleagáid atá ar na cúirteanna náisiúnta, de bhun Airteagal 325(1) agus (2) CFAE, sna himthosca atá i gceist sa chás as ar eascair an breithiúnas sin, forálacha náisiúnta lena rialaítear an rúradh in ábhar coiriúil a fhágáil gan feidhm, agus sin cé go raibh cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta sin de chineál chun bac a chur le pianbhreitheanna coiriúla éifeachtúla agus ar cosc iad a fhorchur i méid suntasach cásanna de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais.

    117

    Ní eile a bhí ábhartha, chuige sin, ná nach raibh an córas rúraidh is infheidhme i leith cionta coiriúla a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, a bhí i gceist sa chás seo, tar éis a bheith ina ábhar do chomhchuibhiú iomlán, amhail sa chás seo, mar a cuireadh in iúl i mír 81 den bhreithiúnas seo.

    118

    Ag féachaint do na breithnithe i míreanna 113 go 117 den bhreithiúnas seo agus mar a chinn an Chúirt i mbreithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B. (C-42/17, EU:C:2017:936), ní mór teacht ar an gconclúid, dá bhrí sin, i gcomhthéacs cás amhail an cás sna príomhimeachtaí, nach bhfuil ar chúirteanna na Rómáine an cásdlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 111 den bhreithiúnas seo a fhágáil gan feidhm, i gcomhréir le hAirteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, d’ainneoin gurb ann do riosca córasach go mbeidh saoirse ó phionós ann i leith cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, a mhéid a bhfuil na breithiúnais dá dtagraítear i mír 111 bunaithe ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis mar a ráthaítear é sa dlí náisiúnta, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, lena n-áirítear an córas rúraidh a bhaineann le cionta coiriúla.

    119

    Is léir, áfach, ó na míniúcháin arna soláthar ag an gcúirt a rinne an tarchur go maítear go bhfuil breithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) bunaithe freisin ar an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) a eascraíonn as breithiúnais Uimh. 297/2018 agus 358/2022 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil). De réir an léirithe arna thabhairt ag an gcúirt a rinne an tarchur ar bhreithiúnas Uimh. 67/2022 den Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas), maítear gur aithin an chúirt sin go gceadófaí leis an bprionsabal sin éifeachtaí easpa foras leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh i ndlí na Rómáine a eascraíonn as an dá bhreithiúnas sin ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) a dhéanamh cúlghabhálach i leith gníomhartha nós imeachta a rinneadh roimh an 25 Meitheamh 2018, eadhon dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 ón gcúirt sin.

    120

    Ní mór difear a tharraingt idir cur i bhfeidhm caighdeáin náisiúnta cosanta maidir leis an bprionsabal i dtaca le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) agus cur i bhfeidhm an chaighdeáin náisiúnta cosanta arna scrúdú ag an gCúirt i mbreithiúnas an 5 Nollaig 2017, M.A.S. agus M.B. (C-42/17, EU:C:2017:936).

    121

    Chuige sin, is léir ón ordú tarchuir go bhféadfadh cur i bhfeidhm an chéad chaighdeáin náisiúnta cosanta sin an riosca córasach go mbeidh cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais saor ó aon phionós coiriúil a ghéarú, de shárú ar Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF.

    122

    Murab ionann agus an caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann le hintuarthacht an dlí choiriúil, atá teoranta, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur, don éifeacht bhriste atá ag na gníomhartha nós imeachta a rinneadh le linn na tréimhse ón 25 Meitheamh 2018, dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil), go dtí an 30 Bealtaine 2022, an dáta a tháinig OUG Uimh. 71/2002 i bhfeidhm, a neodrú, cheadófaí, ar a laghad i gcásanna áirithe, leis an gcaighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior), éifeacht bhriste na ngníomhartha nós imeachta a rinneadh fiú roimh an 25 Meitheamh 2018, ach i ndiaidh teacht i bhfeidhm an chóid choiriúil an 1 Feabhra 2014, a neodrú, is é sin le rá, ar feadh tréimhse de bhreis is ceithre bliana.

    123

    In imthosca amhail na himthosca sin, agus an gá chun cothromaíocht a aimsiú idir an caighdeán náisiúnta cosanta deireanach sin agus forálacha Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF á chur san áireamh, ní mór cur i bhfeidhm, ag cúirt náisiúnta, den chaighdeán sin, chun amhras a chaitheamh ar bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gníomhartha nós imeachta a rinneadh roimh an 25 Meitheamh 2018, dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) a mheas mar bheith de chineál chun tosaíocht, aonacht agus éifeachtacht dhlí an Aontais a chur i gcontúirt, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 110 den bhreithiúnas seo (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 212).

    124

    Dá bhrí sin, ní mór a mheas nach féidir leis na cúirteanna náisiúnta, i gcomhthéacs imeachtaí breithiúnacha chun pionós a ghearradh, ar leibhéal coiriúil, ar chionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, an caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) a chur i bhfeidhm, dá dtagraítear i mír 119 den bhreithiúnas seo, d’fhonn amhras a chaitheamh ar bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil le gníomhartha nós imeachta a rinneadh roimh an 25 Meitheamh 2018, dáta foilsithe bhreithiúnas Uimh. 297/2018 den Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil).

    125

    Ag féachaint do na breithnithe uile roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist agus an dara ceist ná nach mór Airteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF a léiriú sa chaoi nach bhfuil ar chúirteanna Ballstáit breithiúnais ó Chúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit sin lena gcinntear an fhoráil reachtach lena rialaítear forais leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh mar gheall ar shárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar a chosnaítear faoin dlí náisiúnta, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, a bheith neamhbhailí a fhágáil gan feidhm, fiú má tá sé mar thoradh ar na breithiúnais sin go gcuirfí clabhsúr le méid suntasach cásanna coiriúla, lena n-áirítear cásanna a bhaineann le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais, mar gheall ar rúradh an dliteanais choiriúil. Mar mhalairt air sin, ní mór na forálacha sin de dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go bhfuil ar chúirteanna an Bhallstáit sin caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) lenar féidir amhras a chaitheamh ar bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil, lena n-áirítear i gcomhthéacs caingne in aghaidh breithiúnais chríochnaitheacha, i gcásanna amhlaidh le gníomhartha nós imeachta a rinneadh roimh aitheantas ar neamhbhailíocht den sórt sin a fhágáil gan feidhm.

    An tríú ceist

    126

    Lena tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear prionsabal de thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar rialacha nó cleachtas náisiúnta ar dá réir go bhfuil gnáthchúirteanna Ballstáit faoi cheangal ag cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus cinntí ó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin agus nach féidir leo, ar an gcúis sin agus ar an mbaol go gcuirfí dliteanas araíonachta na mbreithiúna lena mbaineann orthu, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a fhágáil gan feidhm ex officio, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnas ón gCúirt, go bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir le dlí an Aontais.

    127

    Chuige sin, ní mór a thabhairt chun cuimhne, cé go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoina n-inniúlacht féin, tá iallach orthu go fóill, agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu, na hoibleagáidí a eascraíonn as dlí an Aontais dóibh a urramú. Is ionann an cás i réimse dhliteanas araíonachta na mbreithiúna mar gheall ar neamh-chomhlíonadh chinntí na Cúirte Bunreachtúla agus na Cúirte Uachtaraí den Bhallstát lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 133 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    128

    I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, cumhdaítear le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais forlámhas dhlí an Aontais ar dhlí na mBallstát. Forchuirtear leis an bprionsabal sin, dá bhrí sin, ar chúirteanna uilig na mBallstát, lánéifeacht a thabhairt do rialacha difriúla an Aontais, ós rud é nach féidir le dlí na mBallstát tionchar a imirt ar an éifeacht a aithnítear a bheith ag na rialacha difriúla sin ar chríoch na Stát sin (breithiúnas an 18 Bealtaine 2021, Asociaţia Forumul Judecătorilor din România agus Páirtithe Eile, C-83/19, C-127/19, C-195/19, C-291/19, C-355/19 agus C-397/19, EU:C:2021:393, mír 244 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    129

    Mar a cuireadh in iúl i mír 95 den bhreithiúnas seo, forchuirtear le prionsabal na tosaíochta ar an gcúirt náisiúnta an oibleagáid lánéifeacht cheanglais dhlí an Aontais a áirithiú sa díospóid os a comhair, agus más gá, as a stuaim féin, aon riail nó cleachtas náisiúnta, fiú ina dhiaidh sin, atá ar neamhréir le foráil de chuid dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach aici, amhail Airteagal 325(1) CFAE, a fhágáil gan feidhm, gan bheith uirthi a iarraidh go gcuirfí an riail nó an cleachtas náisiúnta sin ar leataobh trí phróiseas reachtach nó próiseas bunreachtúil eile, ná le fanacht ar an méid sin.

    130

    Sa chás seo, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhféadfaí a chur i luí uirthi, i gcás go bhféadfadh neamhréireacht le dlí an Aontais eascairt as an bhfreagra ar an gcéad cheist agus an dara ceist agus más rud é nach bhféadfaí léiriú atá i gcomhréir le dlí an Aontais a dhéanamh ag féachaint do na forais a maítear os a comhair, na réitigh a glacadh sa chásdlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 111 den bhreithiúnas seo a fhágáil gan feidhm.

    131

    Cuireann an chúirt a rinne an tarchur i dtreis, áfach, go gceadaítear leis an gcóras araíonachta nua, dá bhforáiltear le hAirteagail 271 agus 272 de Dhlí Uimh. 303/2022 maidir le reacht na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí, pionós a ghearradh ar na breithiúna a líomhnaítear a rinne neamhaird, de mheon mímhacánta nó trí fhaillí thromchúiseach, ar bhreithiúnais ón Curtea Constituțională (an Chúirt Bhunreachtúil) nó ón Înalta Curte de Casație și Justiție (an Ard-Chúirt um Achomharc agus um Cheartas) agus iad ag tabhairt rialú ar achomhairc chun tairbhe an dlí.

    132

    Chuige sin, ba cheart a thabhairt chun cuimhne go gceanglaítear an chúirt náisiúnta maidir le léiriú ar fhorálacha de dhlí an Aontais atá i gceist do réiteach na díospóide sna príomhimeachtaí le cinneadh arna thabhairt ag an gCúirt faoin nós imeachta um réamhrialú [féach, chuige sin, breithiúnais an 3 Feabhra 1977, Benedetti, 52/76, EU:C:1977:16, mír 26, agus an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chúirt bhunreachtúil), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 74].

    133

    Dá bhrí sin, ní mór don chúirt náisiúnta, tar éis di an chumhacht a thugtar di leis an dara fomhír d’Airteagal 267 CFAE a fheidhmiú, neamhaird a dhéanamh, más iomchuí, ar chinntí cúirte náisiúnta níos uachtaraí má mheasann sí, ag féachaint don léiriú arna thabhairt ag an gCúirt, nach bhfuil na cinntí sin i gcomhréir le dlí an Aontais, tríd an riail náisiúnta lena gceanglaítear uirthi cinntí na cúirte níos uachtaraí sin a chomhlíonadh a fhágáil gan feidhm, más gá [breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas de chúirt bhunreachtúil), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 75].

    134

    Ní féidir bac a chur ar an gcúirt náisiúnta a d’fheidhmigh an chumhacht nó a chomhlíon an oibleagáid iarraidh ar réamhrialú a chur faoi bhráid na Cúirte de bhun Airteagal 267 CFAE léiriú a thabhairt, láithreach bonn, ar dhlí an Aontais, atá i gcomhréir leis an gcinneadh nó le cásdlí na Cúirte, nó bheadh baol ann go laghdófaí éifeachtacht an Airteagail sin. Ní mór a chur leis sin gur cuid dhílis d’fheidhm chúirteanna an Aontais í an chumhacht a ghníomhú, tráth an chur i bhfeidhm sin, chun gach rud atá ag teastáil a dhéanamh chun reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta a chur ar leataobh, a d’fhéadfadh cosc a chur ar lánéifeacht rialacha an Aontais, agus is ar an gcúirt náisiúnta atá freagrach as rialacha de dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm, laistigh de theorainneacha a dlínse, atá an fhreagracht sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 257).

    135

    Tá reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta ar dá réir go gceanglaítear le cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus ón gCúirt Uachtarach den Bhallstát lena mbaineann na gnáthchúirteanna, cé go measann na gnáthchúirteanna sin, i bhfianaise breithiúnas arna thabhairt ag an gCúirt faoin nós imeachta um réamhrialú, go bhfuil an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin ar neamhréir le dlí an Aontais, de chineál chun bac a chur ar na cúirteanna sin lánéifeacht cheanglais an dlí sin a áirithiú, éifeacht bactha a d’fheadfadh a bheith neartaithe leis an bhfíoras go bhféadfaí an neamh-chomhlíonadh féideartha den chásdlí sin a aicmiú mar chion araíonachta de bhun an dlí náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 259).

    136

    Go sonrach, maidir leis an dliteanas araíonachta a d’fhéadfaí a chur ar na breithiúna, de réir reachtaíocht Bhallstáit, i gcás neamhaird a dhéanamh ar chinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus ón gCúirt Uachtarach den Bhallstát sin, ní fhéadfadh feidhmiú na gcúraimí, ag cúirt náisiúnta, a chuirtear uirthi leis na Conarthaí agus na hoibleagáidí atá uirthi mar gheall orthu sin a urramú, trí éifeacht a thabhairt, i gcomhréir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, d’fhoráil den dlí sin amhail Airteagal 325(1) CFAE nó Airteagal 2(1) de Choinbhinsiún PIF, agus don léiriú arna thabhairt ag an gCúirt orthu, de réir sainmhíniú, a bhunú mar chion araíonachta i leith na mbreithiúna atá ina suí ar an gcúirt dheireanach sin gan go sárófaí an fhoráil sin agus an prionsabal sin atá inti ipso facto [féach, chuige sin, breithiúnais an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus Páirtithe Eile, C-357/19, C-379/19, C-547/19, C-811/19 agus C-840/19, EU:C:2021:1034, mír 260, agus an 13 Iúil 2023, YP agus Páirtithe Eile(Deireadh le saoirse ó phionós agus breitheamh a chur ar fionraí), C-615/20 agus C-671/20, EU:C:2023:562, mír 85 agus an cásdlí dá dtagraítear].

    137

    Is léir ón méid roimhe seo nach mór prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta ar dá réir go bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta Ballstáit faoi cheangal ag cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus cinntí ó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin agus nach féidir leo, ar an gcúis sin agus ar an mbaol go gcuirfí dliteanas araíonachta na mbreithiúna lena mbaineann orthu, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a fhágáil gan feidhm ex officio, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnas ón gCúirt, go bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir le forálacha de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach acu.

    Costais

    138

    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

     

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

     

    1.

    Maidir le hAirteagal 325(1) CFAE agus Airteagal 2(1) den Choinbhinsiún arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Leasanna Airgeadais na gComhphobal Eorpach a Chosaint arna shíniú sa Bhruiséil an 26 Iúil 1995 agus a ghabhann le Gníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    níl ar chúirteanna Ballstáit breithiúnais ó Chúirt Bhunreachtúil an Bhallstáit sin lena gcinntear an fhoráil reachtach lena rialaítear forais leis an tréimhse theorann le haghaidh dliteanas coiriúil a bhriseadh mar gheall ar shárú ar phrionsabal na dlíthiúlachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis, mar a chosnaítear faoin dlí náisiúnta, ina cheanglais maidir le hintuarthacht agus beachtas an dlí choiriúil, a bheith neamhbhailí a fhágáil gan feidhm, fiú má tá sé mar thoradh ar na breithiúnais sin go gcuirfí clabhsúr le méid suntasach cásanna coiriúla, lena n-áirítear cásanna a bhaineann le cionta de chalaois thromchúiseach a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh, mar gheall ar rúradh an dliteanais choiriúil.

    Mar mhalairt air sin, maidir leis na forálacha sin de dhlí an Aontais, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    tá ar chúirteanna an Bhallstáit sin caighdeán náisiúnta cosanta a bhaineann leis an bprionsabal maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach den dlí coiriúil níos trócairí (lex mitior) lenar féidir amhras a chaitheamh ar bhriseadh na tréimhse teorann le haghaidh dliteanas coiriúil, lena n-áirítear i gcomhthéacs caingne in aghaidh breithiúnais chríochnaitheacha, i gcásanna amhlaidh le gníomhartha nós imeachta a rinneadh roimh aitheantas ar neamhbhailíocht den sórt sin a fhágáil gan feidhm.

     

    2.

    Maidir le prionsabal thosaíocht dhlí an Aontais,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar reachtaíocht nó cleachtas náisiúnta ar dá réir go bhfuil gnáthchúirteanna náisiúnta Ballstáit faoi cheangal ag cinntí ón gCúirt Bhunreachtúil agus cinntí ó Chúirt Uachtarach an Bhallstáit sin agus nach féidir leo, ar an gcúis sin agus ar an mbaol go gcuirfí dliteanas araíonachta na mbreithiúna lena mbaineann orthu, an cásdlí a eascraíonn as na cinntí sin a fhágáil gan feidhm ex officio, fiú má mheasann siad, i bhfianaise breithiúnas ón gCúirt, go bhfuil an cásdlí sin ar neamhréir le forálacha de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach acu.

     

    Sínithe


    ( *1 ) Teanga an cháis: an Rómáinis.

    ( i ) Ainm dlítheanach atá in ainm an cháis seo. Ní bhaineann sé le fíorainm aon cheann de na páirtithe sna himeachtaí.

    Top