Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CA0068

Cás C-68/23, Finanzamt O (Dearbháin aonfheidhme): Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – M-GbR v Finanzamt O (Tarchur chun réamhrialú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagail 30a agus 30b – Dearbháin arna gcur ar fáil go leictreonach – Dearbháin aonfheidhme agus ilfheidhmeacha – Cártaí réamhíoctha nó cóid dearbháin a bhaineann le ceannach ábhar digiteach, le haitheantóir ‘tír’ lena dtugtar rochtain ar an ábhar digiteach lena mbaineann sa Bhallstát dá dtagraitear amháin)

IO C, C/2024/3427, 10.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3427/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3427/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3427

10.6.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Naoú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – M-GbR v Finanzamt O

(Cás C-68/23  (1) ) Finanzamt O (Dearbháin aonfheidhme))

(Tarchur chun réamhrialú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Airteagail 30a agus 30b - Dearbháin arna gcur ar fáil go leictreonach - Dearbháin aonfheidhme agus ilfheidhmeacha - Cártaí réamhíoctha nó cóid dearbháin a bhaineann le ceannach ábhar digiteach, le haitheantóir ‘tír’ lena dtugtar rochtain ar an ábhar digiteach lena mbaineann sa Bhallstát dá dtagraitear amháin)

(C/2024/3427)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: M-GbR

Cosantóir: Finanzamt O

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir le hAirteagal 30a agus Airteagal 30 b(1) de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha arna leasú le Treoir (AE) 2017/2455 ón gComhairle an 5 Nollaig 2017,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

tá aicmiú dearbháin mar ‘dhearbhán aonfheidhme’, de réir bhrí Airteagal 30a(2) de Threoir 2006/112, arna leasú, ag brath ar na coinníollacha a leagtar síos san fhoráil sin amháin, lena n-áirítear an coinníoll nach mór an áit ina soláthraítear seirbhísí chuig tomhaltóirí deiridh a bheith ar eolas an tráth a eisítear an dearbhán sin gan beann ar an bhfíoras go bhfuil an dearbhán sin faoi réir aistrithe idir daoine inchánacha atá ag gníomhú ina n-ainmneacha féin agus atá bunaithe ar chríoch Bhallstát seachas ar chríoch an Bhallstáit ina bhfuil na tomhaltóirí deiridh sin.

2)

Maidir le hAirteagal 30b(2) de Threoir 2006/112, arna leasú le Treoir (AE) 2017/2455,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

d’fhéadfadh sé go mbeadh athdhíol ‘dearbháin ilfheidhmeacha’ ag duine inchánach, de réir bhrí Airteagal 30a(3) de Threoir 2006/112 arna leasú, faoi réir cáin bhreisluacha, ar choinníoll go bhfuil sé aicmithe mar sholáthar seirbhísí do dhuine inchánach, a dhéanann, mar mhalairt ar na dearbháin sin, tabhairt ar láimh iarbhír na n-earraí nó soláthar iarbhír na seirbhísí chuig an tomhaltóir deiridh.


(1)   IO C 179, 22.5.2023


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3427/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top