Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CC0440

Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Emiliou arna thabhairt ar an 2025 Méan Fómhair 4.


ECLI identifier: ECLI:EU:C:2025:668

 TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

EMILIOU

arna tabhairt an 4 Meán Fómhair 2025 ( 1 )

Cás C‑440/23

FB

v

European Lotto and Betting Ltd,

Deutsche Lotto Und Sportwetten Ltd

(Iarraidh ar réamhrialú ón Prim’Awla tal-Qorti Ċivili (an Chéad Halla den Chúirt Shibhialta, Málta))

(Tarchur chun réamhrialú – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Airteagal 56 CFAE – Cearrbhachas – Oibreoirí cearrbhachais arna mbunú agus arna gceadúnú i mBallstát A, a thairgeann cluichí áidh ar líne i mBallstát B – Toirmeasc ar chluichí áidh ar líne i ndlí náisiúnta Bhallstát B – Éileamh sibhialta a rinneadh i mBallstát A ar chealú an chonartha cearrbhachais agus ar aiseag na ngeallta a cuireadh ar bhonn neamhdhleathachta an chonartha sin faoi dhlí Bhallstát B – Cosaint lena líomhnaítear neamhchomhoiriúnacht an dlí sin le hAirteagal 56 CFAE – Dlínse chúirteanna Bhallstát A athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí Bhallstát B le dlí an Aontais – Cosaint lena líomhnaítear mí-úsáid dhlí an Aontais)

I. Réamhrá

1.

Baineann an iarraidh seo ar réamhrialú, a rinne an Prim’Awla tal-Qorti Ċivili (an Chéad Halla den Chúirt Shibhialta, Málta), le héileamh a rinneadh os comhair na cúirte sin ag sannaí tomhaltóra a bhfuil gnáthchónaí air sa Ghearmáin in aghaidh dhá chuideachta atá bunaithe i Málta. Féachann an t‑éilitheoir le geallta a fháil ar ais ar geallta iad a bhí curtha (agus caillte) aige agus é rannpháirteach i gcluichí áidh arna dtairgeadh ag na cuideachtaí sin. Chuige sin, líomhnaíonn sé, de bhrí gur tairgeadh na cluichí sin sa Ghearmáin de shárú ar rialacha na Gearmáine maidir le cearrbhachas, go raibh an conradh cearrbhachais is bonn leis neamhdhleathach agus, dá bhrí sin, ar neamhní. Dá réir sin, ba cheart do na cuideachtaí sin na geallta sin a aisíoc.

2.

Tugann na cuideachtaí is cosantóirí dhá chosaint ar aird in aghaidh an éilimh sin ar aiseag. Ar an gcéad dul síos, tá an conradh cearrbhachais atá faoi cheist dleathach agus, dá bhrí sin, bailí. Go deimhin, níor cheart rialacha na Gearmáine maidir le cearrbhachas a chur i bhfeidhm sna príomhimeachtaí mar tá siad contrártha don tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE. Ar an dara dul síos, is mí-úsáid dhlí an Aontais, ar aon chuma, éileamh den sórt sin.

3.

Baineann na ceisteanna a d’ardaigh na cúirteanna a rinne an tarchur leis an dá shaincheist dlí sin. Mar a d’iarr an Chúirt, áfach, déanfaidh mé an Tuairim seo a theorannú d’anailís a dhéanamh (i) ar inghlacthacht na gceisteanna a bhaineann leis an gcéad chosaint agus, sa chomhthéacs sin, ar an tsaincheist íogair i dtaobh an bhfuil dlínse, agus a mhéid atá dlínse, ag cúirteanna Ballstáit (sa chás seo, Poblacht Mhálta) athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht rialacha Ballstáit eile (sa chás seo, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) le dlí an Aontais, agus (ii) ar an dara cosaint.

II. An dlí lena mbaineann

A. Dlí an Aontais Eorpaigh

4.

Foráiltear le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ( 2 ) (‘Rialachán na Róimhe I’), dar teideal ‘conarthaí le tomhaltóir’:

‘1.   Gan dochar d’Airteagal 5 ná d’Airteagal 7, is é dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir a rialóidh conradh a thug duine nádúrtha i gcrích is féidir a mheas a bheith lasmuigh dá cheird nó dá ghairm (an tomhaltóir) le duine eile atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a cheirde nó a ghairme (an gairmí), ar choinníoll:

…

(b)

go ndéanann an gairmí gníomhaíochtaí den sórt sin a dhíriú ar aon mhodh chuig an tír sin nó chuig líon tíortha, an tír sin san áireamh,

agus go dtagann an conradh faoi raon feidhme na ngníomhaíochtaí sin.

2.   Ainneoin mhír 1, féadfaidh na páirtithe an dlí is infheidhme maidir le conradh a roghnú, a chomhlíonann ceanglais mhír 1, i gcomhréir le hAirteagal 3. Ní fhéadfaidh sé a bheith de thoradh ar an rogha sin, áfach, go gceilfí ar thomhaltóir an chosaint a thugtar dó le forálacha nach féidir maolú a dhéanamh orthu trí chomhaontú de bhua an dlí a bheadh infheidhme ar bhonn mhír 1, in éagmais rogha.’

B. Dlí na Gearmáine

5.

Ag am ábhartha, luadh an méid seo a leanas i Mír 4 den Staatsvertrag zum Glücksspielwesen in Deutschland (Conradh Stáit maidir le cearrbhachas sa Ghearmáin) an 15 Nollaig 2011 (‘Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas’):

‘(1)   Ní fhéadfar cluichí áidh poiblí a eagrú ná a bhróicéiriú ach amháin le cead ó údarás inniúil na tíre faoi seach. Tá toirmeasc ar chluichí áidh a eagrú gan an cead sin (cearrbhachas neamhcheadúnaithe) agus ar a bheith rannpháirteach in íocaíochtaí i dtaca le cearrbhachas neamhcheadúnaithe.

…

(4)   Tá toirmeasc ar chluichí áidh poiblí a eagrú ar an Idirlíon.

(5)   De mhaolú ar [fhomhír 4], féadfaidh na [Länder], chun gur fearr a bhainfear cuspóirí [Mír 1] amach, féindáileadh agus bróicéireacht crannchur a cheadú mar aon le heagrú agus bróicéireacht gealltóireachta spóirt ar an idirlíon…’

6.

Sonraítear i mír 134 den Bürgerliches Gesetzbuch (‘Cód Sibhialta na Gearmáine’) go bhfuil ‘idirbheart dlíthiúil a sháraíonn toirmeasc reachtúil ar neamhní, mura bhforáiltear a mhalairt leis an dlí’.

7.

Luaitear i mír 812 de Chód Sibhialta na Gearmáine ‘aon duine a fhaigheann rud gan cúis dhlíthiúil trí iompar duine eile nó ar bhealach ar bith eile ar a chostas sin, tá sé d’oibleagáid air an rud a thabhairt suas dó’. ( 3 )

III. Fíorais, imeachtaí náisiúnta agus na ceisteanna arna dtarchur

8.

Is léir ón ordú tarchuir agus ón bhfreagra ón gcúirt a rinne an tarchur ar iarraidh ar shoiléiriú a sheol an Chúirt Bhreithiúnais go ndéanann European Lotto and Betting Ltd. agus Deutsche Lotto Und Sportwetten Ltd. (‘na cuideachtaí is cosantóirí’, le chéile) ‘crannchuir thánaisteacha’ (cineál gealltóireachta ar tharraingtí crannchur arna n‑eagrú ag soláthraithe crannchuir) agus meaisíní sliotáin ar líne a thairiscint ar líne óna n‑oifig chláraithe i Málta. Díríonn na cuideachtaí sin a ngníomhaíocht i dtreo inter alia na Gearmáine tríd an suíomh gréasáin Lottoland.com. Ag an tráth ábhartha, bhí ceadúnas cearrbhachais ag na cuideachtaí is cosantóirí arna eisiúint ag Údarás Cearrbhachais Mhálta (MGA), faoi dhlí Mhálta. Ní raibh, áfach, ceadúnas cearrbhachais acu sa Ghearmáin, atá riachtanach faoi Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas. ( 4 )

9.

Idir an 5 Meitheamh 2019 agus an 12 Iúil 2021, ghlac an tomhaltóir a raibh gnáthchónaí air in Erfurt (an Ghearmáin) (‘an t‑imreoir’) páirt i ‘[g]crannchuir thánaisteacha’ agus d’imir sé meaisíní sliotáin ar líne ar shuíomh gréasáin na gcuideachtaí is cosantóirí. Chuige sin, d’aontaigh sé lena dtéarmaí agus coinníollacha ginearálta agus, leis sin, thug sé conradh cearrbhachais i gcrích leis na cuideachtaí sin (nó le ceann amháin díobh). ( 5 ) Chuir sé geall de mhéid suntasach airgid (agus chaill sé é) ar an gcaoi sin.

10.

Ina dhiaidh sin, rinne an t‑imreoir éileamh ar aiseag na ngeallta a chuir sé sna cluichí áidh sin in aghaidh na gcuideachtaí is cosantóirí os comhair Landesgericht Erfurt (Cúirt Réigiúnach Erfurt, an Ghearmáin).

11.

Le conradh a tugadh i gcrích an 21 Samhain 2022, fad a bhí na himeachtaí sin fós ar feitheamh, shann an t‑imreoir an t‑éileamh sin do FB. Tharraing an chéad duine a éileamh siar ina dhiaidh sin.

12.

An 21 Eanáir 2023, rinne FB an t‑éileamh sannta ar aiseag in aghaidh na gcuideachtaí is cosantóirí os comhair an Prim’Awla tal-Qorti Ċivili (an Chéad Halla den Chúirt Shibhialta). San áit sin, líomhain FB gur thairg na cuideachtaí sin cluichí áidh sa Ghearmáin go neamhdhleathach, toisc nach raibh ceadúnas acu chuige sin ó údaráis na Gearmáine, mar a cheanglaítear faoi Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas. Dá bhrí sin, bhí an conradh cearrbhachais a thug an t‑imreoir i gcrích neamhdhleathach agus, dá réir sin, ar neamhní faoi Mhír 134 de Chód Sibhialta na Gearmáine. Dá réir sin, ceanglaíodh ar na cuideachtaí sin, faoi Mhír 812 den chód sin (saibhriú éagórach) na geallta a chuir an t‑imreoir a aisíoc.

13.

D’áitigh na cuideachtaí is cosantóirí gur cheart diúltú d’éileamh FB de bhua na dtuillteanas. Thug siad dhá chosaint ar aird ina leith sin. Ar an gcéad dul síos, mar chuideachtaí atá bunaithe i Málta agus atá ag feidhmiú faoi cheadúnas cearrbhachais bailí de chuid Mhálta, sholáthair siad a seirbhís go dleathach sa Ghearmáin faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE. Forchuireadh srian gan údar ar an tsaoirse sin faoi fhorálacha dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas agus, dá réir sin, níor cheart iad a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ba cheart an conradh cearrbhachais atá faoi cheist a mheas mar chonradh dleathach bailí infhorfheidhmithe. Ar an dara dul síos, is mí-úsáid dhlí an Aontais éileamh den sórt sin ar aiseag, ós rud é gur lorg an t‑imreoir na cluichí áidh atá i gceist agus go raibh sé rannpháirteach iontu go toilteanach agus é láneolach go raibh siad á dtairiscint ag oibreoirí atá bunaithe i Málta agus nach bhfuil ceadúnaithe sa Ghearmáin.

14.

Sna cúinsí sin, chinn an Prim’Awla tal-Qorti Ċivili (an Chéad Halla den Chúirt Shibhialta) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhféadfaí údar a thabhairt, ar chúiseanna maithe leasa an phobail, le sárú ar shaorghluaiseacht seirbhísí trí shliotáin ar líne i mBallstát an tomhaltóra (an Ballstát cinn scríbe) a thoirmeasc go ginearálta ar oibreoirí casaíne ar líne a cheadúnaítear agus a rialaítear ina Stát tionscnaimh (Málta)

–

i gcás ina bhfuil a chomhchosúil de chearrbhachas traidisiúnta á cheadú ag an mBallstát cinn scríbe i ngach áit, lena n‑áirítear meaisíní sliotáin ceadúnaithe le haghaidh oibreoirí príobháideacha in árais siamsaíochta agus i mbialanna, cearrbhachas atá níos déine i gcasaíní traidisiúnta, oibríochtaí crannchuir náisiúnta ceadúnaithe ó chrannchuir Stáit in os cionn 20000 siopa gníomhairí [atá dírithe ar] an bpobal, agus

–

oibríochtaí cearrbhachais ceadúnaithe ar líne á gceadú le haghaidh oibreoirí príobháideacha gealltóireachta spóirt agus capall agus le haghaidh bróicéirí príobháideacha crannchuir ar líne a dhíolann táirgí crannchuir faoi úinéireacht Stáit agus táirgí crannchur ceadúnaithe eile,

bíodh is cosúil – mar atá ar neamhréir le breithiúnais na Cúirte Breithiúnas i gCásanna C‑148/15 Deutsche Parkinson (mír 35), C‑316/07 Markus Stoß agus C‑42/02 Lindman – nár chuir an Ballstát céanna fianaise eolaíoch ar fáil lena léirítear go bhfuil baol sainiúil ag baint leis an gcearrbhachas seo lena gcuirtear go mór le baint amach na gcuspóirí a shaothraítear lena rialú, go háirithe maidir le bac a chur ar chearrbhachas fadhbach, agus i bhfianaise an bhaoil lena gcuirtear srian leis an toirmeasc ar shliotáin ar líne – murab ionann agus na tairiscintí cearrbhachais a cheadaítear le haghaidh sliotáin ar líne agus sliotáin thraidisiúnta – go bhfuil an sárú oiriúnach, éigeantach agus comhréireach leis na cuspóirí rialála a [bhaint amach]?

(2)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar chur i bhfeidhm toirmisc iomláin ar chearrbhachas casaíne ar líne mar atá in Airteagal 4(1) agus (4) de [de Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas] i gcás nach bhféachtar, de réir [Mír] 1, [leis an Dlí sin], le toirmeasc iomlán a chur ar chearrbhachas de réir mhír 1 de, ach féachtar leis “lena spreagadh go dtabharfaidh an pobal, a bhfuil dúil acu sa chearrbhachas ó nádúr, faoi mhodhanna atá eagraithe agus faoi mhaoirseacht mar aon le cur in gcoinne fhorbairt agus leathadh an chearrbhachais neamhúdaraithe ar mhargaí dubha” agus i gcás ina bhfuil an‑tóir ag imreoirí ar shliotáin ar líne?

(3)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhféadfaí toirmeasc ginearálta ar thairiscintí casaíne ar líne a chur i bhfeidhm i gcás

–

ina bhfuil rialtais stáit chónaidhme go léir an Bhallstáit seo ar aon tuairim cheana féin gurb éifeachtaí córas réamh-fhormheasa oifigiúil ná toirmeasc iomlán le bheith in ann an baol atá ag baint lena leithéid de thairiscintí cearrbhachais ar líne a chomhrac agus

–

go bhfuil creat rialála don todhchaí curtha le chéile agus glactha acu trí chonradh [S]táit comhfhreagrach lena gcuirtear córas réamh-fhormheasa in ionad toirmeasc iomlán,

–

agus le hucht na reachtaíochta sin atá le teacht, ina gcinneann siad glacadh le tairiscintí cearrbhachais comhfhreagracha nach bhfuil ceadúnas de chuid na Gearmáine ag dul leo faoi réir ceanglais áirithe a chomhlíonadh go dtí go n‑eiseofar ceadúnais de chuid na Gearmáine,

cé nach bhféadfaí dlí an Aontais a chur ar fionraí go sealadach, de réir [...] Winner Wetten [(C‑409/06)][?]

(4)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail nach bhféadfadh Ballstát (cinn scríbe) údar a thabhairt, ar chúiseanna maithe leasa an phobail, le reachtaíocht náisiúnta i gcás

–

ina gcuirtear toirmeasc tríd an reachtaíocht sin ar thomhaltóirí geallta trasteorann ceadúnaithe a chur i mBallstát (tionscnaimh) eile ar [c]hrannchuir cheadúnaithe sa Bhallstát cinn scríbe a cheadaítear agus a rialaítear ann agus

–

ina gceadúnaítear na crannchuir sa Bhallstát cinn scríbe agus féachtar tríd an reachtaíocht le himreoirí agus mionaoisigh a chosaint

–

agus ina bhféachtar le himreoirí agus mionaoisigh a chosaint freisin trí rialú cearrbhachais cheadúnaithe a dhéanamh ar chrannchuir sa Bhallstát tionscnaimh agus ina bhforáiltear a chomhleibhéal de chosaint agus a fhoráiltear dó le rialú crannchuir sa Stát cinn scríbe?

(5)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis an riail sin ar aisghabháil geallta a chailltear agus páirt á glacadh i bhfo-chrannchuir ar bhonn neamhdhleathacht líomhainte idirbheart mar gheall ar an easpa ceadúnais i mBallstát an tomhaltóra, i gcás

–

ina gcuirtear cosc le dlí ar a leithéid de cheadúnas le haghaidh fo-chrannchuir phríobháideacha,

–

agus ina dtugann na cúirteanna náisiúnta údar leis an gcosc sin mar gheall ar dhifríocht líomhainte idir geall arna chur ag oibreoir Stáit ar thoradh crannchuir arna eagrú ag Stát agus geall arna chur ag oibreoir príobháideach ar thoradh crannchur Stáit?

(6)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE, an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc leis ar aisghabháil geallta a chailltear agus páirt á glacadh i bhfo-chrannchuir ar bhonn neamhdhleathacht líomhainte idirbheart mar gheall ar an easpa ceadúnais i mBallstát an tomhaltóra, i gcás

–

ina gcuirtear cosc le dlí ar a leithéid de cheadúnas le haghaidh fo-chrannchuir phríobháideacha

–

agus ina dtugann na cúirteanna náisiúnta údar leis an gcosc sin mar gheall ar dhifríocht líomhainte idir geall arna chur ag oibreoir Stáit ar thoradh crannchuir arna eagrú ag Stát agus geall arna chur ag oibreoir príobháideach ar thoradh an chrannchuir Stáit chéanna?

(7)

Maidir le hAirteagal 56 CFAE agus an toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid [[...] Niels Kratzer [(C‑423/15)] an bhfuil léiriú le déanamh amhail go gcuirtear cosc ar éileamh ar aisíoc na ngeallta a chailltear ar bhonn easpa ceadúnais de chuid na Gearmáine agus ar bhonn saibhriú éagórach i gcás ina bhfuil an t‑eagraí á cheadúnú agus faoi mhaoirseacht ag na húdaráis i mBallstát eile agus ina n‑urraítear na héilimh de chuid an imreora ar shócmhainní agus ar aisíocaíocht trí dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an t‑eagraí bunaithe?’

15.

Taisceadh an iarraidh seo ar réamhrialú, dar dáta an 11 Iúil 2023, ar an 14 Iúil 2023. Chuir FB, na cuideachtaí is cosantóirí, Rialtas Mhálta, Rialtas na Seice, Rialtas na Gearmáine, Rialtas na Beilge agus Rialtas na hIodáile, chomh maith leis an gCoimisiún Eorpach, barúlacha i scríbhinn isteach. Rinneadh ionadaíocht ar na páirtithe leasmhara céanna, seachas Rialtas na Seice agus Rialtas na hIodáile, ag an éisteacht a tionóladh an 9 Aibreán 2025.

IV. Anailís

16.

Is é cúlra an cháis seo ceann amháin i sraith cásanna a bhaineann le cluichí áidh a thairgeann cuideachtaí atá bunaithe i Málta ar líne. Go hiondúil, ní hamháin go mbíonn na suíomhanna gréasáin a oibríonn siad inrochtana ó Bhallstáit eile (ar a n‑áirítear, anseo, an Ghearmáin) ach bíonn siad dírithe orthu freisin (trí ainmneacha na suíomhanna gréasáin sin, na teangacha a úsáidtear orthu, an fhógraíocht, agus mar sin de). De ghnáth, soláthraíonn na cuideachtaí sin a gcuid seirbhísí ar bhonn ceadúnais cearrbhachais arna n‑eisiúint ag údaráis Mhálta, faoi dhlí Mhálta (a airbheartaíonn tairiscint cluichí áidh a chumhdach, ní hamháin i Málta féin, ach ó Mhálta freisin). Ní bhíonn siad ceadúnaithe ag údaráis na mBallstát sprice, áfach, chun cluichí den sórt sin a thairiscint ar a gcríoch, mar a cheanglaítear faoi na rialacha maidir le cearrbhachas Stát sin (ná chun cluichí a thairiscint atá toirmiscthe go hiomlán sa Stát atá i gceist, amhail na meaisíní sliotáin ar líne agus na ‘crannchuir thánaisteacha’ ( 6 ) atá faoi cheist sna príomhimeachtaí).

17.

Bíonn líon suntasach tomhaltóirí sna Ballstáit sprice sin rannpháirteach i gcluichí áidh ar líne den sórt sin. Cailleann go leor acu méideanna suntasacha airgid. Le blianta beaga anuas, d’fhéach imreoirí den sórt sin lena gcaillteanas a aisghabháil trí imeachtaí sibhialta a thionscnamh (nó trí dhlíthithe speisialaithe a fhruiliú chun iad a thionscnamh thar a gceann) os comhair a gcúirteanna ‘áitiúla’ in aghaidh cuideachtaí cearrbhachais Mhálta. De ghnáth, is é an t‑éileamh (i) gur chuir agus gur chaill an tomhaltóir geallta sna cluichí áidh faoi chonradh cearrbhachais a tugadh i gcrích le ceann de na cuideachtaí sin; (ii) toisc nach raibh an chuideachta atá i gceist ceadúnaithe ag údaráis an Bhallstáit spriocdhírithe, go raibh an conradh sin neamhdhleathach i ndáiríre agus, dá bhrí sin, ar neamhní faoi dhlí ‘áitiúil’ na gconarthaí; (iii) dá réir sin, go gceanglaítear ar an gcuideachta atá i gceist na geallta sin a aisíoc faoin dlí ‘áitiúil’ maidir le saibhriú éagórach. De réir dealraimh, pléadh leis na mílte éileamh den sórt sin nó tá siad ar feitheamh faoi láthair san Ostair agus sa Ghearmáin. ( 7 ) Dealraíonn sé freisin gur ghlac na cúirteanna sin, go dtí seo, leis na héilimh sin i bhformhór na gcásanna. ( 8 )

18.

Ní nach ionadh, bíonn cuideachtaí cearrbhachais Mhálta ag cur i gcoinne na n‑éileamh sin ar aiseag. Dealraíonn sé go ndiúltaíonn siad go minic déanamh de réir breithiúnais arna n‑eisiúint ina n‑aghaidh, agus é á mheas acu na breithiúnais sin a bheith mícheart go follasach. D’aimsigh siad tacaíocht i reachtas Mhálta ina leith sin. Agus é den tuairim (i) go gcuireann na Bhallstáit spriocdhírithe, trína rialacha ‘áitiúla’ cearrbhachais a fhorchur ar chuideachtaí cearrbhachais Mhálta, srian gan údar ar shaoirse na gcuideachtaí sin chun seirbhísí a sholáthar faoi Airteagal 56 CFAE agus (ii) go bhféadfadh tionchar uafásach a bheith ag na héilimh sin ar thionscal cearrbhachais Mhálta, ghlac an reachtas sin, an 12 Meitheamh 2023, reachtaíocht, ‘Bille 55’, lenar cuireadh Airteagal 56A nua le hAcht Cearrbhachais Mhálta. Luaitear san airteagal sin, go bunúsach, go bhfuil éilimh na n‑imreoirí lena gceistítear dlíthiúlacht na gcluichí a thairgeann cuideachtaí Máltacha do-ghlactha os comhair chúirteanna Mhálta, agus nach n‑aithneofar nó nach bhforfheidhmeofar aon bhreithiúnas eachtrach lena dtacaítear le héileamh den sórt sin i Málta mar bheartas poiblí.

19.

Sa chomhthéacs sonrach sin, tá an cás seo beagán íogair, ós rud é go mbaineann sé le héileamh ar aiseag arna dhéanamh ní ag an imreoir os comhair a chúirte ‘áitiúla’ (in casu, de chuid na Gearmáine), ach ag dlíodóir a cheannaigh agus dar sannadh an t‑éileamh sin os comhair cúirt de chuid Mhálta. Iarrtar ar an gcúirt sin, trí chosaintí arna dtabhairt ar aird ag na cuideachtaí is cosantóirí, athbhreithniú a dhéanamh (i) ar chomhoiriúnacht Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a leagtar síos in Airteagal 56 CFAE agus (ii) ar chineál mí-úsáideach na n‑éileamh sin ar aiseag. ( 9 )

20.

Díríonn ceisteanna 1 go 6 ar an gcéad chosaint. Arna iarraidh sin ag an gCúirt seo, díreoidh mé, i Roinn A thíos, ní ar thuillteanais na gceisteanna sin ach ar a n‑inghlacthacht amháin, rud atá á chonspóid ag roinnt de na rialtais a chuir barúlacha isteach. Baineann ceist 7, óna taobh féin, leis an dara cosaint a thug na cuideachtaí is cosantóirí ar aird, ar dá bhun is mí-úsáid dhlí an Aontais é éileamh ar aiseag amhail an ceann atá faoi cheist. Scrúdóidh mé í i Roinn B thíos.

A. Inghlacthacht cheisteanna 1 go 6

21.

Cuireann rialtas Mhálta (rud is ionadh), rialtas na Gearmáine agus rialtas na hIodáile in aghaidh inghlacthacht cheisteanna 1 go 6, i bhfianaise bhreithiúnais cheannródaíocha na Cúirte in Foglia I ( 10 ) agus in Foglia II. ( 11 )

22.

Is fiú a mheabhrú gur bhain an cás as ar eascair na breithiúnais sin le díospóid chonarthach idir beirt náisiúnach Iodálacha, a tugadh os comhair cúirt Iodálach, inar tugadh an tsaincheist ar aird go teagmhasach maidir le comhoiriúnacht cháin na Fraince le hAirteagal 95 CEE (Airteagal 110 CFAE anois). Tharchuir an chúirt Iodálach sin roinnt ceisteanna chun na Cúirte le haghaidh réamhrialú chun cabhrú léi measúnú a dhéanamh ar an gcomhoiriúnacht sin. Sa chomhthéacs sin, mheas an Chúirt nár mhór di ‘forairdeall speisialta’ a léiriú, maidir le hinghlacthacht ( 12 )‘ceist[eanna] […] a tharchuirtear chuici, d’fhonn a cheadú don chúirt náisiúnta cinneadh a dhéanamh an bhfuil reachtaíocht Ballstáit eile i gcomhréir le dlí [an Aontais]’. ( 13 ) Thairis sin, i bhfianaise imthosca an cháis (eadhon gur dhealraitheach gur aontaigh na páirtithe sna príomhimeachtaí go raibh cáin na Fraince neamhchomhoiriúnach le dlí an Aontais agus nár thug siad agóid ina aghaidh sin os comhair chúirteanna na Fraince), dhiúltaigh sí freagra a thabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur, ar an mbonn gurbh ‘f[h]eiste nós imeachta arna shocrú ag na páirtithe’ é an cás sin d’fhonn athbhreithniú a fháil ar dhlí na Fraince ag cúirt de chuid na hIodáile agus, sa chomhthéacs sin, ‘chun a thabhairt ar an gCúirt a tuairimí a thabhairt maidir le fadhbanna áirithe de chuid dhlí an Aontais nach bhfreagraíonn do cheanglas oibiachtúil a bhaineann go dlúth le réiteach [fíor-]d[h]íospóide’. ( 14 )

23.

Sa chás seo, baineann na hagóidí a rinne rialtas Mhálta, rialtas na Gearmáine agus rialtas na hIodáile, go sonrach, leis an bhfíoras (1) go líomhnaítear nach bhfuil dóthain faisnéise san ordú tarchuir chun go bhfionnfaidh an Chúirt an mbeadh ‘gá’ freagra ón gCúirt i leith chomhoiriúnacht Airteagal 56 CFAE le rialacha amhail na rialacha a leagtar síos i nDlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur breithiúnas a thabhairt, de réir bhrí Airteagal 267 CFAE; (2) nach bhféadfadh ‘gá’ freagra den sórt sin, in aon chás, a bheith chomh sin riamh toisc nach bhfuil aon dlínse ag cúirteanna Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí an Aontais le dlí Ballstáit eile; agus (3) fiú dá mbeadh dlínse den sórt sin ann, go líomhnaítear nach ‘fíor-dhíospóid’ an díospóid sna príomhimeachtaí, ar aon dul leis an díospóid as ar eascair na breithiúnais in Foglia I agus in Foglia II. Tabharfaidh mé aghaidh ar na hagóidí sin faoi seach sna chéad ranna eile.

1.   An leor an fhaisnéis a cuireadh ar fáil?

24.

Tá dhá chuid i gceist leis an agóid maidir le neamhdhóthanacht líomhainte na faisnéise a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, arna tabhairt ag rialtas na Gearmáine amháin.

25.

Ar thaobh amháin, áitíonn an rialtas sin nach sonraítear san ordú tarchuir an bhfuil ceart caingne iarbhír ag FB os comhair na cúirte a rinne an tarchur. Ar an gcéad dul síos, níor léiríodh, san ordú sin, gur sannadh an t‑éileamh ar aiseag atá i gceist do FB go dlíthiúil. Os a choinne sin, dealraíonn sé gur cuireadh toirmeasc ar imreoirí óna gcearta a shannadh faoin gconradh sin leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhí i bhfeidhm maidir leis an gconradh cearrbhachais is bonn leis. Ar an dara dul síos, fágann Airteagal 56A d’Acht Cearrbhachais Mhálta go bhfuil an t‑éileamh sin ar aiseag do-ghlactha os comhair chúirteanna Mhálta. ( 15 ) Dá mba cheart éileamh FB a dhíbhe go hiomlán ar an mbonn nach bhfuil ceart caingne den sórt sin aige, ní bheadh aon ghá tabhairt faoi thuillteanais an éilimh sin, a d’fhágfadh, dá réir sin, gur ceisteanna barúlacha na ceisteanna arna dtarchur.

26.

Ina leith sin, tugaim faoi deara, ar iarraidh ar shoiléiriú ón gCúirt Bhreithiúnais, gur dhíbh an chúirt a rinne an tarchur na húdair imní sin, agus nach dtugann aon ní san fhaisnéis atá ar fáil don Chúirt le tuiscint gur follasach éileamh FB a bheith do-ghlactha. Ar an gcéad dul síos, maidir leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá i gceist, níor shíl an chúirt a rinne an tarchur, go hintuigthe, gur shaincheist iad sin, agus ní thagann siad faoi dhlínse na Cúirte faoi Airteagal 267 CFAE imscrúdú a dhéanamh ar an éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag téarmaí conarthacha den sórt sin. ( 16 ) Ar an dara dul síos, maidir le hAirteagal 56 A d’Acht Cearrbhachais Mhálta, mhínigh an chúirt a rinne an tarchur gur tionscnaíodh éileamh FB (an 21 Eanáir 2023) roimh theacht i bhfeidhm na forála sin (an 12 Meitheamh 2023), nach bhfuil éifeacht chúlghabhálach ag an bhforáil sin agus, dá bhrí sin, nach bhfuil aon tionchar aici ar inghlacthacht an éilimh sin. ( 17 )

27.

Ar an taobh eile, áitíonn Rialtas na Gearmáine nach bhfuil aon mhíniú san ordú tarchuir maidir leis an bhfáth a bhfuil dlí na Gearmáine infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí. Is léir, mura raibh ar an gcúirt a rinne an tarchur an díospóid sin a chinneadh i bhfianaise dhlí na Gearmáine, go deimhin, go mbeadh freagra ar cheisteanna 1 go 6 ‘neamhriachtanach’ ina leith sin. ( 18 )

28.

Cé go bhféadfadh an chúirt a rinne an tarchur faisnéis níos leithne a thabhairt maidir leis an ábhar san ordú tarchuir, feictear dom, i bhfianaise (i) na bhfíoras a leagtar amach san ordú sin agus (ii) ionstraim ábhartha an Aontais lena rialaítear an t‑ábhar, nach seasann an agóid sin in aghaidh grinnscrúdú.

29.

Meabhraím go mbaineann éileamh FB le neamhbhailíocht líomhainte an chonartha cearrbhachais atá faoi cheist (ar an mbonn go líomhnaítear go bhfuil a ábhar neamhdhleathach), ar cheart oibleagáid a bheith i gceist leis, ar thaobh na gcuideachtaí is cosantóirí, na geallta a chuir an t‑imreoir a aisíoc. Go bunúsach, baineann sé le hábhair shibhialta agus thráchtála agus, go sonrach, ábhair chonarthacha. Tá an dlí lena rialaítear an t‑éileamh sin le cinneadh i bhfianaise na rialacha aontaithe a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I’. I gcomhréir leis an ionstraim sin, níl aon amhras ach nach mór don chúirt a rinne an tarchur na saincheisteanna éagsúla a thugtar ar aird leis an éileamh sin a chinneadh faoi dhlí na Gearmáine.

30.

Ar an gcéad dul síos, cé acu atá nó nach bhfuil conradh neamhbhailí i gcás inar neamhdhleathach an t‑ábhar a bhaineann leis, agus cé acu atá nó nach bhfuil i gceist sa neamhbhailíocht sin ceart, do gach páirtí, chun na sochair a fuair gach páirtí ón bpáirtí eile a aiseag, is saincheisteanna iad don dlí lena rialaítear an conradh atá i gceist, faoi Airteagal 10(1) agus Airteagal 12(1)(e) de Rialachán na Róimhe I, agus rialaítear an conradh cearrbhachais atá faoi cheist le dlí na Gearmáine, de bhun Airteagal 6(1) den Rialachán sin. ( 19 ) Mar a chuir rialtas na Gearmáine i dtábhacht os comhair na Cúirte, ní athraítear an chonclúid sin d’ainneoin gur tagraíodh leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta is infheidhme ar an gconradh sin do dhlí Mhálta. ( 20 )

31.

Ar an dara dul síos, is léir dom, chun a chinneadh an raibh an t‑ábhar a bhain leis an gconradh cearrbhachais atá i gceist neamhdhleathach i ndáiríre, go dtabharfar aird ar na toirmisc a leagadh síos i ndlí na tíre inar ghá an conradh sin a chomhlíonadh, sa chás seo, ba í an Ghearmáin an tír sin. Fiú má sholáthair na cuideachtaí is cosantóirí a gcuid seirbhísí cearrbhachais ó Mhálta, is sa Ghearmáin a fuair an t‑imreoir na seirbhísí sin, áit ónar raibh sé rannpháirteach sna cluichí áidh atá i gceist agus ar chuir sé na geallta conspóideacha. ( 21 ) Is léir nach mór don chúirt a rinne an tarchur Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas a chur san áireamh chun rialú a thabhairt ar an díospóid.

32.

Thairis sin, is mar a chéile a bheadh an chonclúid sin, i mo thuairimse, dá mbeadh an conradh cearrbhachais atá i gceist faoi rialú dhlí Mhálta. ( 22 ) Go deimhin, ceadaítear le hAirteagal 9(3) de Rialachán na Róimhe I don chúirt ar tugadh díospóid chonarthach os a comhair éifeacht a thabhairt ‘d’fhorálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ ( 23 ) dhlí na tíre sin nach mór na hoibleagáidí a eascraíonn as an gconradh a fheidhmiú ann nó ar feidhmíodh na hoibleagáidí a d’eascair as an gconradh ann, a mhéid go bhfágann na forálacha sainordaitheacha sáraitheacha sin go bhfuil feidhmiú an chonartha neamhdhleathach’, beag beann ar an dlí lena rialaítear an conradh. Rialacha amhail an riail a leagtar síos i ndlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas, lena saothraítear cuspóirí beartais phoiblí a mheasann an reachtas náisiúnta a bheith bunriachtanach (féach mír 70 thíos) agus, d’fhonn na cuspóirí sin a chosaint, lena rialaítear aon idirbheart cearrbhachais a dhéantar (nó a mheastar a dhéantar) ar an gcríoch náisiúnta, cáilíonn siad go héasca mar ‘f[h]orálacha sainordaitheacha sáraitheacha’. Ina theannta sin, cé go bhfuil rogha éigin, i bprionsabal, ag cúirteanna an Bhallstáit ar tugadh na himeachtaí os a gcomhair, a mhéid a bhaineann le ‘[h]éifeacht a thabhairt’ do na ‘forálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ sin, ( 24 ) feictear dom, i gcás ina ndéantar neamhdhleathacht conradh ar leith a agairt ar an mbonn go sáraíonn sé na ‘forálacha’ sin de chuid Ballstáit eile (amhail an cás seo), gur cheart do na cúirteanna sin, mar riail, é sin a dhéanamh. Is éard atá i gceist le héifeacht a thabhairt do na ‘forálacha’ sin léiriú inláimhsithe ar comhar dílis idir Ballstáit, a bhfuil údar maith leis i bhfianaise an ‘ghaoil speisialta’ lena n‑aontaítear iad.

2.   An bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí Ballstáit eile le dlí an Aontais

33.

Sa chás seo, is léir (gan cheistiú) go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur, cúirt de chuid Mhálta, inniúil ar éileamh FB a éisteacht agus a chinneadh faoi ionstraim an Aontais lena rialaítear dlínse chúirteanna an Bhallstáit in ábhair shibhialta agus thráchtála den sórt sin, eadhon Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ( 25 ) (Rialachán an Bhruiséil Ia), go háirithe Airteagal 4(1). ( 26 ) Mar sin féin, mar a míníodh sa chuid roimhe seo, de bhun Rialachán na Róimhe I, ní mór don chúirt é sin a dhéanamh faoi dhlí na Gearmáine. Go deimhin, ní go hannamh a tharlaíonn sé sin sa limistéar saoirse, slándála agus ceartais (LSSC).

34.

Maidir le tuillteanais éileamh FB, tá sé chomh soiléir céanna, dá ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur an toirmeasc ar chluichí áidh ar líne a leagtar síos i nDlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas a chur i bhfeidhm maidir leis an gcás, gur cheart go measfadh an chúirt an conradh cearrbhachais atá i gceist a bheith neamhdhleathach agus, dá bhrí sin, ar neamhní mar a mhaíonn FB (rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le ceart chun aiseag na ngeallta a chuir an t‑imreoir). ( 27 )

35.

Mar sin féin, meabhraím go n‑áitíonn na cuideachtaí is cosantóirí, mar chosaint, go bhfuil an toirmeasc sin (a mhéid a chuirtear i bhfeidhm é ar oibreoirí cearrbhachais dá samhail féin, atá bunaithe agus ceadúnaithe i mBallstáit eile) contrártha le hAirteagal 56 CFAE. Dá bhrí sin, ba cheart don chúirt a rinne an tarchur (i) gan forálacha ábhartha Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas a chur i bhfeidhm, (ii) a mheas, mar iarmhairt loighciúil, an conradh atá i gceist a bheith dleathach agus bailí agus (iii) diúltú d’éileamh FB.

36.

Dá bhrí sin, tugtar an tsaincheist maidir le comhoiriúnacht ar aird os comhair na cúirte a rinne an tarchur mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh). Go deimhin, ós rud é go nglactar leis d’éileamh FB arb éard é an toirmeasc a leagtar síos i nDlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas a bheith infhorfheidhmithe, ba cheart don chúirt sin, ó thaobh na loighce de, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin ar dtús, agus tabhairt ansin faoi na príomh-shaincheisteanna a réiteach dá réir sin maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an conradh cearrbhachais bailí agus, dá bhrí sin, an bhfuil FB i dteideal aiseag na ngeallta a cuireadh. Is é sin an chúis le ceisteanna 1 go 6.

37.

Mar sin féin, tá Rialtas na hIodáile den tuairim nach bhfuil dlínse ag cúirteanna Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais, fiú mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh) i ndíospóid shibhialta nó thráchtála idir daoine aonair. Is cúirteanna an Bhallstáit eile sin, a bhfuil a reachtaíocht i gceist, agus na cúirteanna sin amháin, a d’fhéadfadh déanamh amhlaidh. Dá réir sin, bheadh de cheangal ar an gcúirt a rinne an tarchur, mar chúirt de chuid Mhálta a mheas go bhfuil Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas comhoiriúnach le dlí an Aontais (go dtí go mbeidh a mhalairt rialaithe ag cúirteanna na Gearmáine).

38.

Ar ndóigh, dá mb’amhlaidh an cás, ba cheart a dhearbhú ceisteanna 1 go 6 barúlach amháin. Ní mór don Chúirt, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist dlínse sin sa chás seo. Thairis sin, níl cásdlí na Cúirte go hiomlán soiléir maidir leis an bpointe sin. Sna breithiúnais in Foglia I agus in Foglia II, ba chosúil go raibh amhras ar an gCúirt go bhféadfadh cúirteanna Ballstáit athbhreithniú ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais. Dá ainneoin sin, cé go ndúirt an Chúirt go bhfeidhmeodh sí ‘forairdeall speisialta’ i leith inghlacthacht na dtarchur chun réamhrialú a cuireadh isteach chun na críche sin, ní dhearna sí dlínse a dhiúltú go sainráite do na cúirteanna náisiúnta athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh. Go deimhin, i roinnt cásanna roimh an dá bhreithiúnas sin agus dá n‑éis ar aon, d’admhaigh an Chúirt go hintuigthe go bhfuil dlínse den sórt sin ag cúirteanna na mBallstát, ós rud é gur ghlac sí go toiliúil leis an tarchur sin. ( 28 ) Ina breithiúnas in Eau de Cologne & Parfümerie-Fabrik 4711, ( 29 ) luaigh an Chúirt, go fiú, go bhféadfaidh cúirt de chuid Ballstáit ceisteanna a tharchur ‘lena mbeartaítear a chur ar a chumas di a chinneadh … an bhfuil forálacha Ballstáit seachas Ballstát na cúirte a iarrann an rialú comhoiriúnach le dlí [an Aontais]’. Mar sin féin, níor thug an Chúirt aghaidh go sainráite riamh ar cheist na dlínse is bonn leis.

39.

Tugann an cás seo deis idéalach don Chúirt a shoiléiriú, ní hamháin go bhfuil dlínse ag cúirteanna na mBallstát, ach nach mór dóibh freisin, athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí na mBallstát eile le dlí an Aontais nuair a thagann an tsaincheist sin chun cinn mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh) i ndíospóid shibhialta nó thráchtála atá ar feitheamh os a gcomhair (a). Mar sin féin, ní mór do na cúirteanna sin srian a chur orthu féin agus an dlínse sin á feidhmiú acu (b).

(a)   Tá dlínse ag cúirteanna na mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais

40.

I mo thuairimse, tacaítear le dlínse den sórt sin de chuid chúirteanna na mBallstát le prionsabail ghinearálta dhlí substainteach an Aontais (1) agus dhlí idirnáisiúnta príobháideach an Aontais (2), agus ní thugann dlí idirnáisiúnta poiblí an ghnáis (3) ná ábhar imní maidir le cearta cosanta an Bhallstáit a bhfuil a dhlí infheidhme maidir leis an díospóid (4), ná praiticiúlacht na dlínse sin (5) faoi cheist é.

(1) Prionsabail ghinearálta dhlí substainteach an Aontais

41.

Ina breithiúnas ceannródaíoch in van Gend & Loos, ( 30 ) shuigh an Chúirt an prionsabal go mbíonn éifeacht dhíreach ag forálacha de chuid dhlí an Aontais atá sách soiléir, beacht agus neamhchoinníollach agus go ‘[g]cruthaíonn siad cearta’, dá réir sin, a fhéadfaidh daoine aonair a agairt os comhair chúirteanna na mBallstát, go fiú i ndíospóid idir daoine aonair. Tá de dhualgas ar na cúirteanna de chuid na mBallstát a dtugtar díospóid den sórt sin os a gcomhair rialú a thabhairt i gcomhréir leis na forálacha sin. Ina theannta sin, má thugann páirtí argóint ar aird á rá go bhfuil riail náisiúnta éigin is infheidhme i bprionsabal maidir leis an díospóid go deimhin neamhchomhoiriúnach le foráil den sórt sin de dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach léi, is cásdlí socair é, ón mbreithiúnas in Simmenthal, ( 31 ) ní hamháin go bhfuil dlínse ag na cúirteanna sin, faoi phrionsabal thosaíocht dhlí an Aontais, ach nach mór dóibh, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhoiriúnacht sin agus, i gcás ina suitear an easaontacht, gan an riail náisiúnta sin a chur i bhfeidhm sna himeachtaí os a gcomhair. Leis an dá phrionsabal, féachtar lena áirithiú go gcosnófar cearta daoine aonair faoi dhlí an Aontais agus go gcuirfear an dlí sin i bhfeidhm go haonfhoirmeach sna Ballstáit.

42.

Ó thaobh na bprionsabal sin agus a mbunréasúnaíochta de, ní fheicim aon chúis leis an staid atá faoi cheist sa chás seo a phiocadh amach, cás ina n‑iarrtar ar chúirt Ballstáit díospóid shibhialta agus thráchtála a réiteach faoi dhlí Ballstáit eile. I gcás den sórt sin, ba cheart go mbeadh daoine aonair in ann na cearta a dhíorthaíonn siad ó éifeacht dhíreach dhlí an Aontais a dhearbhú freisin os comhair na gcúirteanna sin freisin. ( 32 ) Dá bhrí sin, i gcás easaontacht líomhainte idir rialacha Ballstáit eile agus forálacha de chuid dhlí an Aontais a bhfuil éifeacht dhíreach acu, tá dlínse ag an gcúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, agus ní mór di, i gcás inar gá ar mhaithe le toradh an cháis, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus, má dhéantar cinneadh neamhchomhoiriúnachta, gan na rialacha atá i gceist a chur i bhfeidhm. Murach sin, d’fhéadfaí na cearta sin a dhiúltú sna himeachtaí atá faoi cheist.

43.

Mar shampla, sa chás seo, ní shéantar go bhfuil éifeacht dhíreach ag Airteagal 56 CFAE a agraíonn na cuideachtaí is cosantóirí os comhair na cúirte a rinne an tarchur, go fiú i ndíospóidí idir daoine aonair. ( 33 ) Dá ndéanfadh an chúirt a rinne an tarchur athbhreithniú ar chomhoiriúnacht Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas le hAirteagal 56 CFAE agus dá gcinnfeadh sí go raibh easaontacht idir na forálacha sin, d’fhéadfadh an chúirt sin na cearta a dhíorthaíonn na cuideachtaí is cosantóirí ón gConradh sin a chosaint (i) trí gan an dlí sin a chur i bhfeidhm, (ii) trí rialú a dhéanamh dá réir sin go bhfuil an conradh cearrbhachais atá i gceist bailí agus (iii) trí dhiúltú d’éileamh FB toisc é a bheith gan bhunús. ( 34 ) Os a choinne sin, mura mbeadh cumhacht (ná oibleagáid) den sórt sin ag an gcúirt sin athbhreithniú a dhéanamh, bhainfí a bpríomhchosaint go hiomlán de na cuideachtaí is cosantóirí in aghaidh éileamh FB. Go deimhin, ós rud é nach bhféadfadh an chúirt sin, i staid reatha dhlí an Aontais, ceist idirbhreitheach a ardú le cúirteanna na Gearmáine i dtaobh bhailíocht Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas, bheadh de cheangal uirthi an dlí sin a mheas mar dhlí atá comhoiriúnach le dlí an Aontais agus rialú dá réir. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sé go n‑éireodh leis an éileamh sin in ainneoin na gceart féideartha sin faoi dhlí an Aontais. ( 35 )

44.

Bheadh tionchar diúltach ag réiteach dá mhalairt freisin ar chur i bhfeidhm aonfhoirmeach dhlí an Aontais. Mura bhféadfadh ach cúirteanna an Stáit atá i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht rialacha náisiúnta Ballstáit le dlí an Aontais, chiallódh sé sin, sa chleachtas, go mbeadh cur i bhfeidhm an dlí sin go hiomlán éagsúil ag brath ar cé acu a thugtar an díospóid shibhialta agus thráchtála chéanna os comhair na gcúirteanna den Bhallstát sin nó i mBallstát eile.

(2) Prionsabail ghinearálta dhlí idirnáisiúnta príobháideach an Aontais

45.

Maidir le dlí idirnáisiúnta príobháideach an Aontais, mheabhróinn, de bhun na bprionsabal lena rialaítear easaontachtaí dlínse in ábhair shibhialta agus thráchtála faoi Rialachán an Bhruiséil Ia, i gcás ina bhfuil cúirteanna Ballstáit inniúil, faoin Rialachán sin, chun díospóid a éisteacht agus a chinneadh (mar atá an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo), go bhfuil na cúirteanna sininniúil freisin chun rialú a thabhairt ar aon réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phoiblí) ( 36 ) a d’fhéadfaí a thabhairt ar aird i gcomhthéacs na díospóide sin. ( 37 ) Thairis sin, tá sé de cheangal orthu an dlínse sin a fheidhmiú. Ní fhéadfaidh siad diúltú breithniú a dhéanamh ar an díospóid, ná ar réimsí ábhartha áirithe dá cuid. ( 38 ) Féachann an dá phrionsabal le dea-riar an cheartais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do na páirtithe.

46.

I bhfianaise na bprionsabal sin, ní fheicim aon chúis le réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh) a láimhseáil ar bhealach éagsúil maidir le comhoiriúnacht rialacha Ballstáit eile le dlí an Aontais. Cúirteanna an Bhallstáit atá inniúil, faoi Rialachán an Bhruiséil Ia, ar dhíospóid ina dtugtar ceist den sórt sin ar aird a éisteacht agus a chinneadh, tá dlínse acu freisin, faoin ionstraim sin, rialú a thabhairt ar an réamhcheist sin, agus ní mór dóibh déanamh amhlaidh i gcás inar gá é do thoradh an cháis.

47.

Ó thaobh easaontacht dlíthe de, is ionann an toradh. Go deimhin, nuair a iarrtar ar chúirt de chuid Ballstáit, faoi rialacha Rialachán na Róimhe I, dlí Ballstáit eile a ‘chur i bhfeidhm’ maidir le díospóid, ceadaítear freisin don chúirt sin le roinnt sásraí a chumhdaítear sa Rialachán sin, agus cuirtear d’oibleagáid uirthi go fiú, athbhreithniú a dhéanamh, i gcás inarb ábhartha, ar chomhoiriúnacht an dlí náisiúnta sin le dlí an Aontais agus, i gcás easaontachta, gan an dlí náisiúnta sin a chur i bhfeidhm.

48.

Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfaí cumhacht (agus oibleagáid) den sórt sin de chuid na cúirte ar tugadh na himeachtaí os a comhair a mheas mar ghné dhílis den chúram an dlí ainmnithe sin a ‘chur i bhfeidhm’ maidir leis an díospóid. Go deimhin, i gcás ina n‑ainmnítear le rialacha an Rialacháin sin gur dlí ‘is infheidhme’ dlí eachtrach ar leith, tagraíonn siad don dlíchóras eachtrach ina iomláine. Ní mór don chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, i bhfianaise na rialacha éagsúla atá sa dlíchóras sin agus a n‑ordlathas, cinneadh a dhéanamh sa díospóid lena léirítear, a mhéid is féidir, an cinneadh a dtiocfadh breitheamh den Stát áirithe air. ( 39 ) Tá sé sin ríthábhachtach ar mhaithe leis na cuspóirí a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus comhréiteach idirnáisiúnta cinntí, cuspóirí arna saothrú le Rialachán na Róimhe I. ( 40 )

49.

Is léir, i gcás ina n‑ainmnítear le Rialachán na Róimhe I dlí Ballstáit mar dhlí is infheidhme maidir le díospóid, gur cuid dhílis é dlí an Aontais den dlíchóras atá i gceist, agus go bhfuil dlí an Aontais ar mhullach an ordlathais sin, agus bheadh breitheamh den Stát sin faoi cheangal (mar a mhínítear i mír 41 thuas), dá n‑iarrfaí air nó uirthi rialú a thabhairt ar an díospóid chéanna, cuid easaontach den reachtaíocht náisiúnta a athbhreithniú gan í a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní mór don chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair déanamh amhlaidh. ( 41 )

50.

Ar an dara dul síos, féadfaidh an chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht rialacha Ballstáit eile le dlí an Aontais agus, i gcás easaontachta, gan iad a chur i bhfeidhm faoin gclásal beartais phoiblí a leagtar síos in Airteagal 21 de Rialachán na Róimhe I.

51.

Go deimhin, Leis an bhforáil sin, ceadaítear don chúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair gan an dlí ainmnithe a chur i bhfeidhm i gcás ina mbeadh cur i bhfeidhm an dlí sin ‘neamhchomhoiriúnach go follasach le beartas poiblí (ordre public) an fhóraim’. Is léir, díreach mar atá dlí an Aontais ina chuid de dhlíchóras an Bhallstáit a bhfuil a dhlí ainmnithe mar dhlí is infheidhme maidir leis an gcás (sa chás seo, an Poblacht Chónaidhme na Gearmáine), gur dlúthchuid é freisin de dhlíchóras an fhóraim a bhfuil an cás sin á éisteacht aige (sa chás seo, dlíchóras Mhálta). Dá bhrí sin, le ‘neamhchomhoiriúnacht fhollasach’ le dlí an Aontais (nó, ar a laghad, le forálacha áirithe a mheastar a bheith riachtanach i ndlíchóras an Aontais), tugtar údar leis na rialacha náisiúnta easaontach gan a chur i bhfeidhm faoin gclásal sin. ( 42 )

52.

Ar deireadh, i gcás ina n‑agraítear rialacha Ballstáit, os comhair chúirt Ballstáit eile, mar ‘f[h]orálacha sainordaitheacha sáraitheacha’ faoi Airteagal 9(3) de Rialachán na Róimhe I, tá lánrogha ag an gcúirt sin, faoin bhforáil sin, athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht na rialacha sin le dlí an Aontais agus, i gcás na neamhchomhoiriúnachta, diúltú ‘éifeacht a thabhairt’ dóibh.

(3) Dlí idirnáisiúnta poiblí an ghnáis

53.

Murab ionann agus an méid a mhaítear sa litríocht acadúil uaireanta, táim den tuairim maidir le dlínse (agus oibleagáid) cúirteanna Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais nuair a thagann an tsaincheist sin chun cinn mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phoiblí) i ndíospóid shibhialta agus thráchtála, nach sáraíonn sí dlí poiblí idirnáisiúnta an ghnáis. Go háirithe, níl ann do thrasnaíocht neamhdhlisteanachar inniúlacht chúirteanna an dara Ballstát. ( 43 )

54.

Tuigtear nach bhfhéadfaidh cúirteanna Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na neamhthrasnaíochta, cinneadh a eisiúint arb é is aim dó dlí Ballstáit eile a neamhniú ar bhonn na neamhchomhoiriúnachta le dlí an Aontais, ná dearbhú erga omnes a eisiúint ina leith sin. Is léir an chúis atá leis sin: ní féidir le cúirteanna Stáit gníomhartha ar de thionscnamh orgán Stáit eile iad (sa chás seo, an reachtas) a neamhbhailiú. Tá dlínse shubstainteach eisiach ag cúirteanna an Stáit lena mbaineann an t‑orgán ina leith sin faoin dlí idirnáisiúnta poiblí. ( 44 ) Dá réir sin, sa chás seo, ní fhéadfadh cúirteanna Mhálta cinneadh a eisiúint go bailí lena ndearbhaítear, le héifeacht erga omnes, go bhfuil Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas neamhchomhoiriúnach le dlí an Aontais. Is cúirteanna na Gearmáine amháin a d’fhéadfadh é sin a dhéanamh.

55.

Mar sin féin, nuair a dhéanann cúirteanna Ballstáit athbhreithniú ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh) i ndíospóid shibhialta agus thráchtála, ní dhéanann siad ach athbhreithniú den sórt sin agus, i gcás neamhchomhoiriúnachta, ní chuireann siad na rialacha easaontacha i bhfeidhm sa díospóid atá i gceist chun cinneadh a eisiúint maidir le tuillteanais an éilimh atá faoi cheist amháin. Suitear cearta príobháideacha na bpáirtithe le cinneadh den sórt sin agus, dá réir sin, níl aige ach éifeachtaí inter partes. Níl sé i gceist leis difear a dhéanamh do bhailíocht dhlí an Bhallstáit eile. Urramaítear inniúlacht eisiach chúirteanna an Stáit sin. ( 45 )

56.

Ar mhaithe le hiomláine, mheabhróinn gur thoiligh Ballstáit, agus iad ag dul isteach san Aontas Eorpach agus ag roghnú a bheith rannpháirteach in LSSC, dlí an Aontais a chomhlíonadh. Thoiligh siad freisin go ndéanfadh cúirteanna Ballstát eile díospóidí sibhialta agus tráchtála a rialaítear lena ndlí ‘féin’ (de bhun Rialachán na Róimhe I) a bhreithniú (faoi Rialachán an Bhruiséil Ia). I bhfianaise na mínithe a tugadh sa dá chuid roimhe seo, ciallaíonn sé sin gur thoiligh na Ballstáit freisin, go hintuigthe, go ndéanfadh na cúirteanna eile sin athbhreithniú ar chomhoiriúnacht ‘a gcuid’ rialacha mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh) i ndíospóid den sórt sin.

(4) Cearta cosanta an Bhallstáit lena mbaineann

57.

Ina breithiúnas in Foglia II, ba chosúil gur chúis imní don Chúirt, i gcás ina ndéanfadh cúirteanna Ballstáit athbhreithniú ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais i gcomhthéacs díospóid idir daoine aonair príobháideacha, nach bhféadfaí cearta cosanta an dara Ballstát a ráthú go leordhóthanach, toisc nach ndéanfaí ionadaíocht air os comhair chúirteanna an chéad Bhallstáit sin. ( 46 ) Chuir roinnt de na rialtais a chuir barúlacha faoi bhráid na Cúirte seo sa chás seo béim ar an an gné sin. Go háirithe, chuir siad in iúl, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, i gcás ina líomhnaíonn duine aonair go gcuirtear srian, le dlí náisiúnta, leis an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi Airteagal 56 CFAE, gur faoin mBallstát lena mbaineann atá sé a shuí go bhfuil údar oibiachtúil leis an dlí náisiúnta agus go bhfuil sé comhréireach. ( 47 ) Mar sin féin, i gcás amhail an cás atá i gceist anseo, bhainfí an deis de é sin a dhéanamh.

58.

Ón tús, ba mhaith liom a chur i dtábhacht go mbaineann an cásdlí sin leis an dualgas cruthúnais in imeachtaí in aghaidh Ballstáit mar gheall ar shárú ar dhlí saorghluaiseachta an Aontais (cibé acu imeachtaí um shárú, nó caingne os comhair cúirteanna náisiúnta). Os a choinne sin, i gcás ina dtugtar saincheist den sórt sin ar aird go teagmhasach in imeachtaí idir daoine aonair, is ábhar nós imeachta é an dualgas cruthúnais a fhágtar faoin lex fori. ( 48 )

59.

Agus soiléiriú tugtha ina leith sin, ní shílim go bhfuil fíor-shaincheist ann maidir le cearta cosanta an Bhallstáit lena mbaineann. ( 49 )

60.

Ar an gcéad dul síos, is minic nach mbeadh ionadaíocht ag Stát in imeachtaí idir daoine aonair ina dtugtar ceist maidir le bailíocht an dlí náisiúnta ar aird go teagmhasach. Is cosúil, anseo, nach mbeadh ionadaíocht ag Rialtas na Gearmáine ach oiread dá mbeadh na himeachtaí ar feitheamh os comhair ceann dá chúirteanna náisiúnta. Tá údar leis sin toisc nach bhfuil ach éifeachtaí inter partes ag an gcinneadh atá le heisiúint agus, dá bhrí sin, nach mbeidh sé ina cheangal ar údaráis an Bhallstáit sin.

61.

Ar an dara dul síos, lena chois go bhféadfar féidearthacht idiragartha ar thaobh an Bhallstáit lena mbaineann os comhair na gcúirteanna ar tugadh na himeachtaí os a gcomhair a bheith ann faoi dhlí nós imeachta arna gcur i bhfeidhm ag na cúirteanna sin, ( 50 ) tugtar coimirce leormhaith leordhóthanach leis an nós imeachta a bhaineann le tarchur chun réamhrialú, faoi Airteagal 267 CFAE, chun leasanna an Stáit sin a chosaint.

62.

I ndáil leis sin, táim den tuairim, i gcás ina dtugtar díospóid shibhialta nó thráchtála os comhair cúirteanna Ballstáit, atá le cinneadh i bhfianaise dhlí Ballstáit eile, agus go gcuireann páirtí in aghaidh chomhoiriúnacht an dlí náisiúnta sin is infheidhme le dlí an Aontais, gur cuí do na cúirteanna sin tarchur a dhéanamh faoi Airteagal 267 CFAE. Nuair a dhéantar tarchur chun réamhrialú den sórt sin, tá de cheart ag an mBallstát lena mbaineann aighneachtaí a thíolacadh i scríbhinn agus ó bhéal, fiú mura páirtí sna príomhimeachtaí é. Ní bhaineann sé le hábhar, i mo thuairimse, nach bhfuil ag an Stát sin, faoin nós imeachta sin, na féidearthachtaí cosanta níos leithne atá ar fáil dó in imeachtaí sáraíochta faoi Airteagal 258 CFAE. Go deimhin, mar atá aitheanta arís is arís ag an gCúirt, tá an dá nós imeachta difriúil go bunúsach. ( 51 )

(5) Praiticiúlacht dlínse den sórt sin

63.

Phléigh na páirtithe leasmhara a ndearnadh ionadaíocht orthu ag an éisteacht freisin, arna iarraidh sin ag an mbinse, an bhfuil cúirteanna Ballstáit inniúil, ó thaobh na praiticiúlachta de, ar athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht rialacha Ballstáit eile le dlí an Aontais. Cé is moite de na difríochtaí teanga, d’fhéadfadh sé a bheith deacair, do na cúirteanna sin, an t‑ábhar atá sna rialacha sin a shuí go cinnte. D’fhéadfaí neamhchomhoiriúnacht le dlí an Aontais a thoimhdiú bunaithe ar thuiscint mhícheart ar na rialacha sin.

64.

Is furasta a fheiceáil cén áit as a dtagann an t‑amhras sin. Go traidisiúnta, meastar an dlí eachtrach a bheith éagsúil lena ndlí ‘féin’, i rialacha nós imeachta chúirteanna na mBallstát. Ina leith sin, níl feidhm ag an nath ‘iura novit curia’. Ní thoimhdítear go bhfuil dlíthe Stát eile ar eolas ag na cúirteanna sin. Dá bhrí sin, go traidisiúnta, cheanglóidís ar na páirtithe a agraíonn dlí eachtrach ábhar an dlí sin a chruthú, mar fhíoras. Mar sin féin, is minic nach n‑éiríonn leis na páirtithe sin é sin a dhéanamh go hoibiachtúil, nó fiú go cinntitheach. Ina ionad sin, is iondúil go gcuireann siad an dlí eachtrach i láthair ar bhealach páirteach, agus mionnscríbhinní á n‑úsáid acu arna dtáirgeadh ag saineolaithe a fhruilíonn agus a íocann siad féin. ( 52 ) Is ann do na deacrachtaí sin, go pointe áirithe, sa chás sna príomhimeachtaí. ( 53 )

65.

Mar sin féin, d’fhéadfaí na hábhair imní sin a mhaolú.

66.

I mo thuairimse, is ábhar do rialacha nós imeachta gach Ballstáit í an tsaincheist maidir le conas ábhar an dlí is infheidhme a shuí. Mar sin féin, ní féidir leis na rialacha nós imeachta sin effet utile a bhaint de na rialacha maidir le heasaontacht dlíthe a leagtar síos i Rialachán na Róimhe I. Chun go ndéanfar an dlí eachtrach a ‘chur i bhfeidhm’ go dílis, mar a cheanglaítear faoi rialacha na Róimhe, agus chun go mbainfear amach na cuspóirí a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil agus comhréiteach idirnáisiúnta cinntí a shaothraítear faoin Rialachán sin, ba cheart an dlí eachtrach a shuí i gceart. Tugann sé sin le tuiscint, i mo thuairimse, go bhfuil dualgas cúraim éigin ar an gcúirt ar tugadh na himeachtaí os a comhair, go háirithe i gcás ina bhfuil amhras á chaitheamh ar chomhoiriúnacht an dlí eachtraigh sin le dlí an Aontais.

67.

Ina leith sin, thabharfainn faoi go bhfuil sé ag éirí níos éasca anois ar chúirteanna Ballstáit teacht ar ar dhlíthe Ballstát eile in LSSC. Tá méadú ag teacht ar an líon reachtanna agus cinntí a bhfuil teacht orthu go héasca ar líne (a bhuí, go háirithe, leis an tairseach Eorpach don r-cheartas agus le córas an Aitheantóra Eorpaigh Cásdlí (ECLI)). Thairis sin, cuireann sásraí comhair éagsúla ar chumas na gcúirteanna sin soiléiriú a fháil ó údaráis an Bhallstáit a bhfuil a dhlí infheidhme maidir leis an díospóid, i dtaca le hinneachar an dlí sin, go háirithe (i) an Coinbhinsiún Eorpach um Fhaisnéis maidir le Dlí Eachtrach, a tugadh i gcrích i Londain an 7 Meitheamh 1968 agus (ii) an Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála. ( 54 ) Go deimhin, táim den tuairim, de bhun phrionsabal an chomhair dhílis, nach mór do na cúirteanna sin na sásraí sin a úsáid i gcás amhrais faoi ábhar an dlí sin (agus nach mór d’údaráis an Bhallstáit lena mbaineann cabhrú leo go cuí ina leith sin).

(b)   Ní mór do chúirteanna na mBallstát srian a choinneáil orthu féin agus an dlínse atá i gceist á feidhmiú acu

68.

Cé go bhfuil dlínse ag cúirteanna na mBallstát athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí na mBallstát eile le dlí an Aontais mar réamhcheist (de réir bhrí an dlí idirnáisiúnta phoiblí), tugann breithnithe maidir le dlisteanacht (1) agus maidir le hiontaoibh fhrithpháirteach (2) údar, do na cúirteanna sin, srian éigin a choinneáil orthu féin ina leith sin.

(1) Na hábhair imní a bhaineann le heaspa dlisteanachta

69.

Mar a chuireann an Coimisiún in iúl, ní hionann i gcónaí athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais. Uaireanta, bíonn réimse áirithe comhchuibhithe nó aontaithe ag dlí an Aontais, gan aon rogha a fhágáil ag na Ballstáit. Déantar neamhchomhoiriúnacht, sa chás seo, a shuí i ngeall ar riail náisiúnta a bheith ag teacht faoi raon feidhme ionstraim dhlí an Aontais atá i gceist agus nach gceadaítear an riail sin leis an ionstraim sin. ( 55 ) Uaireanta, fágtar le dlí an Aontais rogha éigin d’údaráis náisiúnta dlí a ghlacadh, ach teorainneacha na rogha sin a bheith ag brath go huile ar chaighdeáin choiteanna a leagtar síos faoi dhlí an Aontais (amhail an bhfágann teorainn ama nós imeachta áirithe dóthain lamháltais do pháirtí é féin a chosaint go héifeachtach, de bhun Airteagal 47 den Chairt). ( 56 )

70.

Os a choinne sin, i réimsí eile, aithnítear le dlí an Aontais rogha shuntasach do na húdaráis náisiúnta. Is amhlaidh atá, de ghnáth, i gcás nach bhforáiltear i ndlí an Aontais ach do chomhchuibhiú diúltach. Mar shampla, sa chás seo, níl aon díospóid ann go gcuireann Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas srian ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi Airteagal 56 CFAE. Mar sin féin, tá reachtaíocht náisiúnta den sórt sin incheadaithe (i) má tá údar léi ar chúis sháraitheach a bhaineann le leas an phobail (rud is léir anseo freisin, mar féachtar leis an dlí sin le calaois, andúil i gcluichí áidh agus mar sin de a chosc) agus (ii) má tá sí comhréireach leis an gcuspóir atá á shaothrú (arb éard é croí na saincheiste comhoiriúnachta).

71.

Ina theannta sin, mar a chuireann Rialtas na Seice, Rialtas na Beilge agus Rialtas na hIodáile in iúl, tá aitheantas tugtha riamh ag an gCúirt ‘go bhfuil an reachtaíocht maidir le cluichí áidh ar cheann de na réimsí ina bhfuil difríochtaí suntasacha morálta, reiligiúnacha agus cultúrtha idir na Ballstáit’. Dá bhrí sin, tá lánrogha leathan ag gach Ballstát, mar riail, an réimse a rialáil i gcomhréir lena shaintréithe, inter alia, stairiúla, cultúrtha, eacnamaíocha agus sochpholaitiúla féin. Ba cheart athbhreithniú ar chomhréireacht na mbeart arna nglacadh a dhéanamh i bhfianaise na saintréithe sin. ( 57 )

72.

Ina leith sin, tá fiúntas san argóint, arna cur ar aghaidh ag Rialtas na hIodáile, gurb iad cúirteanna an Bhallstáit lena mbaineannis oiriúnaí chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh. Mar chuid dhílis den dlíchóras náisiúnta a bhfuil an t‑eolas is cuimsithí acu ar an staid sa Bhallstát sin, is iad is fearr a thuigfeadh an measúnú a dhéanann an reachtas ar na leasanna coinbhleachta atá i gceist. ( 58 ) Os a choinne sin, ní cúirteanna Ballstáit eile is fearr atá in ann déanamh amhlaidh. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá go héasca nach bhfuil de dhlisteanacht acu athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna ceannasacha sin de chuid Stáit eile. ( 59 )

73.

Sa chás seo, éiríonn agóid na dlisteanachta níos bailí fós nuair a chuirtear san áireamh an éagsúlacht fhollasach a bhaineann le cur chuige (agus leasanna) an dá Bhallstát lena mbaineann: ar thaobh amháin, Poblacht Málta, mar an Stát ina bhfuil soláthraithe seirbhísí cearrbhachais ar líne bunaithe, a ghlacann reachtaíocht atá fabhrach don tionscal sin; ar an taobh eile, Poblacht na Gearmáine, mar fhaighteoir neamhthoilteanach na seirbhísí ar líne sin. Thairis sin, ní féidir neamhaird a dhéanamh den chomhthéacs ar leith, a mheabhraítear i míreanna 16 go 18 thuas, ina dtagann an cás seo chun cinn. I bhfianaise na dtosca sin, bheadh an tuairim go ndéanfadh cúirt Mhálta athbhreithniú ar chomhréireacht Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas aisteach dar le go leor daoine.

74.

Mar sin féin, táim den tuairim go bhféadfaí na hábhair imní sin a mhaolú má léiríonn cúirteanna na mBallstát atá sa chás céanna leis an gcúirt a rinne an tarchur srian éigin le linn dóibh athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh. Ba cheart dóibh aird chuí a thabhairt ar an rogha atá ag an reachtas eachtrach agus, i bhfianaise na tuisceana teoranta atá acu ar an gcomhthéacs agus na dlisteanachta teoranta, gan dlí Ballstáit eile a fhágáil gan feidhm ach amháin i gcás neamhchomhoiriúnacht fhollasach le dlí an Aontais (mar shampla, i gcás ina bhfuil cásdlí na Cúirte socraithe, cuimsitheach agus soiléir maidir leis an méid is féidir agus an méid nach féidir le Ballstát a dhéanamh i réimsí áirithe). Ar ndóigh, dá fhollasaí é cineál díréireach na rialacha atá faoi cheist is ea is lú is féidir gníomhaíochas neamhdhlisteanach a chur i leith na cúirte eachtraí. ( 60 ) Chuige sin, agus mar a mhínítear thuas, is cuí do na cúirteanna sin tarchur a dhéanamh chun na Cúirte faoi Airteagal 267 CFAE, ionas nach dtiocfaidh siad ar chonclúid chomh dian sin ina n‑aonar, agus go bhféadfar éisteacht go cuí leis an mBallstát lena mbaineann.

(2) Iontaoibh fhrithpháirteach

75.

I mo thuairimse, tacaítear leis an gcur chuige sin, le breithnithe maidir le hiontaoibh fhrithpháirteach. Ina leith sin, meabhraím go gceanglaítear le prionsabal na hiontaoibhe frithpháirtí, a bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint léi i ndlí an Aontais, go háirithe maidir le LSSC, ar gach ceann de na Ballstáit, ach amháin in imthosca eisceachtúla, a mheas go bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag na Ballstáit eile go léir. ( 61 )

76.

Dá réir sin, nuair a iarrtar orthu dlí Ballstáit eile a chur i bhfeidhm i ndíospóid shibhialta agus thráchtála, faoi Rialachán na Róimhe I, ceanglaítear ar chúirteanna Ballstáit a thoimhdiú go bhfuil an dlí sin comhoiriúnach le dlí an Aontais. Cé nach toimhde infhrisnéise an toimhde sin, ( 62 ) ba cheart gur láidir an toimhde é, nó thabharfaí an iontaoibh fhrithpháirteach sin faoi cheist. Dá bhrí sin, níor cheart athbhreithniú a dhéanamh ar dhlí Ballstáit eile ach amháin i gcás fianaise shoiléir ar neamhchomhoiriúnacht le dlí an Aontais, ( 63 ) agus níor cheart gan é a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás inar léir, tar éis a athbhreithnithe, go bhfuil easaontacht fhollasach leis an dlí sin.

77.

Is mian liom focal scoir a thabhairt ar an ábhar sin. Mar a thugann Rialtas na Beilge faoi deara, i gcás ina mbeidh cinntí eisithe ag cúirteanna an Bhallstáit a d’achtaigh an na rialacha náisiúnta atá faoi dhíospóid maidir lena gcomhoiriúnacht le dlí an Aontais, ( 64 ) ceanglaítear le priosabal na hiontaoibhe frithpháirtí ar chúirteanna Ballstáit eile, ar tugadh an tsaincheist sin os a gcomhair go teagmhasach, aird chuí a thabhairt ar na cúiseanna is bonn le cinntí den sórt sin, faoi chuimsiú a scrúdaithe féin ar an ábhar. ( 65 ) Sa chás seo, ní féidir leis an gcúirt a rinne an tarchur, dá réir sin, neamhaird a dhéanamh den fhíoras (go ndealraíonn sé) gur thug cúirteanna na Gearmáine rialú cheana féin go bhfuil Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas comhoiriúnach le hAirteagal 56 CFAE. Ní fhéadfadh an chúirt sin cinneadh difriúil a thabhairt ach amháin tar éis breithniú cúramach a dhéanamh ar réasúnaíocht chúirteanna na Gearmáine.

3.   Líomhain gur de chineál ‘saorga’ an díospóid

78.

Baineann an agóid dheireanach a bhfuil scrúdú le déanamh uirthi leis an líomhain gur de chineál ‘saorga’ an díospóid sna príomhimeachtaí. Dar le Rialtas na hIodáile, d’fhéadfadh an díospóid sin a bheith ina ‘gléas nós imeachta arna shocrú ag na páirtithe’ chun comhoiriúnacht Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas le dlí an Aontais a cheistiú.

79.

Ní mór focal rabhaidh a thabhairt don Chúirt ina leith sin.

80.

Tuigim go raibh drogall ar an gCúirt, sa chás inar tugadh na breithiúnais in Foglia I agus Foglia II, cabhrú le cúirt Iodálach athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dhlí cánach na Fraince le dlí an Aontais. Chomh maith leis na hagóidí a pléadh sna ranna roimhe seo, ní mór gné thábhachtach amháin a chur i dtábhacht sa chomhthéacs sin. Chuir mé in iúl arís is arís eile, i ndíospóid idir daoine aonair, nach bhfuil ach éifeachtaí inter partes ag na cinntí a thugann cúirteanna na mBallstát, rud a chuireann leis an measúnú gur incheadaithe an t‑athbhreithniú sin ar dhlí Ballstáit eile. Os a choinne sin, tá éifeachtaí erga omnes ag na réamhrialuithe a thugann an Chúirt, ós rud é go ndéanann siad léiriú údarásach ar fhorálacha ábhartha dhlí an Aontais mar a bhí sé i gceist i gcónaí iad a thuiscint. Cé nach féidir a dhearbhú le réamhrialú den sórt sin go bhfuil cuid áirithe de dhlí náisiúnta neamhchomhoiriúnach le dlí an Aontais, d’fhéadfadh na gnéithe den léiriú ar dhlí an Aontais arna gcur ar fáil ag an gCúirt a bheith chomh sonrach sin gurbh é an toradh céanna a bheadh i gceist i ndáiríre. D’fhéadfadh tionchar i bhfad níos tromchúisí a bheith ag réamhrialú den sórt sin, sa deireadh thiar thall, ar an dlí náisiúnta atá faoi athbhreithniú.

81.

I bhfianaise an mhéid sin, ar thaobh amháin, ba cheart, go deimhin, don Chúirt ‘forairdeall’ speisialta a léiriú go bhfuil ‘gá’ freagra uaithi don chúirt a rinne an tarchur chun an díospóid atá ar feitheamh os a comhair a chinneadh, de réir bhrí Airteagal 267 CFAE. I bhfianaise íogaireacht an ábhair, ba cheart do chúirt náisiúnta athbhreithniú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht dlí Ballstáit eile le dlí an Aontais, ní hamháin ar mhaithe le hiomláine, ach i gcás ina bhfuil sé fíor-riachtanach é sin a dhéanamh. Níor cheart don Chúirt cúnamh a thabhairt don chúirt sin, agus léiriú erga omnes a thabhairt ar dhlí an Aontais, i gcás inar léir nach amhlaidh atá. ( 66 )

82.

I gcás ina ndealraíonn sé nach mór, ar ndóigh, don chúirt náisiúnta athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh chun an díospóid atá os a comhair a chinneadh (agus dealraíonn sé gurb amhlaidh atá sa chás seo) agus, dá réir sin, gur deimhin go bhfuil ‘gá’ leis na ceisteanna gaolmhara arna dtarchur ag an gcúirt sin le haghaidh réamhrialú ina leith sin, ansin ba cheart don Chúirt freagra a thabhairt orthu. Mar a luadh sa roinn roimhe seo, is cuí, go deimhin, don chúirt náisiúnta tarchur den sórt sin a dhéanamh sa chomhthéacs áirithe sin. Ní mór don Chúirt a cion féin a dhéanamh. Ní féidir léi an chúirt sin a fhágáil ina haonar chun dlí an Aontais a léiriú. Is é sin, i mo thuairimse, an cur chuige ceart sa chás seo.

83.

Mar sin féin, ba cheart go gcuirfeadh an Chúirt san áireamh, sa chaoi a bhfreagraíonn sí, íogaireacht an cháis agus teorainneacha na dlínse atá ag an gcúirt a rinne an tarchur, mar a mhínítear i míreanna 70 go 74 thuas. Seachas athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar shonraí uile an dlí náisiúnta atá i gceist, ba cheart di, i mo thuairimse, í féin a theorannú do ghnéithe léirithe a thabhairt atá leordhóthanach don chúirt náisiúnta chun a mheas an bhfuil an dlí náisiúnta atá i gceist neamhchomhoiriúnach go follasach le dlí an Aontais. Go hiondúil, sna príomhimeachtaí, chiallódh sé sin míniú a thabhairt, i bhfianaise an chásdlí ábhartha, an ndealraíonn sé go bhfuil rialacha amhail an riail a leagtar síos i nDlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas inghlactha go ginearálta nó, seachas sin, an bhfuil siad díréireach go follasach.

84.

Ar an taobh eile, ní dóigh liom gur cheart don Chúirt athbhreithniú a dhéanamh ar ‘fhíre’ na díospóide is bonn leis. Meabhraím gur cáineadh na breithiúnais in Foglia I agus in Foglia II go háirithe ina leith sin. ( 67 ) Go deimhin, níor lean na Cúirteanna an cur chuige sin riamh i gcásanna eile ina raibh díospóidí idir páirtithe príobháideacha agus an dlí náisiúnta á cheistiú go hindíreach, fiú i gcás ina raibh cineál ‘saorga’ na díospóide sách soiléir. ( 68 )

85.

Ní dhéanfaidh mé athrá ar na hargóintí go léir a cuireadh i láthair in aghaidh athbhreithniú den sórt sin i dtráchtaireachtaí acadúla. Meabhróidh mé, áfach, go bhféadfaí a rá nár cheart go mbainfeadh sé le hábhar do dhlínse na Cúirte cé acu is ‘fíordhíospóid’ an díospóid sna príomhimeachtaí, nó an ‘cás tástála’ í arna thionscnamh ag tionscal cearrbhachais Mhálta. Is é an rud ba cheart a bhainfeadh le hábhar ná an iarrtar ar chúirt náisiúnta an cás a chinneadh agus an dtabharfadh freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear chun réamhrialú cúnamh don chúirt sin chuige sin. Os a choinne sin, ní faoin gCúirt atá sé, faoi Airteagal 267 CFAE, athbhreithniú a dhéanamh ar bhunrúin na bpáirtithe agus cás dlí á thabhairt acu. Fiú dá bhféadfadh sí é sin a dhéanamh, bheadh sé thar a bheith deacair (mura mbeadh sé dodhéanta) easpa ‘fíre’ a shuí.

86.

Sa chás seo, mar shampla, cé go bhféadfadh imthosca an cháis amhras a tharraingt ina leith sin, ní leor aon chuid den fhaisnéis atá sa chomhad chun cineál ‘saorga’ na díospóide a shuí go cinnte.

87.

Ar an gcéad dul síos, d’fhéadfaí tuairimíocht a dhéanamh faoi shannadh éileamh an imreora. Is dlíodóir Gearmánach é FB, ach thug na cuideachtaí is cosantóirí le tuiscint ag an éisteacht go bhfuil sé cláraithe le barra Mhálta. Maíonn sé go bhfuil forfheidhmiú an éilimh tomhaltóra sin ina chuid dá ‘m[h]únla gnó’ agus gur cheannaigh sé éilimh ó ‘líon mór imreoirí’ ach, nuair a d’fhiafraigh an binse air a dheimhniú cé mhéad éileamh, d’fhreagair sé ‘níos lú ná 10’ (agus d’fhéadfaí a thoimhdiú ón méid sin nach bhfuil i gceist ach an t‑éileamh atá faoi cheist). Bhí FB ar theann a dhíchill freisin a mhíniú cén fáth ar cheannaigh sé éileamh a thuig sé a bheadh deacair a aisghabháil, ó diúltaíonn cuideachtaí Máltacha glacadh le héilimh den sórt sin, agus ghlac Poblacht Mhálta Bille 55. Mar sin féin, bheadh sé dodhéanta an an chúis lena chinneadh a dhéanamh amach go cinnte.

88.

Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí a bheith ag fiafraí freisin, amhail rialtas na hIodáile, cén fáth ar tionscnaíodh imeachtaí i Málta, i bhfianaise na héagsúlachta leasanna idir an Ballstát sin agus Poblacht Chónaidhme na Gearmáine sa staid atá faoi cheist. Mar sin féin, mar a chuireann an Coimisiún i dtábhacht, níl aon rud mícheart go bunúsach leis an méid sin. Mar a luaigh mé, tá dlínse ghinearálta ag cúirteanna Mhálta an díospóid a éisteacht, faoi Airteagal 4 de Rialachán an Bhruiséil Ia. Ina theannta sin, cé gur féidir le himreoirí imeachtaí a thionscnamh in aghaidh cuideachtaí cearrbhachais Mhálta os comhair cúirteanna a mBallstát ‘baile’ (sa chás seo, Poblacht na Gearmáine) faoi na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí a leagtar síos leis an Rialachán sin, go háirithe Airteagal 18(1), ( 69 ) ní fhéadfadh FB leas a bhaint as na rialacha sin toisc nach tomhaltóir é féin. ( 70 )

89.

Ar deireadh, is ar éigean is fianaise dhochloíte ar chlaonpháirteachas é an fíoras gur aontaigh an dá pháirtí, mar a chuireann rialtas na hIodáile in iúl, go gcuirfeadh an chúirt a rinne an tarchur an tarchur seo chun réamhrialú isteach. Thairis sin – agus ní hé go mbeadh sé ina léiriú ann féin – tugaim faoi deara nach n‑aontaíonn na páirtithe maidir leis an bhfreagra atá le tabhairt ag an gCúirt.

B. An ionann éilimh na n‑imreoirí ar aiseag agus mí-úsáid dhlí an Aontais? (ceist 7)

90.

Baineann an seachtú ceist ón gcúirt a rinne an tarchur leis an dara cosaint a thug na cuideachtaí is cosantóirí ar aird. Leis an gceist sin, fiafraíonn an chúirt sin, go bunúsach, i gcás ina raibh tomhaltóir rannpháirteach, ón mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, sna cluichí áidh ar líne a thairgtear sa Stát sin – gan ceadúnas arna dheonú ag údaráis an Stáit sin – ag oibreoir cearrbhachais atá bunaithe i mBallstát eile, an gcuireann prionsabal an toirmisc ar mhí-úsáid dhlí an Aontais cosc ar an tomhaltóir sin, éileamh sibhialta a thabhairt in aghaidh an oibreora sin chun na geallta a chuir sé nó sí a aiseag ar bhonn neamhbhailíocht an chonartha cearrbhachais is bonn leis, faoi dhlí na gconarthaí is infheidhme. ( 71 )

91.

Ní casta an freagra atá ar an gceist sin, i mo thuairimse.

92.

Ar thaobh amháin, dá leanfadh sé as freagra na Cúirte ar cheisteanna 1 go 6 go bhfuil Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas neamhchomhoiriúnach (go follasach) le hAirteagal 56 CFAE, ansin ba cheart diúltú d’éileamh den sórt sin ar aiseag ó imreoir toisc é a bheith gan bhunús. Go deimhin, níor cheart an dlí sin a chur i bhfeidhm, agus ní fhéadfaí a mheas, dá réir sin, go bhfuil an conradh cearrbhachais a tugadh i gcrích idir an t‑imreoir agus an chuideachta cearrbhachais neamhdhleathach agus, dá bhrí sin, ar neamhní faoi dhlí na gconarthaí is infheidhme (in casu, dlí na Gearmáine).

93.

Ar an taobh eile, dá gcinnfí go bhfuil na rialacha a leagtar síos i nDlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas comhoiriúnach le hAirteagal 56 CFAE, ní chuirfeadh dlí an Aontais isteach ar cibé iarmhairtí dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta i leith cluichí áidh atá toirmiscthe faoi na rialacha sin a thairiscint (nó i leith a bheith rannpháirteach iontu). Dá réir sin, d’fhéadfaí a mheas go bhfuil an conradh is bonn leis neamhdhleathach agus, dá réir sin, mar chonradh ar neamhní faoi dhlí na gconarthaí is infheidhme. Cuirim i dtábhacht, murab ionann agus an méid a áitíonn na cuideachtaí is cosantóirí, nach srian ar leithligh ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar a bheadh i gceist leis an ‘pionós’ sin (mar a déarfá), lena gceanglófaí measúnú ar leithligh a dhéanamh ar a dhlíthiúlacht, ach an iarmhairt riachtanach loighciúil a d’eascródh as neamhdhleathacht an chonartha. Cé acu atá nó nach bhfuil, agus a mhéid atá nó nach bhfuil, i gceist le cealú an chonartha ceart chun na sochair a fuair na páirtithe óna chéile a aiseag, is ceist í sin freisin a d’fhágfaí go huile faoin dlí lena rialaítear na conarthaí cearrbhachais atá i gceist. ( 72 )

94.

Os a choinne sin, ní bhaineann an prionsabal ginearálta maidir le toirmeasc ar mhí-úsáid dhlí an Aontais le hábhar sa chomhthéacs sin. Meabhraím go gcuireann an prionsabal sin cosc ar bheith ag brath ar dhlí an Aontais chun críoch mí-úsáideach. ( 73 ) Níl éilimh an imreora ar aiseag bunaithe ar aon fhorálacha de dhlí an Aontais, áfach, ach ar an dlí náisiúnta go huile (eadhon, sa chás seo, Dlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas agus Cód Sibhialta na Gearmáine). ( 74 )

95.

An argóint sách cruthaitheach a chuir na cuideachtaí is cosantóirí agus Rialtas Mhálta chun cinn chun a mhalairt a chur ina luí ar an gCúirt, ní sheasann sí grinnscrúdú. Is léir, mar a áitíonn na daoine leasmhara sin, go dtagann an staid faoi raon feidhme Airteagal 56 CFAE toisc cineál trasteorann a bheith aige. Mar sin féin, murab ionann agus an méid a luann na daoine leasmhara sin, níl imreoirí a dhéanann éilimh den sórt sin ar aiseag ag baint mí-úsáid as an gceart a dhíorthaíonn siad ón bhforáil sin chun seirbhísí a fháil ó Mhálta, ar an bhforas gur cheadaigh an tsaoirse sin dóibh na conarthaí cearrbhachais atá i gceist a thabhairt i gcrích ar an gcéad dul síos. Ar an gcéad dul síos, ní raibh siad ag brath ar an tsaoirse sin chun na conarthaí atá faoi cheist a thabhairt i gcrích. Is leis an idirlíon féin a cuireadh ar a gcumas déanamh amhlaidh. Ar an dara dul síos, trí chealú na gconarthaí sin a lorg, níl siad ag brath ar an tsaoirse sin ach oiread, ach ar rialacha náisiúnta lena gcuirtear srian uirthi. Os a choinne sin, tá chéad chosaint na gcuideachtaí is cosantóirí bunaithe ar Airteagal 56 CFAE. Go deimhin, is iadsan atá ag brath ar an tsaoirse atá coiscrithe san fhoráil sin.

96.

Dá bhrí sin, cé acu atá nó nach bhfuil imreoir i dteideal aiseag na ngeallta a chuir sé nó sí, nó ar cheart an t‑aiseag sin a theorannú nó a dhiúltú, mar a áitíonn na cuideachtaí is cosantóirí agus rialtas Mhálta, ar an mbonn gur léiriú ar mhímhacántacht é an t‑éileamh, nó go ndearna an t‑imreoir cion trína bheith rannpháirteach sna cluichí áidh atá i gceist (agus prionsabal á leanúint amhail ‘Nemo auditur propriam turpitudinem allegans’ de chuid dhlí na Laidine nó ‘estoppel’ de chuid an dlí choitinn), is saincheist í, mar a luadh roimhe seo, atá le cinneadh go huile ar bhonn an dlí náisiúnta lena rialaítear an conradh cearrbhachais atá faoi cheist (is é sin, dlí na Gearmáine).

97.

Go deimhin, mar a shoiléirigh Rialtas na Gearmáine le linn na héisteachta, dealraíonn sé go bhfuil foráil ann, i ndlí na Gearmáine lena gcuimsítear an tsaincheist sin, eadhon Mír 817 de Chód Sibhialta na Gearmáine. Mhínigh an rialtas sin freisin go ndearna cúirteanna na Gearmáine scrúdú ar an bhforáil sin, agus rialú á thabhairt acu ar éilimh ó imreoirí ar aiseag. Dealraíonn sé gur dhiúltaigh formhór na gcúirteanna an fhoráil sin a chur i bhfeidhm ar an mbonn, cé go dtoirmisctear rannpháirtíocht i gcluichí áidh neamhdhleathacha freisin faoi dhlí na Gearmáine, ( 75 ) nach ndearna na himreoirí coir, toisc nach raibh siad ar an eolas, tráth na rannpháirtíochta sna cluichí áidh atá i gceist, go raibh na cluichí sin neamhdhleathach sa Ghearmáin (ós rud é gur chuir an soláthraí ar míthreoir iad chun a mhalairt a chreidiúint). ( 76 ) Os comhair na Cúirte seo, shéan na cuideachtaí is cosantóirí gur chuir siad na himreoirí ar míthreoir agus cheistigh siad ar cheart, i gcás ar bith, eolas ar neamhdhleathacht a bheith ina cheanglas chun go mbeidh feidhm ag Mír 817 de Chód Sibhialta na Gearmáine. Is léir nach faoin gCúirt atá sé sin, ach faoin gcúirt a rinne an tarchur, saincheisteanna fíoras den sórt sin agus léiriú ar dhlí na Gearmáine a shocrú.

98.

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, ba cheart gurb é an freagra ar an seachtú ceist ná, i gcás ina raibh tomhaltóir rannpháirteach, ón mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, sna cluichí áidh ar líne a thairgtear sa Stát sin, gan ceadúnas arna dheonú ag údaráis an Stáit sin, ag oibreoir cearrbhachais atá bunaithe i mBallstát eile, nach gcuireann prionsabal an toirmisc ar mhí-úsáid dhlí an Aontais cosc ar an tomhaltóir sin, éileamh sibhialta a thabhairt in aghaidh an oibreora sin chun na geallta a chuir sé nó sí a aiseag ar bhonn neamhdhleathacht an chonartha cearrbhachais is bonn leis, faoi dhlí na gconarthaí is infheidhme.

V. Conclúid

99.

I bhfianaise na mbreithnithe uile thuas, molaim go bhfreagródh an Chúirt Bhreithiúnais:

–

a dhearbhú go bhfuil na ceisteanna arna tarchur ag an Prim’Awla tal-Qorti Ċivili (an Chéad Halla den Chúirt Shibhialta, Málta) inghlactha;

–

an seachtú ceist a fhreagairt mar seo a leanas:

I gcás ina raibh tomhaltóir rannpháirteach, ón mBallstát ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi, sna cluichí áidh ar líne a thairgtear sa Stát sin, gan ceadúnas arna dheonú ag údaráis an Stáit sin, ag oibreoir cearrbhachais atá bunaithe i mBallstát eile, ní chuireann prionsabal an toirmisc ar mhí-úsáid dhlí an Aontais cosc ar an tomhaltóir sin éileamh sibhialta a thabhairt in aghaidh an oibreora sin chun na geallta a chuir sé nó sí a aiseag ar bhonn neamhbhailíocht an chonartha cearrbhachais is bonn leis, faoi dhlí na gconarthaí is infheidhme.


( 1 ) Bunteanga: an Béarla.

( 2 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (An Róimh I) (IO 2008 L 177, lch. 6).

( 3 ) An t‑aistriúchán Béarla ar na forálacha sin de dhlí na Gearmáine, is í an chúirt a rinne an tarchur a chuir ar fáil é ina hordú tarchuir.

( 4 ) Cé go bhfuil díospóireacht ann maidir leis an bpointe sin (féach fonóta 53 thíos), dealraíonn sé, tráth ábhartha, nach bhféadfadh na cuideachtaí is cosantóirí ceadúnas den sórt sin a fháil toisc go raibh toirmeasc, mar riail, ar chluichí áidh ar líne (féach Mír 4(4) de Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas). Cé go raibh eisceacht ann lena gceadaítí ceadúnais a dheonú do chrannchuir (féach Mír 4(5) den dlí sin), is cosúil (i) nach meastaí gurbh fhíor-chrannchuir iad ‘crannchuir thánaisteacha’, ach gur chineál geallta toirmiscthe ar líne iad agus (ii) ar aon chuma, nach ndeonaítí ceadúnais chun crannchuir a eagrú ach d’oibreoirí a bhí faoi rialú Länder na Gearmáine (agus níorbh é sin cás na gcuideachtaí is cosantóirí).

( 5 ) Ní léir go huile ón ordú tarchuir cé acu de na cuideachtaí is cosantóirí ar tugadh an conradh sin i gcrích leo.

( 6 ) Féach fonóta 4 thuas.

( 7 ) Féach Pena, P., Schumann, H. agus Peigné, M., ‘EU citizens lose out as Malta regulatory “sledgehammer” protects gambling giants’, Investigate Europe, 6 Márta 2025).

( 8 ) Ach ní i gcónaí; féach Cuid B thíos.

( 9 ) Féach mír 13 thuas.

( 10 ) Breithiúnas an 11 Márta 1980, Foglia (C‑104/79, ‘an breithiúnas in Foglia I’, EU:C:1980:73).

( 11 ) Breithiúnas an 16 Nollaig 1981, Foglia (C‑244/80, an breithiúnas in Foglia II’ EU:C:1981:302).

( 12 ) Go sonrach, sa dá bhreithiúnas sin, mheas an Chúirt, sa chás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 267 CFAE (anois), nach bhfuil dlínse aici rialú a thabhairt ar na ceisteanna arna dtarchur (féach an breithiúnas in Foglia I (mír 13 agus an chuid oibríochtúil) agus an breithiúnas in Foglia II (míreanna 19 agus 30)). Os a choinne sin, i mbreithiúnais eile, mheas sí, i gcás den sórt sin, na ceisteanna a bheith do-ghlactha (féach, mar shampla, breithiúnas an 3 Aibreán 2025, Swiftair (C‑701/23, EU:C:2025:237, mír 28 agus an cásdlí dá dtagraítear)). Ós rud é go n‑eascraíonn an toradh céanna go hiarbhír as an dá chur chuige, ní gá aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht sin sa chás seo. Ar mhaithe leis an tsimplíocht, measfaidh mé gur saincheist inghlacthachta í an tsaincheist.

( 13 ) An breithiúnas in Foglia II (mír 30).

( 14 ) An breithiúnas in Foglia II (mír 18).

( 15 ) Féach mír 18 thuas.

( 16 ) In aon chás, is furasta a fheiceáil an fáth a ndearna an chúirt a rinne an tarchur neamhaird ar na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta sin. Níl éileamh FB bunaithe ar chearta an imreora faoin gconradh, ach ar neamhniú líomhainte an chonartha sin agus ar dhlí an tsaibhrithe éagóraigh.

( 17 ) Go deimhin, cé go bhfuil comhoiriúnacht na reachtaíochta sin de chuid Mhálta le dlí an Aontais á conspóid go mór ag roinnt de na páirtithe leasmhara a chuir barúlacha faoi bhráid na Cúirte, níl sé riachtanach ná iomchuí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin sa chás seo.

( 18 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 21 Eanáir 2003, Bacardi-Martini agus Cellier des Dauphins (C‑318/00, EU:C:2003:41, míreanna 45 go 54).

( 19 ) Níos cruinne arís, luaitear in Airteagal 6(1) go bhfuil conarthaí a thugtar i gcrích idir tomhaltóirí agus gairmithe á rialú ag dlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir (sa chás seo, an Ghearmáin), áit a ndíríonn an gairmí a ghníomhaíochtaí chuig an tír sin agus ina dtagann an conradh faoi raon feidhme na gníomhaíochta sin. Sa chás seo, (i) tugadh an conradh cearrbhachais atá faoi cheist i gcrích idir tomhaltóir (an t‑imreoir) agus gairmí (ceann de na cuideachtaí is cosantóirí). Ní bhaineann sé le hábhar ina leith sin gur shann an t‑imreoir a éileamh ar aiseag ina dhiaidh sin do FB (nach tomhaltóir é). Go deimhin, ní athraíonn sannadh éilimh den sórt sin cineál an chonartha is bonn leis. Thairis sin, dá mbeadh sé d’éifeacht ag sannadh den sórt sin an dlí is infheidhme maidir leis an gconradh sin a athrú, thabharfaí an deimhneacht dhlíthiúil faoi cheist. Ina theannta sin, (ii) dhírigh na cuideachtaí is cosantóirí a ngníomhaíocht chearrbhachais chuig an nGearmáin (féach mír 8 thuas), agus (iii) is léir gur tháinig an conradh atá i gceist faoi raon feidhme na gníomhaíochta sin. Ar deireadh, níl feidhm ag an eisceacht a leagtar síos in Airteagal 6(4) a bhaineann le ‘conradh/conarthaí … i gcás ina mbeidh na seirbhísí le soláthar don tomhaltóir i dtír nach í an tír a bhfuil gnáthchónaí air inti í agus sa tír sin amháin’, ós rud é gur sholáthair na cuideachtaí is cosantóirí na seirbhísí comhaontaithe sa Ghearmáin, trína suíomh gréasáin (féach mír 31 thíos agus, de réir analaí, breithiúnas an 3 Deireadh Fómhair 2019, Verein für Konsumenteninformation (C‑272/18, EU:C:2019:827, míreanna 52 agus 53)).

( 20 ) Cé go gceadaítear do na páirtithe le hAirteagal 6(2) de Rialachán na Róimhe I dlí eile a roghnú, ‘[n]í fhéadfaidh sé a bheith de thoradh ar an rogha sin … go gceilfí ar thomhaltóir an chosaint a thugtar dó le [forálacha sainordaitheacha dhlí na tíre ina bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi]’. Thairis sin, toisc nach raibh an comhaontú maidir le rogha dlí a leagadh síos sna téarmaí agus coinníollacha ginearálta atá i gceist trédhearcach ina leith sin (rud nach gcuireann na cuideachtaí is cosantóirí ina choinne), meastar é a bheith ‘éagórach’ de réir bhrí Airteagal 3(1) de Threoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra (IO 1993 L 95, lch. 29) agus, dá bhrí sin, neamhbhailí (féach mír 31 thíos agus, de réir analaí, breithiúnas an 28 Iúil 2016, Verein für Konsumenteninformation (C‑191/15, EU:C:2016:612, mír 71).

( 21 ) Féach, de réir analaí, mo Thuairim in NM agus OU (C‑77/24, EU:C:2025:432, míreanna 65 agus 66) agus breithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2019, Verein für Konsumenteninformation (C‑272/18, EU:C:2019:827, mír 53), agus an 28 Samhain 2024, VariusSystems digital solutions (C‑526/23, EU:C:2024:985, mír 22).

( 22 ) Ag déanamh talamh slán de go bhfuil riail i ndlí Mhálta na gconarthaí, amhail dlí na gconarthaí de chuid na Gearmáine, á rá nach mór ábhar dleathach a bheith ag baint le conradh, rud atá fíor go cinnte.

( 23 ) Sainmhínítear an coincheap sin in Airteagal 9(1) de Rialachán na Róimhe I mar ‘f[h]orálacha... a measann tír é a bheith chomh tábhachtach iad a urramú chun a leasanna poiblí, amhail a heagraíocht pholaitiúil, a heagraíocht shóisialta nó a heagraíocht gheilleagrach, a chosaint agus go mbeidh siad infheidhme maidir le haon staid a thagann faoina raon feidhme […]’.

( 24 ) Féach an dara habairt d’Airteagal 9(3) de Rialachán na Róimhe I.

( 25 ) Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO 2012 L 351, lch. 1).

( 26 ) Meabhraím, i ndáil leis sin, (i) go dtugtar dlínse ghinearálta le hAirteagal 4(1) de Rialachán an Bhruiséil Ia do chúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir agus (ii) gur i Málta atá a suíomh ag na cuideachtaí is cosantóirí agus, dá bhrí sin, go meastar ‘sainchónaí’ a bheith orthu ann (féach Airteagal 63(1) den Rialachán sin).

( 27 ) Ach ní gá gur mar sin a bheadh. Féach, maidir leis an tsaincheist sin, Cuid B thíos.

( 28 ) Féach, inter alia, breithiúnais an 4 Feabhra 1965, Albatros (20/64, EU:C:1965:8); an 22 Meán Fómhair 1976, Import Gadgets (22/76, EU:C:1976:126); an 30 Samhain 1977, Cayrol (52/77, EU:C:1977:196); an 12 Iúil 1979, Union laitière normande (244/78, EU:C:1979:198); an 10 Samhain 1982, Rau Lebensmittelwerke (261/81, EU:C:1982:382); an 23 Samhain 1989, Eau de Cologne & Parfümerie-Fabrik4711 (C‑150/88, EU:C:1989:594); an 9 Meitheamh 1992, Delhaize agus Le Lion (C‑47/90, EU:C:1992:250); an 5 Meitheamh 1997, Celestini (C‑105/94, EU:C:1997:277); agus an 7 Iúil 2022, LKW WALTER (C‑7/21, EU:C:2022:527). Sna breithiúnais uaithi an 10 Nollaig 2002, der Weduwe (C‑153/00, EU:C:2002:735) agus an 21 Eanáir 2003, Bacardi-Martini agus Cellier des Dauphins (C‑318/00, EU:C:2003:41), dhearbhaigh an Chúirt tarchur den sórt sin a bheith do-ghlactha, ach mar gheall ar an easpa faisnéise a cuireadh ar fáil agus/nó cineál barúlach na gceisteanna a tarchuireadh.

( 29 ) Breithiúnas an 23 Samhain 1989 (C‑150/88, EU:C:1989:594, mír 12).

( 30 ) Breithiúnas an 5 Feabhra 1963 (26/62, EU:C:1963:1, ECR lch. 11 go 13).

( 31 ) Breithiúnas an 15 Nollaig 1976 (35/76, EU:C:1976:180).

( 32 ) Féach Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Warner in Foglia (104/79, EU:C:1980:22, ECR, lch. 764); Hatzopoulos, V., ‘De l’arrêt « Foglia-Novello » à l’arrêt « TWD Textilwerke » - La jurisprudence de la Cour relative à la recevabilité des renvois préjudiciels’, Revue trimestrielle de droit économique européen, Iml. 3, 1994, lch. 206-207; agus Bebr, G., ‘The possible implications of Foglia v. Novello II’, Common Market Law Review, Iml. 19, Uimh. 3, 1982, lch. 437 go 439

( 33 ) Féach breithiúnas an 18 Nollaig 2007, Laval un Partneri (C‑341/05, EU:C:2007:809, míreanna 97 agus 98). Féach freisin, de réir analaí, breithiúnas an 9 Meitheamh 1992, Delhaize agus Le Lion (C‑47/90, EU:C:1992:250, míreanna 28 agus 29).

( 34 ) Dá bhrí sin, murab ionann agus an méid a thug an Chúirt le fios ina breithiúnas in Foglia II (mír 28), tá cúirteanna Ballstáit, a dtugtar díospóid den sórt sin os a gcomhair in ábhair shibhialta agus thráchtála, in ann cosaint éifeachtach a thabhairt do na páirtithe i ndáil le dlí Ballstáit eile, i gcás ina bhfuil easaontacht le dlí an Aontais (fiú mura féidir leis na cúirteanna sin an dlí náisiúnta atá i gceist a neamhniú (féach mír 54 thíos) agus is dócha gurb é sin a bhí i gceist ag an gCúirt).

( 35 ) Is léir, i staideanna áirithe, go bhféadfadh cúirteanna Ballstáit imeachtaí a chur ar fionraí, fanacht ar na páirtithe caingean a thionscnamh os comhair chúirteanna an Bhallstáit a bhfuil a dhlí i gceist agus ar na cúirteanna sin dearbhú comhoiriúnachta nó neamhchomhoiriúnachta a eisiúint, agus ansin rialú dá réir. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na páirtithe in ann é sin a dhéanamh i gcónaí, agus ní bheadh sé indéanta i gcónaí imeachtaí a chur ar fionraí gan moill a chur ar an gceartas do na páirtithe an oiread sin go mbeadh an ceartas á dhiúltú dóibh.

( 36 ) Ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 24(4) de Rialachán an Bhruiséil Ia.

( 37 ) Is amhlaidh atá fiú nuair nach mbaineann an cheist sin, inti féin, le ‘[h]ábhair shibhialta agus thráchtála’ (mar shampla, ábhar a bhaineann leis an dlí poiblí amhail toirmeasc ar chearrbhachas neamhcheadúnaithe). Féach mo chéad Tuairim in BSH Hausgeräte (C‑339/22, EU:C:2024:159, míreanna 42 agus 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 38 ) Féach breithiúnas an 1 Márta 2005, Owusu (C‑281/02, EU:C:2005:120, mír 37).

( 39 ) Féach Cerqueira, G., ‘La hiérarche étrangère des normes devant le juge français’, Société de législation comparée (eag.), in L’application du droit étranger, Coll. «Colloques», Uimh. 36, 2018, lgh. 95 go 129, go speisialta lgh. 101 go 105, 110, 112 go 113; agus Bergé, J.-S., ‘Lieux et formes d’application du droit étranger soumis à un contrôle de constitutionnalité et de conventionnalité’, Société de législation comparée (eag.), in Contrôle de constitutionnalité et de conventionnalité du droit étranger, Coll. «Colloques», Uimh. 34, 2017, lgh. 17 go 35, go speisialta lgh. 20 agus 32.

( 40 ) Féach, chuige sin, aithris 6 de Rialachán na Róimhe I.

( 41 ) Féach, chuige sin, Neumayer, K. H., ‘Fremdes Recht und Normenkontrolle’, RabelsZ, 1958, Iml. 23, lch. 585 et seq.; Kahn‑Freund, O., General Problems of Private International Law, Sijthoff & Noordhoff, 2ú heagrán, 1980, lch. 306; agus Jansen, N., Michaels, R. Agus Jansen, N., ‘Die Auslegung und Fortbildung ausländischen Rechts’, Zeitschrift für Zivilprozess, 2003, Iml. 116, Uimh. 1, lgh. 3 go 55, ag lch. 33.

( 42 ) Féach, de réir analaí, breithiúnais an 1 Meitheamh 1999, Eco Swiss (C‑126/97, EU:C:1999:269, míreanna 35 go 39), agus an 28 Márta 2000, Krombach (C‑7/98, EU:C:2000:164, mír 37).

( 43 ) De bhun phrionsabal na neamhthrasnaíochta, ní fhéadfaidh Stát cur isteach ar chásanna a thagann go bunúsach faoi dhlínse Stáit eile.

( 44 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Feabhra 2025, BSH Hausgeräte (C‑339/22, EU:C:2025:108, mír 73), agus an dara Tuairim agam in BSH Hausgeräte (C‑339/22, EU:C:2024:687, míreanna 15 go 16).

( 45 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Feabhra 2025, BSH Hausgeräte (C‑339/22, EU:C:2025:108, míreanna 74 agus 75), agus an dara Tuairim agam in BSH Hausgeräte (C‑339/22, EU:C:2024:687, míreanna 17 agus 18).

( 46 ) An breithiúnas in Foglia II (mír 29).

( 47 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 10 Iúil 2025, INTERZERO Trajnostne rešitve za svet brez odpadkov agus páirtithe eile (C‑254/23, EU:C:2025:569, mír 101 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 48 ) Nó an lex causae, in ábhair maidir le hoibleagáidí conarthacha, faoi Airteagal 18 de Rialachán na Róimhe I.

( 49 ) Tugaim faoi deara, tar éis an bhreithiúnais in Foglia II, nár chúis imní don Chúirt an pointe sin ach oiread (féach, ina leith sin, an cásdlí dá dtagraítear i bhfonóta 28 thuas).

( 50 ) Féach an breithiúnas in Foglia II (mír 24).

( 51 ) Féach breithiúnas an 3 Aibreán 1968, Molkerei-Zentrale Westfalen v Lippe (28/67, EU:C:1968:17). Féach freisin Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Slynn in Foglia (244/80, nár foilsíodh, EU:C:1981:175, ECR lch. 3074); Barav, A., ‘Preliminary censorship? The Judgment of the European Court in Foglia v. Novello’, European Law Review, Iml. 5, 1980 lgh. 443 go 468, go speisialta lgh. 465 go 467; Hatzopoulos, V., fonóta 32, op. cit., lch. 208; agus Bebr, G., fonóta 32, op. cit., lgh. 433 go 434.

( 52 ) Féach Mélin, F., ‘La cooperation internationale dans la recherche du droit étranger: les méthodes classiques’, Société de législation comparée (eag.), L’application du droit étranger, fonóta 39, op. cit., lgh. 39 go 49, go speisialta lch. 42.

( 53 ) Tá éiginnteacht ann maidir leis na rialacha lena rialaítear ‘crannchuir thánaisteacha’ faoi Dhlí na Gearmáine maidir le cearrbhachas. Áitíonn na cuideachtaí is cosantóirí go rialaítear na ‘crannchuir thánaisteacha’ sin mar chrannchuir, faoi Mhír 4(5) den dlí sin. Dá bhrí sin, cuireann siad in aghaidh chomhréireacht an cheanglais ceadúnúcháin a leagtar síos san fhoráil sin, go háirithe an fíoras nach féidir ach le hoibreoirí atá faoi rialú an Stáit ceadúnas den sórt sin a fháil faoi Mhír 10 den dlí sin (féach Ceisteanna 4 go 6 ón gcúirt a rinne an tarchur). Mar sin féin, áitíonn rialtas na Gearmáine gur cineál geallta ar líne iad ‘crannchuir thánaisteacha’, go deimhin, a thoirmeasctar faoi Mhír 4(4) den dlí sin. Dá bhrí sin, ní bheadh an córas is infheidhme maidir le crannchuir sa Ghearmáin ábhartha maidir le toradh na díospóide sna príomhimeachtaí.

( 54 ) Féach Airteagal 3(2)(b) agus Airteagal 5(2)(c) de Chinneadh 2001/470/CE ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 lena mbunaítear Gréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO 2001 L 174, lch. 25), arna leasú le Cinneadh Uimh. 568/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (IO 2009 L 168, lch. 35)).

( 55 ) Féach, le haghaidh cás den sórt sin, breithiúnas an 23 Samhain 1989, Eau de Cologne & Parfümerie-Fabrik 4711 (C‑150/88, EU:C:1989:594).

( 56 ) Féach, le haghaidh an cháis sin, breithiúnas an 7 Iúil 2022, LKW WALTER (C‑7/21, EU:C:2022:527).

( 57 ) Féach, inter alia, breithiúnais an 8 Meán Fómhair 2009, Liga Portuguesa de Futebol Profissional agus Bwin International (C‑42/07, EU:C:2009:519, mír 57), agus an 2 Márta 2023, Recreatieprojecten Zeeland agus páirtithe eile (C‑695/21, EU:C:2023:144, mír 15).

( 58 ) Féach, mar shampla, breithiúnas an 2 Meitheamh 2016, Bogendorff von Wolffersdorff (C‑438/14, EU:C:2016:401, mír 78).

( 59 ) Féach Battifoll, H., Lagarde, P., Droit International privé, Iml. I, Librairie générale de droit et de jurisprudence, 6ú heag., Uimh. 331, 1974. Leis an easpa dlisteanachta a mheastar a bheith ann, tugtar míniú ar an gcúis, mar shampla sa Ríocht Aontaithe, a ndiúltaíonn cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh ar na roghanna ceannasacha a chuirtear in iúl i ndlíthe Stáit eile (faoi ‘d[h]únghaois an Achta Stáit’) (féach, ina leith sin, Dickinson, A., ‘Acts of state and the frontiers of private (international) law’, Journal of Private International Law, Iml. 14, 2018, lgh. 1 go 37.

( 60 ) Féach, de réir analaí, de Vareilles-Sommières, P., ‘Le conflit hiérarchique étranger de normes devant le juge judiciaire français – Applications à la constitutionalité et à la conventionnalité de la loi étrangère’, Société de législation comparée (eag.), fonóta 39, op. cit., lch. 49 go 62, go speisialta lgh. 59 agus 60.

( 61 ) Féach Tuairim 2/13, Aontachas an Aontais Eorpaigh le ECHR an 18 Nollaig 2014 (EU:C:2014:2454, míreanna 191 agus 192).

( 62 ) Féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2011, N. S. agus páirtithe eile (C‑411/10 agus C‑493/10, EU:C:2011:865, míreanna 99, 100 agus 105).

( 63 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 29 Iúil 2024, Breian (C‑318/24 PPU, EU:C:2024:658, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 64 ) Tugaim faoi deara go bhféadfaidh sé nach mbeidh tairbhe ann don na cinntí sin ó na sásra maidir le haithint agus forghníomhú a leagtar síos i Rialachán an Bhruiséil Ia. Go deimhin, ní bhaineann breithiúnais eachtracha a bhfuil bailíocht dlí phoiblí mar chuspóir acu le hábhair shibhialta agus thráchtála.

( 65 ) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 19 Meitheamh 2025, KN (C‑219/25 PPU, EU:C:2025:456, míreanna 45 go 52 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 66 ) Féach breithiúnais an 10 Nollaig 2002, der Weduwe (C‑153/00, EU:C:2002:735) agus an 21 Eanáir 2003, Bacardi-Martini agus Cellier des Dauphins (C‑318/00, EU:C:2003:41),

( 67 ) Féach, inter alia, Barav, A., fonóta 51, op. cit.; Bebr, G., fonóta 32, op. cit.; Hatzopoulos, V., fonóta 32, op. cit.; agus Albers-Llorens, A., ‘Judicial protection before the Court of Justice of the European Union’, Peers, S. agus Barnard, C. (eag.), European Union Law, 2ú heag., Oxford University Press, Oxford, 2017, lch. 299.

( 68 ) Féach, mar shampla, breithiúnais an 9 Feabhra 1995, Leclerc-Siplec (C--412/93, EU:C:1995:26); an 13 Márta 2001, PreussenElektra (C‑379/98, EU:C:2001:160); agus an 22 Samhain 2005, Mangold (C‑144/04, EU:C:2005:709).

( 69 ) Foráiltear le hAirteagal 18(1) de Rialachán an Bhruiséil Ia go bhféadfaidh tomhaltóir imeachtaí a thabhairt in aghaidh an ghairmí, inter alia, ‘sna cúirteanna don áit ina bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir’ (forum actoris).

( 70 ) Féach breithiúnas an 19 Eanáir 1993, Shearson Lehman Hutton (C‑89/91, EU:C:1993:15, míreanna 23 go 25).

( 71 ) Maíonn Rialtas na Gearmáine go bhfuil an cheist sin do-ghlactha freisin, ar an mbonn nach bhfuil míniú leordhóthanach san ordú tarchuir maidir leis na cúiseanna a spreag an chúirt a rinne an tarchur chun í a fhiosrú. Ní aontaím. Luaitear san ordú sin go n‑áitíonn na cuideachtaí is cosantóirí gur cheart diúltú d’éileamh FB (inter alia) ar an mbonn gur mí-úsáid dhlí an Aontais é. Tugtar tuairisc san ordú freisin ar an mí-úsáid a líomhnaítear i leith an imreora (é ag imirt cluichí áidh ar líne go toilteannach, agus ansin ag éileamh an airgid ar ais ar bhonn neamhdhleathacht na gcluichí sin dá éis sin). Dá bhrí sin, tá dóthain faisnéise ag an gCúirt (i) chun ábharthacht na ceiste sin a thuiscint agus (ii) chun freagra úsáideach a thabhairt.

( 72 ) Féach Airteagal 12(1)(e) de Rialachán na Róimhe I

( 73 ) Féach, inter alia, breithiúnas an 13 Márta 2014, SICES agus páirtithe eile (C‑155/13, EU:C:2014:145, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear).

( 74 ) Cé go mbíonn imreoirí, mar a áitíonn na cuideachtaí is cosantóirí, ag brath ar Airteagal 18(1) de Rialachán an Bhruiséil Ia go hiondúil chun a n‑éilimh a dhéanamh os comhair a gcúirteanna ‘baile’, ní bhaineann sé le hábhar ina leith sin. Baineann sé sin le dlínse, seachas leis na cearta substainteacha arna n‑agairt ag na himreoirí sin chun bunús a thabhairt lena n‑éileamh.

( 75 ) Féach Mír 285 den Strafgesetzbuch (Cód Coiriúil na Gearmáine).

( 76 ) Dealraíonn sé, i gcásanna áirithe a rinne Rialtas na Gearmáine agus Rialtas na Beilge tagairt dóibh, gur dhiúltaigh cúirteanna sa Ghearmáin aiseag den sórt sin ar bhonn Mhír 817 de Chód Sibhialta na Gearmáine.

Top