EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0779

Cás T-779/22: Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)

IO C 45, 6.2.2023, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

6.2.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 45/26


Caingean arna tabhairt an 13 Nollaig 2022 – Transport Werk v EUIPO – Haus & Grund Deutschland (Haus & Grund)

(Cás T-779/22)

(2023/C 45/35)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Transport Werk GmbH (Offenbach am Main, an Ghearmáin) (ionadaí: D. Donath, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Haus & Grund Deutschland Zentralverband der Deutschen Haus-, Wohnungs- und Grundeigentümer e.V. (Beirlín, an Ghearmáin)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

Trádmharc atá faoi cheist: Trádmharc an Aontais Eorpaigh Haus & Grund – Trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 161 052

Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 26 Deireadh Fómhair 2022 i gCás R 84/2022-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO trádmharc an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 161 052 “Haus & Grund” a chealú ó chlár trádmharcanna an Aontais Eorpaigh le haghaidh gach earra agus seirbhíse in Aicmí 9, 16, 35, 36, 38, 42, 45, eadhon:

Aicme 9: meáin stórála sonraí; bogearraí ríomhaire le haghaidh foirgnimh, saoráidí agus bunaíochtaí a fháil, a dhiúscairt, a riaradh, a léasú, a thógáil agus a bhainistiú;

Aicme 16: Ábhar priontáilte;

Aicme 35: Fógraíocht; bainistíocht ghnó; riarachán gnó; comhairliúchán gnó; feidhmeanna oifige; taighde a dhéanamh ar an nuacht, nuacht a bhailiú agus achoimriú córasach a dhéanamh ar an nuacht, lena n-áirítear breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus aon chineál rialacháin;

Aicme 36: Cúrsaí eastáit réadaigh; tuairimí comhairleacha i réimse an árachais; cúrsaí airgeadais, cúrsaí eastáit réadaigh agus cúrsaí airgeadaíochta;

Aicme 38: Seirbhísí nuachta, lena n-áirítear breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus aon chineál rialacháin;

Aicme 42: Tuairimí comhairleacha teicniúla; comhairliúchán teicniúil; bogearraí ríomhaire a chruthú le haghaidh foirgnimh, saoráidí agus bunaíochtaí a fháil, a dhiúscairt, a riaradh, a léasú, a thógáil agus a bhainistiú; bogearraí ríomhaire a chruthú chun barrfheabhsú a dhéanamh ar oibriú, ar fheidhmíocht eacnamaíoch, ar úsáid, ar mhargaíocht agus coinneáil luacha eastáit réadaigh agus bunaíochtaí.

Aicme 45: Seirbhísí dlí;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí

Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(c), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

Sárú ar Airteagal 59(1)(a), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 7(1)(b), de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top